|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 45 de 1933 | ||
| [EN] |
ACHT BUNREACHTA (LEASÚ Uimh. 22), 1933. | |
ACHT CHUN AIRTIOGAIL 66 DEN BHUNREACHT DO LEASÚ I SLÍ GO mBEIDH DEIREADH LEIS AN gCEART CHUN CUISE DO THABHAIRT FÉ AITH-EISTEACHT GO DTÍ A SHOILLSE I gCOMHAIRLE. | ||
[16adh Mí na Samhna, 1933.] | ||
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Airtiogal 66 den Bhunreacht do leasú. |
1. —Deintear leis seo Airtiogal 66 den Bhunreacht do leasú mar leanas, sé sin le rá:— |
| [EN] | (a) tríd an gcoinníoll a ghabhann leis an Airtiogal san, agus dar tosach na focail “Ar choinníoll” agus dar críoch na focail “do dheonú,” do scriosadh amach as an Airtiogal san, agus | |
| [EN] | (b) tré sna focail seo leanas do chur isteach san Airtiogal san in ionad an choinníll sin, sé sin le rá:— “agus ní luighfidh aon athchomharc, i gcoinnibh breithe den Chúirt Uachtaraigh no d'aon Chúirt eile i Saorstát Éireann, chun a Shoillse i gComhairle, agus ní bheidh sé dleathach d'éinne cead chun aon athchomhairc den tsórt san do bhunú d'achuinge ar a Shoillse.” | |
| [EN] |
Athchomhairc i gcoinnibh breitheanna atá tugtha agus i gcoinnibh orduithe atá déanta. |
2. —Na leasuithe deintear leis an Acht so ar Airtiogal 66 den Bhunreacht beidh acu, i gcás breitheanna do thug agus i gcás orduithe do rinne an Chúirt Uachtarach roimh an Acht so do rith, feidhm agus éifeacht maidir le hathchomharc no achuinge ag lorg ceada athchomhairc, i gcoinnibh aon bhreithe no orduithe den tsórt san, do bhunú agus do chur ar aghaidh tar éis an Achta so do rith agus fós maidir le dul ar aghaidh a thuilleadh, tar éis an Achta so do rith, le hathchomharc no le hachuinge ag lorg ceada athchomhairc, i gcoinnibh aon bhreithe no orduithe den tsórt san, do bunuíodh roimh an Acht so do rith. |
| [EN] |
Gearr-theideal. |
3. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 22), 1933 , do ghairm den Acht so. |