|
||||
|
| [EN] | ||
Uimh. 3 (Príobháideach) de 1932. | ||
| [EN] |
ACHT DAINGNITHE FHO-DHLÍ PHÍOLÓIDEACHTA, 1932. | |
ACHT CHUN AN FHO-DHLÍ PHÍOLÓIDEACHTA DARAB UIMHIR 56 AGUS DO RINNE BORD PORT AGUS DUGANNA BHAILE ÁTHA CLIATH AN 10adh LÁ D'ABRÁN, 1930, DO DHAINGNIÚ. [2adh Mí na Nodlag, 1932.] | ||
DE BHRÍ go ndearna Bord Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath, sé sin an t-údaras píolóideachta i gcóir cheanntair phíolóideachta Bhaile Atha Cliath, ag gnícmhú dhóibh do réir na gcomhacht a bronntar ortha le fo-alt (4) d'alt 11 den Pilotage Act, 1913, go ndearnadar go cuibhe, ar an 10adh lá d'Abrán, 1930, an fo-dhlí píolóideachta atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so: | ||
AGUS DE BHRÍ go bhfeictear don Aire Tionnscail agus Tráchtála go saorann an fo-dhlí sin o phíolóideacht éigeanta longa de chineál no de shaghas ná raibh, ar dháta an Pioltage Act, 1913, do rith, saor i gceanntar píolóideachta Bhaile Atha Cliath o phíolóideacht éigeanta agus dá bhíthin sin gur gá, de bhuadh an choinníll a ghabhann le fo-alt san (4) d'alt 11 den Acht san, go ndaingneodh an tOireachtas an fo-dhlí sin fé is dá mba Bhille é ag daingniú ordú píolóideachta fén Acht san: | ||
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
An fo-dhlí sa Sceideal do dhaingniú. |
1. —Daingnítear leis seo an Fo-Dhlí Píolóideachta atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus do rinne Bord Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath go cuibhe i bhfeidhmiú na gcomhacht chuige sin atá dílsithe ionta de bhuadh an Pilotage Act, 1913, agus dearbhuítear leis seo go mbeidh lán-fheidhm agus lán-éifeacht ag forálacha an Fho-Dhlí sin. |
| [EN] |
Gearr-theideal. |
2. —Féadfar an tAcht Daingnithe Fho-Dhlí Phíolóideachta, 1932 , do ghairm den Acht so. |
|
SCEIDEAL. Fo-Dhli Pioloideachta. | ||
Fo-Dhlí 56. I dteanta na long a heisctear o phíolóideacht éigeanta fén Pilotage Act, 1913, déanfar agus deintear leis seo longa cósta nách mó ná 200 tonna a lán-tonnáistc do shaoradh o phíolóideacht éigeanta más rud é ná beidh paisnéirí ar iompar ortha. |