|
||||
|
| [EN] | |||||||||||||||||||||||||
Uimhir 1 (Príobháideach) de 1966. | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
ACHT DAINGNITHE ORDAITHE SHEALADAIGH RIALTAIS ÁITIÚIL, 1966 | ||||||||||||||||||||||||
[An tiontú oifigiúil.] | |||||||||||||||||||||||||
ACHT DO DHAINGNIÚ AN ORDAITHE SHEALADAIGH UM CHONTAE-BHUIRG PHORTLÁIRGE (TEORAINN A LEATHNÚ), 1966 [23 Márta, 1966.] | |||||||||||||||||||||||||
DE BHRÍ go bhfuil an tAire Rialtais Áitiúil tar éis an tOrdú Sealadach um Chontae-Bhuirg Phortláirge (Teorainn a Leathnú), 1966, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a dhéanamh go cuí faoi Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 (Uimh. 25 de 1939), ach nach mbeidh éifeacht ag an Ordú sin go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é: | |||||||||||||||||||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR A LEANAS:— | |||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Daingniú. |
1. —Daingnítear leis seo an tOrdú Sealadach um Chontae-Bhuirg Phortláirge (Teorainn a Leathnú), 1966, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. | |||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Gearrtheideal. |
2. —Féadfar Acht Daingnithe Ordaithe Shealadaigh Rialtais Áitiúil, 1966 , a ghairm den Acht seo. | |||||||||||||||||||||||
|
AN SCEIDEAL. An tOrdú Sealadach um Chontae-Bhuirg Phortláirge (Teorainn a Leathnú), 1966. | |||||||||||||||||||||||||
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a dhílsítear dó le halt 36 d'Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 ( Uimh. 25 de 1939 ), agus le halt 5 den Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 ( Uimh. 23 de 1939 ), ordaíonn an tAire Rialtais Áitiúil leis seo mar a leanas:— | |||||||||||||||||||||||||
| Teideal. | 1. An tOrdú Sealadach um Chontae-Bhuirg Phortláirge (Teorainn a Leathnú), 1966, is teideal don Ordú seo. | ||||||||||||||||||||||||
| Tosach feidhme. | 2. Tiocfaidh an tOrdú seo i bhfeidhm an lú lá d'Aibreán, 1966, nó i gcás gan dlí a dhéanamh, an lá sin nó roimhe, den Acht ag daingniú an Ordaithe seo, cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú. | ||||||||||||||||||||||||
| Mínithe. | 3. (1) San Ordú seo— | ||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn “an Bardas” Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Phortláirge; | |||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn “an Chomhairle contae” Comhairle Chontae Phortláirge; | |||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn “an Chathair” Contae-Bhuirg Phortláirge; | |||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn “an Contae” Contae Phortláirge; | |||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil; | |||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn “an limistéar breise” an limistéar a thuairiscítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo; | |||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn “an teorainn atá anois ann” teorainn na Cathrach mar a bheidh sí díreach roimh thosach feidhme an Ordaithe seo; | |||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn “tosach feidhme an Ordaithe seo” an lá a thiocfaidh an tOrdú seo i bhfeidhm. | |||||||||||||||||||||||||
(2) Sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo forléireofar tagairt do líne arna tarraingt feadh aon fháil nó bóthair mar thagairt do líne arna tarraingt feadh lárlíne an fháil nó an bhóthair. | |||||||||||||||||||||||||
| Teorainn na Cathrach a leathnú. | 4. (1) Ar thosach feidhme an Ordaithe seo agus uaidh sin amach bainfear an limistéar breise den Chontae agus de dhlínse agus de chumhachtaí na Comhairle Contae, agus cuirfear leis an gCathair é agus as sin amach áireofar an limistéar sin mar chuid den Chathair agus beidh sé ina chuid di chun gach críche, agus leathnófar teorainn na Cathrach dá réir sin. | ||||||||||||||||||||||||
(2) Aon fhoirgneamh a mbeidh teorainn na Cathrach mar a leathnaítear í leis an Ordú seo ag gabháil tríd nó trí aon chuid de, measfar é a bheith laistigh den teorainn sin. | |||||||||||||||||||||||||
| Léarscáileanna oifigiúla a ullmhú. | 5. (1) A luaithe is féidir tar éis tosach feidhme an Ordaithe seo, ullmhóidh an Coimisinéir Luachála trí chóip de léarscáil, ar cibé scála oiriúnach agus ar cibé uimhir oiriúnach de bhilleoga ar leithligh a cheadóidh an tAire, a thaispeánfaidh, i slí a cheadóidh an tAire, an limistéar breise agus an Chathair, agus séalóidh sé gach ceann faoi leith de na léarscáileanna sin agus taiscfidh ceann de na léarscáileanna sin i bpríomh-oifig an Choimisinéara sin, in oifigí an Bhardais, agus in oifigí na Comhairle Contae faoi seach. | ||||||||||||||||||||||||
(2) Nuair a thaiscfear na léarscáileanna sin amhlaidh in oifigí sin an Choimisinéara sin, an Bhardais, agus na Comhairle Contae faoi seach, coimeádfar sna hoifigí sin iad, agus beidh na léarscáileanna sin nó cóipeanna dílse díobh ar fáil chun a n-iniúchta in aisce sna hoifigí sin ag aon duine aon uair a bheidh na hoifigí sin faoi seach ar oscailt chun gnó poiblí a dhéanamh, agus is dleathach don Choimisinéir sin, don Bhardas, agus don Chomhairle Contae faoi seach cóip dhílis den léarscáil a taisceadh amhlaidh leis nó leo, nó d'aon chuid áirithe di, a ullmhú agus a thabhairt d'aon duine a iarrfaidh í agus cibé suim a ordóidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, a éileamh ar an gcóip sin. | |||||||||||||||||||||||||
(3) Beidh de dhualgas ar an gCoimisinéir sin agus ar an mBardas agus ar an gComhairle Contae, faoi seach, aon uair a iarrfaidh aon Chúirt Bhreithiúnais é, cóip dhílis den léarscáil nó d'aon chuid shonraithe den léarscáil a taisceadh leis nó leo faoin airteagal seo a ullmhú agus a thabhairt ar aird don Chúirt sin agus an chóip sin a fhíorú don Chúirt sin le mionn duine dá oifigigh nó dá n-oifigigh, agus, ar aon chóip den sórt sin a thabhairt ar aird agus a fhíorú don Chúirt sin amhlaidh, glacfaidh an Chúirt sin an chóip sin i bhfianaise agus air sin beidh an chóip sin ina fianaise dhochloíte ar theorainn an limistéir bhreise (a mhéid a thaispeánfar sin ar an gcóip sin) d'ainneoin aon neamhréireachta idir an chóip sin agus an tuairisc atá sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo nó d'ainneoin aon athbhrí nó neamhchinnteachta sa tuairisc sin nó ina feidhm. | |||||||||||||||||||||||||
| Coigeartú airgeadais idir an Chomhairle Contae agus an Bardas. | 6. (1) Féadfaidh an Chomhairle Contae agus an Bardas, ó am go ham de réir mar is gá, comhaontú a dhéanamh ar choigeartú cothromasach (dá ngairtear coigeartú comhaontaithe san airteagal seo) i dtaobh aon ábhair nó ruda is gá a choigeartú idir an Chomhairle Contae agus an Bardas de dhroim an limistéar breise a chur leis an gCathair agus nach bhfuil socrú eile ina thaobh san Ordú seo agus, go sonrach, féadfaidh siad coigeartú comhaontaithe den sórt sin a dhéanamh i dtaobh maoine, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bheidh dílsithe don Chomhairle Contae nó ar úinéireacht aici nó ar iontaobhas di agus a bheidh, go hiomlán nó go páirteach, sa limistéar breise nó in aon chuid áirithe de nó ag baint leis sin agus i dtaobh fiach agus dliteanas (lena n-áirítear fiacha morgáiste, muirir a bunaíodh le reacht, dliteanais fhaibhritheacha agus dliteanais ionchais agus dliteanais neamhleachtaithe de dhroim tortanna nó sáruithe conartha) a bheidh dlite ón gComhairle Contae agus gan íoc aici nó curtha suas agus gan urscaoileadh aici agus a bhainfidh, go hiomlán nó go páirteach. leis an limistéar breise nó le haon chuid áirithe de. | ||||||||||||||||||||||||
(2) Féadfaidh coigeartú comhaontaithe i dtaobh maoine a fhoráil go gcoimeádfaidh an Chomhairle Contae an mhaoin sin nó go n-aistreofar an mhaoin sin chun an Bhardais nó go n-úsáidfidh an Chomhairle Contae agus an Bardas an mhaoin sin i gcomhpháirt agus féadfaidh sé a fhoráil freisin go n-íocfar airgead, i dtráthchuid nó i dtráthchodanna, ón gComhairle Contae leis an mBardas nó ón mBardas leis an gComhairle Contae as an maoin sin a choinneáil, a aistriú, nó a úsáid i gcomhpháirt. | |||||||||||||||||||||||||
(3) Féadfaidh coigeartú comhaontaithe i dtaobh aon fhéich nó dliteanais eile a fhoráil go mbeidh iomlán an fhéich nó an dliteanais sin ar an gComhairle Contae nó go mbeidh iomlán an fhéich nó an dliteanais sin ar an mBardas nó (ach amháin i gcás fiacha morgáiste) go gcionroinnfear an dliteanas sa bhfiach nó sa dliteanas sin idir an Chomhairle Contae agus an Bardas agus féadfaidh sé a fhoráil freisin go n-íocfar airgead, i dtráthchuid nó i dtráthchodanna, ón gComhairle Contae leis an mBardas nó ón mBardas leis an gComhairle Contae i leith an fhéich nó an dliteanais sin. | |||||||||||||||||||||||||
(4) Féadfaidh coigeartú comhaontaithe a fhoráil go n-íocfaidh an Bardas leis an gComhairle Contae, i dtráthchuid nó i dtráthchodanna nó i bhfoirm bhlianachta, suim i leith an mhéadaithe ualaigh (más ann dó) a chuirfear go cuí ar íocóirí rátaí an Chontae faoi chomhair an chostais faoina rachaidh an Chomhairle Contae i bhfeidhmiú aon cheann dá gcumhachtaí agus dá ndualgais de dhroim teorainn na Cathrach a leathnú leis an Ordú seo, ach nuair a bheidh méid aon suime den sórt sin agus modh a híoctha á gcinneadh déanfar de réir na bhforálacha seo a leanas:— | |||||||||||||||||||||||||
(a) tabharfar aird ar an difríocht idir an t-ualach ar íocóirí rátaí an Chontae a rachaidh an Chomhairle Contae faoi go cuí faoi chomhair costais feidhmithe aon chinn dá gcumhachtaí agus dá ndualgais agus an t-ualach ar na híocóirí rátaí sin a rachfaí faoi go cuí dá mba nár leathnaíodh teorainn na Cathrach leis an Ordú seo; | |||||||||||||||||||||||||
(b) tabharfar aird freisin ar an bhfad aimsire is dócha a mhairfidh an méadú ualaigh sin; | |||||||||||||||||||||||||
(c) más in aon tráthchuid amháin a bheidh an tsuim sin le híoc, ní bheidh méid na suime sin níos mó ná deich n-oiread meánmhéid bhliantúil an mhéadaithe ualaigh sin; | |||||||||||||||||||||||||
(d) más i dhá thráthchuid nó níos mó nó i bhfoirm bhlianachta a bheidh an tsuim sin le híoc ní bheidh luach caipitlithe na dtráthchodanna nó na blianachta sin níos mó ná deich n-oiread meánmhéid bhliantúil an mhéadaithe ualaigh sin. | |||||||||||||||||||||||||
(5) Aon uair a theipfidh ar an gComhairle Contae agus ar an mBardas comhaontú ar chiogeartú cothromasach i dtaobh aon ní nó ruda a d'fhéadfadh a bheith ina ábhar coigeartaithe chomhaontaithe faoin airteagal seo, déanfaidh an tAire, ar an gComhairle Contae nó an Bardas dá iarraidh sin, coigeartú cothromasach (dá ngairtear coigeartú éigeantach san airteagal seo) i dtaobh an ní nó an ruda sin agus féadfaidh leis an gcoigeartú sin aon fhoráil a dhéanamh i dtaobh an ní nó an ruda sin a fhéadfaí a dhéanamh faoin airteagal seo le coigeartú comhaontaithe. | |||||||||||||||||||||||||
(6) Beidh éifeacht de réir a théarmaí ag gach coigeartú comhaontaithe agus ag gach coigeartú éigeantach agus beidh gach coigeartú den sórt sin ina choigeartú críochnaitheach dochloíte agus beidh sé le cur i bhfeidhm dá réir sin ag an mBardas agus ag an gComhairle Contae faoi seach in aghaidh a chéile. | |||||||||||||||||||||||||
| Rúin, etc., a bhaineann leis an limistéar breise. | 7. Gach rún a rith, gach ordú a rinne, agus gach fógra a sheirbheáil an Chomhairle Contae roimh thosach feidhme an Ordaithe seo maidir leis an limistéar breise nó le haon chuid de nó le haon ní a rinneadh nó a bhí le déanamh ann, agus nach mbeidh a oibriú, a éifeacht nó a théarma scortha nó caite roimh an tosach feidhme sin, leanfaidh sé, ar an tosach feidhme sin agus dá éis agus a mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Ordú seo, de bheith i bhfeidhm agus d'éifeacht a bheith aige, a mhéid a bhainfidh sé leis an limistéar breise nó le haon chuid de nó le haon ní a rinneadh nó a bhí le déanamh ann, ionann agus dá mba rún é a rith, ordú a rinne nó fógra a sheirbheáil an Bardas ar an dáta a rith, a rinne nó a sheirbheáil an Chomhairle Contae é agus ionann agus dá mbeadh an limistéar breise curtha cheana féin leis an gCathair ar an dáta sin. | ||||||||||||||||||||||||
| Foráil speisialta chun críocha na nAchtanna Luachála. | 8. Sa mhéid go mbaineann sé leis an limistéar breise, measfar, chun críocha na nAchtanna Luachála, gur chuig an mBardas a cuireadh an liosta luachála athbhreithnithe is déanaí a fuair an Chomhairle Contae ón gCoimisinéir Luachála roimh thosach feidhme an Ordaithe seo. | ||||||||||||||||||||||||
| Coigeartú ar an deontas talmhaíochta. | 9. (1) An chuid den deontas talmhaíochta is iníoctha leis an mBardas faoi alt 50 den Local Government (Ireland) Act, 1898, is £315 a bheidh inti in ionad na suime a luaitear san alt sin 50. | ||||||||||||||||||||||||
(2) An tsuim a deirtear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 (Uimh. 23 de 1939) (arna laghdú le hordú ón Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí dar dáta an 8ú lá de Mhárta, 1946, agus le hordú ón Aire Rialtais Áitiúil dar dáta an 31ú lá d'Eanáir, 1955), a bheith iníoctha leis an gComhairle Contae déanfar, chun críocha feidhme an Sceidil sin maidir leis an deontas talmhaíochta, í a laghdú suim £176 go dtí £52,558. | |||||||||||||||||||||||||
| Cosaint ar dhícháiliú. | 10. Aon chomhalta den Chomhairle Contae a scoirfidh de bheith ina thoghthóir rialtais áitiúil sa Chontae de dhroim an limistéar breise a chur leis an gCathair, ní bheidh sé, de bhíthin an scoir sin amháin, dícháilithe chun leanúint i seilbh oifige mar chomhalta den Chomhairle go dtí gnáthlá scoir an chomhalta den Chomhairle Contae tar éis an chéad toghcháin do chomhaltaí na Comhairle Contae a chomórfar tar éis tosach feidhme an Ordaithe seo. | ||||||||||||||||||||||||
| Forálacha a bhaineann le clár na dtoghthóirí. | 11. Beidh an oiread sin de chlár na dtoghthóirí a d'ullmhaigh an Chomhairle Contae agus a bhaineann leis an limistéar breise ina chuid de chlár na dtoghthóirí don Chathair amhail ó thosach feidhme an Ordaithe seo agus taispeánfar an limistéar breise ar leithligh i cibé slí a chinnfidh an tAire. | ||||||||||||||||||||||||
| Orduithe Rialaithe Fostaíochta agus Orduithe Uaire Trádála. | 12. Ní oibreoidh aon ní san Ordú seo chun difear a dhéanamh d'aon Ordú Rialaithe Fostaíochta a rinne an Chúirt Oibreachais faoi fhorálacha an Achta Caidrimh Thionscail, 1946 ( Uimh. 26 de 1946 ), ná d'aon Ordú a rinne an tAire Tionscail agus Tráchtála faoi Acht na Siopaí (Uaire Trádála), 1938 (Uimh. 3 de 1938) . | ||||||||||||||||||||||||
| Teorainneacha leis an ráta Bardasach. | 13. (1) Baineann an t-airteagal seo le hoidhreachtáin sa limistéar breise ar measúnaíodh iad leis an ráta contae don bhliain airgeadais áitiúil 1965-66. | ||||||||||||||||||||||||
(2) San airteagal seo— | |||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn an abairt “talamh talmhaíochta” tailte nach n-áitítear ach amháin mar thalamh cuir, talamh móinéir nó talamh féaraigh nó tailte a áitítear mar thalamh coille nó garraithe margaidh nó talamh altran nó plásáin agus tailte faoi uisce a úsáidtear mar chanáil nó aon chosán tarraingthe a bhaineann leis an gcéanna; | |||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn an abairt “luacháil inmheasúnaithe an oidhreachtáin” luacháil an oidhreachtáin faoi na hAchtanna Luachála arna laghdú de réir alt 27 d'Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 ( Uimh. 25 de 1939 ), chun an ráta bardasach ar an oidhreachtán sin a mheasúnú agus a thobhach; | |||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn an abairt “luacháil foirgnimh” luacháil oidhreachtáin is foirgneamh, reilig, nó talamh nach talamh talmhaíochta nó an chuid sin de luacháil oidhreachtáin a thaispeántar sa cholún dar ceannteideal “foirgnimh” sa liosta luachála; | |||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn an abairt “an luacháil chaighdeánach” maidir le hoidhreachtán lena mbaineann an t-airteagal seo luacháil foirgnimh an oidhreachtáin sin mar atá sa liosta luachála leasaithe a fuair an Chomhairle Contae ón gCoimisinéir Luachála don bhliain airgeadais áitiúil 1965-66; | |||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn an focal “luacháil” an luacháil faoi na hAchtanna Luachála. | |||||||||||||||||||||||||
(3) I gcás inarb é atá i luacháil oidhreachtáin luacháil foirgnimh agus luacháil i leith talamh talmhaíochta, beidh feidhm ag an airteagal seo maidir leis an oidhreachtán sin ionann agus da mba dhá oidhreachtán ar leithligh é. | |||||||||||||||||||||||||
(4) Chun an ráta bardasach a mheasúnú agus a thobhach ar oidhreachtán lena mbaineann an t-airteagal seo agus a áirítear in aicme a luaitear sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i ngach bliain de na céad chúig bliana airgeadais áitiúla a bheidh an tOrdú seo i bhfeidhm:— | |||||||||||||||||||||||||
(a) más ionann luacháil foirgnimh an oidhreachtáin agus an luacháil chaighdeánach nó más lú ná sin é, laghdófar an luacháil foirgnimh go dtí an chionúireacht, a shonraítear sa cholún iomchuí den Sceideal sin don bhliain áirithe i leith na haicme sin, den luacháil ar a measúnófaí an ráta bardasach mura mbeadh sin; | |||||||||||||||||||||||||
(b) más mó luacháil foirgnimh an oidhreachtáin ná an luacháil chaighdeánach laghdófar an méid den luacháil foirgnimh is ionann agus an luacháil chaighdeánach go dtí an chionúireacht, a shonraítear sa cholún iomchuí den Sceideal sin don bhliain áirithe i leith na haicme sin, den mhéid sin den luacháil foirgnimh ar a measúnófaí an ráta bardasach mura mbeadh sin. | |||||||||||||||||||||||||
(5) Chun an ráta bardasach ar oidhreachtán sa limistéar breise is talamh talmhaíochta a mheasúnú agus a thobhach déanfar, i ngach bliain de na céad chúig bliana airgeadais áitiúla a bheidh an tOrdú seo i bhfeidhm, luacháil inmheasúnaithe an oidhreachtáin a laghdú go dtí an chionúireacht a shonraítear don bhliain áirithe sa cholún iomchuí den Dara Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo. | |||||||||||||||||||||||||
(6) Ní bhainfidh aon ní san airteagal seo leis an luach bliantúil, ná ní oibreoidh sé chun laghdú a dhéanamh ar an luach bliantúil, ar faoina threoir a bheidh an cháin le fionnadh i leith aon oidhreachtáin faoi Sceidil A agus B den Income Tax Act, 1918. | |||||||||||||||||||||||||
|
AN CHÉAD SCEIDEAL. | |||||||||||||||||||||||||
An chuid sin den Chontae atá idir an teorainn atá anois ann agus líne arna tarraingt mar a leanas:— | |||||||||||||||||||||||||
Ag tosú ag acomhal na teorann atá anois ann le teorainn thuaidh bhaile fearainn an Laig Ghlais, as sin siar agus feadh teorainn an bhaile fearainn sin go dtí a hacomhal le teorainn thuaidh bhaile fearainn Ráth Pháidín; as sin siar ó dheas agus feadh teorainn Ráth Pháidín go dtí a hacomhal le teorainn thuaidh bhaile fearainn an Chlaí Bhuí; as sin siar ó dheas agus feadh teorainn an Chlaí Bhuí go dtí a hacomhal le teorainn thuaidh bhaile fearainn Tí Chór; as sin ó dheas feadh na teorann is déanaí a luaitear go dtí a hacomhal le teorainn thoir bhaile fearainn an Scibirín; as sin ó dheas agus feadh teorainn bhaile fearainn an Scibirín go dtí a hacomhal leis an bhfál is teorainn thiar leis na páirceanna 8:122 agus 7.552 acra atá ar Athleagan 1950 de Léarscáil 9.XV, 1/2500, Suirbhéireachta Ordanáis Chontae Phortláirge agus leis an bpáirc ina bhfuil limistéir 1.274 agus 4.979 acra faoi seach ar an léarscáil sin agus ar Athleagan 1950 de Léarscáil 17.III, 1/2500, Suirbhéireachta Ordanáis Chontae Phortláirge; as sin soir ó dheas feadh an fháil teorann is déanaí a luaitear agus feadh samhailfhadú soir ó dheas uirthi go dtí go ngearrann sí teorainn bhaile fearainn Bhaile na nAeseach, pointe a bhfuil cuaille coincréite mar mharc leis; as sin soir agus feadh na teorann is déanaí a luaitear go dtí a hacomhal le teorainn thoir bhaile fearainn Bhaile na nAeseach agus as sin sa treo chéanna feadh lárlíne bhóthar na Cille-Phortláirge go dtí a hacomhal le teorainn theas bhaile fearainn Chnoc an tSúgraidh agus as sin sa treo chéanna feadh na teorann is déanaí a luaitear go dtí a hacomhal leis an teorainn atá anois ann. | |||||||||||||||||||||||||
|
AN DARA SCEIDEAL. Teorainneacha le Ráta Bardasach. | |||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||