3 1966


Uimhir 3 (Priobháideach) de 1966.


AN tACHT UM REILIG NA nÚGÓINEACH BAILE ÁTHA CLIATH (SRÁID PHEADAIR), 1966

[An tiontú oifigiúil.]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN REILIG DO PHROTASTÚNAIGH FHRANCACHA, DÁ nGAIRTEAR GO COITIANTA REILIG NA nÚGÓINEACH, ATÁ I SRÁID PHEADAIR I bPARÓISTE NAOMH PEADAR AGUS I gCATHAIR BHAILE ÁTHA CLIATH, A DHÚNADH, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN REILIG SIN A DHÍLSIÚ DO W. & R. JACOB & CO., LIMITED, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [22 Meitheamh, 1966.]

DE BHRÍ go bhfuil an reilig do Phrotastúnaigh Fhrancacha (dá ngairtear go coitianta Reilig na nUgóineach) atá i Sráid Pheadair i bParóiste Naomh Peadar agus i gCathair Bhaile Átha Cliath, dílsithe anois do Francis la Touche Godfrey, James Chaigneau Colvill, Ashley Powell, Christabel Frances Godfrey, Maureen Franks, agus Thomas Barrington Jellett mar Iontaobhaithe Chiste na nUgóineach Francach de bhun scéim le haghaidh riaradh an Chiste sin a cheadaigh Leas-Seansailéir na hÉireann le Ordú dar dáta an lú lá d'Iúil 1902 agus a rinneadh in ábhar dar teideal “High Court of Justice (Ireland) Chancery Division In the Matter of the French Huguenot Fund and of the Statute 52 Geo. III Cap. 101” agus a leasaíodh le hOrdú ón mBreitheamh Onórach Barton, dar dáta an 24ú lá d'Aibreán, 1917, agus a rinneadh san ábhar sin:

AGUS DE BHRÍ nach ndearnadh aon adhlacadh sa reilig sin ó 1879:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil W. & R. Jacob & Co., Limited tar éis a thairiscint an reilig sin a cheannach ó na hIontaobhaithe sin ar na téarmaí atá sa tairiscint atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo:

AGUS DE BHRÍ le hOrdú ón mBreitheamh Onórach Ó Cionnaith dar dáta an 5ú lá de Dheireadh Fómhair, 1964, agus a rinneadh in Ábhar dar teideal “1964, No. 92 S.P. The High Court. In the Matter of the French Huguenot Fund, and in the Matter of the Charities Act, 1961 between Francis la Touche Godfrey James Chaigneau Colvill Ashley Powell Christabel Frances Godfrey Maureen Franks Thomas Barrington Jellett Plaintiffs and the Attorney General and W. & R. Jacob & Co., Limited Defendants” go ndearnadh (inter alia) a ordú agus a bhreithniú é bheith de chead agus de chead tríd sin ag ná Gearánaigh mar Iontaobhaithe an Charthanais sin Bille Príobháideach a thabhairt isteach agus a chur chun cinn san Oireachtas d'fhonn a chumasú dóibh glacadh le tairiscint sin na gCosantóirí W. & R. Jacob & Co., Limited agus a cheadú do na Cosantóirí sin na tograí sa Tairiscint sin uathu a chur i gcrích:

AGUS DE BHRÍ gur fóirsteanach an reilig sin a dhúnadh agus deireadh a chur le hadhlacadh inti agus a chumhachtú do W. & R. Jacob & Co., Limited taisí na ndaoine marbha uile a aistriú as an reilig sin agus í a úsáid le haghaidh agus i leith a ghnóthais:

AGUS DE BHRÍ nach féidir na críocha a dúradh a chur i gcrích gan údarás ón Oireachtas:

ACHTAÍTEAR AR AN ÁBHAR SIN AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an reilig” an reilig do Phrotastúnaigh Fhrancacha, dá ngairtear go coitianta Reilig na nUgóineach, atá i Sráid Pheadair i bParóiste Naomh Peadar agus i gCathair Bhaile Átha Cliath, agus dá dtagraítear i gcuid a dó den sceideal a ghabhann leis an scéim le haghaidh riaradh Ciste na nUgóineach Francach a ceadaíodh leis an Ordú réamhaithriste dar dáta an lú lá d'Iúil, 1902, arna leasú leis an Ordú réamhaithriste dar dáta an 24ú lá d'Aibreán, 1917, agus dá dtagraítear ansin mar “plot of ground on the South side of Peter Street in the City of Dublin, marked No. 9½ on said Ordnance Sheet and thereon identified as ‘French graveyard (disused)’ ”;

ciallaíonn “an Chuideachta” W. & R. Jacob & Co., Limited;

ciallaíonn “an tairiscint” an tairiscint atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn “na hIontaobhaithe” Francis la Touche Godfrey, James Chaigneau Colvill, Ashley Powell, Christabel Frances Godfrey, Maureen Franks, Thomas Barrington Jellett agus cibé duine nó daoine eile is Iontaobhaithe nó Iontaobhaí de thuras na huaire ar Chiste na nUgóineach Francach.

Ceannach agus díol na reilige.

2. —(1) Féadfaidh na hIontaobhaithe glacadh leis an tairiscint agus air sin ceannóidh agus glacfaidh an Chuideachta an reilig agus díolfaidh na hIontaobhaithe í leis an gCuideachta de réir agus faoi réir na dtéarmaí atá sa tairiscint agus beidh an tairiscint ina ceangal ar an gCuideachta agus ar na hIontaobhaithe agus cuirfear i gcrích í.

(2) Ar an gCuideachta d'íoc na suime leis na hIontaobhaithe is iníoctha ag an gCuideachta faoin tairiscint beidh an reilig de bhua an Achta seo arna haistriú chun na Cuideachta agus dá cuid féin aici agus dílseoidh sí di le haghaidh eastát i bhfeo simplí saor ó eirí agus, faoi réir forálacha alt 3 den Acht seo, féadfaidh an Chuideachta í a úsáid le haghaidh agus i leith a gnóthais.

Taisí a aistriú agus a athadhlacadh, leachtanna, etc., a aistriú.

3. —(1) Sula gcuirfidh an Chuideachta aon chuid den reilig chun feidhme nó a úsáid chun críche ar bith, déanfar taisí na ndaoine marbh uile atá adhlactha inti a aistriú agus a athadhlacadh de réir forálacha an ailt seo.

(2) Sula n-aistreofar taisí aon duine mhairbh as an reilig faoin alt seo foilseoidh an Chuideachta fógra trí lá as a chéile i dtrí pháipéar laethúil a léitear i mBaile Átha Cliath agus beidh bríthin fo-ailt (3), (4), (5), (6), (8) agus (11) den alt seo san fhógra.

(3) Laistigh de dhá mhí tar éis dáta chéadfhoilsithe an fhógra a cheanglaítear le fo-alt (2) den alt seo a fhoilsiú féadfaidh duine is oighre, seiceadóir, riarthóir nó gaol d'aon duine marbh ar adhlacadh a thaisí sa reilig fógra a thabhairt i scríbhinn don Chuideachta á rá go bhfuil sé ar intinn aige aistriú na dtaisí a ghabháil de láimh agus, faoi réir forálacha fho-alt (4) den alt seo beidh saorchead aige air sin, laistigh de dhá mhí tar éis an dáta a bheidh fógra tugtha aige faoin bhfo-alt seo, a chur faoi deara na taisí a aistriú as an reilig agus a athadhlacadh in aon reilig choisricthe inar dleathach adhlacadh a dhéanamh.

(4) I gcás ina dtábharfaidh aon duine fógra faoi fho-alt (3) den alt seo agus nach gcruthóidh sé don Chuideachta gurb eisean oighre, seiceadóir, riarthóir nó gaol duine mhairbh mar atá á éileamh aige, cinnfidh an Ard-Chúirt an cheist ar iarratas cheachtar páirtí sna himeachtaí thuasaithriste agus beidh cumhacht ag an Ard-Chúirt ordú a dhéanamh a shonróidh cé a dhéanfaidh agus an tréimhse ina ndéanfar na taisí ar ina leith a bheidh an fógra tugtha a aistriú agus a athadhlacadh agus a dhéanfaidh socrú le haghaidh cibé nithe eile is iomchuí.

(5) Is í an Chuideachta a íocfaidh costas aon aistrithe agus athadhlactha faoi fho-ailt (3) nó (4) den alt seo (nach rachaidh thar caoga punt i gcás taisí a aistreofar amhlaidh ó aon uaigh áirithe), agus i gcás ina ndéanfar taisí beirte nó níos mó a aistriú ó aon uaigh áirithe cionroinnfear an tsuim sin go cothrom de réir an méid taisí a aistreofar amhlaidh.

(6) Dhá mhí ar a laghad tar éis dáta chéadfhoilsithe an fhógra a cheanglaítear le fo-alt (2) den alt seo a fhoilsiú, déanfaidh an Chuideachta taisí na ndaoine marbh uile atá adhlactha sa reilig seachas taisí ar tugadh fógra ina leith faoi fho-alt (3) den alt seo a aistriú, nó cuirfidh siad faoi deara iad a aistriú, aisti agus cuirfidh siad faoi deara iad a athadhlacadh de réir deasghnátha Eaglaise Leasaithe na Fraince i bplásán talún i Reilig Chnoc Ieróim arna choisreacadh de réir deasghnátha Eaglaise Leasaithe na Fraince nó i bplásán talún arna choisreacadh mar a dúradh i cibéreilig eile laistigh de Chathair Bhaile Átha Cliath inar dleathach adhlacadh a dhéanamh agus a bheidh ceadaithe ag na hIontaobhaithe i scríbhinn agus a cheannóidh an Chuideachta de réir mhír 4 (a) den tairiscint.

(7) Cuirfidh na hIontaobhaithe ar fáil as an gceannach airgead le haghaidh buanchúram a thabhairt don phlásán a cheannófar de réir fo-alt (6) den alt seo.

(8) I gcás ina dtabharfaidh duine fógra don Chuideachta faoi fho-alt (3) den alt seo maidir le taisí duine mhairbh agus go mainneoidh sé a chur faoi deara na taisí a aistriú agus a athadhlacadh laistigh den tréimhse a shonraítear chuige sin san alt seo nó in aon ordú ón Ard-Chúirt, féadfaidh an Chuideachta na taisí a aistriú nó a chur faoi deara iad a aistriú as an reilig agus, má shonraítear talamh adhlactha coisricthe nó reilig choisricthe le haghaidh na dtaisí a athadhlacadh in aon ordú den sórt sin, cuirfidh sí faoi deara iad a athadhlacadh sa reilig choisricthe sin, nó in aon chás eile, i cibé reilig choisricthe eile inar dleathach adhlacadh a dhéanamh agus is oiriúnach leis na hIontaobhaithe.

(9) Déanfar an dí-adhlacadh faoi mhaoirseacht oifigigh d'Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Átha Cliath agus de réir cibé treoracha a thabharfaidh Príomh-Dhochtúir Oifigiúil Bhaile Átha Cliath maidir le nithe a bhainfidh nó is dóigh a bhainfidh leis an tsláinte phoiblí.

(10) Déanfar gach athadhlacadh faoi mhaoirseacht oifigigh de chuid an údaráis sláintíochta arb ina limistéar feidhmiúcháin a bheidh an áit athadhlactha agus de réir cibé treoracha a thabharfaidh an Príomh-Dhochtúir Oifigiúil nó an Dochtúir Oifigiúil Contae don limistéar sin maidir le nithe a bhainfidh nó is dóigh a bhainfidh leis an tsláinte phoiblí.

(11) Déanfar gach leacht nó feartleac a bhaineann le taisí aon duine mhairbh a aistreofar faoin alt seo a aistriú agus a atógáil, ar chostas na Cuideachta, san áit a athadhlacfar na taisí nó i cibé áit eile a ordóidh an Ard-Chúirt ar iarratas ón gCuideachta nó ó aon oighre, seiceadóir, riarthóir nó gaol leis an duine marbh, nó mura ndéanfar aon iarratas den sórt sin, i cibé áit is oiriúnach leis na hIontaobhaithe.

An reilig a scor de bheith ina reilig ar na taisí uile a aistriú.

4. —Má bhíonn agus nuair a bheidh taisí na ndaoine marbh uile aistrithe as an reilig, scoirfidh sí chun gach críche de bheith ina reilig agus ní bheidh an Chuideachta ina leith sin faoi shrian ná míchumas ar bith a bhaineann le reilig dhruidte sa cháil sin agus teachtfaidh an Chuideachta an reilig saor agus urscaoilte ó gach Iontaobhas, úsáid, críoch, oibleagáid, míchumas, agus srian ar bith, eaglasta, carthanúil agus eile.

Séipéal marbhlainne.

5. —Beidh sé dleathach ag an gCuideachta an séipéal marbhlainne atá sa reilig a scartáil.

Caiteachais.

6. —Is í an Chuideachta a íocfaidh na costais, na muirir agus na caiteachais a réamhghabhfaidh, a bhainfidh agus a fhoghabhfaidh leis an Acht seo a ullmhú, a fháil agus a rith agus is as cistí na Cuideachta a íocfar iad.

Gearrtheideal.

7. —Féadfar an tAcht um Reilig na nÚgóineach Baile Átha Cliath (Sráid Pheadair), 1966 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Alt 1.

Chuig

Iontaobhaithe Chiste na nÚgóineach Francach

DÉANAIMIDNE, W. & R. JACOB & CO., LTD., Sráid an Easpaig i gCathair Bhaile Átha Cliath (dá ngairtear “an Chuideachta” anseo feasta) A THAIRISCINT LEIS SEO an leas Feo Simplí i láithreán Reilig na nÚgóineach Francach i Sráid Pheadair i gCathair Bhaile Átha Cliath a cheannach ó na hIontaobhaithe ar Fiche míle punt faoi réim agus de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha seo a leanas:

1. Déanfaidh na hIontaobhaithe sula nglacfaidh siad leis an Tairiscint seo toiliú na hArd-Chúirte a fháil léi agus cibé Údarás Reachtúil nó Údarás eile is gá chun go bhféadfar a théarmaí seo a chur i gcrích.

2. An teideal a bheidh le taispeáint ag na hIontaobhaithe tosóidh sé le hOrdú na hArd-Chúirte dar dáta an ceathrú lá fichead d'Aibreán Míle naoi gcéad agus seacht déag agus toimhdeoidh an Chuideachta go críochnaitheach go bhfuil an Reilig sin anois agus go raibh sí suas le dhá bhliain déag roimh a dháta seo dílsithe do na hIontaobhaithe agus ní éileoidh ná ní imscrúdóidh an Chuideachta aon teideal eile.

3. Cuirfidh na hIontaobhaithe faoi gach dícheall réasúnach iarratas chun na hArd-Chúirte ag iarraidh treoir ón gCúirt cibé acu is ceart nó nach ceart glacadh leis an tairiscint cheannaigh sin.

4. Má ghlactar leis an Tairiscint seo le toiliú agus údarás mar a dúradh déanfaidh an Chuideachta ar a costas féin:—

(a) Plásán talún a cheannach amach i Reilig Chnoc Ieróim (nó i cibé Reilig eile i gCathair Bhaile Átha Cliath a cheadóidh na hIontaobhaithe) agus ráille a chur timpeall an phlásáin talún sin agus é a bhuanfhálú.

(b) Cuardach cúramach a dhéanamh do na Taisí daonna go léir a gheofar i Reilig na nÚgóineach i Sráid Pheadair agus iad a aistriú leis an urraim uile is cuí agus i slí a cheadóidh na hIontaobhaithe agus na Taisí sin a athadhlacadh sa phlásán a gheofar mar a dúradh.

(c) Cloch Chuimhneacháin nó Taibhléad Cuimhneacháin oiriúnach a thógáil sa phlásán talún sin á shonrú go ndearnadh na Taisí a fuarthas i Reilig na nÚgóineach i Sráid Pheadair a aistriú chun an phlásáin sin agus a athadhlacadh ann, agus ainmneacha na ndaoine a bhí adhlactha i Reilig sin na nÚgóineach i Sráid Pheadair agus na dátaí a fuair siad bás a mhéid is féidir le réasún fios an eolais sin a fháil anois a ghearradh, a ghreanadh nó a líniú ar shlí eile ar an gCloch sin nó ar bhuan-leacht Cuimhneacháin éigin eile, agus freisin aon fheartleacacha uaighe slána atá sa Reilig a aistriú agus a atógáil.

5.  (a) Íocfaidh agus glanfaidh an Chuideachta i gcás ar bith na costais, na muirir agus na caiteachais uile faoina rachaidh na hiontaobhaithe le réasún i dtaobh agus i leith breithniú na tairisceana seo agus a ghabhfaidh agus a bhainfidh leis an Iarratas chun na Cúirte de bhun Chlásal 3 den Sceideal seo agus leis an Ordú a rinneadh ar an Iarratas sin.

(b) Má threoraíonn an Chúirt gur cheart glacadh (gan mhodhnú nó le cibé modhnú ar a gcomhaontóidh na hiontaobhaithe agus an Chuideachta) leis an tairiscint seo íocfaidh agus glanfaidh an Chuideachta na costais na muirir agus na caiteachais uile faoina rachaidh na hiontaobhaithe le réasún ag fáil cibé údaráis, reachtúil nó eile, nó ag iarraidh cibé údaráis, reachtúil nó eile, is gá chun téarmaí an sceidil seo a chur i gcrích agus a ghabhfaidh agus a bhainfidh le láithreán na reilige sin a dhíol leis an gCuideachta nó ar aon bhealach eile ag cur téarmaí an sceidil seo i gcrích nó ag féachaint lena gcur i gcrích.

DA FHIANU SIN chuir an Chuideachta faoi deara a gnáthshéala a ghreamú de seo an 10ú lá seo de Nollaig Míle naoi gcéad seasca a trí.

GREAMAÍODH GNÁTHSHÉALA W. & R.

Jacob & Co., Limited de seo ina bhfianaise seo:—

/images/ga.pract.1966.0003.0001.jpg

E. C. Bewley

Jeffery B. Jenkins

Stiúrthóirí

W. F. Bewley,

Rúnaí.