Is é atá ar an suíomh gréasáin seo bunachar sonraí ina bhfuil Achtanna an Oireachtais agus tiontuithe oifigiúla orthu, i gcás go bhfuil siad ar fáil, ón mbliain 1922 i leith. Tá na leaganacha teanga nasctha le chéile ionas gur féidir bogadh go héasca ó Acht go dtí an tiontú oifigiúil air agus an treo eile.

 

Is féidir na boscaí cuardaigh a úsáid chun cuardach a dhéanamh le haghaidh focail nó frása sna hAchtanna nó sna tiontuithe oifigiúla.

 

Tá roinnt Achtanna ann nach bhfuil tiontú oifigiúil ar fáil orthu go fóill ach déanfar an bunachar a nuashonrú go leanúnach, de réir mar a bheidh breis tiontuithe oifigiúla ar fáil. Más rud é nach bhfuil an tiontú oifigiúil ar fáil go fóill, taispeánfar leathanach chun sin a mhíniú.

 

Féadfar athbhreithniú deimhnithe cáilíochta a dhéanamh ar thiontuithe oifigiúla ó am go chéile agus an suíomh a nuashonrú dá réir.