harp.jpg


Uimhir 20 de 1998


AN tACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú ar an Conspiracy, and Protection of Property Act, 1875.

2.

Leasú ar an Merchant Shipping Act, 1894.

3.

Leasú ar an Acht Loingis Thráchtála, 1955.

4.

Leasú ar an Acht Loingis Cheannaíochta, 1992.

5.

Leasú ar an Acht Loingis Cheannaíochta (Coimisinéirí Soilse na hÉireann), 1997.

6.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Conspiracy, and Protection of Property Act, 1875

38 & 39 Vict. c. 86

An tAcht Loingis Thráchtála, 1955

1955, Uimh. 29

Merchant Shipping Act, 1894

57 & 58 Vict. c. 60

An tAcht Loingis Cheannaíochta, 1992

1992, Uimh. 2

Na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1997

An tAcht Loingis Cheannaíochta (Coimisinéirí Soilse na hÉireann), 1997

1997, Uimh. 37


harp.jpg


Uimhir 20 de 1998


AN tACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AN CONSPIRACY, AND PROTECTION OF PROPERTY ACT, 1875, AN MERCHANT SHIPPING ACT, 1894, AN ACHTA LOINGIS THRÁCHTÁLA, 1955, AN ACHTA LOINGIS CHEANNAÍOCHTA, 1992, AGUS AN ACHTA LOINGIS CHEANNAÍOCHTA (COIMISINÉIRÍ SOILSE NA hÉIREANN), 1997, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[16 Meitheamh, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

[EN]

Leasú ar an Conspiracy, and Protection of Property Act, 1875.

1.—Leasaítear leis seo an Conspiracy, and Protection of Property Act, 1875, trí alt 16 a aisghairm.

[EN]

Leasú ar an Merchant Shipping Act, 1894.

2.—Leasaítear leis seo an Merchant Shipping Act, 1894—

[EN]

(a) in alt 221—

[EN]

(i) trí mhír (a) a scriosadh, agus

[EN]

(ii) i mír (b)—

[EN]

(I) trí “,if the offence does not amount to desertion, or is not treated as such by the master,” a scriosadh, agus

[EN]

(II) trí “; and also, except in the United Kingdom, he shall be liable to imprisonment for any period not exceeding ten weeks with or without hard labour” a scriosadh,

[EN]

(b) trí ailt 222, 224, 225 agus 238 a aisghairm, agus

[EN]

(c) in alt 680—

[EN]

(i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

[EN]

“(1) Subject to any special provisions of this Act, a person who has been found guilty of an offence under this Act shall be liable—

[EN]

(a) on summary conviction, to a fine not exceeding £1,500 or to imprisonment for a term not exceeding 6 months or to both, or

[EN]

(b) on conviction on indictment, to a fine or to imprisonment for a term not exceeding 2 years or to both.”,

[EN]

agus

[EN]

(ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

[EN]

“(1A) Where an offence to which subsection (1) of this Act applies is committed by a body corporate and is proved to have been so committed with the consent, connivance or approval of or to be attributable to any neglect on the part of a person being a director, manager, secretary or other officer of the body corporate, or any other person who was acting or purporting to act in any such capacity, that person as well as the body corporate shall be guilty of an offence and be liable to be proceeded against and punished as if that person were guilty of the first-mentioned offence.”.

[EN]

Leasú ar an Acht Loingis Thráchtála, 1955.

3.—Leasaítear leis seo an tAcht Loingis Thráchtála, 1955, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 16:

[EN]

“16. (1) Faoi réir alt 19 den Acht seo maidir le stáit chomharaíochta, is iad seo a leanas a bheidh cáilithe chun long chláraithe nó scair inti a bheith ar úinéireacht acu:

[EN]

(a) an Rialtas;

[EN]

(b) Aire den Rialtas;

[EN]

(c) náisiúnach de Bhallstát;

[EN]

(d) comhlacht corpraithe arna bhunú faoi réim agus faoi réir dlí Ballstáit agus a bhfuil a phríomháit ghnó aige i mBallstát.

[EN]

(2) San alt seo, ciallaíonn ‘Ballstát’ Ballstát de na Comhphobail Eorpacha.”.

[EN]

Leasú ar an Acht Loingis Cheannaíochta, 1992.

4.—Leasaítear leis seo an tAcht Loingis Cheannaíochta, 1992—

[EN]

(a) in alt 2—

[EN]

(i) sa mhíniú ar “bád paisinéirí”, trí “, bád farantóireachta ag obair dó i slabhraí” a scriosadh, agus

[EN]

(ii) sa mhíniú ar “long paisinéirí”, trí “ná bád farantóireachta ag obair dó i slabhraí” a scriosadh,

[EN]

(b) in alt 14, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

[EN]

“(3) D'ainneoin fho-alt (2), in imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo is cosaint é a chruthú go raibh gá leis an sárú ar fho-alt (1) chun sábháilteacht soithigh a áirithiú nó beatha a shábháil nó, thairis sin, chun tionóisc a chosc.”,

[EN]

agus

[EN]

(c) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 14:

‘Díolúintí ó cheanglais cheadúnúcháin.

14A. (1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin—

(a) aicme shonraithe nó aicmí sonraithe soithigh a dhíolmhú, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an Aire, ón gceanglas go mbeidh sí nó siad ceadúnaithe faoi alt 14, más rud é, i dtuairim an Aire, gur cuí déanamh amhlaidh ag féachaint do nádúr na soithí agus don úsáid a bheidh le baint astu, agus

(b) in imthosca eisceachtúla, aon aicme soithigh a iompraíonn paisinéirí idir aon oileán áitrithe agus mórthír an Stáit nó idir oileáin a dhíolmhú, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an Aire, ón gceanglas go mbeidh sí ceadúnaithe faoi alt 14, más rud é, i dtuairim an Aire, gur cuí déanamh amhlaidh.

(2) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (1) maidir le ceanglais sábháilteachta agus ceanglais eile a bheidh le comhlíonadh ag soithí neamhcheadúnaithe.

(3) Más rud é, i leith soithigh, go mbeidh sárú ar rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo, beidh úinéir agus máistir an tsoithigh araon ciontach i gcion agus dlífear, maidir le gach duine acu—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó iad araon a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain nó iad araon a chur air.”.

[EN]

Leasú ar an Acht Loingis Cheannaíochta (Coimisinéirí Soilse na hÉireann), 1997.

5.—Leasaítear leis seo an tAcht Loingis Cheannaíochta (Coimisinéirí Soilse na hÉireann), 1997, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 6:

“Na Coimisinéirí d'fháil airgid ar iasacht.

6A. (1) Féadfaidh na Coimisinéirí, chun soláthar a dhéanamh maidir le caiteachas reatha nó caipitiúil, airgead a chruinniú nó a fháil ar iasacht ó am go ham (cibé acu ar urrús shócmhainní na gCoimisinéirí nó ar shlí eile), lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit, ach ní dhéanfaidh siad amhlaidh ach amháin le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais.

(2) Ní bheidh comhiomlán an airgid a chruinneofar nó a gheofar ar iasacht faoin alt seo níos mó ná £25 mhilliún aon tráth áirithe.

(3) Féadfaidh an tAire cibé suimeanna a chinnfidh an tAire, ó am go ham, faoi réir thoiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis na Coimisinéirí i leith airgid a chruinneoidh na Coimisinéirí nó a gheobhaidh siad ar iasacht faoin alt seo.

(4) Déanfar an t-airgead go léir a theastóidh ón Aire faoi chomhair na suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige nó aici faoi fho-alt (3) a íoc as airgead a bheidh vótáilte ag an Oireachtas.

(5) Chun críocha an ailt seo, measfar, maidir le hairgead a chruinneofar nó a gheofar ar iasacht in airgeadra seachas airgeadra an Stáit, gur coibhéis é in airgeadra an Stáit don airgead iarbhír a cruinníodh nó a fuarthas ar iasacht, agus an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide don airgeadra sin agus d'airgeadra an Stáit an tráth a cruinníodh nó a fuarthas ar iasacht é.”.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

6.—(1) Féadfar an tAcht Loingis Cheannaíochta (Forálacha Ilghnéitheacha), 1998, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1998, a ghairm de na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1997, agus den Acht seo le chéile.