
Uimhir 23 de 1999
AN tACHT UM RIALÁIL LEICTREACHAIS, 1999
[An tiontú oifigiúil]
RIAR NA nALT
Réamhráiteach agus Ginearálta
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. | |
5. | |
6. | |
7. |
An Coimisiún um Rialáil Leictreachais a Bhunú.
8. | |
9. | |
10. | |
11. | |
12. | |
13. |
Ceadúnais agus Údaruithe.
Painéil Achomhairc
29. | |
30. | |
31. | Orduithe chun Painéil Achomhairc a bhunú agus nithe gaolmhara. |
32. |
Rochtain ar Chórais Tarchurtha agus Dáilte.
33. | |
34. | Téarmaí maidir le cur i gceangal le córas tarchurtha nó dáilte agus maidir lena úsáid. |
35. | Muirir as cur i gceangal le córas tarchurtha nó dáilte agus as é a úsáid. |
36. | |
37. | |
38. |
Oibleagáidí Seirbhíse Poiblí agus Socruithe Idirthréimhseacha
39. | |
40. |
Aisghairm Iarmhartach agus Leasuithe Iarmhartacha.
41. | |
42. | |
43. | |
44. | |
45. | |
46. |
Ilghnéitheach.
47. | |
48. | |
49. | |
50. | |
51. | |
52. | |
53. | Leasú ar alt 2(2) den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1949. |
54. | Aisghairm ar alt 2(3), (4) agus (6) den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1949. |
An Coimisiún um Rialáil Leictreachais
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919 | 1919, c. 20 |
Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990 | |
Na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1995 | |
An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997 | 1997, Uimh. 2 |
Petty Sessions (Ireland) Act, 1851 | 14 & 15 Vict. c. 93 |

Uimhir 23 de 1999
AN tACHT UM RIALÁIL LEICTREACHAIS, 1999
[An tiontú oifigiúil]
ACHT DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT DO THREOIR UIMH. 96/92/CE AN 19 NOLLAIG, 1996, Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE(1), DO BHUNÚ COMHLACHTA AR A dTABHARFAR AN COIMISIÚN UM RIALÁIL LEICTREACHAIS, NÓ, SA BHÉARLA, THE COMMISSION FOR ELECTRICITY REGULATION, DO THABHAIRT CUMHACHT DON CHOIMISIÚN SIN CEADÚNAIS A DHEONÚ CHUN LEICTREACHAS A GHINIÚINT AGUS A SHOLÁTHAR AGUS ÚDARUITHE A DHEONÚ CHUN STÁISIÚIN GHINIÚNA A FHOIRGNIÚ, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE ROCHTAIN A BHEITH AG SEALBHÓIRÍ CEADÚNAS, AG SEALBHÓIRÍ ÚDARUITHE NÓ AG CUSTAIMÉIRÍ CÁILITHE AR AN gCÓRAS TARCHURTHA NÓ DÁILTE, DO LEASÚ AGUS D'AISGHAIRM FORÁLACHA ÁIRITHE DEN ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [11 Iúil, 1999]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal agus tosach feidhme.
1.—(1) Féadfar an tAcht um Rialáil Leictreachais, 1999, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “údarú” údarú arna dheonú faoi alt 16;
ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine a cheapfar faoi alt 11 chun bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach údaraithe;
ciallaíonn “Bord” Bord Soláthair an Leictreachais;
ciallaíonn “teas is cumhacht in éineacht” teas agus leictreachas inúsáidte a tháirgeadh go comhuaineach ó phróiseas comhtháite teirmidinimiciúil i gcás gur mó ná 70 faoin gcéad éifeachtúlacht fhoriomlán oibríochta an phróisis, a bhunaítear ar luach calrach comhlán an bhreosla a úsáidtear agus arb é an sainmhíniú air an coibhneas atá idir an t-aschur fuinnimh a mbaintear fóint as agus an t-ionchur fuinnimh, agus i gcás go sásaíonn an próiseas comhtháite teirmidinimiciúil cibé critéir theicniúla, oibríochta, eacnamaíochta agus timpeallachta a shonróidh an tAire ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;
ciallaíonn “Coimisiún” an Coimisiún um Rialáil Leictreachais;
ciallaíonn “dír-líne”, i ndáil le leictreachas, líne leictreachais a úsáidtear nó atá le húsáid chun leictreachas a iompar chun críche soláthair agus a gceadaítear déanamh na líne sin faoi alt 37;
ciallaíonn “dáileadh“, i ndáil le leictreachas, leictreachas a iompar trí chóras dáilte, is é sin le rá, córas arb é atá ann línte leictreachais, gléasra leictreachais, claochladáin agus lascghiar agus a úsáidtear chun leictreachas a iompar chuig custaiméirí deiridh;
ciallaíonn “cód dáilte” cód i leith na ngnéithe teicniúla go léir a bhaineann le cur i gceangal leis an gcóras dáilte, agus oibriú an chórais dáilte, arna ullmhú ag an mBord faoi alt 33;
ciallaíonn “líne leictreachais” aon líne a úsáidtear d'aontoisc nó i measc nithe eile chun leictreachas a iompar chun críche ar bith agus folaíonn sé—
(a) aon taca d'aon líne den sórt sin, is é sin le rá, aon déanmhas, cuaille, nó rud eile inar féidir, ar ar féidir, ag ar féidir nó ónar féidir taca a thabhairt d'aon líne den sórt sin, í a iompar nó í a chrochadh,
(b) aon ghaireas a bheidh i gceangal le haon líne den sórt sin chun leictreachas nó seirbhísí eile a iompar, agus
(c) aon sreang, cábla, feadán, píopa nó rud dá shamhail sin (lena n-áirítear an chásáil nó an chótáil atá air nó uirthi) a bheidh timpeall aon líne den sórt sin nó a thabharfaidh taca di nó a fheisteofar an-chóngarach di nó a mbeidh aon líne den sórt sin timpeall air nó uirthi nó ag tabhairt taca dó nó di, nó a dtabharfar taca dó nó di, a iomprófar nó a chrochfar i bpáirt le haon líne den sórt sin;
ciallaíonn “gléasra leictreachais” aon ghléasra, gaireas nó fearas a úsáidtear chun leictreachas a ghiniúint, a tharchur, a dháileadh nó a sholáthar, nó chun críocha a bhaineann leis sin, seachas—
(a) líne leictreachais,
(b) méadar a úsáidtear chun an chainníocht leictreachais a sholáthraítear d'aon áitreabh a fhionnadh, nó
(c) fearas leictreachais atá faoi rialú tomhaltóra;
ciallaíonn “gnóthas leictreachais” aon duine a ghabhann do leictreachas a ghiniúint, a tharchur, a dháileadh nó a sholáthar, lena n-áirítear aon sealbhóir ar cheadúnas nó ar údarú faoin Acht seo, nó aon duine dár deonaíodh cead faoi alt 37 den Phríomh-Acht;
ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar faoi alt 8;
ciallaíonn “custaiméir deiridh” duine dá soláthraítear leictreachas ag áitreabh aonair lena thomhailt san áitreabh sin;
tá le “ráiteas réamhaisnéise” an bhrí a shanntar dó le halt 38;
folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;
ciallaíonn “giniúint”, i ndáil le leictreachas, leictreachas a tháirgeadh;
ciallaíonn “stáisiún giniúna” stáisiún chun leictreachas a ghiniúint;
ciallaíonn “cód eangaí” cód i leith na ngnéithe teicniúla go léir a bhaineann le cur i gceangal leis an gcóras tarchurtha, agus oibriú an chórais tarchurtha, arna ullmhú ag an mBord faoi alt 33;
ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas a eiseofar faoi alt 14;
ciallaíonn “Aire” an tAire Fiontar Poiblí;
ciallaíonn “forordú” a fhorordú le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire nó ag an gCoimisiún faoin Acht seo agus déanfar focail ghaolmhara a fhorléiriú dá réir sin;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927;
ciallaíonn “taifead” aon leabhar, doiciméad nó aon ábhar scríofa nó clóite eile i bhfoirm ar bith lena n-áirítear aon fhaisnéis a bheidh á stóráil, á cothabháil nó á coinneáil trí aon fheiste mheicniúil nó leictreonach, cibé acu atá nó nach bhfuil sí á stóráil, á cothabháil nó á coinneáil i bhfoirm inléite;
ciallaíonn “cineálacha in-athnuaite, inmharthana nó malartacha fuinnimh” fuinneamh a úsáidtear le linn leictreachas a tháirgeadh ar fuinneamh é a úsáideann ceann amháin díobh seo a leanas nó níos mó ná ceann amháin díobh in éineacht mar fhoinse phríomhúil dó:
(a) gaoth,
(b) hidreafhuinneamh,
(c) bithmhais,
(d) dramhaíl, lena n-áirítear teas dramhaíola,
(e) bithbhreosla,
(f) fuinneamh geoiteirmeach,
(g) cealla breosla,
(h) fuinneamh taoide,
(i) grianfhuinneamh,
(j) tonnfhuinneamh;
ciallaíonn “áitreabh aonair” foirgneamh nó déanmhas amháin nó níos mó, atá ar áitiú agus in úsáid ag duine, i gcás go bhfuil gach foirgneamh nó déanmhas le hais an fhoirgnimh nó an déanmhais eile, nó tadhlach leis;
ciallaíonn “soláthar”, i ndáil le leictreachas, soláthar trí línte leictreachais do chustaiméirí deiridh lena thomhailt;
ciallaíonn “tarchur”, i ndáil le leictreachas, leictreachas a iompar trí bhíthin córais tarchurtha, is é sin le rá, córas arb é atá ann, go hiomlán nó go formhór, línte ardvoltais agus gléasra leictreachais agus a úsáidtear chun leictreachas a iompar ó stáisiún giniúna chug fo-stáisiún, ó stáisiún giniúna go stáisiún giniúna eile, ó fho-stáisiún go fo-stáisiún eile nó chuig aon idirnascaire nó uaidh nó chuig custaiméirí deiridh ach ní fholóidh sé aon línte den sórt sin a sonróidh an Bord, ó am go chéile, le ceadú an Choimisiúin, gur cuid den chóras dáilte iad ach folóidh sé aon idirnascaire atá ar úinéireacht ag an mBord.
(2) San Acht seo—
(a) aon tagairt d'alt nó do Sceideal is tagairt í d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,
(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír, is tagairt í d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus
(c) aon tagairt do chomhlíonadh feidhmeanna folaíonn sí, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairt d'fheidhmiú cumhachtaí agus do chomhall dualgas.
(3) Déanfar tagairt d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis sin nó faoi, lena n-áirítear an tAcht seo.
(4) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, an míniú ar fhoinsí in-athnuaite, inmharthana nó malartacha fuinnimh a leasú trína thuilleadh foinsí in-athnuaite, inmharthana nó malartacha fuinnimh a chur leis.
Orduithe a leagan, etc.
3.—Déanfar gach ordú, seachas orduithe faoi alt 1 (2) nó alt 27 (6), nó rialacháin arna ndéanamh ag an Aire, i gcás orduithe nó rialachán arna ndéanamh ag an Aire, nó arna ndéanamh ag an gCoimisiún, i gcás orduithe nó rialachán arna ndéanamh ag an gCoimisiún, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.
Fógraí a sheirbheáil.
4.—(1) Déanfar aon fhógra a cheanglaítear a sheirbheáil nó a thabhairt leis an Acht seo nó faoi a dhíriú chuig an duine lena mbaineann agus a sheirbheáil nó a thabhairt ar cheann de na slite seo a leanas—
(a) trína dhíriú chuig an duine faoina ainm nó faoina hainm agus trína sheachadadh air nó uirthi,
(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine,
(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuig an duine ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi,
(d) más rud é go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheáil fógraí tugtha ag an duine, trína fhágáil ag an seoladh sin nó trína chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha, agus é dírithe chuige nó chuici, chuig an seoladh sin, nó
(e) i gcás nach féidir an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine a fháil amach le fiosrú réasúnach agus go gceanglaítear fógra a sheirbheáil air nó uirthi, nó a thabhairt dó nó di, i leith aon áitribh, trína sheachadadh ar dhuine os cionn 16 bliana d'aois a bhfuil cónaí air nó uirthi san áitreabh nó atá fostaithe ar an áitreabh, nó trína ghreamú in áit fheiceálach ar an áitreabh nó gar dó.
(2) I gcás nach féidir ainm an duine lena mbaineann a fháil amach le fiosrú réasúnach, féadfar fógra faoin Acht seo a dhíriú chuig “an t-áititheoir”, “an t-úinéir” nó “an duine i gceannas”, de réir mar a bheidh.
(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ar chuideachta a bheidh cláraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990, ag a hoifig chláraithe, agus measfar gnáthchónaí a bheith ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe ag a phríomhoifig nó ag a áit ghnó.
(4) Ní dhéanfaidh duine, aon tráth i rith na tréimhse 3 mhí tar éis fógra a ghreamú faoi fho-alt (1) (e), an fógra a thabhairt chun siúil, a dhamáistiú nó a aghlot gan údarás dleathach agus beidh aon duine a sháróidh an fo-alt seo ciontach i gcion.
(5) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (4) dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi.
Cionta ag comhlachtaí corpraithe.
5.—(1) I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó aon duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.
(2) I gcás gurb iad comhaltaí comhlachta chorpraithe a bhainistíonn gnóthaí an chomhlachta chorpraithe sin, beidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le gníomhartha agus mainneachtainí comhalta i dtaca lena fheidhmeanna nó lena feidhmeanna bainistíochta amhail is dá mba stiúrthóir nó bainisteoir de chuid an chomhlachta chorpraithe é nó í.
Cionta a ionchúiseamh.
6.—(1) Féadfaidh an Coimisiún imeachtaí achoimre i leith cionta faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.
(2) D'ainneoin alt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de 12 mhí ó dháta an chiona.
An tAire do dhéanamh orduithe.
7.—(1) Féadfaidh an tAire céatadán níos mó a fhorordú ná an céatadán a shonraítear sa mhíniú ar theas is cumhacht in éineacht.
(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú arna dhéanamh faoin alt seo, lena n-áirítear ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo, a leasú.
CUID II
An Coimisiún um Rialáil Leictreachais a Bhunú
An Coimisiún a bhunú.
8.—(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.
(2) Ar an lá bunaithe beidh comhlacht arna bhunú ar a dtabharfar, sa Ghaeilge, an Coimisiún um Rialáil Leictreachais nó, sa Bhéarla, The Commission for Electricity Regulation agus dá ngairtear an “Coimisiún” san Acht seo chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.
(3) Beidh feidhm ag an Sceideal maidir leis an gCoimisiún.
(4) Beidh an Coimisiún ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain agus gnáthshéala aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh nó leas i dtalamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt, agus aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.
(5) Fíordheimhneofar séala an Choimisiúin le síniú chathaoirleach an Choimisiúin, nó le sínithe aon chomhalta eile den Choimisiún agus comhalta d'fhoireann an Choimisiúin ar daoine iad a bheidh údaraithe ag an gCoimisiún chun gníomhú chuige sin.
(6) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Choimisiúin agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Coimisiún agus a bheith séalaithe le séala an Choimisiúin (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir an ailt seo) agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt.
Feidhmeanna an Choimisiúin.
9.—(1) Beidh na feidhmeanna seo a leanas ag an gCoimisiún, eadhon—
(a) tograí do chóras conarthaí agus socruithe eile, lena n-áirítear cearta agus oibleagáidí cuí, i gcomhair trádáil i leictreachas a fhoilsiú, de bhun ordacháin nó ordachán i dtaobh beartais ón Aire a chuirfear ar fáil go poiblí nuair a thabharfar don Choimisiún é nó iad,
(b) gabháil do phróiseas comhchomhairle poiblí maidir leis na nósanna imeachta a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún chun na tograí a tharraingeofar suas faoi mhír (a) a chur i ngníomh,
(c) comhairle a thabhairt don Aire maidir le héifeacht ghiniúint an leictreachais i ndáil le hinmharthanacht, agus maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta ar an gcomhshaol ar páirtí iontu an Stát nó a dtagann an Stát chun bheith ina pháirtí iontu,
(d) tar éis an phróisis comhchomhairle phoiblí dá dtagraítear i mír (b), agus nithe a ardaítear sa phróiseas comhchomhairle poiblí á gcur i gcuntas, rialacháin a dhéanamh, faoi réir thoiliú an Aire, lena mbunófar córas trádála i leictreachas, lena n-áirítear an Coimisiún do dhéanamh maoirseachta agus athbhreithniú ar chóras den sórt sin, agus
(e) comhairle a thabhairt don Aire maidir le forbairt thionscal an leictreachais agus maidir le feidhmiú fheidhmeanna an Aire faoin Acht seo.
(2) D'ainneoin ghinearáltacht fho-alt (1)(a), áireofar in ordachán i dtaobh beartais ón Aire ordachán á rá go gcumasóidh nósanna imeachta an Choimisiúin orduithe a dhéanfaidh an tAire faoi ailt 39 agus 40 a chur i ngníomh.
(3) Beidh sé de dhualgas ar an Aire agus ar an gCoimisiún a bhfeidhmeanna a chomhall agus na cumhachtaí a thugtar dóibh faoin Acht seo a fheidhmiú ar mhodh—
(a) nach ndéanfaidh idirdhealú go héagórach idir sealbhóirí ceadúnas, údaruithe agus an Bord ná idir iarratasóirí ar údaruithe nó ar cheadúnais, agus
(b) a mheasfaidh an tAire nó an Coimisiún, de réir mar a bheidh, a chosnaíonn leasanna custaiméirí deiridh.
(4) Le linn an dualgas a fhorchuirtear le fo-alt (3) a chomhall, tabharfaidh an tAire agus an Coimisiún aird ar an ngá atá ann:
(a) iomaíocht a chur chun cinn i nginiúint agus i soláthar leictreachais de réir an Achta seo;
(b) a áirithiú go ndéanfar gach éileamh réasúnach ó chustaiméirí deiridh leictreachais ar leictreachas a shásamh;
(c) a áirithiú gur féidir le sealbhóirí ceadúnas maoiniú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a ghabháil de láimh a bhfuil siad ceadúnaithe lena ngabháil de láimh;
(d) sábháilteacht agus éifeachtúlacht ar thaobh gnóthas leictreachais a chur chun cinn;
(e) leanúnachas, áirithiú agus cáilíocht soláthairtí leictreachais a chur chun cinn; agus
(f) úsáid cineálacha in-athnuaite, inmharthana nó malartacha fuinnimh a chur chun cinn.
(5) Gan dochar d'fho-ailt (3) agus (4), beidh de dhualgas ar an gCoimisiún:
(a) caomhnú an chomhshaoil a chur i gcuntas;
(b) úsáid agus táirgeadh éifeachtúil leictreachais a spreagadh;
(c) riachtanais custaiméirí tuaithe, daoine faoi mhíbhuntáiste agus na sean a chur i gcuntas;
(d) taighde agus forbairt a spreagadh—
(i) ar mhodhanna chun leictreachas a ghiniúint trí chineálacha in-athnuaite, inmharthana agus malartacha fuinnimh, agus teas is cumhacht in éineacht, a úsáid, agus
(ii) ar mhodhanna le héifeachtúlacht a mhéadú in úsáid agus táirgeadh leictreachais;
agus
(e) a cheangal go dtabharfaidh an t-oibritheoir córais tosaíocht do stáisiúin ghiniúna a úsáideann foinsí in-athnuaite, inmharthana nó malartacha fuinnimh nuair a bheidh stáisiúin ghiniúna á roghnú.
Ordacháin don Choimisiún.
10.—(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (4), féadfaidh an tAire ordacháin a thabhairt don Choimisiún i dtaobh a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear ordacháin i ndáil le téarmaí agus coinníollacha ceadúnas.
(2) Ní thabharfaidh an tAire ordacháin ina leith seo a leanas—
(a) na daoine a bhféadfar ceadúnais nó údaruithe a dheonú dóibh, nó
(b) comhlíonadh fheidhmeanna an Choimisiúin i ndáil le sealbhóirí aonair ceadúnas nó údaruithe, i ndáil le custaimeirí cáilithe aonair nó i ndáil leis an mBord.
(3) Déanfaidh an Coimisiún de réir ordachán a thabharfaidh an tAire faoi fho-alt (1).
(4) Beidh an t-alt seo arna aisghairm an 19ú lá d'Fheabhra, 2000.
Oifigigh údaraithe.
11.—(1) San alt seo ciallaíonn “duine lena mbaineann an t-alt seo” an Bord nó sealbhóir ar cheadúnas nó ar údarú.
(2) Féadfaidh an Coimisiún daoine a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an ailt seo.
(3) Déanfaidh an Coimisiún deimhniú a cheapacháin nó a ceapacháin a thabhairt, tráth a cheaptha nó a ceaptha, do dhuine a cheapfar faoi fho-alt (2) agus le linn dó nó di cumhacht a thugtar le fo-alt (4) a fheidhmiú, déanfaidh sé nó sí, má iarrann aon duine a ndéanann an feidhmiú sin difear dó nó di é, an deimhniú sin a thabhairt ar aird don duine sin lena iniúchadh.
(4) Chun críocha fheidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo ag an gCoimisiún, féadfaidh oifigeach údaraithe—
(a) dul isteach aon tráth réasúnach in aon áitreabh atá ar úinéireacht nó ar áitiú ag duine lena mbaineann an t-alt seo chun aon chumhachtaí a thugtar dó nó di leis an bhfo-alt seo a fheidhmiú,
(b) a cheangal ar dhuine lena mbaineann an t-alt seo nó ar aon chomhalta, oifigeach nó fostaí de chuid an duine lena mbaineann an t-alt seo aon leabhair, doiciméid nó taifid atá faoi chumhacht nó faoi rialú an duine sin a thabhairt ar aird don oifigeach údaraithe, agus i gcás faisnéise i bhfoirm neamh-inléite, í a atáirgeadh i bhfoirm inléite,
(c) aon leabhair, doiciméid agus taifid a iniúchadh agus sleachta a thógáil astu nó cóipeanna a dhéanamh díobh (lena n-áirítear, i gcás faisnéise i bhfoirm neamh-inléite, cóip den fhaisnéis sin nó sliocht aisti i mbuanfhoirm inléite), agus
(d) a cheangal ar dhuine lena mbaineann an t-alt seo cibé leabhair, doiciméid agus taifid a chothabháil ar feadh cibé tréimhse nó tréimhsí ama a ordóidh an t-oifigeach údaraithe.
(5) I gcás go gcoiscfear ar oifigeach údaraithe, ag feidhmiú a chumhachtaí dó nó ag feidhmiú a cumhachtaí di faoin alt seo, dul isteach in aon áitreabh, féadfar iarratas a dhéanamh faoi alt 12 ar bharántas á údarú dó nó di dul isteach amhlaidh.
(6) Maidir le haon duine lena mbaineann an t-alt seo—
(a) a chuirfidh bac nó treampán ar oifigeach údaraithe i bhfeidhmiú cumhachta faoin alt seo,
(b) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir ceanglais faoin alt seo,
(c) a dhéanfaidh aon leabhair, doiciméid nó taifid a ceanglaíodh ar an duine lena mbaineann a thabhairt ar aird, nó a bhféadfaidh ionchas réasúnach a bheith aige nó aici go gceanglófar air nó uirthi iad a thabhairt ar aird, a athrú, a choinneáil siar nó a dhíothú go feasach, nó
(d) a dhéanfaidh, go feasach, ráiteas atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha a thabhairt don Choimisiún nó d'oifigeach údaraithe,
beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500, nó príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná 12 mhí nó, de rogha na Cúirte Dúiche, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air nó uirthi.
Barántais chuardaigh.
12.—Más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche ar fhaisnéis faoi mhionn ó oifigeach údaraithe go bhfuil forais réasúnacha amhrais ann go ndearnadh sárú ar choinníoll nó ceanglas ceadúnais nó údaraithe, féadfaidh an breitheamh barántas a eisiúint á údarú don oifigeach údaraithe, agus oifigigh údaraithe eile nó comhaltaí den Gharda Síochána ina theannta nó ina teannta, dul isteach, le forneart réasúnach más gá, i cibé áitreabh a bheidh sonraithe sa bharántas, aon tráth nó tráthanna laistigh de mhí amháin ó dháta eisiúna an bharántais, ar an mbarántas a thabhairt ar aird má cheanglaítear amhlaidh, agus gach ceann nó aon cheann de na cumhachtaí a thugtar d'oifigeach údaraithe faoi alt 11 a fheidhmiú.
Toirmeasc ar nochtadh neamhúdaraithe faisnéise.
13.—(1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le dlí, ní dhéanfaidh duine faisnéis faoi rún arna fáil aige nó aici agus é nó í ag comhlíonadh dualgas mar chomhalta den Choimisiún, nó mar chomhalta d'fhoireann an Choimisiúin, nó mar chomhairleoir nó sainchomhairleoir don Choimisiún nó mar oifigeach údaraithe don Choimisiún, a nochtadh, mura mbeidh sé nó sí údaraithe go cuí ag an gCoimisiún déanamh amhlaidh.
(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) beidh sé nó sí ciontach i gcion agus ar é nó í a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £1,500, nó príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná 12 mhí nó, de rogha na Cúirte Dúiche, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air nó uirthi.
(3) (a) San alt seo ciallaíonn “faisnéis faoi rún” faisnéis a déarfaidh an Coimisiún a bheith faoi rún maidir le faisnéis áirithe nó maidir le faisnéis d'aicme nó de thuairisc áirithe.
(b) Le linn dó a rá go bhfuil faisnéis faoi rún, féachfaidh an Coimisiún don riachtanas atá ann faisnéis is de chineál atá faoi rún ó thaobh na tráchtála de a chosaint.
(4) Leasaítear leis seo an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997, i ndeireadh Chuid I sa Tríú Sceideal a ghabhann leis—
(a) trí “An tAcht um Rialáil Leictreachais, 1999.” a chur léi i gcolún (2), agus
(c) trí “Alt 13.” a chur léi i gcolún (3).
CUID III
Ceadúnais agus Údaruithe
Ceadúnais chun leictreachas a ghiniúint agus a sholáthar.
14.—(1) Féadfaidh an Coimisiún ceadúnas a dheonú nó diúltú ceadúnas a dheonú d'aon duine—
(a) chun leictreachas a ghiniúint,
(b) chun leictreachas a sholáthar do chustaiméirí cáilithe,
(c) faoi réir alt 28, chun leictreachas a sholáthar do chustaiméirí deiridh nach mó san iomlán ná méid an leictreachais atá ar fáil don soláthróir agus a tháirgtear trí úsáid a bhaint as cineálacha in-athnuaite, inmharthana nó malartacha fuinnimh nó as leictreachas arna cheannach, in áit leictreachais den sórt sin, de réir na socruithe trádála dá bhforáiltear i rialacháin a dhéanfaidh an Coimisiún faoi alt 9(1)(d), nó
(d) chun leictreachas a sholáthar d'áitreabh aonair an phríomhchustaiméara teasa ar leictreachas é a tháirgtear trí úsáid a bhaint as teas is cumhacht in éineacht ag an stáisiún giniúna óna ndéantar teas, nó leictreachas arna cheannach in áit leictreachais den sórt sin, de réir na socruithe trádála dá bhforáiltear i rialacháin a dhéanfaidh an Coimisiún faoi alt 9(1)(d), a sholáthar don phríomhchustaiméir teasa sin,
ar cibé téarmaí agus coinníollacha a shonrófar sa cheadúnas.
(2) Féadfaidh an Coimisiún ceadúnas chun leictreachas a sholáthar do chustaiméirí cáilithe a dheonú don Bhord, faoi réir téarmaí agus coinníollacha a shonrófar sa cheadúnas.
(3) Maidir le haon cheadúnas a dheonófar faoin alt seo measfar go bhfuil coinníoll ann go mbeidh sé faoi réir a mhodhnaithe le go gcomhlíonfaidh sé aon achtachán lena ndéantar Treoir Uimh. 96/92/CE an 19 Nollaig, 1996, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhrialacha le haghaidh an mhargaidh inmheánaigh i leictreachas a chur i ngníomh, cibé acu go hiomlan nó go páirteach.
(4) Is i scríbhinn a bheidh iarratas ar cheadúnas faoin alt seo, agus beidh sé i cibé foirm agus beidh cibé faisnéis ann a iarrfaidh an Coimisiún.
(5) Beidh cibé táille, más ann, a chinnfidh an Coimisiún is cuí, ag féachaint don iarratas a bheidh á dhéanamh, ag gabháil le hiarratas ar cheadúnas faoin alt seo, agus cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar tháillí den sórt sin ar fáil, nuair a iarrfar í.
(6) Beidh aon cheadúnas a dheonóidh an Coimisiún—
(a) faoi réir a mhodhnaithe de réir alt 19, nó
(b) faoi réir a chúlghairthe ag an gCoimisiún de réir an Achta seo.
(7) I gcás go ndiúltóidh an Coimisiún ceadúnas a dheonú do dhuine—
(a) déanfaidh an Coimisiún na cúiseanna atá leis an diúltú a chur in iúl, i scríbhinn, don duine,
(b) déanfaidh an Coimisiún, laistigh de 28 lá ó dhiúltú ceadúnas a dheonú, na cúiseanna atá leis an diúltú a chur in iúl, i scríbhinn, do Choimisiún na gComhphobal Eorpach, agus
(c) féadfaidh an duine achomharc a dhéanamh in aghaidh an diúltaithe de réir alt 29.
(8) Féadfaidh sealbhóir ar cheadúnas a dheonófar faoi mhír (a) d'fho-alt (1) leictreachas a sholáthar do shealbhóir ar cheadúnas a dheonófar faoi mhír (b), (c) nó (d) den fho-alt sin nó don Bhord.
(9) Ní údarófar, le ceadúnas a dheonófar faoi mhír (b), (c) nó (d) d'fho-alt (1), leictreachas a sholáthar do chustaiméir cáilithe nó do chustaiméir deiridh go dtí tar éis an 19ú lá d'Fheabhra, 2000.
(10) Chun críocha fho-alt (1), ciallaíonn “príomhchustaiméir teasa” duine a bhfuil conradh déanta aige nó aici le táirgeoir teasa is cumhachta in éineacht chun méid teasa arna tháirgeadh ag an táirgeoir sin a cheannach, i mbliain féilire, ar méid teasa é is mó ná an méid a conraíodh a cheannach sa bhliain sin ón táirgeoir sin ag aon duine eile (más ann).
(11) Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar cheadúnaithe chun a chinntiú go leanfaidh siad de choinníollacha agus de cheanglais uile a gceadúnas a chomhlíonadh.
(12) Beidh d'oibleagáid ar an mBord leictreachas a sholáthar do shealbhóir ceadúnais faoi fho-alt (1) de réir na socruithe trádála dá bhforáiltear i rialacháin a dhéanfaidh an Coimisiún faoi alt 9(1)(d).
Ceadanna faoi alt 37 den Phríomh-Acht.
15.—(1) Déanfaidh duine a mbeidh cead faoi alt 37 den Phríomh-Acht deonaithe dó nó di ar an lú lá de Mheán Fómhair, 1998, nó dá éis, iarratas ar cheadúnas nó ar údarú laistigh de 3 mhí ó theacht i ngníomh don alt seo nó cibé tréimhse eile a chomhaontóidh an Coimisiún.
(2) Aon iarratas chuig an mBord ar chead faoi alt 37 den Phríomh-Acht nach raibh ina ábhar do chinneadh ón mBord roimh thosach feidhme an ailt seo measfar gur iarratas é ar cheadúnas faoi alt 14 agus ar údarú faoi alt 17 agus déileálfar leis dá réir sin.
(3) Aon chead a bheidh deonaithe faoi alt 37 den Phríomh-Acht ar an lú lá de Mheán Fómhair, 1998, nó dá éis, rachaidh sé in éag 12 mhí tar éis thosach feidhme an ailt seo nó ar an gCoimisiún do dheonú ceadúnais nó údaraithe ar dháta is luaithe ná sin.
(4) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, leanfaidh cead a bheidh deonaithe faoi alt 37 den Phríomh-Acht roimh an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1998, de lánfheidhm agus de lánéifeacht a bheith leis.
(5) Maidir leis an gcumhacht chun cead dá dtagraítear i bhfo-alt (3) nó (4) a mhodhnú nó a chúlghairm, is ag an gCoimisiún agus ní ag an mBord a bheidh sí infheidhmithe, agus maidir le haon chumhachtaí a thugtar don Bhord le cead den sórt sin, is ag an gCoimisiún agus ní ag an mBord a bheidh siad infheidhmithe.
Údaruithe chun stáisiún giniúna a fhoirgniú nó a athfhoirgniú.
16.—(1) Ní dhéanfaidh aon duine stáisiún giniúna a fhoirgniú nó a athfhoirgniú, chun leictreachas a sholáthar do chustaiméirí deiridh, mura mbeidh údarú deonaithe don duine ag an gCoimisiún.
(2) D'ainneoin na nAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1995, ní fhéadfaidh an Bord stáisiún giniúna a fhoirgniú nó a athfhoirgniú mura mbeidh údarú deonaithe dó ag an gCoimisiún.
(3) Faoi réir alt 17, féadfaidh an Coimisiún údarú a dheonú nó diúltú údarú a dheonú d'aon duine chun stáisiún giniúna a fhoirgniú nó a athfhoirgniú, faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a shonrófar san údarú lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha maidir le cumas giniúna an stáisiúin giniúna bheartaithe.
(4) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £100,000 a chur air nó uirthi.
Iarratas ar údarú.
17.—(1) Is i scríbhinn a bheidh iarratas ar údarú faoi alt 16 agus beidh sé i cibé foirm agus beidh cibé faisnéis ann a iarrfaidh an Coimisiún le réasún.
(2) Beidh cibé táille, más ann, a chinnfidh an Coimisiún ag gabháil le hiarratas ar údarú.
(3) Beidh aon údarú a dheonóidh an Coimisiún—
(a) faoi réir a mhodhnaithe de réir alt 19, nó
(b) faoi réir a chúlghairthe ag an gCoimisiún de réir an Achta seo.
(4) I gcás go ndiúltóidh an Coimisiún údarú a dheonú—
(a) déanfaidh an Coimisiún na cúiseanna atá leis an diúltú a chur in iúl, i scríbhinn, don duine, agus
(b) déanfaidh an Coimisiún, laistigh de 28 lá ó dhiúltú údarú a dheonú, na cúiseanna atá leis an diúltú a chur in iúl, i scríbhinn, do Choimisiún na gComhphobal Eorpach, agus
(c) féadfaidh an duine achomharc a dhéanamh in aghaidh an diúltaithe de réir alt 29.
Orduithe lena sonraítear critéir maidir le hiarratais ar údaruithe a bhreithniú.
18.—(1) Sonróidh an tAire, le hordú, na critéir ar dá réir a chinnfidh an Coimisiún iarratas ar údarú.
(2) Féadfaidh baint a bheith ag na critéir a shonróidh an tAire faoi fho-alt (1) leis na nithe seo a leanas—
(a) sábháilteacht agus slándáil an chórais leictreachais, gléasra leictreachais agus línte tí,
(b) caomhnú an chomhshaoil lena n-áirítear teorainn a chur le hastaíochtaí isteach san atmaisféar, in uisce nó i dtalamh,
(c) suíomh stáisiúin giniúna agus úsáid talún a ghabhann leis,
(d) úsáid éifeachtúil fuinnimh,
(e) cineál na foinse fuinnimh phríomhúil a bheidh le húsáid ag stáisiún giniúna,
(f) cáilíochtaí iarratasóra, lena n-áirítear cáilíochtaí teicniúla agus airgeadais an iarratasóra, agus
(g) oibleagáidí seirbhíse poiblí dá bhforálfar in ordú faoi alt 39.
(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú a dhéanfar faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.
(4) Ní dhéanfar ordú faoi fho-alt (3) mura ndéanfar fógra á rá go bhfuiltear chun ordú den sórt sin a dhéanamh a fhoilsiú i nuachtán laethúil a fhoilsítear agus a scaiptear sa Stát mí amháin ar a laghad roimh dhéanamh an ordaithe.
(5) Déanfaidh an tAire cóip den dréacht-ordú a bheartaítear a dhéanamh faoi fho-alt (3) a thabhairt, ar an táille fhorordaithe, más ann, a íoc, d'aon duine a iarrann í, agus déarfar, san fhógra á rá go bhfuiltear chun ordú a dhéanamh a fhoilseofar faoi fho-alt (4), gur féidir cóip den sórt sin a fháil amhlaidh.
(6) Ní dhéanfar socrú le hordú faoin alt seo maidir le comhleá núicléach a úsáid chun leictreachas a ghiniúint.
Ceadúnas nó údarú a mhodhnú.
19.—(1) Más rud é go n-iarrann sealbhóir ar cheadúnas nó ar údarú amhlaidh féadfaidh an Coimisiún coinníollacha nó ceanglais an cheadúnais nó an údaraithe a mhodhnú.
(2) I gcás gurb é tuairim an Choimisiúin gur cóir ceadúnas nó údarú a leasú féadfaidh sé déanamh amhlaidh fara nó d'éagmais thoiliú shealbhóir an cheadúnais nó an údaraithe, de réir mar a bheidh.
(3) I gcás gurb é tuairim an Choimisiúin gur modhnú d'aicme a cheanglaítear a dhéanamh le hordú ón Aire arna dhéanamh faoi alt 39 nó 40 é modhnú ar choinníoll nó ar cheanglas ceadúnais nó údaraithe, féadfaidh an Coimisiún coinníollacha nó ceanglais an cheadúnais nó an údaraithe lena mbaineann a mhodhnú d'éagmais thoiliú shealbhóir an cheadúnais nó an údaraithe sin, de réir mar a bheidh.
Nósanna imeachta a bheidh le leanúint sula ndéanfar ceadúnais nó údaruithe a mhodhnú.
20.—(1) Beidh feidhm ag fo-ailt (2) go (6) maidir le gach modhnú ar cheadúnas nó ar údarú seachas modhnú a dhéanfar chun éifeacht a thabhairt d'ordú faoi alt 39 nó 40.
(2) Sula ndéanfaidh sé ceadúnas nó údarú a mhodhnú eiseoidh an Coimisiún fógra—
(a) ina ndéarfar go bhfuil sé beartaithe aige an modhnú sin a dhéanamh,
(b) ina ndéarfar cén cineál modhnaithe é agus cad iad na cúiseanna atá leis, agus
(c) ina sonrófar an tréimhse (nach lú ná 28 lá ó dháta foilsithe an fhógra) inar féidir uiríll nó agóidí maidir leis an modhnú beartaithe a dhéanamh.
(3) Breithneoidh an Coimisiún aon uiríll nó agóidí a dhéanfar faoi fho-alt (2) agus nach dtarraingeofar siar.
(4) Déanfar fógra faoi fho-alt (2) a thabhairt—
(a) tríd an bhfógra a fhoilsiú i nuachtán a scaiptear sa Stát, agus
(b) trí chóip den fhógra a sheirbheáil ar shealbhóir an cheadúnais nó an údaraithe.
(5) Déanfaidh an Coimisiún cóip d'fhógra a eiseofar faoi fho-alt (2) a chur chuig an Aire agus socróidh an tAire, gan moill mhíchuí, cóip den fhógra a sholáthar do leabharlann an Oireachtais.
(6) Más rud é, laistigh den tréimhse a shonrófar i bhfo-alt (2)(c), nach ndéanfar aon agóidí nó uiríll nó, maidir le cibé agóidí nó uiríll a dhéanfar sa tréimhse sin, go dtarraingeofar siar dá éis sin iad, beidh éifeacht dá réir sin leis an modhnú ar an gceadúnas nó ar an údarú lena mbaineann.
(7) Más rud é nach dtarraingeofar siar agóidí nó uiríll a dhéanfar laistigh den tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (2)(c)—
(a) féadfaidh an Coimisiún glacadh leis na hagóidí nó na huiríll sin, go hiomlán nó go páirteach, nó diúltú dóibh, agus beidh éifeacht dá réir sin leis an modhnú, nó
(b) i gcás gur deimhin leis go bhfuil forais leordhóthanacha ann chun éisteacht phoiblí a sheoladh, féadfaidh an Coimisiún a chur faoi deara éisteacht phoiblí den sórt sin a sheoladh.
(8) I gcás go ndiúltóidh an Coimisiún d'aon agóidí nó uiríll a dhéanfar faoin alt seo gan éisteacht phoiblí a sheoladh, déanfar na cúiseanna gur diúltaíodh dóibh, agus gur diúltaíodh éisteacht phoiblí a sheoladh, a chur in iúl do na daoine a rinne na hagóidí nó na huiríll sin agus déanfar an modhnú beartaithe de réir alt 22(3).
Éisteachtaí poiblí an Choimisiúin.
21.—(1) Más rud é go mbeartóidh an Coimisiún éisteacht phoiblí a sheoladh faoi alt 20(7)(b) eiseoidh sé ráiteas ina luafar—
(a) an dáta (ar dáta é nach lú ná 28 lá ón dáta a dtabharfar fógra) ar a mbeartaítear an éisteacht a sheoladh, agus
(b) an t-ionad ina mbeartaítear an éisteacht a sheoladh.
(2) Déanfar fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a thabhairt—
(a) tríd an bhfógra a fhoilsiú i nuachtán a scaiptear sa Stát, agus
(b) tríd an bhfógra a sheirbheáil ar shealbhóir an cheadúnais nó an údaraithe lena mbaineann agus ar aon daoine a rinne agóidí nó uiríll sa tréimhse dá dtagraítear in alt 20(2)(c).
(3) Beidh éisteachtaí uile an Choimisiúin ar oscailt do dhaoine den phobal agus féadfar iad a sheoladh os comhair an Choimisiúin nó aon duine eile a bheidh údaraithe ag an gCoimisiún chun éisteacht den sórt sin a sheoladh agus folóidh tagairtí don Choimisiún i bhfo-alt (4) tagairtí d'aon duine eile a bheidh údaraithe amhlaidh.
(4) Ag éisteacht phoiblí a sheolfar chun críocha an ailt seo—
(a) féadfar éisteacht a thabhairt do na daoine sin a rinne agóidí nó uiríll sa tréimhse dá dtagraítear in alt 20(2)(c),
(b) féadfaidh an Coimisiún leas aon duine a dhéanfaidh iarratas ar bheith ina pháirtí nó ina páirtí san éisteacht a mheasúnú agus féadfaidh sé iad a ligean isteach nó a eisiamh ar chúiseanna sonraithe, agus
(c) féadfaidh an Coimisiún daoine a chur faoi mhionn, fógraí a eisiúint, subpoena a eisiúint, iallach a chur ar fhinnéithe freastal agus leabhair, cuntais, páipéir, taifid, doiciméid agus ábhar a thabhairt ar aird agus fianaise a thógáil agus a ghlacadh.
(5) Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, rialacha a dhéanamh maidir leis an gcleachtas agus na nósanna imeachta a ghlacfar ag éisteachtaí poiblí den sórt sin.
(6) Beidh finné os comhair éisteachta poiblí i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna amhail is dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é nó í.
Cinneadh ón gCoimisiún i ndiaidh éisteachta poiblí.
22.—(1) Laistigh de thréimhse réasúnach ón dáta a gcríochnófar éisteacht phoiblí, déanfaidh an Coimisiún cinneadh—
(a) ceadúnas nó údarú a mhodhnú de réir an mhodhnaithe bheartaithe a leagtar amach san fhógra arna eisiúint faoi alt 20(2)(b) nó ar shlí eile, nó
(b) gan an modhnú lena mbaineann a dhéanamh.
(2) Tabharfar fógra maidir le cinneadh a dhéanfar faoi fho-alt (1) do shealbhóir an cheadúnais nó an údaraithe lena mbaineann agus d'aon pháirtithe san éisteacht agus cuirfidh an Coimisiún an cinneadh ar fáil d'aon duine eile ar é a iarraidh.
(3) Faoi réir fho-alt (4), déanfar modhnú ar cheadúnas nó ar údarú—
(a) trí fhógra faoin modhnú a sheirbheáil ar shealbhóir an cheadúnais nó an údaraithe lena mbaineann, agus
(b) tríd an bhfógra a fhoilsiú i nuachtán a scaiptear sa Stát.
(4) Beidh éifeacht le modhnú ar cheadúnas nó ar údarú ar an lá atá 28 lá tar éis an lae—
(a) a dhéanfar fógra faoin modhnú a sheirbheáil ar shealbhóir an cheadúnais nó an údaraithe lena mbaineann, nó
(b) a dhéanfar fógra faoin modhnú ar an gceadúnas nó ar an údarú lena mbaineann a fhoilsiú i nuachtán a scaiptear sa Stát,
cibé acu is déanaí, mura ndéanfar achomharc faoi alt 29(2) agus sa chás sin ní thiocfaidh an modhnú in éifeacht, mura ndaingneofar é faoi alt 30(7).
Ordacháin ón gCoimisiún chun sláinte an phobail a chosaint, etc.
23.—(1) San alt seo agus in ailt 24, 25 agus 26 ciallaíonn “coinníoll nó ceanglas” aon téarma nó coinníoll de chuid ceadúnais nó údaraithe nó aon cheanglas a fhorchuirtear leis an Acht seo nó faoi.
(2) I gcás gur deimhin leis an gCoimisiún gur tharla, nó gur dócha go dtarlóidh, gach ceann nó aon cheann de na himthosca atá leagtha amach i bhfo-alt (3), féadfaidh an Coimisiún a ordú do shealbhóir an cheadúnais nó an údaraithe lena mbaineann nó don Bhord i leith an chórais tarchurtha agus dáilte scor de chleachtais shonraithe nó staonadh uathu.
(3) Is iad na himthosca dá dtagraítear i bhfo-alt (2) ná—
(a) i gcás gurb é tuairim an Choimisiúin go bhfuil gá le gníomhaíocht láithreach chun na nithe seo a leanas a chosaint—
(i) sláinte nó sábháilteacht an phobail nó an comhshaol,
(ii) leanúnachas soláthairtí leictreachais,
(iii) leasanna sealbhóirí eile ceadúnas nó údaruithe;
(b) i gcás gurb é tuairim an Choimisiúin go bhfuil sealbhóir ar cheadúnas nó ar údarú ag sárú coinníll nó ceanglais, nó gur dóigh dó nó di coinníoll nó ceanglas a shárú, agus go bhfuil gá le gníomhaíocht láithreach chun go scoirfear den sárú sin nó chun é a chosc; nó
(c) i gcás gurb é tuairim an Choimisiúin go bhfuil gá le gníomhaíocht láithreach chun diomailt sócmhainní sealbhóra ar cheadúnas nó ar údarú a chosc.
(4) Ní údarófar le haon ní san alt seo don Choimisiún ordacháin a thabhairt i ndail le díospóidí tionscail.
An Coimisiún d'eisiúint fógra i dtaobh sáruithe, etc.
24.—(1) I gcás gurb é tuairim an Choimisiúin go bhféadfadh sé go bhfuil sealbhóir ar cheadúnas nó ar údarú ag sárú coinníll nó ceanglais nó gur dóigh dó nó di coinníoll nó ceanglas a shárú, féadfaidh sé fógra a eisiúint faoi fho-alt (2) chuig sealbhóir an cheadúnais nó an údaraithe.
(2) Maidir leis an bhfógra dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—
(a) sonrófar ann—
(i) an coinníoll nó an ceanglas a mheasann an Coimisiún go bhféadfadh sé go bhfuil sealbhóir an cheadúnais nó an údaraithe á shárú nó gur dóigh dó nó di é a shárú, nó
(ii) na gníomhartha nó na neamhghníomhartha arb é tuairim an Choimisiúin ina leith gur sárú iad, nó gur dóigh gur shárú iad, ar an gcoinníoll nó ar an gceanglas lena mbaineann,
agus
(b) sonrófar ann an tréimhse (nach lú ná 28 lá ón dáta a n-eiseofar an fógra) ar féidir uiríll nó agóidí a dhéanamh laistigh di.
(3) Breithneoidh an Coimisiún aon uiríll nó agóidí a dhéanfar faoi fho-alt (2) agus nach dtarraingeofar siar.
(4) Ar aon uiríll nó agóidí a bhreithniú, féadfaidh an Coimisiún ordachán a thabhairt do shealbhóir ar cheadúnas nó ar údarú cibé bearta a dhéanamh is gá chun scor den sárú nó chun sárú sa todhchaí a chosc.
(5) A luaithe is indéanta tar éis ordachán a thabhairt de réir fho-alt (4) nó alt 23(2) tabharfaidh an Coimisiún fógra faoin ordachán de réir fho-alt (10).
(6) Faoi réir fho-alt (7), féadfaidh an Coimisiún ordachán a thabharfar faoin alt seo a chúlghairm.
(7) Sula ndéanfaidh sé ordachán a chúlghairm, tabharfaidh an Coimisiún fógra de réir fho-alt (10)—
(a) ina ndéarfar go bhfuil sé beartaithe aige an t-ordachán a chúlghairm agus ina leagfar amach éifeacht na cúlghairme, agus
(b) ina sonrófar an tréimhse (nach lú ná 28 lá ó fhoilsiú an fhógra) ar féidir uiríll nó agóidí maidir leis an gcúlghairm bheartaithe a dhéanamh laistigh di.
(8) Breithneoidh an Coimisiún aon uiríll nó agóidí a dhéanfar faoi fho-alt (7) agus nach dtarraingeofar siar.
(9) Más rud é, tar éis fógra faoi chúlghairm arna déanamh de réir fho-alt (6) a thabhairt, go gcinneann an Coimisiún gan an t-ordachán dá dtagraíonn an fógra a chúlghairm, tabharfaidh sé fógra maidir lena chinneadh.
(10) Déanfar fógra faoin alt seo a thabhairt—
(a) tríd an bhfógra a fhoilsiú i nuachtán a scaiptear sa Stát, agus
(b) trí chóip den fhógra agus cóip den ordachán nó den chúlghairm, de réir mar a bheidh, a sheirbheáil ar shealbhóir an cheadúnais nó an údaraithe lena mbaineann an fógra, an t-ordachán nó an chúlghairm.
An Coimisiún do dhéanamh cinnidh maidir le sárú sonraithe.
25.—(1) Más rud é go gcinnfidh an Coimisiún gan ordachán a tahbhairt faoi alt 24(4), féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh go bhfuil sealbhóir ar cheadúnas nó ar údarú tar éis sárú sonraithe a dhéanamh ar choinníoll nó ar cheanglas.
(2) A luaithe is indéanta tar éis cinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (1) déanfaidh an Coimisiún—
(a) fógra faoin gcinneadh a fhoilsiú i nuachtán a scaiptear sa Stát, agus
(b) cóip den fhógra agus cóip den chinneadh a sheirbheáil ar shealbhóir an cheadúnais nó an údaraithe lena mbaineann an cinneadh.
Déanamh de réir ordacháin nó cinnidh.
26.—(1) Chun a chinntiú go ndéanfar de réir ordacháin arna thabhairt faoi alt 24, féadfaidh an Coimisiún iarratas a dhéanamh ar shlí achomair ex parte nó iar bhfógra chun na hArd-Chúirte ar ordú á cheangal ar shealbhóir ar cheadúnas nó ar údarú atá, i dtuairim an Choimisiúin, ag sárú coinníll nó ceanglais, nó ar dóigh dó nó di coinníoll nó ceanglas a shárú, scor de chleachtais shonraithe nó staonadh uathu.
(2) Féadfaidh an Ard-Chúirt cibé ordú a mheasann sí is cuí a dhéanamh agus féadfaidh sí ordachán arna thabhairt ag an gCoimisiún a dhaingniú, a chúlghairm nó a athrú.
Custaiméirí cáilithe.
27.—(1) Féadfaidh an Coimisiún, le toiliú an Aire, an tslí a meastar agus a ríomhtar tomhailt leictreachais chun críche an ailt seo a fhorordú, agus aon tagairtí san alt seo do thomhailt leictreachais a ríomh nó a mheas is tagairtí iad do ríomhaireachtaí nó meastacháin arna ndéanamh faoi na rialacháin sin.
(2) Aon tomhaltóir leictreachais a meastar agus a ríomhtar gur mó, nó ar dóigh gur mó, ná 4 Gigeavata-uaire a thomhailt nó a tomhailt leictreachais in aon áitreabh aonair in aon tréimhse 12 mhí, measfar gur custaiméir cáilithe é nó í san áitreabh sin chun críocha an Achta seo.
(3) Faoi réir fho-alt (4), féadfaidh an tAire, le hordú, an figiúr 4 Gigeavata-uaire dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a athrú.
(4) Tabharfaidh an tAire fógra go bhfuil sé ar intinn aige nó aici ordú a dhéanamh faoi fho-alt (3) nó (5) trína fhoilsiú i nuachtán a scaiptear sa Stát 28 lá ar a laghad sula ndéanfar an t-ordú.
(5) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú a dhéanfar faoi fho-alt (3), lena n-áirítear ordú a dhéanfar faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.
(6) I gcás go mbeartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.
Leictreachas ó theas is cumhacht in éineacht a cheannach.
28.—(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, ó am go ham, an méid iomlán nó na méideanna iomlána leictreachais ó theas is cumhacht in éineacht a fhéadfar a sholáthar do chustaiméirí deiridh faoi alt 14(1)(d) in aon tréimhse shonraithe a fhorordú.
(2) Féadfaidh an tAire nósanna imeachta a fhorordú a bheidh le leanúint chun críocha an ailt seo, lena n-áirítear nósanna imeachta a bhaineann le rochtain ar an gcóras tarchurtha nó dáilte agus leis na himthosca ina soláthróidh an Bord leictreachas do na custaiméirí deiridh sin.
CUID IV
Painéil Achomhairc
Painéal Achomhairc a bhunú.
29.—(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis na daoine seo a leanas—
(a) duine a ndiúltaítear dá iarratas nó dá hiarratas ar cheadúnas nó ar údarú,
(b) duine is sealbhóir ar cheadúnas nó ar údarú agus ar mian leis nó léi achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh de chuid an Choimisiúin—
(i) an ceadúnas nó an t-údarú lena mbaineann a mhodhnú, seachas modhnú d'aicme a cheanglaítear le hordú arna dhéanamh faoi alt 39 nó 40, nó
(ii) diúltú an ceadúnas nó an t-údarú lena mbaineann a mhodhnú ar iarraidh ó shealbhóir an cheadúnais nó an údaraithe sin.
(2) Laistigh de 28 lá ó chinneadh a dhéanamh—
(a) diúltú ceadúnas nó údarú a dheonú,
(b) ceadúnas nó údarú a mhodhnú, nó
(c) diúltú ceadúnas nó údarú a mhodhnú,
féadfaidh duine lena mbaineann an t-alt seo a iarraidh ar an Aire painéal a bhunú ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, “Painéal Achomhairc”.
(3) Nuair a iarrfar air nó uirthi Painéal Achomhairc a bhunú, déanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás Iomaíochta maidir le comhdhéanamh an Phainéil Achomhairc, Painéal Achomhairc a bhunú, laistigh de mhí amháin, chun achomharc arna dhéanamh faoin alt seo a bhreithniú.
(4) Is iad a bheidh ar Phainéal Achomhairc a bhunófar faoin alt seo triúr ar a laghad, agus ceapfaidh an tAire duine amháin acu chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an bPainéal Achomhairc.
(5) Beidh ag Painéal Achomhairc na cumhachtaí agus na dualgais uile de chuid an Choimisiúin is gá chun feidhmeanna an Phainéil Achomhairc faoin Acht seo a sheoladh.
(6) Beidh Painéal Achomhairc neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.
(7) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú a dhéanfar faoin alt seo, lena n-áirítear ordú a dhéanfar faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.
(8) Déanfar gach achomharc faoi Chuid IV den Acht seo a chinneadh laistigh de shé mhí.
Feidhmeanna an Phainéil Achomhairc.
30.—(1) Déanfaidh Painéal Achomhairc achomharc in aghaidh na nithe seo a leanas a éisteacht agus a chinneadh—
(a) diúltú ceadúnas nó údarú a dheonú,
(b) modhnú, nó
(c) diúltú ceadúnas nó údarú a mhodhnú,
agus sonróidh sé, iar bhfógra don Choimisiún agus don achomharcóir, an dáta a n-éistfear an t-achomharc.
(2) Beidh ag Painéal Achomhairc na cumhachtaí, na cearta agus na pribhléidí a dhílsítear don Ard-Chúirt nó do bhreitheamh den Ard-Chúirt ar chaingean a éisteacht—
(a) maidir lena thabhairt ar fhinnéithe freastal agus maidir lena gceistiú faoi mhionn nó ar shlí eile, agus
(b) maidir le hiallach a chur ar dhaoine doiciméid a thabhairt ar aird.
(3) Féadfar toghairm a bheidh sínithe ag cathaoirleach an Phainéil Achomhairc nó ag cibé comhalta eile den Phainéal Achomhairc a bheidh údaraithe ag an bPainéal Achomhairc a chur in ionad aon nós imeachta foirmiúil, agus is ionann di agus d'aon nós imeachta forimiúil, a fhéadfar a eisiúint i gcaingean chun a thabhairt ar fhinnéithe freastal agus chun iallach a chur ar dhaoine doiciméid a thabhairt ar aird.
(4) Más rud é—
(a) go mainneoidh duine freastal a dhéanamh tar éis é nó í a thoghairm go cuí chun freastal os comhair Painéil Achomhairc,
(b) go ndiúltóidh duine, ar bheith i láthair dó nó di mar fhinné os comhair Painéil Achomhairc, mionn a ghlacadh a cheanglóidh an Painéal sin air nó uirthi go dlíthiúil a ghlacadh, nó aon doiciméad atá faoi chumhacht nó faoi rialú an duine sin a thabhairt ar aird a cheanglóidh an Painéal Achomhairc sin air nó uirthi go dlíthiúil a thabhairt ar aird, nó aon cheist a fhreagairt a cheanglóidh an Painéal Achomhairc air nó uirthi go dlíthiúil a fhreagairt, nó
(c) go ndéanfaidh duine, ar bheith i láthair dó nó di os comhair Painéil Achomhairc, aon ní ar díspeagadh cúirte a bheadh ann dá mba chúirt dlí an Painéal Achomhairc agus cumhacht aici duine a chimiú mar gheall ar dhíspeagadh,
beidh an duine sin ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi.
(5) Beidh teideal ag finné os comhair Painéil Achomhairc chun na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a mbeadh teideal aige nó aici chucu dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é nó í.
(6) Féadfaidh Painéal Achomhairc daingniú a dhéanamh ar dhiúltú ceadúnas nó údarú a dheonú nó a ordú don Choimisiún ceadúnas nó údarú a dheonú fara nó d'éagmais coinníollacha arna leagan síos ag an bPainéal Achomhairc agus, más rud é go ndéanfar ordachán den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún, de réir chinneadh an Phainéil Achomhairc, an ceadúnas nó an t-údarú a dheonú, faoi réir cibé coinníollacha a shonróidh an Coimisiún agus nach mbeidh ar neamhréir le cinneadh an Phainéil Achomhairc.
(7) I gcás modhnú ar cheadúnas nó ar údarú, féadfaidh an Painéal Achomhairc an modhnú a dhaingniú nó a ordú don Choimisiún gan é a dhéanamh.
(8) I gcás diúltú ceadúnas nó údarú a mhodhnú, féadfaidh an Painéal Achomhairc cinneadh an Choimisiúin a dhaingniú nó a ordú don Choimisiún an ceadúnas nó an t-údarú a mhodhnú.
(9) Tabharfaidh an Painéal Achomhairc fógra do na daoine lena mbaineann i dtaobh a chinnidh i leith achomhairc faoin alt seo.
Orduithe chun Painéil Achomhairc a bhunú agus nithe gaolmhara.
31.—(1) Féadfar, le hordú arna dhéanamh ag an Aire faoi alt 29(3) chun Painéal Achomhairc a bhunú, foráil a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas—
(a) comhaltas, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an Aire, an Phainéil Achomhairc,
(b) an nós imeachta a bheidh le glacadh ag an bPainéal Achomhairc le linn dó aon ní a tharchuirfear chuige a bhreithniú, agus
(c) aon nithe eile a dhéanamh a mheasfaidh an tAire atá teagmhasach nó fóirsteanach maidir leis an bPainéal Achomhairc do sheoladh achomhairc go cuí agus go cuí agus go héifeachtach.
(2) Is é a bheidh i luach saothair comhalta de Phainéal Achomhairc, agus ina liúntais i leith caiteachas, más ann, cibé luach saothair agus cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus beidh siad ina gcuid de chaiteachais an Choimisiúin.
Athbhreithniú ar chinneadh ón gCoimisiún.
32.—(1) Gan dochar d'aon cheart faoin Acht seo chun achomharc a dhéanamh chuig Painéal Achomhairc, ní dhéanfaidh aon duine—
(a) bailíocht aon chinnidh ón gCoimisiún maidir le hiarratas arna dhéanamh chuige ar cheadúnas nó údarú a dheonú nó ar cheadúnas nó údarú a mhodhnú,
(b) modhnú ar cheadúnas nó údarú ag an gCoimisiún, nó
(c) cinneadh ó Phainéal Achomhairc faoi alt 30,
a cheistiú in aon imeachtaí dlí ar shlí seachas ar mhodh iarratais ar athbhreithniú breithiúnach faoi Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimh. 15 de 1986).
(2) Maidir le hiarratas ar chead chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach i leith aon ní dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—
(a) déanfar é laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach an dáta a dtugtar an cinneadh, agus
(b) déanfar é trí fhoriarratas iar bhfógra—
(i) chuig an gCoimisiún,
(ii) más rud é nach ionann an t-iarratasóir ar chead agus an t-iarratasóir ar an gceadúnas nó ar an údarú lena mbaineann, nó sealbhóir an chéanna, chuig an iarratasóir ar an gceadúnas nó ar an údarú sin, nó chuig sealbhóir an chéanna, agus
(iii) chuig aon duine eile a shonrófar chun na críche sin le hordú ón Ard-Chúirt,
agus ní dheonófar an cead sin mura deimhin leis an Ard-Chúirt go bhfuil forais shubstaintiúla ann chun a mhaíomh go bhfuil an cinneadh neamhbhailí nó gur ceart é a neamhniú.
(3) (a) Cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh na hArd-Chúirte maidir le hiarratas den sórt sin ar chead chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach, nó maidir le hiarratas ar athbhreithniú breithiúnach den sórt sin, agus ní fhéadfar aon achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt Uachtarach i gcoinne bhreith na hArd-Chúirte i gceachtar cás ach amháin le cead ón Ard-Chúirt agus ní dheonófar an cead sin ach amháin i gcás go ndeimhneoidh an Ard-Chúirt go bhfuil ponc dlí a ngabhann tábhacht phoiblí eisceachtúil leis i gceist sa bhreith uaithi agus gurb inmhianaithe ar mhaithe le leas an phobail achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt Uachtarach.
(b) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le cinneadh de chuid na hArd-Chúirte sa mhéid go mbaineann sé le ceist i dtaobh bhailíocht aon dlí ag féachaint d'fhorálacha an Bhunreachta.
CUID V
Rochtain ar Chórais Tarchurtha agus Dáilte
Cód eangaí agus cód dáilte a ullmhú.
33.—(1) Faoi réir fho-alt (2), déanfaidh an Bord rialacháin, faoi réir cheadú an Choimisiún, agus laistigh de cibé am agus tar éis cibé comhchomhairle a ordóidh an Coimisiún, ar rialacháin iad ina leagfar amach cód eangaí i ndáil le córas tarchurtha an Bhoird agus cód dáilte i ndáil le córas dáilte an Bhoird.
(2) Féadfaidh an Coimisiún ordacháin a thabhairt don Bhord ó am go ham—
(a) maidir leis na nithe a bheidh le sonrú sa chód eangaí agus sa chód dáilte, agus
(b) maidir leis an mBord d'athbhreithniú agus d'athleasú an chóid eangaí agus an chóid dáilte ó am go ham,
agus déanfaidh an Bord de réir ordachán a thabharfaidh an Coimisiún faoin alt seo.
(3) Déanfar gach scaoileadh faisnéise faoin alt seo a chur ar fáil laistigh de mhí amháin ón uair a iarrfar an céanna.
Téarmaí maidir le cur i gceangal le córas tarchurtha nó dáilte agus maidir lena úsáid.
34.—(1) Faoi réir fho-alt (4), más rud é go ndéanfaidh aon duine iarratas chuig an mBord, déanfaidh an Bord tairiscint comhaontú a dhéanamh maidir lena chur nó lena cur i gceangal leis an gcóras tarchurtha nó dáilte nó maidir le húsáid an chórais sin, faoi réir téarmaí agus coinníollacha a shonrófar de réir ordachán a thabharfaidh an Coimisiún don Bhord ó am go ham faoin alt seo.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar le hordacháin arna dtabhairt ag an gCoimisiún faoin alt seo foráil a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) na nithe a bheidh le sonrú i gcomhaontú maidir le cur i gceangal leis an gcóras tarchurtha nó dáilte agus maidir le húsáid an chórais sin;
(b) na nithe a bheidh le sonrú i gcomhaontú maidir le húsáid an chórais tarchurtha nó dáilte;
(c) na téarmaí agus na coinníollacha ar a ndéanfar tairiscint maidir le cur i gceangal leis an gcóras tarchurtha nó dáilte;
(d) na modhanna lena gcinnfear an cion de na costais a bheidh le híoc ag an duine a bheidh ag déanamh an iarratais go ndéanfaí é nó í a cheangal leis an gcóras tarchurtha nó dáilte agus an cion a bheidh le híoc ag an mBord, ar costais iad a thabhófar go díreach nó go neamhdhíreach le linn oibreacha a dhéanamh faoi chomhaontú nó le linn ceangal a dhéanamh nó ceangal láithreach a mhodhnú;
(e) na téarmaí agus na coinníollacha ar a mbeidh iarratais ar chomhaontú le déanamh agus an tréimhse ama ar laistigh di a bheidh tairiscint nó diúltú de dhroim iarratais le déanamh ag an mBord; agus
(f) aon nithe eile a mheasfaidh an Coimisiún is gá nó is fóirsteanach chun tairiscint a dhéanamh maidir le cur i gceangal leis an gcóras tarchurtha nó dáilte nó maidir le húsáid an chórais sin,
agus déanfaidh an Bord de réir ordachán a thabharfaidh an Coimisiún faoin alt seo laistigh de cibé tréimhse ama a shonróidh an Coimisiún.
(3) Aon tairiscint a dhéanfar faoi fho-alt (1) do dhuine nach sealbhóir ar cheadúnas faoi alt 14 nó sealbhóir ar údarú faoi alt 16 nó custaiméir cáilithe é nó í, beidh sí faoi réir ceadúnas nó údarú a dheonú don duine sin nó faoi réir an duine sin do theacht chun bheith ina chustaiméir nó ina custaiméir cáilithe.
(4) Ní cheanglófar ar an mBord faoi fho-alt (1) comhaontú a dhéanamh—
(a) más rud é go mbeidh léirithe aige chun sástacht an Choimisiúin nach é leas an phobail é cumas breise a sholáthar chun na ceanglais a bheidh le forchur leis an gcomhaontú sin a chomhlíonadh,
(b) más rud é gur dhóigh don Bhord, dá ndéanfadh sé comhaontú faoin alt seo, a bheith páirteach:
(i) i sárú ar an Acht seo;
(ii) i sárú ar rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo;
(iii) i sárú ar an gcód eangaí nó ar an gcód dáilte; nó
(iv) i sárú ar choinníollacha aon cheadúnais nó údaraithe a deonaíodh don Bhord faoin Acht seo,
nó
(c) más rud é nach ngeallfaidh an duine a bheidh ag déanamh an iarratais a bheith faoi cheangal ag téarmaí an chóid eangaí nó an chóid dáilte sa mhéid go mbeidh na téarmaí sin infheidhme maidir leis an duine sin.
(5) Más rud é go ndiúltóidh an Bord a thairiscint comhaontú a dhéanamh faoin alt seo seirbheálfaidh an Bord fógra ar an iarratasóir faoi na cúiseanna a bheidh leis an diúltú sin.
(6) Aon díospóid idir an Bord agus aon duine ar duine é nó í, nó a éileoidh gur duine é nó í, a bhfuil d'oibleagáid ar an mBord tairiscint a dhéanamh dó nó di maidir le cur i gceangal leis an gcóras tarchurtha nó dáilte agus maidir le húsáid an chéanna (agus cibé acu i ndáil le déanamh tairisceana, na téarmaí a thairgtear, na muirir atá beartaithe nó i ndáil le ní eile)—
(a) más rud é go ndéanann an Bord tairiscint, nó
(b) más rud é go ndiúltaíonn an Bord tairiscint,
féadfaidh an Coimisiún, ar iarratas ón duine sin, í a chinneadh agus déanfaidh an Bord de réir an chinnidh sin agus beidh sé faoi cheangal aige.
(7) D'fhonn a áirithiú go ndéanfar de réir cinnidh arna dhéanamh faoin alt seo féadfaidh an Coimisiún, iar bhfógra don Ard-Chúirt, iarratas a dhéanamh ar an tslí achomair ar ordú á cheangal ar an mBord déanamh de réir chinneadh an Choimisiúin arna dhéanamh faoin alt seo.
(8) Nuair a bheidh socrú á dhéanamh maidir leis an gcóras tarchurtha nó dáilte a úsáid nó nuair a bheidh téarmaí á dtairiscint maidir le hoibreacha a dhéanamh chun críocha cur i gceangal le córas tarchurtha nó dáilte an Bhoird, ní dhéanfaidh an Bord idirdhealú go héagórach idir aon daoine nó idir aon aicmí daoine.
Muirir as cur i gceangal le córas tarchurtha nó dáilte agus as é a úsáid.
35.—(1) Faoi réir fho-alt (2), déanfaidh an Bord, laistigh de cibé am a ordóidh an Coimisiún, ráiteas a ullmhú, a bheidh le ceadú ag an gCoimisiún, ina leagfar amach an bonn ar a bhforchuirtear muirir—
(a) as córas tarchurtha nó dáilte an Bhoird a úsáid, agus
(b) as cur i gceangal le córas tarchurtha nó dáilte an Bhoird.
(2) Féadfaidh an Coimisiún ordacháin a thabhairt don Bhord ó am go ham i leith an bhoinn le haghaidh muirear as córas tarchurtha nó dáilte an Bhoird a úsáid agus as cur i gceangal leis.
(3) D'ainneoin ghinearáltacht fho-alt (2), féadfar, le hordacháin arna dtabhairt ag an gCoimisiún faoin alt seo, foráil a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas—
(a) na modhanna muirearaithe a bheidh le cur san áireamh sa ráiteas a bheidh le hullmhú ag an mBord,
(b) an fhoirm ina mbeidh faisnéis, agus méid na faisnéise, a bheidh le tabhairt ag an mBord d'iarratasóirí,
(c) foirm na muirear agus an fhaisnéis faoi na muirir sin a bheidh le cur san áireamh sa ráiteas a bheidh le hullmhú ag an mBord,
(d) an nós imeachta a bheidh le glacadh le linn don Bhord ráiteas muirear a chur isteach agus le linn don Choimisiún ráiteas den sórt sin a cheadú, agus
(e) an cineál faisnéise a bheidh le tabhairt d'iarratasóirí a bheidh ag iarraidh go gcuirfear i gceangal leis na córais tarchurtha nó dáilte iad agus cur i láthair agus trédhearcacht na faisnéise sin,
agus déanfaidh an Bord de réir ordachán a thabharfaidh an Coimisiún faoin alt seo.
(4) Déanfar muirear as cur i gceangal le córas tarchurtha nó dáilte an Bhoird nó as é a úsáid a ríomh de réir ordachán a thabharfaidh an Coimisiún faoin alt seo chun a chumasú don Bhord na nithe seo a leanas a ghnóthú—
(a) an cion cuí de na costais a tabhaíodh go díreach nó go neamhdhíreach ag déanamh aon oibreacha riachtanacha, agus
(b) ráta réasúnach toraidh ar an gcaipiteal arb ionannas dó na costais sin.
(5) Is é an Coimisiún, go heisiach, a chinnfidh cad is “cion cuí”, dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(a), ann agus cad is “ráta réasúnach toraidh”, dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(b), ann.
An Coimisiún do cheadú ráitis muirear.
36.—(1) Cuirfidh an Bord gach ráiteas arna ullmhú de réir alt 35 (dá ngairtear an “ráiteas” san alt seo) chuig an gCoimisiún lena cheadú a fháil agus ní bheidh feidhm ag an ráiteas, agus go háirithe ag aon mhuirir dá dtagraítear ann, go dtí cibé trath a bheidh sé ceadaithe ag an gCoimisiún.
(2) Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBord agus tabharfaidh sé aird ar aon aighneacht a chuirfidh an Bord faoi bhráid an Choimisiúin roimh chinneadh a dhéanamh i dtaobh cibé acu a cheadóidh nó nach gceadóidh sé ráiteas a bheidh curtha ag an mBord faoi bhráid an Choimisiún lena cheadú.
(3) Ní bheidh éifeacht le ráiteas agus, go háirithe, le muirir dá dtagraítear ann, go dtí cibé tráth a cheadóidh an Coimisiún é, faoi réir cibé modhnuithe, más ann, is cuí leis an gCoimisiún.
(4) Aon mhuirir arna bhforchur ag an mBord ar thosach feidhme an ailt seo, nó roimhe, leanfaidh siad i bhfeidhm, faoi reir cheadú an Choimisiúin, go dtí go mbeidh ráiteas ceadaithe ag an gCoimisiún faoin alt seo agus ina dhiaidh sin is de réir ráitis a bheidh ceadaithe ag an gCoimisiún a bheidh gach muirear.
Dír-línte.
37.—(1) Más rud é go ndiúltóidh an Bord rochtain ar an gcóras tarchurtha nó dáilte a chur ar fáil do shealbhóirí ceadúnas nó údaruithe nó do chustaiméirí cáilithe de bharr easpa cumais, féadfaidh an Coimisiún cead a thabhairt do shealbhóir an cheadúnais nó an údaraithe nó don chustaiméir cáilithe dá ndiúltófar amhlaidh dír-líne a dhéanamh, nach mbeidh ceangailte leis an gcóras tarchurtha nó dáilte, chun an soláthar leictreachais, ar ina leith a rinneadh agus a diúltaíodh an t-iarratas ar úsáid an chórais tarchurtha nó dáilte lena mbaineann, a éascú.
(2) Déanfar, le cead a dheonóidh an Coimisiún faoin bhfo-alt seo chun dír-líne a dhéanamh, a cheangal ar an duine dár deonaíodh an cead déanamh de réir cibé coinníollacha teicniúla agus eile, lena n-áirítear na coinníollacha sin is gá chun a chinntiú go mbeidh dírlínte ar comhréir leis an gcóras tarchurtha nó dáilte, a mhéid a shonróidh an Coimisiún sa chead.
(3) Féadfaidh úinéir dír-líne a dhéanfar faoi fho-alt (1) a cheadú go n-úsáidfear an dír-líne chun leictreachas a iompar chuig custaiméirí cáilithe eile.
(4) (a) I gcás go ndéanfar ceangal idir dír-líne agus córas tarchurtha nó dáilte an Bhoird, ar iarratas ón mBord, féadfaidh an Coimisiún a ordú d'úinéir dír-líne a dhéanfar faoi fho-alt (1) úinéireacht na dír-líne a aistriú chuig an mBord ar cibé téarmaí, lena n-áirítear téarmaí maidir le cúiteamh, a chomhaontófar idir an Bord agus úinéir na dír-líne.
(a) Cheal comhaontaithe idir an Bord agus an t-úinéir maidir le cúiteamh, déanfar an cúiteamh sin a mheasúnú faoi fhorálacha an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus measfar chun na críche sin gur údarás poiblí é an Bord.
Meastachán ar chumas, sreabhadh tuartha agus luchtú.
38.—(1) Ar thosach feidhme an ailt seo agus dá éis, agus i gceann cibé tréimhsí a ordóidh an Coimisiún, ullmhóidh an Bord ráiteas, (ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, “ráiteas réamhaisnéise”) a bheidh bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh ar fáil dó, i bhfoirm a bheidh ceadaithe ag an gCoimisiún.
(2) Beidh ar áireamh i ráiteas réamhaisnéise réamhaisnéisí maidir le cumas, sreabhadh tuartha agus luchtú ar gach cuid de chóras tarchurtha an Bhoird agus leibhéil lochta do gach nód tarchurtha leictreachais mar aon leis na nithe seo a leanas:
(a) cibé faisnéis bhreise a mbeidh gá léi le réasún chun a chumasú d'aon duine a bheidh ag iarraidh an córas tarchurtha nó dáilte a úsáid na deiseanna atá ar fáil le linn cur i gceangal leis an gcóras tarchurtha nó dáilte agus úsáid a bhaint as a shainaithint agus a mheas;
(b) ráiteas ina sainaithneofar na codanna sin de chóras tarchurtha an Bhoird is feiliúnaí do chur i gceangal nua agus do chainníochtaí breise leictreachais a iompar;
(c) an cumas giniúna is dóigh dó a chuirfear i gceangal leis an gcóras tarchurtha;
(d) an t-éileamh ar leictreachas sa tréimhse lena mbaineann an ráiteas; agus
(e) ráiteas maidir leis an éileamh ar leictreachas a ghintear ó fhoinsí in-athnuaite, inmharthana nó malartacha fuinnimh i gcoitinne agus ráiteas maidir le socruithe chun leictreachas a sholáthar do chustaiméirí a roghnaigh leictreachas den sórt sin a cheannach.
(3) Féadfaidh an Bord an fhaisnéis a bheidh leagtha amach i ngach ráiteas réamhaisnéise a athleasú ó am go ham agus, le toiliú an Choimisiúin, foirm gach ráitis réamhaisnéise a athrú agus déanfaidh sé, uair sa bhliain ar a laghad, na ráitis sin a athleasú.
(4) Déanfaidh an Bord cóip de ráiteas réamhaisnéise agus de gach athleasú ar an ráiteas réamhaisnéise faoi fho-alt (3) a thabhairt don Choimisiún.
(5) Faoi réir fho-alt (6), déanfaidh an Bord cóip de ráiteas réamhaisnéise nó, de réir mar a bheidh, den athleasú is déanaí ar an ráiteas réamhaisnéise, a thabhairt d'aon duine a iarrfaidh cóip den ráiteas nó de na ráitis sin laistigh de cheithre lá dhéag ón dáta ar a bhfaighfear an iarraidh.
(6) Féadfaidh an Bord, le toiliú roimh ré ón gCoimisiún, aon sonraí faoi rún maidir leis an gcumas, maidir le luchtú nó faisnéis eile a fhágáil ar lár as ráiteas réamhaisnéise arna thabhairt faoi fho-alt (4) más rud é, i dtuairim an Choimisiúin, go ndéanfadh nochtadh na faisnéise sin dochar do leasanna tráchtála an Bhoird nó aon duine eile.
(7) Féadfaidh an Bord muirear, de mhéid nach mó ná an t-uasmhéid a shonróidh an Coimisiún chun críche an ailt seo, a ghearradh i leith gach ráitis réamhaisnéise arna thabhairt faoi fho-alt (4).
(8) San alt seo, is é a bheidh sa tréimhse lena mbaineann ráiteas réamhaisnéise seacht mbliana féilire ar an dáta agus tar éis an dáta a n-ullmhóidh an Bord an ráiteas.
CUID VI
Oibleagáidí Seirbhíse Poiblí agus Socruithe Idirthréimhseacha
Oibleagáidí seirbhíse poiblí.
39.—(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil, a ordú don Choimisiún oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur ar an mBord agus ar shealbhóirí ceadúnas nó údaruithe, nó sealbhóirí ceada faoi alt 37 den Phríomh-Acht, agus féadfaidh oibleagáidí a bheith san áireamh iontu i ndáil leis na nithe seo a leanas—
(a) soláthar a áirithiú,
(b) rialtacht, cáilíocht agus praghas soláthairtí,
(c) caomhnú comhshaoil, agus
(d) foinsí dúchasacha fuinnimh a úsáid.
(2) D'ainneoin ghinearáltacht fho-alt (1) féadfar, le hordú arna dhéanamh ag an Aire faoin alt seo, a cheangal ar an gCoimisiún ceanglas a fhorchur ar an mBord cibé socruithe is gá a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh, in aon bhliain féilire, cainníocht shonrach leictreachais ar fáil don Bhord—
(a) ó stáisiúin ghiniúna a n-úsáidtear móin arna saothrú laistigh den Stát mar fhoinse breosla fuinnimh phríomhúil iontu, ar choinníoll nach mó méid na móna a úsáidfear in aon bhliain féilire chun an chainníocht sin leictreachais a ghiniúint ná 15 faoin gcéad den fhuinneamh príomhúil iomlán is gá chun an leictreachas a thomhlaítear sa Stát an bhliain sin a tháirgeadh, agus
(b) ó stáisiúin ghiniúna a roghnófar de thoradh próisis iomaíochta a bhunóidh an tAire, an Coimisiún nó Coimisiún na gComhphobal Eorpach, de réir mar a bheidh, agus a n-úsáidtear cibé foinsí in-athnuaite, inmharthana nó malartacha fuinnimh a shonrófar san ordú mar fhoinse fuinnimh phríomhúil iontu, nó a oibríonn mar ghléasraí teasa is cumhachta in éineacht.
(3) D'ainneoin ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar le hordú a dhéanfar faoin alt seo foráil a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas—
(a) oibleagáid seirbhíse poiblí a fhorchur ar an mBord i leith leictreachais a thairgtear trí bhreosla dúchasach nó foinsí in-athnuaite, inmharthana nó malartacha fuinnimh a úsáid mar fhoinse phríomhúil dóibh nó a oibríonn mar ghléasraí teasa is cumhachta in éineacht de thoradh próisis iomaíochta arna bhunú ag an Aire nó ag Coimisiún na gComhphobal Eorpach roimh an achtachán seo, agus
(b) bearta atá ceaptha chun úsáid éifeachtach éifeachtúil leictreachais a spreagadh agus chun an t-éileamh ar leictreachas a laghdú.
(4) Cuirfidh an tAire cóip d'ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1) chuig Coimisiún na gComhphobal Eorpach tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis an t-ordú a dhéanamh.
(5) Faoi réir fho-alt (6), déanfar, le hordú faoin alt seo, foráil a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas—
(a) gnóthú a dhéanamh, ar mhodh tobhaigh ar chustaiméirí deiridh i leith leictreachais a sholáthraítear do na custaiméirí sin, ar na costais bhreise, lena n-áirítear ráta réasúnach toraidh ar an gcaipiteal arb ionannas dó na costais sin, más cuí, a thabhóidh an Bord nó sealbhóirí ar cheadúnas nó ar údarú ag comhlíonadh ordaithe faoi fho-alt (1), lena n-áirítear costais a thabhófar tar éis ordú den sórt sin a athrú nó a chúlghairm,
(b) an Bord nó sealbhóir ar cheadúnas nó ar údarú do bhailiú íocaíochtaí ina leith sin,
(c) íocaíochtaí a dhéanamh leis an mBord agus le sealbhóirí ar cheadúnais nó ar údaruithe, de réir mar is cuí, as na híocaíochtaí sin a bhaileofar amhlaidh.
(6) Maidir le hordú arna dhéanamh faoin alt seo, lena ndéantar foráil, de réir fho-alt (5), maidir le costais bhreise dá dtagraítear san fho-alt sin a ghnóthú, déanfar foráil leis go ngnóthófar na costais sin i leith tréimhse sonraithe blianta agus gurb é an méid a íocfar leis an mBord nó le sealbhóir ar cheadúnas nó ar údarú i leith gach bliana sa tréimhse sin ná méid na gcostas breise a dheimhneoidh an Coimisiún a bheith tabhaithe ag an mBord nó ag an sealbhóir sin ar cheadúnas nó ar údarú de réir an ordaithe.
(7) Féadfar le hordú arna dhéanamh faoin alt seo—
(a) ceanglais (cibé acu maidir le taifid nó faisnéis eile a thabhairt nó saoráidí a thabhairt chun méadair a scrúdú agus a thástáil nó ar shlí eile) a fhorchur ar an mBord agus ar shealbhóirí ceadúnas nó údaruithe,
(b) foráil a dhéanamh maidir leis na tráthanna a ndéanfar íocaíochtaí (cibé acu íocaíochtaí ar mhodh tobhaigh nó íocaíochtaí leis an mBord agus le sealbhóirí ceadúnas nó údaruithe), agus
(c) a cheangal go ndéanfar méid aon ró-íocaíochta nó gearríocaíochta a dhéanfaidh aon duine nó a dhéanfar le haon duine a fhritháireamh i gcoinne aon dliteanais nó teidil iardain de chuid an duine sin nó a chur leis an gcéanna.
(8) Feidhmeoidh an tAire na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo ar shlí a chinnteoidh gur leor na suimeanna a réadófar leis an tobhach nó ar shlí eile (tar éis caiteachais riaracháin sealbhóirí ar cheadúnais chun leictreachas a sholáthar faoi alt 14, nó caiteachais riaracháin an Bhoird a thabhaítear ag bailiú an tobhaigh, a íoc) chun an íocaíocht a cheanglófar a dhéanamh leis an ordú a íoc leis an mBord agus le sealbhóirí ceadúnas nó údaruithe.
(9) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú arna dhéanamh faoin alt seo, lena n-áirítear ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm ach ní dochar an leasú nó an chúlghairm sin d'oibriú leanúnach an ordaithe i leith costas breise den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (5) agus a ndeimhneoidh an Coimisiún, i leith gach bliana, nó i leith cuid di, den chuid neamhchaite den tréimhse shonraithe blianta, gur tabhaíodh go réasúnach iad d'ainneoin an leasaithe nó na cúlghairme.
(10) Déanfaidh an tAire, mí amháin sula ndéanfar ordú a bheartaítear a dhéanamh faoin alt seo, dréacht den ordú a thabhairt don duine nó do na daoine ar a bhfuil an oibleagáid le forchur.
(11) Chun críocha orduithe a dhéanfar faoin alt seo, ciallaíonn “oibleagáid seirbhíse poiblí” oibleagáid a chuirfear ar ghnóthais leictreachais agus ina gcuirfear tosca ginearálta sóisialacha, eacnamaíochta agus comhshaoil i gcuntas.
Socruithe idirthréimhseacha.
40.—(1) Más rud é gur deimhin leis an Aire nach féidir leis an mBord, de dhroim Treoir Uimh. 96/92/CE an 19 Nollaig, 1996, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i ngníomh, costais shonraithe nó ioncam sonraithe a bhaineann le stáisiún giniúna a foirgníodh nó a bhí á fhoirgniú nó á athfhoirgniú roimh an 19ú lá d'Fheabhra, 1997, a ghnóthú, déanfaidh sé nó sí foráil, le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus le Coimisiún na gComhphobal Eorpach, go n-íocfar suim bhliantúil leis an mBord agus go ndéanfar na méideanna a íocfar amhlaidh leis an mBord a ghnóthú ó chustaiméirí deiridh.
(2) Déanfar an tsuim dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a ríomh de réir an ordaithe i leith na méideanna sonraithe bliantúla costas nó ioncaim neamhghnóthaithe a bheidh ann i ngach bliain aonair agus ní chuirfear i bhfeidhm é ach amháin i leith tréimhse sonraithe blianta.
(3) D'ainneoin ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh an tAire, le hordú, foráil a dhéanamh maidir leis an nithe seo a leanas—
(a) tobhach ar chustaiméirí deiridh i leith leictreachais a sholáthrófar do na custaiméirí sin,
(b) an Bord agus sealbhóirí ceadúnas nó údaruithe, nó sealbhóirí ceada faoi alt 37 den Phríomh-Acht, do bhailiú íocaíochtaí ina leith sin,
(c) íocaíochtaí a dhéanamh leis an mBord, as na híocaíochtaí sin a bhaileofar amhlaidh,
(d) coinníoll go ndéanfar aon mhéid a íocfar leis an mBord faoin ordú a úsáid chun críocha a shonrófar san ordú agus go mbeidh an chumhacht ag an gCoimisiún a fháil amach an bhfuil an coinníoll sin á chomhlíonadh,
(e) coinníollacha, ina n-íocfaí tobhach leis an mBord,
(f) méid, nó cuid de mhéid, arna íoc leis an mBord faoin ordú, a ghnóthú uaidh i gcás nár úsáideadh an méid nó an chuid de réir an ordaithe, agus
(g) an Coimisiún do dheimhniú, i leith gach bliana sa tréimhse shonraithe blianta, go ndearnadh na coinníollacha a shonrófar san ordú a chomhlíonadh sa bhliain sin.
(4) Féadfar le hordú arna dhéanamh faoin alt seo—
(a) ceanglais (cibé acu maidir le taifid nó faisnéis eile a thabhairt nó saoráidí a thabhairt chun méadair a scrúdú agus a thástáil nó ar shlí eile) a fhorchur ar an mBord,
(b) foráil a dhéanamh maidir leis na tráthanna a ndéanfar íocaíochtaí (cibé acu íocaíochtaí ar mhodh tobhaigh nó íocaíochtaí leis an mBord),
(c) a cheangal go ndéanfar méid aon ró-íocaíochta nó gearríocaíochta a dhéanfaidh aon duine nó a dhéanfar le haon duine a fhritháireamh i gcoinne aon dliteanais nó teidil iardain de chuid an duine sin nó a chur leis an gcéanna, agus
(d) foráil a dhéanamh maidir le dáta foirceanta an tsocraithe dá bhforáiltear san ordú.
(5) Feidhmeoidh an tAire na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo ar shlí a chinnteoidh gur leor na suimeanna a réadófar leis an tobhach (tar éis caiteachais riaracháin sealbhóirí ar cheadúnais chun leictreachas a sholáthar faoi alt 14, nó caiteachais riaracháin an Bhoird a thabhaítear ag bailiú an tobhaigh, a íoc) chun an íocaíocht a cheanglófar a dhéanamh leis an ordú a íoc leis an mBord.
(6) Faoi réir fho-alt (7), féadfaidh an tAire, le hordú, ordú arna dhéanamh faoin alt seo, lena n-áirítear ordú arna dhéanamh faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.
(7) Ní athrófar an tsuim a ríomhfar de réir fho-alt (2).
(8) Déanfaidh an tAire dréacht den ordú a bheartaítear a dhéanamh faoi fho-alt (6) a thabhairt don Bhord mí sula ndéanfar an t-ordú.
CUID VII
Aisghairm Iarmhartach AGUS Leasuithe Iarmhartacha
Aisghairm.
41.—Aisghairtear leis seo ailt 36 agus 37 den Phríomh-Acht.
Leasú ar alt 35 den Phríomh-Acht.
42.—Leasaítear leis seo alt 35 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1) trí “nó le ceadúnas a deonaíodh faoi alt 14 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999,” a chur isteach i ndiaidh “do deonadh fén Acht so” agus tá an fo-alt, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(1) I gceann sé mí o am rithte an Achta so no i gceann pé tréimhse breise a shocróidh an Bord d'aon líomatáiste áirithe, agus as san amach, ní dhéanfidh éinne (ach an Bord) leictreachas do dhíol ná leictreachas do sholáthar chun a dhíolta maran gnóthaire údaruithe é no duine dá mbeidh sé údaruithe le cead do deonadh fén Acht so nó le ceadúnas a deonaíodh faoi alt 14 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, leictreachas do sholáthar. |
Leasú ar alt 45 den Phríomh-Acht.
43.—Leasaítear leis seo alt 45 den Phríomh-Acht i mír (a) d'fho-alt (5) trí “nó sealbhóir ar údarú faoi alt 16 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, de réir mar a bheidh” a chur isteach i ndiaidh “an Bord” agus tá an mhír, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(5) Féadfar na nithe seo a leanas d'ionchorparú in ordú speisialta a déanfar fén alt so— (a) an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus é atharuithe i dtreo go bhfolóidh an focal “public authority” an Bord nó sealbhóir ar údarú faoi alt 16 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, de réir mar a bheidh. |
Leasú ar alt 77 den Phríomh-Acht.
44.—Leasaítear leis seo alt 77 den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad an ailt sin:
“Íocfaidh údaráis áitiúla na caiteachais a bhainfidh le hathruithe áirithe. | 77.—Cibé uair a dhéanfaidh údarás áitiúil, mar gheall ar athrú ar bhóthar nó ar dhroichead nó chun na críche sin— (a) a cheangal ar ghnóthaire údaraithe nó ar shealbhóir ar údarú faoi alt 16 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, nó ar shealbhóir ar chead dír-líne faoi alt 37 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, ionad nó doimhneacht sreang nó príomhlíonra leictreachais faoi thalamh nó oibreacha leictreachais eile faoi thalamh, nó ionad cuaillí nó déanmhas eile lena n-iompraítear sreanga nó príomhlíonra leictreachais nó oibreacha eile leictreachais os cionn talún, a athrú, nó (b) a cheangal ar an mBord ionad nó doimhneacht aon oibreacha leictreachais den sórt sin faoi thalamh, nó ionad aon oibreacha leictreachais den sórt sin os cionn talún, mar a dúradh, ar oibreacha de chuid an Bhoird nó atá faoi stiúradh an Bhoird iad, a athrú, déanfaidh an t-údarás áitiúil sin, ar sin a éileamh air, na caiteachais a thabhóidh an gnóthaire údaraithe sin nó an sealbhóir sin ar údarú faoi alt 16 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, nó an sealbhóir sin ar chead dír-líne faoi alt 37 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, nó an Bord, de réir mar a bheidh, le linn an ceanglas sin a chomhlíonadh, a íoc leis an ngnóthaire údaraithe sin nó leis an sealbhóir sin ar údarú faoi alt 16 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, nó leis an sealbhóir sin ar chead dír-líne faoi alt 37 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, nó leis an mBord, de réir mar is gá sa chás, mar chuid de na caiteachais a bhaineann leis an mbóthar nó leis an droichead sin a chothabháil agus is eadránaí arna cheapadh ag an gCoimisiún um Rialáil Leictreachais a bhunófar faoi alt 8 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, a shocróidh méid na gcaiteachas sin a bheidh le híoc amhlaidh leis an ngnóthaire údaraithe sin nó leis an sealbhóir sin ar údarú faoi alt 16 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, nó leis an sealbhóir sin ar chead dír-líne faoi alt 37 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, nó leis an mBord.”. |
Leasú ar alt 98 den Phríomh-Acht.
45.—Leasaítear leis seo alt 98 den Phríomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad an ailt sin:
“Féadfaidh an Bord, gnóthaire údaraithe nó sealbhóir ar údarú crainn a scoitheadh. | 98.—(1) Féadfaidh an Bord, gnóthaire údaraithe nó sealbhóir ar údarú faoi alt 16 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, nó sealbhóir ar chead dír-líne faoi alt 37 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, de réir mar a bheidh, ach aire chuí agus cúram cuí a ghlacadh gan aon damáiste neamhriachtanach a dhéanamh, aon chrann, tor nó fál a scoitheadh nó a ghearradh ar crann, tor nó fál é a bheidh sa tslí, nó ag cur isteach, ar aon sreanga leictreachais de chuid an Bhoird nó an ghnóthaire údaraithe sin nó an tsealbhóra sin ar údarú faoi alt 16 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, nó an tsealbhóra sin ar chead dír-líne faoi alt 37 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, de réir mar a bheidh, nó ar aon sreanga leictreachais den tsórt sin a chur suas nó a chur síos nó ar an tsuirbhéireacht ar bhealach beartaithe aon línte tarchurtha nó dailte de chuid an Bhoird nó an ghnóthaire údaraithe sin nó ar aon sreang leictreachais de chuid sealbhóra ar údarú faoi alt 16 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, nó sealbhóra ar chead dír-líne faoi alt 37 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999. (2) Sula ndéanfaidh sé aon chrann, tor nó fál a scoitheadh nó a ghearradh faoin alt seo déanfaidh an Bord nó gnóthaire údaraithe nó sealbhóir ar údarú faoi alt 16 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, nó sealbhóir ar chead dír-líne faoi alt 37 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, de réir mar a bheidh, fógra seacht lá a thabhairt d'áititheoir na talún nó, i gcás bóthair nó sráide, don údarás áitiúil ar a mbeidh sé de chúram an bóthar nó an tsráid sin a chothabháil ar a bhfuil an crann, an tor nó an fál sin ina sheasamh, á rá go bhfuil sé ar intinn aige an céanna a scoitheadh nó a ghearradh agus féadfaidh an t-áititheoir sin nó an t-údarás áitiúil sin, más mian leis amhlaidh agus má chuireann sé an méid sin in iúl don Bhord nó don ghnóthaire údaraithe sin nó don sealbhóir sin ar údarú, an scoitheadh nó an gearradh sin a dhéanamh é féin laistigh de sheacht lá. (3) Nuair a dhéanfaidh áititheoir talún aon chrann, tor nó fál a ghearradh nó a scoitheadh faoin alt seo, déanfaidh an Bord nó an gnóthaire údaraithe sin nó an sealbhóir sin ar údarú faoi alt 16 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, nó an sealbhóir sin ar chead dír-líne sin faoi alt 37 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, de réir mar a bheidh, an caiteachas a thabhóidh an t-áititheoir sin á dhéanamh sin a íoc leis ar éileamh uaidh agus, cheal comhaontaithe, is eadránaí arna cheapadh ag an gCoimisiún um Rialáil Leictreachais a bhunófar faoi alt 8 den Acht um Rialáil Leictreachais, 1999, a shocróidh méid na gcaiteachas sin.”. |
Leasú ar an Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997.
46.—Leasaítear leis an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i mír 1(2)—
“an Coimisiún um Rialáil Leictreachais,”.
CUID VIII
Ilghnéitheach
Fáil éigeantach talún ag an gCoimisiún, etc.
47.—(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh an chumhacht chun ordú speisialta a dhéanamh, ar cumhacht í a thugtar don Bhord le halt 45(1) den Phríomh-Acht, infheidhmithe ag an gCoimisiún agus ní ag an mBord ar iarratas ón mBord nó ó shealbhóir ar údarú nó ó dhuine a bhfuil údarú iarrtha aige nó aici agus déanfar aon tagairtí san Acht sin d'orduithe speisialta a dhéanamh a fhorléiriú mar thagairtí don Choimisiún do dhéanamh orduithe den sórt sin.
(2) Oibreoidh ordú speisialta arna dhéanamh ag an gCoimisiún chun na feidhmeanna a thabharfaí don Bhord le hordú den sórt sin a thabhairt d'iarratasóir ar údarú faoi alt 16.
(3) Más rud é go ndéanfar iarratas chun an Choimisiúin ar ordú speisialta faoin alt seo, beidh feidhm ag alt 45(2) go (6) den Phríomh-Acht maidir leis an gCoimisiún mar atá feidhm aige maidir leis an mBord.
Forléiriú ar ailt 51 agus 52(1) den Phríomh-Acht.
48.—Féadfaidh sealbhóir ar údarú nó sealbhóir ar chead dír-líne faoi alt 37, le toiliú an Choimisiúin, an chumhacht chun línte leictreachais a chur síos, ar cumhacht í a thugtar don Bhord le halt 51 agus le halt 52(1) den Phríomh-Acht, a fheidhmiú freisin agus beidh feidhm ag na hailt sin 51 agus 52(1) maidir le sealbhóir ar údarú nó le sealbhóir ar chead dír-líne faoin alt 37 sin sa tslí chéanna a bhfuil feidhm acu maidir leis an mBord.
Forléiriú ar alt 53 den Phríomh-Acht.
49.—Féadfaidh sealbhóir ar údarú nó sealbhóir ar chead dír-líne, le toiliú an Choimisiúin, chun críocha an údaraithe sin, na cumhachtaí a thugtar don Bhord le fo-ailt (1) go (5) agus (9) d'alt 53 den Phríomh-Acht a fheidhmiú agus déanfar tagairtí don Bhord sna fo-ailt sin a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do shealbhóir ar údarú.
Forléiriú ar alt 54 den Phríomh-Acht.
50.—(1) Faoi réir fho-alt (2), folóidh tagairtí in alt 54 den Phríomh-Acht do ghnóthaire údaraithe tagairtí do shealbhóir ar údarú nó do shealbhóir ar chead dír-líne faoi alt 37.
(2) I gcás go ndéanfaidh an Bord rialacháin faoin bPríomh-Acht, a bheidh déanta roimh thosach feidhme an ailt seo, lena rialáiltear línte leictreachais a chur trasna nó feadh aon iarnróid, talún, uiscebhealaigh intíre, duga nó cuain, nó os cionn an chéanna nó faoin gcéanna, beidh feidhm ag na rialacháin sin maidir le sealbhóir ar údarú nó maidir le sealbhóir ar chead dír-líne faoi alt 37.
(3) Ní leasóidh an Bord rialacháin lena mbaineann fo-alt (2) gan toiliú an Choimisiúin.
(4) Féadfaidh an Coimisiún modhnuithe a fhorordú ar rialacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (2) chun go bhféadfaidh feidhm a bheith acu maidir le sealbhóir ar údarú nó le sealbhóir ar chead dír-líne faoi alt 37.
Forléiriú ar alt 91 den Phríomh-Acht.
51.—Beidh feidhm ag alt 91 den Phríomh-Acht maidir le sealbhóir ar údarú nó le sealbhóir ar chead dír-líne faoi alt 37 sa tslí chéanna a bhfuil feidhm aige maidir le gnóthaire údaraithe agus déanfar tagairtí don Bhord a fhorléiriú mar thagairtí don Choimisiún chun na críche sin.
Feidhm rialachán áirithe.
52.—Beidh éifeacht le rialacháin a bheidh déanta ag an mBord, roimh thosach feidhme an ailt seo, faoi alt 2 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1949, maidir le daoine ar deonaíodh ceadúnais nó údaruithe dóibh faoin Acht seo nó maidir le custaiméirí cáilithe.
Leasú ar alt 2(2) den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1949.
53.—Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1949, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) I gcás go mbeartaíonn an Bord rialacháin a dhéanamh faoin alt seo chun críocha nach mbaineann go haonarach le nós imeachta, riaradh nó stiúradh inmheánach an Bhoird, cuirfidh sé na rialacháin faoi bhráid an Choimisiúin chun a gceadaithe agus féadfaidh an Coimisiún—
(a) na rialacháin a cheadú fara leasuithe nó gan leasuithe, nó
(b) diúltú na rialacháin a cheadú go dtí go ndéanfaidh an Bord leasuithe a shonróidh an Coimisiún.”.
Aisghairm ar alt 2(3), (4) agus (6) den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1949.
54.—Aisghairtear leis seo alt 2(3), (4) agus (6) den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1949.
AN SCEIDEAL
An Coimisiún um Rialáil Leictreachais
1. Comhalta amháin ar a laghad ach líon nach mó mó ná triúr comhalta a bheidh ar an gCoimisiún, agus is é nó is í an tAire a cheapfaidh gach duine acu ar cibé téarmaí agus coinníollacha ceapacháin, lena n-áirítear luach saothair, a shocróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, chun bheith i seilbh oifige i gcáil lánaimseartha ar feadh tréimhse nach lú ná trí bliana agus nach mó ná seacht mbliana.
2. Más rud é go mbeidh níos mó ná comhalta amháin ar an gCoimisiún, ceapfaidh an tAire duine díobh chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gCoimisiún ar cibé téarmaí agus coinníollacha ceapacháin, lena n-áirítear luach saothair, a shocróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, chun bheith i seilbh oifige i gcáil lánaimseartha ar feadh tréimhse nach lú ná trí bliana agus nach mó ná cúig bliana.
3. Beidh comhalta den Choimisiún, lena n-áirítear an cathaoirleach, a rachaidh a théarma oifige nó a téarma oifige in éag trí imeacht aimsire in-athcheaptha chun fónamh ar feadh dara téarma, ach sin faoi réir teorann gan fónamh ar feadh níos mó ná deich mbliana ar an gCoimisiún.
4. Ní bheidh comhalta den Choimisiún i dteideal fónamh ar feadh níos mó ná dhá théarma oifige.
5. Maidir le comhalta den Choimisiún—
(a) féadfaidh sé nó sí aon tráth éirí as a oifig nó a hoifig trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as oifig ón dáta a bhfaighfear an litir, agus
(b) féadfaidh an tAire é nó í a chur as oifig más rud é, i dtuairim an Aire, go mbeidh an comhalta tar éis éirí éagumasach, de dheasca easláinte, ar a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh go héifeachtach nó mar gheall ar mhí-iompar sonraithe agus cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar ráiteas maidir leis na cúiseanna a bhí leis an gcur as oifig sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
6. Féadfaidh an Coimisiún gníomhú d'ainneoin folúntais nó folúntas ina chomhaltas.
7. Ní shealbhóidh comhalta den Choimisiún aon oifig nó fostaíocht eile a bhfuil sochair iníoctha maidir léi.
8. Ní dhéanfaidh comhalta den Choimisiún, ar feadh tréimhse dhá mhí dhéag tar éis dó nó di éirí as oifig an Choimisiúin, nó a bheith curtha as an oifig sin nó scor den oifig sin, aon oifig nó fostaíocht a shealbhú, ná gníomhú mar shainchomhairleoir, i gcás gur dóigh dó nó di faisnéis a bheidh faighte aige nó aici i bhfeidhmiú fheidhmeanna an Choimisiúin a úsáid nó a nochtadh.
9. Faoi réir an Achta seo, beidh an Coimisiún neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.
10. Féadfaidh an Coimisiún, faoi réir thoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí dá fhoireann a mheasfaidh sé is gá chun cuidiú leis i gcomhlíonadh a fheidhmeanna agus sin ar cibé téarmaí agus coinníollacha, lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha maidir le luach saothair agus grádú, a chomhaontófar.
11. Féadfaidh an Coimisiún cibé feidhm dá chuid is cuí leis a chomhlíonadh trí aon chomhalta dá fhoireann nó ag aon chomhalta dá fhoireann.
12. Déanfaidh an Coimisiún comhalta dá fhoireann a ainmniú mar leaschomhalta den Choimisiún agus déanfaidh sé nó sí, le húdarás ón gCoimisiún, feidhmeanna uile an Choimisiúin a ghabháil chuige féin nó chuici féin agus a chur i gcrích mura mbeidh na comhaltaí i láthair nó nuair a bheidh comhaltas an Choimisiúin folamh.
13. Féadfaidh an tAire cibé foireann, áitreabh, trealamh, seirbhísí agus acmhainní eile a chinnfidh an tAire ó am go ham i gcomhairle leis an Aire Airgeadais a chur ar fáil don Choimisiún, ar an Coimisiún dá iarraidh.
14. Comhaltaí d'fhoireann an Aire a dtugtar a seirbhísí don Choimisiún trí iasacht, fanfaidh siad ina státseirbhísigh don Aire agus ní mó ná dhá bhliain in aon chás áirithe an tréimhse a mbeidh duine sannta ar iasacht chuig an gCoimisiún.
15. Íocfaidh an Coimisiún leis an Aire cibé suim nó suimeanna a sonróidh an tAire gurb iad na caiteachais iad a thabhaigh an tAire le linn oifig an Choimisiúin a bhunú agus le linn an fhoireann, an t-áitreabh, an trealamh, na seirbhísí agus na hacmhainní eile sin a chur ar fáil faoi mhír 13.
16. D'fhonn na caiteachais a íoc a thabhaíonn an Coimisiún go cuí le linn a fheidhmeanna a chomhall faoin Acht seo, féadfaidh an Coimisiún ordú (dá ngairtear “ordú tobhaigh” san Acht seo) a dhéanamh lena bhforchuirfear tobhach, a bheidh le híoc gach bliain, ar cibé aicmí gnóthas leictreachais a shonróidh an Coimisiún san ordú.
17. Aon uair a dhéanfar ordú tobhaigh faoi mhír 16 déanfaidh gnóthas leictreachais a bhaineann le haicme gnóthais leictreachais a shonrófar san ordú cibé méid is cuí ag féachaint do théarmaí an ordaithe tobhaigh a íoc leis an gCoimisiún.
18. Féadfaidh an Coimisiún, le hordú, ordú tobhaigh arna dhéanamh faoi mhír 16 a leasú nó a chúlghairm.
19. Aon leasú ar ordú tobhaigh a dhéanfar faoi mhír 16 agus lena ndéanfar socrú le haghaidh méadú ar an tobhach, ní ghlacfaidh sé éifeacht ach amháin sa bhliain tar éis na bliana ina ndéantar an leasú.
20. Déanfaidh an coimisiún aon bharrachas d'ioncam an Choimisiúin ar a chaiteachas in aon bhliain a úsáid chun íoc as a chaiteachais.
21. Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a chinnfidh an tAire a airleacan don Choimisiún, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, chun críocha caiteachais ag an gCoimisiún i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.
22. Ní dhéanfar na suimeanna a bheidh le hairleacan faoi mhír 21 a chaitheamh ach amháin chun críocha na bhfeidhmeanna a thugtar don Choimisiún leis an Acht seo agus chun na feidhmeanna sin a fheidhmiú.
23. Íocfaidh an Coimisiún leis an Aire, ar gach suim a airleacfar chun an Choimisiúin faoin Acht seo, ús ó dháta an tsuim sin a airleacan go dtí go mbeidh an tsuim aisíoctha de réir cibé ráta agus ar cibé modh a cheapfaidh an tAire tráth an airleacain agus de réir cibé ráta a chinnfear ó am go ham agus ní mó an ráta úis sin tráth ar bith ná an ráta a bheidh socraithe le hordú faoi alt 20 d'Acht na gCúirteanna, 1981.
24. Féadfaidh an Coimisiún, d'fhonn a fheidhmeanna a chomhlíonadh, airgead a fháil ar iasacht, ach ní dhéanfaidh sé é sin gan toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.
25. Déanfaidh an Coimisiún—
(a) gach cuntas is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh sé nó a chaithfidh sé, lena n-áirítear cuntas sochair agus dochair agus clár comhardaithe, a choimeád, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais,
(b) cuntais a choimeádfar faoi fhomhír (a) i leith gach bliana a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, nuair a bheidh na cuntais sin iniúchta amhlaidh, déanfar iad, maille le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a thíolacadh don Aire laistigh de shé mhí ó dheireadh na bliana airgeadais, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na cuntais agus den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus
(c) tuarascáil a thabhairt don Aire, laistigh den chéad trí mhí de gach bliain, i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna sa bhliain roimhe sin agus lena chlár oibre beartaithe don bhliain dár gcionn agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is indéanta.
26. Déanfaidh an Coimisiún, ó am go ham, agus aon uair a iarrfar air amhlaidh, cuntas ar chomhlíonadh a fheidhmeanna a thabhairt do Chomhchoiste den Oireachtas agus beidh aird ag an gCoimisiún ar aon mholtaí ón gComhchoiste sin is iomchuí maidir lena fheidhmeanna.
27. Féadfaidh an Coimisiún ó am go ham cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú a mheasfaidh sé is gá chun cuidiú leis le linn a fheidhmeanna a chomhall agus is cuid de chaiteachais an Choimisiúin aon táillí a bheidh dlite do shainchomhairleoir nó do chomhairleoir a fhostófar faoin mír seo.
28. Ní bheidh aon ábhar caingne ná ábhar imeachtaí eile ann, ná ní bheidh an céanna inchoimeádta ar aghaidh (ach amháin i gcás faillí nó mainneachtana de chineál toiliúil), in aghaidh aon chomhalta den Choimisiún a éiríonn as mainneachtain aon cheann de na feidhmeanna a thugtar leis an Acht seo don Choimisiún a chomhlíonadh nó déanamh dá réir.
29. I gcás gur deimhin leis an gCoimisiún go bhfuil aon chomhalta d'fhoireann an Choimisiúin nó aon duine údaraithe a bheidh ceaptha ag an gCoimisiún tar éis a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh ar shlí bona fide, slánóidh an Coimisiún an comhalta foirne nó an duine údaraithe in aghaidh gach caingne nó éilimh, cibé slí a n-éireoidh, i leith chomhall a dhualgas aige nó a dualgas aici.
30. (a) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun sochair aoisliúntais a dheonú do chomhalta den Choimisiún, nó i leith comhalta den Choimisiún, a scoireann de bheith i seilbh oifige nó chun ranníocaí a dhéanamh le scéim pinsean a bheidh ceadaithe ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais agus a mbeidh comhalta den Choimisiún páirteach inti.
(b) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim a dhéanamh lena leasófar nó lena gcúlghairfear scéim faoin mír seo, lena n-áirítear scéim faoin bhfomhír seo.
(c) Má éiríonn aon díospóid maidir le héileamh comhalta den Choimisiún ar aon phinsean, aisce nó liúntas eile, nó maidir le méid aon phinsin, aisce nó liúntais eile, is iníoctha de bhun scéime faoin mír seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus déanfaidh an tAire í a tharchur chuig an Aire Airgeadais le cinneadh a dhéanamh uirthi.
(d) Déanfaidh an tAire scéim faoin mír seo a chur i gcrích de réir théarmaí an chéanna.
(e) Ní dheonóidh an tAire aon phinsean, aisce nó liúntas eile d'aon duine ná i leith aon duine dá dtagraítear i bhfomhír (a) agus a scoirfidh de bheith i seilbh oifige ar shlí seachas de réir scéime faoin mír seo nó ar cibé slí eile a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
31. Féadfaidh an Coimisiún scéim nó scéimeanna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire, nó cibé socruithe eile a dhéanamh le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, chun sochair aoisliúntais a dheonú do cibé comhaltaí nó i leith cibé comhaltaí d'fhoireann an Choimisiúin, lena n-áirítear comhalta arna cheapadh nó arna ceapadh ina leaschomhalta den Chomisiún de réir mhír 12, is cuí leis nó léi.
32. Socrófar le gach scéim arna déanamh faoi mhír 30 nó 31 tráth agus coinníollacha scoir gach duine a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leis nó léi, nó ina leith, faoin scéim, agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.
33. Féadfar, le toiliú an Aire Airgeadais, gach scéim arna déanamh faoi mhír 31 a leasú nó a chúlghairm le scéim ina dhiaidh sin a ullmhófar, a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoi mhír 31.
34. Déanfaidh an Coimisiún scéim a dhéanfar faoi mhír 31, agus a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid an Aire, a chur i gcrích de réir théarmaí na scéime, má cheadaíonn an tAire í le toiliú an Aire Airgeadais.
35. Ní dheonóidh an Coimisiún aon sochair aoisliúntais, ná ní dhéanfaidh an Coimisiún socruithe ar bith eile chun sochar den sórt sin a chur ar fáil do chomhalta d'fhoireann an Choimisiúin ná ina leith, ar shlí seachas de réir scéime faoi mhír 31 nó ar cibé slí eile a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
36. Má éiríonn aon díospóid maidir le héileamh aon duine ar aon sochar aoisliúntais, nó maidir le méid aon sochair aoisliúntais, is iníoctha de bhun scéime nó scéimeanna faoi mhír 30 nó 31, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus déanfaidh an tAire í a tharchur chuig an Aire Airgeadais le cinneadh a dhéanamh uirthi.
37. A luaithe is féidir bunóidh an Coimisiún ciste a riarfaidh iontaobhaithe arna gceapadh ag an gCoimisiún agus as a n-íocfar sochair aoisliúntais a bheidh iníoctha, faoi scéim faoi mhir 31, i leith comhalta d'fhoireann an Choimisiúin a scoirfidh de bheith i seilbh oifige.
38. Maidir le scéim faoi mhír 30 nó 31 déanfaidh an tAire, i gcás scéime faoi mhír 30, nó déanfaidh an Coimisiún, i gcás scéime faoi mhír 31, í a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.
39. Más rud é, i gcás comhalta den Choimisiún—
(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó
(b) go n-ainmneofar é nó í chun seasamh mar iarrthóir lena thoghadh nó lena toghadh mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun Parlaimint na hEorpa, nó
(c) go measfar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh,
scoirfidh an comhalta, air sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choimisiún.
40. Más rud é, maidir le duine a bheidh fostaithe ag an gCoimisiún—
(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó
(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó chun Parlaimint na hEorpa, nó
(c) go measfar, de bhun Chuid XIII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh,
beidh sé nó sí air sin ar iasacht óna fhostaíocht nó óna fostaíocht ag an gCoimisiún agus ní íocfaidh an Coimisiún leis nó léi, ná ní bheidh sé nó sí i dteideal go bhfaighidh sé nó sí ón gCoimisiún, luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach an tráth a ainmneofar nó a thoghfar é nó í amhlaidh, nó an tráth a mheasfar amhlaidh é nó í a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Pharlaimint sin.
41. Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas, suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Choimisiún nó d'fhoireann an Choimisiúin.
42. Gan dochar do ghinearáltacht mhír 40, forléireofar an mhír sin mar mhír a thoirmisceann, i measc nithe eile, tréimhse a luaitear sa mhír sin a áireamh mar sheirbhís leis an gCoimisiún chun críocha aon sochar aoisliúntais.
43. Sa Sceideal seo—
ciallaíonn “caiteachais” eisíocaíochtaí an Choimisiúin, lena n-áireofar luach saothair an Choimisiúin agus fhoireann an Choimisiúin, aon chaiteachas a thabhóidh an Coimisiún nó foireann an Choimisiúin de dhroim feidhmeanna an Choimisiúin a chur i gcrích, íocaíochtaí leis an Aire faoin Acht seo agus aisíocaíocht aon airleacain nó úis nó aon airleacain arna thabhairt ag an Aire faoin Acht seo;
ciallaíonn “sochair aoisliúntais” pinsin, aiscí agus liúntais eile is iníoctha ar dhuine d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis.