
Uimhir 24 de 1998
AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR (LEASÚ), 1998
RIAR NA nALT
Réamhráiteach agus Ginearálta
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. | |
5. | |
6. | |
7. | |
8. |
Scairchaipiteal agus Forálacha Airgeadais.
9. | |
10. | An chuideachta d'eisiúint scaireanna chuig an Aire Airgeadais. |
11. | Oibleagáid scairshealbhóirí áirithe scaireanna a shealbhú ar iontaobhas. |
12. | |
13. |
An Chuideachta d'Aistriú Maoine agus do Dhéanamh Oibreacha
Riarachán na Cuideachta.
22. | |
23. | |
24. | |
25. | |
26. | Cuid d'aerfoirt na cuideachta a leithreasú chuig úsáid daoine eile. |
27. | |
28. | Stiúrthóirí agus cathaoirligh fochuideachtaí don chuideachta. |
29. | |
30. | |
31. | |
32. | |
33. | Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa. |
34. | |
35. | |
36. | |
37. | |
38. |
Forálacha i nDáil le Rialáil Aerfort
39. | |
40. | Coinneáil agus díol aerárthaí mar gheall ar mhuirir aerfoirt neamhíoctha. |
41. | |
42. | |
43. | |
44. | |
45. | |
46. | |
47. | |
48. | |
49. | |
50. | Toirmeasc ar airteagail chontúirteacha áirithe a thabhairt isteach in aerfort. |
51. |
Ilghnéitheach.
52. | |
53. | |
54. | |
55. | |
56. | Ligean ag an gcuideachta a dhíolmhú ó na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí. |
57. | |
58. | Dliteanas i leith caillteanais a tharlaíonn roimh an lá dílseacháin. |
59. | Bóthar chun críocha na nAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1995. |
60. | |
61. | |
62. | |
63. | |
64. | |
65. |
Achtacháin a Aisghairm
Fóralacha a Bhaineann le Fáil Éigeantach
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919 | 9 agus 10 Geo. 5, c. 57 |
Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1993 | 1993, Uimh. 38 |
Na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1988 | |
An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997 | 1997, Uimh. 2 |
Na hAchtanna Foraoiseachta, 1946 go 1988 | |
An tAcht um Údarás Eitlíochta na hÉireann, 1993 | 1993, Uimh. 29 |
Na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1967 go 1994 | |
Lands Clauses Consolidation Act, 1845 | 8 Vic., c. 18 |
Petty Sessions (Ireland) Act, 1851 | 14 agus 15 Vic., c.93 |
Public Offices (Fees) Act, 1879 | 42 agus 43 Vic., c.58 |
An tAcht um Chosaint Raideolaíoch, 1991 | 1991, Uimh. 9 |
Acht na mBóithre, 1993 | 1993, Uimh. 14 |
Na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1995 | |
Waterworks Clauses Act, 1847 | 10 agus 11 Vic., c. 17 |
Waterworks Clauses Act, 1863 | 26 agus 27 Vic., c. 93 |
Na hAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 go 1993 | |

Uimhir 24 de 1998
AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR (LEASÚ), 1998
[An tiontú oifigiúil]
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AERFORT BHAILE ÁTHA CLIATH, AERFORT NA SIONNA AGUS AERFORT CHORCAÍ A DHÍLSIÚ D'AER RIANTA, CUIDEACHTA PHOIBLÍ THEORANTA, CHUN FEIDHMEANNA ÁIRITHE A D'FHEIDHMIGH AN tAIRE FIONTAR POIBLÍ ROIMHE SEO AGUS A BHAINEANN LE BAINISTÍOCHT, OIBRIÚ AGUS FORBAIRT NA nAERFORT SIN A SHANNADH DON CHUIDEACHTA SIN, DO LEASÚ NA nACHTANNA AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1936 GO 1988, AN ACHTA UM ÚDARÁS EITLÍOCHTA NA hÉIREANN, 1993, AGUS ACHTACHÁN EILE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS AN MÉID SIN. [5 Iúil, 1998]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal, comhlua, comhfhorléiriú agus tosach feidhme.
1.—(1) Féadfar an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú), 1998, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1998, a ghairm de na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1988, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.
(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.
Léiriú
2.—(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “Acht 1919” an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919;
ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1946;
ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1950;
ciallaíonn “Acht 1963” Acht na gCuideachtaí, 1963;
ciallaíonn “Acht 1988” an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1988;
ciallaíonn “Acht 1993” an tAcht um Údarás Eitlíochta na hÉireann, 1993;
tá le “aeradróm” an bhrí chéanna atá le “aerodróm” san Acht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936;
ciallaíonn “aerárthach” meaisín atá in ann taca a fháil san atmaisféar ó fhrithghníomhuithe an aeir, seachas frithghníomhuithe an aeir in aghaidh dhromchla an domhain;
ciallaíonn “aerfort” comhiomlán na dtailte a chuimsítear laistigh d'aeradróm agus an talamh go léir atá ar úinéireacht nó ar áitiú ag údarás aerfoirt, lena n-áirítear haingir aerárthaí, bóithre agus carrchlóis, a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid go hiomlán nó go páirteach chun aeradróm den sórt sin a oibriú nó i dtaca leis an oibriú sin;
ciallaíonn “údarás aerfoirt” an duine ar leis nó léi aerfort, go hiomlán nó go páirteach, nó an duine a bhainistíonn aerfort, ina aonar nó ina haonar nó i gcomhpháirt le duine eile;
ciallaíonn “muirir aerfoirt”—
(a) muirir a thoibhítear i leith aerárthaí tuirlingt, locadh nó éirí de thalamh ag aeradróm lena n-áirítear muirir le haghaidh úsáide aerdhroichid ach gan muirir i leith seirbhísí aerloingseoireachta agus seirbhísí cumarsáide aerloingseoireachta arna dtobhach faoi alt 43 d'Acht 1993 a áireamh,
(b) muirir a thoibhítear i leith paisinéirí do theacht d'aer chuig aerfort nó d'imeacht d'aer ó aerfort, nó
(c) muirir a thoibhítear i leith lasta a iompar d'aer, chuig aerfort nó ó aerfort,
de réir mar is cuí;
ciallaíonn “oifigeach údaraithe”—
(a) comhalta den Gharda Síochána,
(b) i ndáil le haerfort Stáit—
(i) duine, nó duine a bhaineann le haicme daoine, a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an gcuideachta chun na feidhmeanna a thugtar d'oifigeach údaraithe leis an Acht seo nó faoi nó le hAcht 1988 nó faoi a chomhlíonadh, nó
(ii) mura gcinnfidh agus go dtí go gcinnfidh an tAire a mhalairt faoi fho-alt (4) d'alt 48, duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ina oifigeach nó ina hoifigeach údaraithe de réir bhrí mhír (b) den mhíniú ar oifigeach údaraithe in alt 15 (1) d'Acht 1950 (arna leasú le halt 25 d'Acht 1988), nó
(c) i ndáil le haerfort sa Stát, seachas aerfort Stáit, duine, nó duine a bhaineann le haicme daoine, a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an Aire chun na feidhmeanna a thugtar d'oifigeach údaraithe leis an Acht seo nó faoi nó le hAcht 1988 nó faoi a chomhlíonadh;
ciallaíonn “duine údaraithe” duine a bheidh ceaptha i scríbhinn ag an gcuideachta chun na feidhmeanna a thugtar do dhaoine údaraithe leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh;
ciallaíonn “an tÚdarás” Údarás Eitlíochta na hÉireann;
ciallaíonn “an Príomhfheidhmeannach” príomhfheidhmeannach na cuideachta arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 29;
ciallaíonn “an chuideachta” Aer Rianta, cuideachta phoiblí theoranta;
ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” Acht 1963 agus gach achtachán atá le forléiriú in éineacht leis mar aon Acht amháin;
folaíonn “sárú”, i ndáil le foráil den Acht seo, más cuí, mainneachtain nó diúltú an fhoráil sin a chomhlíonadh agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;
tá le “Eurocontrol” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1993;
folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais, agus folaíonn tagairtí do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairtí d'fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhall na ndualgas;
folaíonn “talamh” talamh atá clúdaithe le huisce;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Fiontar Poiblí;
ciallaíonn “oibritheoir”, i ndáil le haerárthach, duine atá ag gabháil, nó a bheartaíonn a bheith ag gabháil, d'oibriú aerárthaí is duine atá de thuras na huaire freagrach i mbainistíocht an aerárthaigh;
ciallaíonn “píolóta i gceannas”, i ndáil le haerárthach, an duine atá de thuras na huaire go dleathach i bhfeighil phíolótaíocht an aerárthaigh agus nach bhfuil faoi stiúradh aon phíolóta eile san aerárthach;
ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin faoin Acht seo;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936;
folaíonn “taifead”, i dteannta taifid i scríbhinn—
(a) diosca, téip, fuaimrian nó feiste eile ina gcorpraítear faisnéis, fuaimeanna nó comharthaí ionas gur féidir (le cúnamh nó gan chúnamh aon ghléis eile) iad a atáirgeadh i bhfoirm inléite nó inchloiste,
(b) scannán, téip nó feiste eile ina gcorpraítear amharcíomhánna ionas gur féidir (le cúnamh nó gan chúnamh aon ghléis eile) iad a atáirgeadh in amharc-fhoirm, agus
(c) grianghraf;
ciallaíonn “úinéir cláraithe”, i ndáil le haerárthach, an duine atá cláraithe mar úinéir an aerárthaigh sa chlár a bunaíodh faoi alt 9 nó 10 d'Acht 1946, faoi alt 58 d'Acht 1993, nó i gclár comhréire arna bhunú i stát seachas an Stát;
tá le “bóthar” an bhrí chéanna atá leis in Acht na mBóithre, 1993;
tá le “údarás bóithre” an bhrí chéanna atá leis in Acht na mBóithre, 1993;
ciallaíonn “aerfort Stáit” aerfort sa Stát ar leis an gcuideachta é, go hiomlán nó go páirteach, nó a bhainistíonn an chuideachta, ina haonar nó i gcomhpháirt le duine eile, ar an lá dílseacháin nó dá éis;
ciallaíonn “údarás Stáit”—
(a) Aire den Rialtas, nó
(b) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;
ciallaíonn “fochuideachta” fochuideachta de réir bhrí alt 155 d'Acht 1963;
ciallaíonn “sochar aoisliúntais” pinsean, aisce nó liúntas eile is iníoctha ar dhuine d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis;
tá le “seirbhísí teirminéil” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1993;
ciallaíonn “an lá dílseacháin” an lá a cheapfar faoi alt 10 chun bheith ina lá dílseacháin;
ciallaíonn “ceart uisce” ceart chun uisce a ghaibhniú, a chlaonadh nó a thógáil.
(2) Aon tagairt san Acht seo do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.
(3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.
(4) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán dá éis sin, nó faoi.
(5) Gach foráil den Acht seo nó d'aon achtachán eile, nó gach ionstraim faoin gcéanna, a bhaineann le feidhm de chuid na cuideachta bainfidh sí le feidhm de chuid fochuideachta a fhreagraíonn don fheidhm chéadluaite sa tslí chéanna a bhaineann sí leis an bhfeidhm chéadluaite.
Rialacháin, orduithe agus ordacháin.
3.—(1) Déanfar gach ordú nó rialachán a dhéanfar faoin Acht seo (seachas ordú a dhéanfar faoi alt 1(3), alt 10, alt 25, nó mír 2 nó 7 den Dara Sceideal) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.
(2) (a) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú arna dhéanamh aige nó aici faoin Acht seo (seachas ordú faoi alt 1 (3) nó alt 10), lena n-áirítear ordú faoin mír seo, a leasú nó a chúlghairm.
(b) Féadfaidh an tAire, le hordachán, ordachán arna thabhairt aige nó aici faoin Acht seo, lena n-áirítear ordachán faoin mír seo, a leasú nó a chúlghairm.
(c) Maidir le hordú nó ordachán faoin bhfo-alt seo déanfar nó tabharfar é sa tslí chéanna agus beidh a dhéanamh nó a thabhairt faoi réir na dtoilithe agus na gcoinníollacha céanna (más ann) leis an ordú nó leis an ordachán a bheidh á leasú nó á chúlghairm aige.
(3) I gcás ina mbeartófar ordú faoi alt 25 nó ordú ag leasú nó ag cúlghairm ordú den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú mura rithfidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta.
Airgead a gheobhaidh an tAire a dhiúscairt.
4.—Déanfar airgead a gheobhaidh an tAire Airgeadais faoin Acht seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.
Caiteachais.
5.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Aisghairm.
6.—(1) Beidh na hachtacháin atá luaite sa Chéad Sceideal arna n-aisghairm amhail ar an agus ón lá dílseacháin a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.
(2) Sa mhéid go bhféadfaí aon ionstraim arna déanamh nó aon ní eile ar bith arna dhéanamh faoi aon fhoráil d'achtachán a aisghairtear leis an Acht seo a dhéanamh faoi fhoráil chomhréire den Acht seo, ní chuirfear an ionstraim nó an ní eile sin ó bhail mar gheall ar aisghairm na forála sin ach, má bhí sí nó sé i bhfeidhm díreach sular aisghaireadh an fhoráil sin, beidh éifeacht léi nó leis ionann is dá mba faoin bhforáil chomhréire den Acht seo a rinneadh í nó é.
Cionta agus pionóis.
7.—(1) (a) Maidir le duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 26, 37, 39, 42, 47, 48, 49, 50 nó 51 dlífear—
(i) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó
(ii) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £100,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air nó uirthi.
(b) Maidir le duine a bheidh ciontach i gcion faoi aon fhoráil eile den Acht seo dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.
(2) Féadfaidh an chúirt, ar chiontú ar díotáil mar gheall ar chion faoin Acht seo, i dteannta aon phionóis eile, a ordú go ndéanfar aon aerárthach, gaireas, trealamh nó rud eile a úsáideadh chun an cion a dhéanamh a fhorghéilleadh.
(3) Ní thiocfaidh ordú faoi fho-alt (2) in éifeacht go dtí go rachaidh an gnátham chun achomharc a thionscnamh in aghaidh an chiontaithe nó an ordaithe lena mbaineann in éag nó i gcás ina dtionscnófar achomharc den sórt sin, go dtí go ndéanfar an t-achomharc sin nó aon achomharc eile a chinneadh go críochnaitheach nó a thréigean nó go dtí go rachaidh an gnátham chun aon achomharc eile a thionscnamh in éag.
(4) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967, maidir le cion faoin Acht seo nach bhfuil á ionchúiseamh go hachomair amhail is dá ndéanfaí, in ionad na bpionós dá bhforáiltear i bhfo-alt (3)(a) den alt sin, na pionóis a shonrú ann dá bhforáiltear i bhfo-alt (1) (a) (i), agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear le fo-alt (3) a fhorléiriú, agus beidh éifeacht léi, dá réir sin.
(5) I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh an cion le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe sin, nó aon duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an t-oifigeach nó an duine sin ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.
Imeachtaí.
8.—(1) Féadfaidh an chuideachta imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.
(2) Féadfaidh an tAire imeachtaí achoimre i leith ciona faoi alt 34 a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.
(3) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de 12 mhí ón dáta a ndearnadh an cion.
(4) I gcás ina gciontófar duine i gcion faoin Acht seo, déanfaidh an chúirt, mura deimhin léi go bhfuil cúiseanna speisialta agus substaintiúla ann gan déanamh amhlaidh, a ordú don duine na costais agus na caiteachais, arna dtomhas ag an gcúirt, a thabhaigh an chuideachta i ndáil le himscrúdú nó ionchúiseamh an chiona, a íoc leis an gcuideachta.
(5) Maidir le tagairtí in alt 382 d'Acht 1963 do “cuideachta” déanfar, chun críocha an Achta seo, iad a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chomhlacht corpraithe (cibé acu is cuideachta é de réir bhrí an ailt sin nó nach ea) a bheidh cúisithe ar díotáil i gcion faoin Acht seo.
CUID II
Scairchaipiteal agus Forálacha Airgeadais
Scairchaipiteal na cuideachta.
9.—(1) Is é a bheidh i scairchaipiteal údaraithe na cuideachta cibé méid a chinnfidh an tAire Airgeadais ó am go ham, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, arna roinnt i scaireanna £1 an ceann.
(2) Ní eiseofar scaireanna i scairchaipiteal na cuideachta gan toiliú an Aire Airgeadais arna thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire.
An chuideachta d'eisiúint scaireanna chuig an Aire Airgeadais.
10.—(1) Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá dílseacháin chun críocha an Achta seo a luaithe is féidir tar éis thosach feidhme an Achta seo.
(2) Déanfaidh an chuideachta, a luaithe is féidir tar éis an lae dílseacháin, i gcomaoin—
(a) an tAire Airgeadais do ghéilleadh don chuideachta na scaireanna go léir arna sealbhú aige nó aici i scairchaipiteal na cuideachta, agus
(b) an tAire Airgeadais agus na daoine a shealbhaíonn scaireanna ar iontaobhas dó nó di i scairchaipiteal na cuideachta do ghéilleadh don chuideachta na scaireanna go léir arna sealbhú ar iontaobhas don Aire Airgeadais i scairchaipiteal na cuideachta,
cibé líon scaireanna láníoctha i scairchaipiteal na cuideachta ar comhionann a n-ainmluach le luach shócmhainní na cuideachta lúide dliteanais na cuideachta arna sonrú i gclár comhardaithe na cuideachta ar an lá dílseacháin a eisiúint chuig an Aire Airgeadais gan íocaíocht uaidh nó uaithi.
(3) Féadfaidh an tAire Airgeadais, faoi réir an Achta seo, i leith scaireanna na cuideachta arna sealbhú aige nó aici, na cearta agus na cumhachtaí go léir atá ag sealbhóir scaireanna den sórt sin a fheidhmiú agus, i gcás ceart nó cumhacht a bheith infheidhmithe trí aturnae, féadfaidh sé nó sí an céanna a fheidhmiú trína aturnae nó trína haturnae.
(4) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ó am go ham de réir riachtanas na hócáide, chun cibé méid d'Achtanna na gCuideachtaí a chomhlíonadh lena gceanglaítear go mbeidh líon íosta comhaltaí den chuideachta ann i gcónaí, ceann amháin dá scaireanna i scairchaipiteal na cuideachta a aistriú chuig aon duine.
Oibleagáid scairshealbhóirí áirithe scaireanna a shealbhú ar iontaobhas.
11.—(1) Déanfaidh duine a n-aistreofar scair i scairchaipiteal na cuideachta chuige nó chuici faoi alt 10 (4) an scair sin sa chuideachta a shealbhú ar iontaobhas don Aire Airgeadais agus déanfaidh sé nó sí, de réir mar a cheanglóidh agus nuair a cheanglóidh an tAire Airgeadais air nó uirthi, an scair a aistriú chuig an Aire sin nó chuig duine a ainmneoidh an tAire sin chuige sin, ach ní dhéanfaidh sé nó sí a scair i scairchaipiteal na cuideachta a aistriú nó a choimhthiú ach amháin de réir an fho-ailt seo.
(2) I gcás ina bhfaighidh comhalta den chuideachta bás nó ina scoirfidh sé nó sí ar shlí eile de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den chuideachta, dílseoidh an scair i scairchaipiteal na cuideachta arna sealbhú ag an gcomhalta sin, gan aistriú a bheith riachtanach, don Aire Airgeadais.
Díbhinní, etc. a íoc isteach sa Státchiste.
12.—(1) Déanfar na méideanna go léir in ionannas díbhinní nó airgead eile a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna a bheidh á sealbhú aige nó aici i scairchaipiteal na cuideachta a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.
(2) Déanfar na méideanna go léir in ionannas díbhinní nó airgead eile a gheobhaidh duine i leith scaire a shealbhaíonn sé nó sí i scairchaipiteal na cuideachta, arna haistriú chuige nó chuici faoi fho-alt (4) d'alt 10 a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.
An chuideachta agus fochuideachtaí d'fháil iasachtaí.
13.—(1) Féadfaidh an chuideachta nó fochuideachta de chuid na cuideachta, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais, airgead a chruinniú nó a fháil ar iasacht (lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit), trí bhintiúir a eisiúint nó ar shlí eile.
(2) Féadfaidh an chuideachta nó fochuideachta de chuid na cuideachta airgead a fháil ar iasacht go sealadach (lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit) ach, aon tráth áirithe, ní rachaidh comhiomlán na n-iasachtaí airgid a gheofar faoin bhfo-alt seo thar cibé méid a shonróidh an tAire le hordachán, le toiliú an Aire Airgeadais.
(3) Maidir leis na téarmaí ar a bhféadfaidh an chuideachta nó fochuideachta de chuid na cuideachta airgead a fháil ar iasacht, féadfaidh forálacha chun an t-airgead go léir nó cuid den airgead a gheofar ar iasacht agus aon oibleagáid airgeadais ghaolmhar, lena n-áirítear an t-ús ar an gcéanna, a mhuirearú ar gach maoin, is cuma cén cineál, ar sócmhainní an chomhlachta sin de thuras na huaire í, nó ar aon mhaoin áirithe, agus forálacha ag bunú thosaíocht na muirear sin eatarthu a bheith iontu.
(4) Chun críocha an ailt seo, aon airgead a gheofar ar iasacht in airgeadra seachas airgeadra an Stáit measfar gur coibhéis é in airgeadra an Stáit don airgead iarbhír a fuarthas ar iasacht, agus an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta malairte, tráth an airgid a fháil ar iasacht, don airgeadra sin agus d'airgeadra an Stáit.
(5) Ní rachaidh comhiomlán an airgid a gheofar ar iasacht faoin alt seo thar £250 milliún aon tráth áirithe.
(6) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus tar éis dul i gcomhairle leis an gcuideachta, an méid a shonraítear i bhfo-alt (5) a athrú le hordú.
CUID III
An Chuideachta d'Aistriú Maoine agus do Dhéanamh Oibreacha
Talamh agus maoin eile a aistriú.
14.—(1) Ar an lá dílseacháin, beidh na tailte go léir a bhí, díreach roimh an lá sin—
(a) dílsithe don Aire agus á n-úsáid nó beartaithe lena n-úsáid—
(i) i dtaca le feidhm de chuid an Aire a fhreagraíonn d'fheidhm a thugtar don chuideachta le halt 16, nó
(ii) i dtaca le seirbhísí teirminéil a chur ar fáil ag aerfort,
nó
(b) ar seilbh ar iontaobhas ag an gcuideachta don Aire,
(ar tailte iad a chuimsíonn na haerfoirt ar a dtugtar Aerfort Bhaile Átha Cliath, Aerfort Chorcaí agus Aerfort na Sionna) agus gach ceart, cumhacht agus pribhléid a bhaineann nó a ghabhann leis na tailte sin, gan aon tíolacas nó sannadh agus, faoi réir fho-alt (2), arna ndílsiú don chuideachta i leith an eastáit nó an leasa uile sa chéanna a bhí dílsithe don Aire díreach roimh an lá dílseacháin ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear do na tailte agus atá ar marthain agus inchomhlíonta.
(2) Ní oibreoidh fo-alt (1) chun aon mhianraí nó aon chearta mianadóireachta nó cearta ar thógáil mianraí a dhílsiú don chuideachta.
(3) Ar an lá dílseacháin beidh gach maoin, seachas talamh, lena n-áirítear ábhair i gcaingean, a bhí, díreach roimh an lá sin—
(a) dílsithe don Aire, nó
(b) ar seilbh ar iontaobhas ag an gcuideachta don Aire,
agus á húsáid nó beartaithe lena húsáid i dtaca le feidhm de chuid an Aire a fhreagraíonn d'fheidhm a thugtar don chuideachta le halt 16 arna dílsiú don chuideachta gan aon sannadh.
(4) Maidir le gach ábhar i gcaingean a dhílsítear don chuideachta de bhua fho-alt (3), féadfaidh an chuideachta, amhail ar an agus ón lá dílseacháin, agra a dhéanamh ina leith nó é a ghnóthú nó a fhorfheidhmiú ina hainm féin agus ní gá don chuideachta ná don Aire fógra faoin dílsiú a dhéantar leis an bhfo-alt sin a thabhairt don duine atá faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean.
(5) Ar an lá dílseacháin déanfaidh an chuideachta, maidir leis na tailte agus leis an maoin eile a dhílseofar don chuideachta faoin alt seo, cibé méid a íoc leis an Aire Airgeadais a chinnfidh an tAire Airgeadais, le toiliú an Aire.
Cearta agus dliteanais a aistriú agus buanú léasanna, ceadúnas agus ceadanna arna ndeonú ag an Aire.
15.—(1) Beidh gach ceart agus dliteanas de chuid an Aire a thig de bhua aon chonartha nó gealltanais (sainráite nó intuigthe) a bheidh déanta aige nó aici roimh an lá dílseacháin i ndáil le feidhm de chuid an Aire a fhreagraíonn d'fheidhm a thugtar don chuideachta le halt 16 arna aistriú chuig an gcuideachta ar an lá sin.
(2) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear chuig an gcuideachta le fo-alt (1), féadfaidh an chuideachta, ar an lá dílseacháin agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith nó é a ghnóthú nó a fhorfheidhmiú, nó féadfar an céanna a dhéanamh i gcoinne na cuideachta, ina hainm féin agus ní gá don chuideachta ná don Aire fógra i dtaobh an aistrithe sin a thabhairt don duine a n-aistrítear ceart nó dliteanas dá chuid nó dá cuid leis an bhfo-alt sin.
(3) Gach léas, ceadúnas, cead slí nó cead a dheonóidh an tAire i ndáil le talamh nó maoin eile a dhílseofar don chuideachta leis an Acht seo nó faoi, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá dílseacháin, leanfaidh sé i bhfeidhm amhail is dá mba gur dheonaigh an chuideachta é.
Cumhacht na cuideachta aerfoirt a bhainistiú, a fhorbairt agus a bhunú.
16.—(1) Déanfaidh an chuideachta na haerfoirt a dhílseofar di le halt 14 agus aon aerfort eile a bhunóidh an chuideachta nó a bheidh ar úinéireacht aici, ó am go ham, de bhun fho-alt (3) a bhainistiú agus a fhorbairt.
(2) Áiritheoidh an chuideachta go soláthrófar cibé seirbhísí agus saoráidí is gá, i dtuairim na cuideachta, chun aerfort Stáit a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt lena n-áirítear bóithre, droichid, tolláin, bealaí rochtana, oibreacha soláthair uisce agus príomhphíopaí uisce, oibreacha gáis agus píblínte gáis, séaraigh agus oibreacha diúscartha séarachais, línte leictreachais, saoráidí teileachumarsáide, soilse agus comharthaí, gaireas, trealamh, foirgnimh agus cóiríocht d'aon chineál ar bith.
(3) Féadfaidh an chuideachta, le toiliú an Aire arna thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus faoi réir cibé coinníollacha a chinnfidh an tAire, aerfort nua a bhunú nó teacht chun bheith ina húinéir go hiomlán nó go páirteach, nó ina bainisteoir, ar aerfort láithreach.
(4) I gcás ina scoirfidh an tÚdarás de sheirbhísí teirminéil a sholáthar ag aerfort Stáit déanfaidh an chuideachta, le toiliú an Údaráis, a áirithiú go ndéanfar na seirbhísí sin a sholáthar ag an aerfort sin.
(5) Ní dhéanfaidh an tÚdarás a thoiliú faoi fho-alt (4) a choimeád siar go mí-réasúnach.
(6) Folaíonn tagairt i bhfo-alt (3) d'aerfort tagairt d'aerfort lasmuigh den Stát.
An chuideachta d'fháil talún.
17.—(1) Féadfaidh an chuideachta trí chomhaontú nó, de réir an Dara Sceideal, go héigeantach, aon talamh, éasúint, leas i dtalamh nó ceart eile thar thalamh nó aon cheart uisce a fháil le haghaidh aon cheann amháin nó níos mó de na críocha a thuairiscítear in alt 18.
(2) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (1), féadfaidh an chuideachta trí chomhaontú nó, de réir an Dara Sceideal, go héigeantach, aon talamh, éasúint, leas i dtalamh nó ceart eile thar thalamh, nó aon cheart uisce nach gá láithreach chun críche a thuairiscítear in alt 18 a fháil más dóigh leis an Aire go bhfuil ionchas réasúnach ann go mbeidh an talamh ag teastáil ón gcuideachta sa todhchaí le haghaidh aon cheann amháin nó níos mó de na críocha a thuairiscítear san alt sin.
(3) D'ainneoin fhorálacha aon Achta eile, ní bheidh aon duine i dteideal aon talamh, éasúint, leas i dtalamh, nó ceart eile i leith talún, is leis an gcuideachta a fháil go héigeantach, nó coimhthiú, foirceannadh, srianadh nó cur isteach ar shlí eile a dhéanamh ar aon cheart de chuid na cuideachta i leith talún den sórt sin, gan comhaontú na cuideachta.
(4) Ní bheidh an chuideachta i dteideal aon talamh, éasúint nó ceart eile is leis an Stát nó le húdarás Stáit a fháil go héigeantach.
Na críocha chun a bhféadfaidh an chuideachta talamh a fháil.
18.—(1) Is iad seo a leanas na críocha chun a bhféadfar talamh a fháil faoi alt 17:
(a) aerfort is leis an gcuideachta a leathnú nó a fhorbairt nó aerfort a bhunú;
(b) a áirithiú nach ndéanfar aon talamh atá tadhlach le haon aerfort de chuid an Stáit a úsáid i slí a chuirfeadh isteach ar aerárthach, nó ba chúis le contúirt nó damáiste d'aerárthach ag an aerfort sin, ag teacht chun an aerfoirt sin nó ag fágáil an aerfoirt sin;
(c) aon fhoirgneamh nó suiteáil a athrú nó a scartáil ar dóigh dó nó di, i dtuairim na cuideachta, bac a dhéanamh nó cur isteach a dhéanamh ar shlí eile, ar loingseoireacht aerárthaí a bheidh ag úsáid aerfoirt Stáit;
(d) eitlíocht shibhialta a fhorbairt ag aerfort Stáit;
(e) príomhchuspóirí na cuideachta a chur i gcrích.
Ceart na cuideachta chun dul isteach ar thalamh.
19.—(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh duine údaraithe dul isteach ar aon talamh, le feithiclí nó gan feithiclí—
(a) chun suirbhéireacht, fiosrúchán, imscrúdú nó scrúdú atá réamhghabhálach nó teagmhasach le fáil na talún sin a dhéanamh ar an talamh sin,
(b) chun suirbhéireacht a dhéanamh ar aon talamh atá tadhlach le talamh nó i gcomharsanacht talún a gheobhaidh an chuideachta nó a bheartaíonn an chuideachta a fháil,
(c) chun foirgnimh nó saoráidí a chothabháil, cibé acu atá nó nach bhfuil siad suite ar an talamh sin, ar foirgnimh nó saoráidí iad a bheidh curtha ar fáil ag an gcuideachta ar mhaithe le sábháilteacht agus éifeachtúlacht aeriompair,
(d) chun aon fhiosrúchán, imscrúdú nó scrúdú a dhéanamh ar an talamh sin nó cúnamh a thabhairt i gcás tionóisce nó teagmhais a bhaineann le haerárthach a tharlaíonn ar an talamh sin nó ar thalamh atá tadhlach leis an talamh sin nó i gcomharsanacht na talún sin, nó
(e) chun a chumasú don chuideachta aon chuid dá feidhmeanna a chur i gcrích.
(2) Tabharfaidh an chuideachta fógra réasúnach d'úinéir nó d'áititheoir talún i gcás ina mbeartaítear go rachaidh duine údaraithe isteach ar an talamh sin chun críche a thuairiscítear i mír (a), (b), (c) nó (e) d'fho-alt (1).
(3) I gcás ina dtarlóidh damáiste do mhaoin le linn cumhacht faoin alt seo chun dul isteach ar thalamh a fheidhmiú, déanfaidh an chuideachta cibé cúiteamh i leith an damáiste sin a mheasfaidh sí a bheith réasúnach a íoc le húinéir na maoine.
(4) Más rud é go mbeidh díospóid ann i dtaobh na nithe seo a leanas—
(a) an bhfuil cúiteamh iníoctha faoin alt seo,
(b) réasúntacht an chúitimh sin, nó
(c) an duine lena bhfuil an cúiteamh sin iníoctha,
déanfar an ní a chur faoi bhráid eadránaí a cheapfar faoi Acht 1919 agus déanfaidh an t-eadránaí sin é a chinneadh faoi réim agus de réir an Achta sin.
Cumhacht chun uisce a dhíol.
20.—(1) Féadfaidh an chuideachta uisce a dhíol as aon oibreacha soláthair uisce arna gcothabháil aici.
(2) D'ainneoin aon ní atá sa Waterworks Clauses Act, 1847, nó sa Waterworks Clauses Act, 1863, féadfaidh an chuideachta, as uisce a sholáthróidh údarás sláintíochta di, an t-uisce arna sholáthar amhlaidh a dhíol, le toiliú an údaráis sláintíochta sin, le haon duine agus, chun na críche sin, féadfaidh sí píopaí agus gaireas a dhaingniú d'aon phíopaí a úsáidtear chun an t-uisce a sholáthraíonn an t-údarás sláintíochta sin a iompar.
Bóithre poiblí, droichid agus tolláin a chosaint.
21.—(1) Féadfaidh an chuideachta, i bhfeidhmiú na bhfeidhmeanna a shanntar di le halt 16, aon bhóthar poiblí, bealach rochtana, droichead nó tollán a fháil go héigeantach, a oscailt, a bhriseadh suas, a chlaonadh, a dhúnadh nó a aistriú nó leibhéal an chéanna a athrú, nó cur isteach ar shlí eile ar an gcéanna.
(2) Más rud é agus aon uair gur gá é, chun feidhmeanna a thugtar di le halt 16 a fheidhmiú, go ndéanfaidh an chuideachta aon bhóthar poiblí, bealach rochtana, droichead nó tollán a dhúnadh don trácht, déanfaidh an chuideachta, le toiliú i scríbhinn roimh ré ón údarás bóithre iomchuí—
(a) bóthar, bealach rochtana, droichead nó tollán sealadach a thógáil agus a chothabháil (cibé acu ar thalamh is leis an gcuideachta nó nach ea) i ngarchomharsanacht an bhóthair phoiblí, an bhealaigh rochtana, an droichid nó an tolláin sin nó in ionad caoithiúil éigin eile atá in ann, ar feadh ré an dúnta sin, trácht de cibé méid agus de cibé gné a d'úsáidfeadh an bóthar poiblí, an bealach rochtana, an droichead nó an tollán sin de ghnáth a iompar, nó
(b) bealach ionadúil a fhorordú a úsáidfidh an trácht ar feadh ré an dúnta sin.
(3) Déanfaidh an chuideachta, ar chríochnú nó roimh chríochnú oibreacha den sórt sin is cúis le dúnadh dá dtagraítear i bhfo-alt (1), le toiliú i scríbhinn roimh ré ón údarás bóithre iomchuí, ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá—
(a) an bóthar, an bealach rochtana, an droichead nó an tollán dúnta a athbhunú,
(b) bóthar, bealach rochtana, droichead nó tollán nua buan a thógáil san ionad céanna nó in ionad caoithiúil éigin eile a bheidh in ann trácht a iompar de cibé méid agus de cibé gné a bhí an bóthar poiblí, an bealach rochtana, an droichead nó an tollán sin, sular dúnadh é, in ann a iompar agus nach lú a chaoithiúlacht, maidir le grádán agus cuar, go feadh méid shuntasaigh, ná caoithiúlacht an bhóthair, an bhealaigh rochtana, an droichid nó an tolláin dhúnta sin maidir leis na nithe sin, nó
(c) bóthar, bealach rochtana, droichead nó tollán láithreach ionadúil a fheabhsú (trí atógáil, leathnú nó ar shlí eile) ionas go mbeidh sé in ann an trácht a iompar ar dócha dó é a úsáid agus nach lú a chaoithiúlacht, maidir le grádán agus cuar, go feadh méid shuntasaigh, ná caoithiúlacht an bhóthair phoiblí, an bhealaigh rochtana, an droichid nó an tolláin dhúnta sin maidir leis na nithe sin.
(4) I gcás ina ndéanfaidh an chuideachta bóthar, bealach rochtana, droichead nó tollán buan a thógáil ar mó go mór an buntáiste a thugann sé d'úsáideoirí ná an bóthar poiblí, an bealach rochtana, an droichead nó an tollán bunaidh, déanfaidh cibé údarás bóithre nó údaráis bhóithre a ordóidh an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil cibé cuid de chostas tógála an bhóthair, an bhealaigh rochtana, an droichid nó an tolláin sin a iompar agus a íoc leis an gcuideachta, agus i gcás dhá údarás bóithre nó níos mó den sórt sin, de réir cibé comhréireanna a ordóidh an tAire sin tar éis dul i gcomhairle leis an gcuideachta.
(5) I gcás inar gá claífort nó obair den tsamhail chéanna nó droichead nó tollán a thógáil le linn don chuideachta bóthar nó bealach rochtana nua a thógáil agus gurb é tuairim an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil gur ceart don chuideachta cuid de chostas cothabhála an chlaífoirt, na hoibre den tsamhail chéanna, an droichid nó an tolláin sin (seachas dromchla an bhóthair) a iompar, íocfaidh an chuideachta cibé cuid den chostas sin a ordóidh an tAire sin, tar éis dul i gcomhairle leis an gcuideachta.
(6) Ní dhéanfar toiliú i scríbhinn faoin alt seo a choimeád siar go mí-réasúnach agus féadfar é a thabhairt faoi réir cibé coinníollacha a bheidh sonraithe sa toiliú.
(7) Féadfaidh an chuideachta comhaontú a dhéanamh le húdarás bóithre chun go ndéanfaidh an t-údarás bóithre sin aon ní a n-údaraítear don chuideachta le fo-alt (1) é a dhéanamh agus féadfaidh sí a chomhaontú thairis sin íocaíocht a dhéanamh leis an údarás bóithre sin in aghaidh nó faoi chomhair an chostais a ghabhann le déanamh an ní sin ag an údarás bóithre sin.
CUID IV
Riarachán na Cuideachta
Meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais.
22.—(1) Déanfaidh an chuideachta agus a fochuideachtaí cibé bearta is gá faoi Achtanna na gCuideachtaí chun a meabhráin agus a n-airteagail chomhlachais a athrú d'fhonn iad a chur ar comhréir leis an Acht seo.
(2) D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, ní bheidh aon athrú ar mheabhrán comhlachais nó ar airteagail chomhlachais na cuideachta bailí ná éifeachtach mura ndéanfar é le ceadú roimh ré ón Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.
(3) Forálfar in airteagail chomhlachais na cuideachta—
(a) nach mó ná 9 líon stiúrthóirí na cuideachta;
(b) go gceapfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, gach stiúrthóir díobh sin;
(c) go ndéanfar gach stiúrthóir díobh sin a cheapadh go ceann tréimhse nach faide ná 5 bliana agus go mbeidh siad inathcheaptha;
(d) go mbeidh triúr de stiúrthóirí na cuideachta ina ndaoine a cheapfar faoi na hAchtanna um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 go 1993, agus a bheidh toilteanach glacadh le hoifig;
(e) go bhféadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, gach stiúrthóir díobh sin a chur as oifig;
(f) go mbeidh gach stiúrthóir díobh sin i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais;
(g) nach ndéanfaidh an chuideachta ná fochuideachta de chuid na cuideachta fochuideachta a bhunú nó a fháil, ná ráthaíocht a thabhairt ar iasachtaí nó ar dhliteanais fochuideachta, gan ceadú an Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais;
(h) nach rachaidh an méid comhiomlán a bheidh arna infheistiú (trí cheannach scaireanna nó trí sholáthar iasachtaí nó ráthaíochtaí ar iasachtaí) ag an gcuideachta agus a fochuideachtaí i ngnóthais (seachas fochuideachtaí de chuid na cuideachta) thar cibé méid a chinnfidh an tAire ó am go ham, le ceadú an Aire Airgeadais.
(4) Ní fholóidh tagairt i mír (b) d'fho-alt (3) tagairt d'fhostaístiúrthóir.
(5) D'ainneoin aon ní san alt seo, leanfaidh duine, a bhí i seilbh oifige mar stiúrthóir den chuideachta roimh thosach feidhme an Achta seo, in oifig mar stiúrthóir den sórt sin, faoi réir alt 33 agus na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar dá réir a ceapadh é nó í, go dtí deireadh na tréimhse ar ina leith a ceapadh é nó í, amhail is nár ritheadh an tAcht seo.
Príomhchuspóirí na cuideachta.
23.—(1) Is iad seo a leanas príomhchuspóirí na cuideachta, agus luafar i meabhrán comhlachais na cuideachta gurb iad príomhchuspóirí na cuideachta ná—
(a) aerfoirt a bheith ar úinéireacht aici, go hiomlán nó go páirteach, nó bainistiú a dhéanamh ar aerfoirt, ina haonar nó i gcomhpháirt le duine eile, cibé acu atá nó nach bhfuil na haerfoirt sin laistigh den Stát,
(b) gach beart cuí a dhéanamh maidir le sábháilteacht, slándáil, bainistiú, rialú, rialáil, oibriú, margú agus forbairt a cuid aerfort,
(c) cibé saoráidí, seirbhísí, cóiríocht agus tailte a chur ar fáil, ag aerfoirt a bheidh ar úinéireacht nó á mbainistiú ag an gcuideachta, d'aerárthaí, do phaisinéirí, do lasta agus do phost a mheasfaidh sí a bheith riachtanach,
(d) infheistíocht a chur chun cinn ag a haerfoirt,
(e) gabháil d'aon ghníomhaíocht ghnó, ina haonar nó i gcomhar le daoine eile agus laistigh den Stát nó lasmuigh de, a mheasfaidh sí a bheith buntáisteach d'fhorbairt na cuideachta, agus
(f) na daon-acmhainní agus na hábhar-acmhainní a bheidh ar fáil di a úsáid, a bhainistiú agus a fhorbairt ar shlí a bheidh i gcomhréir leis na cuspóirí réamhráite.
(2) Ní choiscfidh nó ní shrianfaidh aon ní san alt seo na cuspóirí agus na cumhachtaí sin uile, a bheidh riachtanach nó cuí le réasún chun príomhchuspóirí na cuideachta a bhaint amach go cuí, nó a bheidh comhghabhálach nó coimhdeach leis sin, agus nach mbeidh ar neamhréir leis an Acht seo, a chur san áireamh i measc chuspóirí na cuideachta mar atá luaite ina meabhrán comhlachais.
(3) Beidh cumhacht ag an gcuideachta aon ní a dhéanamh is dóigh léi a bheith riachtanach, buntáisteach nó comhghabhálach maidir le comhlíonadh a feidhmeanna aici, nó is dóigh léi a éascóidh, go díreach nó go neamhdhíreach, comhlíonadh a feidhmeanna aici, mar a shonraítear san Acht seo nó ina meabhrán comhlachais iad, agus nach bhfuil ar neamhréir le haon achtachán a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.
Dualgais ghinearálta na cuideachta.
24.—(1) Is é dualgas ginearálta na cuideachta—
(a) a cuid gnóthaí a sheoladh ionas go n-áirithítear nach mbeidh ioncaim na cuideachta, agus blianta a ghlacadh le chéile, níos lú ná méid is leor—
(i) chun gach muirear a ghlanadh atá inmhuirearaithe go cuí ar a cuntas ioncaim,
(ii) chun comhréir réasúnach den chaipiteal a theastaíonn uaithi a ghiniúint, agus
(ii) chun a caipiteal a chúiteamh agus ús a íoc ar a hiasachtaí agus a hiasachtaí a aisíoc,
(b) cibé bearta a ghlacadh, ina haonar nó i gcomhar le daoine eile, a bheidh riachtanach maidir le hoibriú éifeachtach, sábháilteacht, bainistiú agus forbairt a haerfort,
(c) a gnó a sheoladh gach uile thráth ar shlí chost-éifeachtach, agus
(d) oibríochtaí a rialáil laistigh dá haerfoirt.
(2) Ní dhéanfar aon ní in alt 23, san alt seo ná i meabhrán comhlachais na cuideachta a fhorléiriú mar ní a fhorchuireann ar an gcuideachta, go díreach nó go neamhdhíreach, aon chineál dualgais nó dliteanais is infheidhmithe le himeachtaí os comhair aon chúirte nach mbeadh sí faoina réir thairis sin.
(3) Le linn a feidhmeanna a chomhlíonadh, tabharfaidh an chuideachta aird—
(a) ar fhorbairt aeriompair,
(b) ar aon treoirlínte beartais, airgeadais nó eile a thabharfaidh an tAire don chuideachta, i ndáil leis na feidhmeanna a thugtar don chuideachta leis an Acht seo nó faoi, agus
(c) ar na caighdeáin sábháilteachta a bhaineann le hoibriú aerárthaí agus le haerloingseoireacht agus a bheidh á bhfeidhmiú agus á gcur chun feidhme ag an Údarás.
Feidhmeanna breise a thabhairt don chuideachta.
25.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus tar éis dul i gcomhairle le cibé Aire eile den Rialtas (más ann) a mheasfaidh sé nó sí a bheith cuí, le hordú, cibé feidhmeanna breise a bhainfidh le feidhmeanna na cuideachta de thuras na huaire a mheasfaidh sé nó sí a bheith cuí a thabhairt don chuideachta, ach sin faoi réir cibé coinníollacha (más ann) a shonrófar san ordú.
(2) Féadfaidh cibé forálacha comhghabhálacha agus forlíontacha is gá, i dtuairim an Aire, chun lánéifeacht a thabhairt d'ordú faoin alt seo a bheith san ordú.
Cuid d'aerfoirt na cuideachta a leithreasú chuig úsáid daoine eile.
26.—(1) Féadfaidh an chuideachta aon chuid d'aerfort a bheidh dílsithe di le halt 14 nó a bheidh ar úinéireacht ag an gcuideachta nó á bhainistiú aici de réir alt 16 a leithreasú chuig úsáid aon duine chun críocha aon trádála, gairme nó gníomhaíochta eile i gcomaoin cibé muirir a íoc léi agus de réir cibé coinníollacha a mheasfaidh an chuideachta a bheith réasúnach.
(2) Ní bheidh aon duine i dteideal a bheith ag gabháil d'aon trádáil nó gairm in aerfort dá dtagraítear i bhfo-alt (1) gan toiliú na cuideachta.
(3) Beidh duine a sháróidh fo-alt (2) ciontach i gcion.
Cathaoirleach an bhoird stiúrthóirí.
27.—(1) Ceapfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cathaoirleach bhord stiúrthóirí na cuideachta (dá ngairtear “an cathaoirleach” anseo ina dhiaidh seo san Acht seo).
(2) Ceapfar an cathaoirleach go ceann tréimhse nach faide ná 5 bliana agus beidh sé nó sí in-athcheaptha.
(3) Féadfaidh an tAire an cathaoirleach a chur as oifig aon tráth, le toiliú an Aire Airgeadais.
(4) Beidh an cathaoirleach i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.
(5) Duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, i seilbh oifige mar chathaoirleach na cuideachta (cibé acu a thuairiscítear nó nach dtuairiscítear amhlaidh é nó í), leanfaidh sé nó sí, faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar dá réir a ceapadh an duine sin, in oifig mar chathaoirleach go dtí deireadh na tréimhse ar ina leith a ceapadh an duine sin amhail is nár ritheadh an tAcht seo.
Stiúrthóirí agus cathaoirligh fochuideachtaí don chuideachta.
28.—(1) D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, déanfaidh an cathaoirleach na stiúrthóirí de bhord aon fhochuideachta, a shonróidh an tAire le hordachán i scríbhinn, a cheapadh, agus féadfaidh sé nó sí iad a chur as oifig, le toiliú an Aire roimh ré i scríbhinn.
(2) D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, féadfar an cathaoirleach (cibé acu a thuairiscítear nó nach dtuairiscítear amhlaidh é nó í), ar a ainmniúchán nó ar a hainmniúchán féin, agus le toiliú an Aire i scríbhinn, a cheapadh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar fhochuideachta agus féadfaidh an tAire é nó í a chur as oifig.
(3) Duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, i seilbh oifige mar stiúrthóir nó mar chathaoirleach (cibé acu a thuairiscítear nó nach dtuairiscítear amhlaidh é nó í) ar an mbord stiúrthóirí d'fhochuideachta, leanfaidh sé nó sí, faoi réir alt 33 agus na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar dá réir a ceapadh an duine sin, in oifig mar stiúrthóir nó mar chathaoirleach go dtí deireadh na tréimhse ar ina leith a ceapadh an duine sin mar stiúrthóir nó mar chathaoirleach amhail is nár ritheadh an tAcht seo.
(4) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “fochuideachta” cuideachta a bhfuil na scaireanna eisithe go léir ina scairchaipiteal á sealbhú ag an gcuideachta nó thar ceann na cuideachta.
Príomhfheidhmeannach.
29.—(1) Beidh príomhfheidhmeannach ag an gcuideachta (ar a dtabharfar agus dá ngairtear “an Príomhfheidhmeannach” san alt seo).
(2) Ceapfaidh stiúrthóirí na cuideachta an Príomhfheidhmeannach agus féadfaidh siad é nó í a chur as oifig.
(3) D'ainneoin aon ní san alt seo, leanfaidh an duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, i seilbh oifige mar Phríomhfheidhmeannach na cuideachta, in oifig mar Phríomhfheidhmeannach go dtí deireadh na tréimhse ar ina leith a ceapadh an duine sin amhail is nár ritheadh an tAcht seo.
(4) Beidh an Príomhfheidhmeannach i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus faoina réir (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha i ndáil le luach saothair agus liúntais) a chinnfidh stiúrthóirí na cuideachta, le toiliú an Aire arna thabhairt le ceadú an Aire Airgeadais.
(5) Beidh an Príomhfheidhmeannach ina stiúrthóir, ex officio, den chuideachta.
Cuntais agus iniúchadh.
30.—(1) Gan dochar do cheanglais Achtanna na gCuideachtaí i ndáil le cláir chomhardaithe agus cuntais, coimeádfaidh an chuideachta, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, gach cuntas is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhaidh sí nó a chaithfidh sí, lena n-áirítear cuntas sochair agus dochair, cuntas ina dtaispeántar díorthú chistí na cuideachta agus na críocha a n-úsáidtear ina leith iad (dá ngairtear “an ráiteas faoi shreabhadh airgid” i bhfo-alt (2)) agus clár comhardaithe agus, go háirithe, coimeádfaidh sí san fhoirm sin a dúradh na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire ó am go ham.
(2) Déanfaidh an chuideachta cuntais a choimeádfar de bhun fho-alt (1) a chur faoi bhráid iniúchóra gach bliain lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta sin, déanfaidh an chuideachta cóipeanna den chuntas sochair agus dochair, an ráiteas faoi shreabhadh airgid, an clár comhardaithe, cibé cuntais eile (más ann) de na cuntais a bheidh á gcoimeád ag an gcuideachta a ordóidh an tAire, tuarascáil an iniúchóra ar na cuntais agus tuarascáil na stiúrthóirí chuig na scairshealbhóirí don bhliain chuntasaíochta a bheidh i gceist, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
(3) Déanfaidh an chuideachta, má cheanglaíonn an tAire uirthi é, cibé faisnéis a chur ar fáil don Aire a bheidh ag teastáil uaidh nó uaithi i leith aon chláir comhardaithe nó cuntais eile nó i leith aon tuarascála ón gcuideachta nó ó aon fhochuideachta dá cuid nó i ndáil le beartas agus oibríochtaí (seachas oibríochtaí ó lá go lá) na cuideachta nó aon fhochuideachta dá cuid.
Tuarascáil an chathaoirligh.
31.—(1) Déanfaidh an cathaoirleach, díreach tar éis iniúchadh dá dtagraítear i bhfo-alt (2) d'alt 30, tuarascáil i scríbhinn a thabhairt don Aire faoi ghníomhaíochtaí na cuideachta agus faoi ghníomhaíochtaí aon fhochuideachtaí le linn na bliana sin.
(2) Áireofar i dtuarascáil faoin alt seo—
(a) ráiteas faoi gach forbairt shuntasach a bhfuil baint ag an gcuideachta léi agus a tharla an bhliain sin (lena n-áirítear an chuideachta d'fháil scaireanna nó do bhunú fochuideachtaí),
(b) tuairisc ar na nithe a cheapann an cathaoirleach a éireoidh an bhliain chuntasaíochta díreach tar éis na bliana sin (nó, i gcás a measfaidh an cathaoirleach é a bheith oiriúnach in aon chás áirithe, aon bhliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin) a d'fhéadfadh difear a dhéanamh go feadh aon mhéid shuntasaigh don chuideachta,
(c) ráiteas, de réir mar is fearr is eol don chathaoirleach nó mar a chreideann sé nó sí, i dtaobh ar comhlíonadh gach ceann de na nithe seo a leanas, maidir leis an gcuideachta, nó ar cloíodh leo, eadhon—
(i) ceanglais an Achta seo nó aon achtacháin eile i ndáil le cuntais na cuideachta agus ráitis i dtaobh ghnóthaí airgeadais na cuideachta,
(ii) treoirlínte arna n-eisiúint ag an Rialtas, ag an Aire nó ag an Aire Airgeadais, i ndáil le cuntais fiontar Stáit nó ráitis i leith ghnóthaí airgeadais na cuideachta,
(iii) alt 34,
(iv) aon chód cleachtais do stiúrthóirí agus comhaltaí foirne fiontar Stáit arna n-eisiúint ag an Rialtas, ag an Aire nó ag an Aire Airgeadais,
(v) rialacháin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, nó treoirlínte arna n-eisiúint ag an Rialtas, ag an Aire nó ag an Aire Airgeadais, i ndáil le húdarás poiblí do dhéanamh conartha le haon duine maidir leis an duine sin do sholáthar earraí nó seirbhísí don údarás sin,
(vi) aon treoirlínte arna n-eisiúint ag an Rialtas, ag an Aire nó ag an Aire Airgeadais i ndáil leis an luach saothair a bheidh le híoc ag fiontair Stáit lena bpríomhfheidhmeannaigh,
(d) i gcás ina luafar nár comhlíonadh ceann amháin nó níos mó de na nithe dá dtagraítear i mír (c), míniú (a mhéid atá an cathaoirleach in ann míniú a thabhairt) ar an gcúis gur mainníodh é nó iad a chomhlíonadh.
(3) San fho-alt seo, ciallaíonn “fiontar Stáit” cuideachta (de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí) a bhfuil aon scair amháin nó níos mó ina scairshealbhán arna sealbhú ag Aire den Rialtas agus a bhfuil a príomhchuspóirí (mar atá luaite ina meabhrán comhlachais) forordaithe go hiomlán nó go páirteach le reacht.
Scéimeanna aoisliúntais.
32.—(1) Féadfaidh an chuideachta scéim nó scéimeanna chun sochair aoisliúntais a dheonú do cibé comhaltaí is cuí léi d'fhoireann na cuideachta nó d'fhoireann fochuideachtaí de chuid na cuideachta (lena n-áirítear an Príomhfheidhmeannach), nó ina leith, a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire agus déanfaidh an chuideachta an scéim sin, má cheadaíonn an tAire le toiliú an Aire Airgeadais í, a chur i gcrích de réir a téarmaí.
(2) Socróidh gach scéim lena mbaineann fo-alt (1) tráth agus coinníollacha scoir gach duine a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim, agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.
(3) Féadfar gach scéim faoin alt seo, lena n-áirítear scéim faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm le scéim ina dhiaidh sin a ullmhófar, a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar sa tslí chéanna le scéim lena mbaineann fo-alt (1).
(4) Déanfaidh an chuideachta scéim a ullmhóidh an chuideachta agus a chuirfidh sí faoi bhráid an Aire faoi fho-alt (3), má cheadaíonn an tAire le toiliú an Aire Airgeadais í, a chur i gcrích de réir a téarmaí.
(5) Maidir le haon ní san alt seo, ní mheasfar gur ní é lena gcuirtear scéim láithreach ó bhail.
(6) Ní dhéanfaidh an chuideachta scéim lena leasaítear nó lena gcúlghairtear scéim láithreach a chur i gcrích ach amháin i gcás ina mbeidh sí ceadaithe ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais.
(7) Ní dheonóidh an chuideachta aon sochar aoisliúntais ná ní dhéanfaidh sí aon socruithe eile chun sochar den sórt sin a sholáthar do chomhalta d'fhoireann na cuideachta nó d'fhoireann fochuideachta de chuid na cuideachta, nó ina leith, ach amháin—
(a) de réir scéime faoin alt seo nó scéime láithrí, nó
(b) le ceadú an Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.
(8) Déanfaidh an chuideachta, ar thosach feidhme scéime faoi fho-alt (1), ciste a bhunú (dá ngairtear an “ciste nua” san alt seo), arna riaradh ag iontaobhaithe a cheapfaidh an chuideachta, ar ciste é as a n-íocfar sochair aoisliúntais is iníoctha faoin scéim sin.
(9) Ar thosach feidhme scéime faoi fho-alt (1) (dá ngairtear an “scéim nua” san alt seo)—
(a) na comhaltaí sin agus na hiarchomhaltaí sin d'fhoireann na cuideachta nó d'fhoireann fochuideachtaí de chuid na cuideachta a bhí, díreach roimh an tosach feidhme sin, ina gcomhaltaí den tseanscéim, tiocfaidh siad chun bheith, agus beidh siad, ina gcomhaltaí den scéim nua agus scoirfidh siad de bheith ina gcomhaltaí den tseanscéim,
(b) déanfaidh iontaobhaithe na seanscéime méid a bhfuil idir é agus sócmhainní na seanscéime an chomhréir chéanna atá, i dtuairim iontaobhaithe na seanscéime ar chomhairle achtúire na seanscéime, idir na dliteanais faoin seanscéim—
(i) i leith na gcomhaltaí den tseanscéim dá dtagraítear i mír (a), agus
(ii) i leith comhaltaí éagtha,
agus na dliteanais uile faoin tseanscéim, a aistriú ón seanchiste chuig an gciste nua, agus
(c) aon tréimhse seirbhíse atá ag duine leis an gcuideachta nó le fochuideachta de chuid na cuideachta ar thréimhse seirbhíse ináirithe í chun críocha na seanscéime, measfar gur tréimhse seirbhíse ináirithe í chun críocha na scéime nua.
(10) Maidir le sochair aoisliúntais a dheonófar faoin scéim nua do dhaoine a bhí, díreach roimh thosach feidhme na scéime sin, ina gcomhaltaí den tseanscéim agus maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis na sochair sin ní lú fabhar iad do na daoine sin ná na sochair, na téarmaí agus na coinníollacha sin a raibh siad ina dteideal faoin tseanscéim.
(11) (a) I gcás ina n-éireoidh díospóid idir iontaobhaithe na seanscéime agus an chuideachta nó cuideachta eile a bheidh rannpháirteach sa tseanscéim maidir leis an méid a aistreofar ón seanchiste chuig an gciste nua faoi fho-alt (9)(b), nó maidir leis an tslí a ríomhadh an méid sin, féadfar an t-ábhar a tharchur chuig duine a ainmneoidh na páirtithe sa díospóid nó, mura féidir leo sin comhaontú i dtaobh an duine a ainmneofar chun na críche sin, chuig duine a ainmneoidh an tAire.
(b) Is cinneadh críochnaitheach é cinneadh duine a ainmneofar faoi mhír (a).
(12) Beidh céile, leanbh nó cleithiúnaí comhalta éagtha a bhí, díreach roimh thosach feidhme na scéime nua, i dteideal sochair aoisliúntais a fháil faoin tseanscéim, i dteideal sochair aoisliúntais a fháil faoin scéim nua ar théarmaí agus ar choinníollacha nach lú fabhar don chéile, don leanbh nó don chleithiúnaí sin ná na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir leis nó léi faoin tseanscéim.
(13) Má éiríonn aon díospóid maidir le héileamh aon duine ar aon sochar aoisliúntais, nó maidir le méid aon sochair aoisliúntais, is iníoctha de bhun scéime nó scéimeanna faoin alt seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus déanfaidh an tAire í a tharchur chuig an Aire Airgeadais le cinneadh a dhéanamh uirthi.
(14) Déanfar scéim faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach díobh sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.
(15) Déanfaidh iontaobhaithe na seanscéime, a luaithe is indéanta tar éis thosach feidhme na scéime nua ach faoi réir cheadú an Aire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé leasuithe ar an tseanscéim a mheasfaidh siad a bheith riachtanach de dhroim oibriú an ailt seo.
(16) San alt seo—
ciallaíonn “comhalta éagtha”, faoi réir fho-alt (17), comhalta éagtha den tseanscéim a bhí ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann na cuideachta nó d'fhoireann fochuideachta de chuid na cuideachta;
ciallaíonn “scéim láithreach”—
(a) an tseanscéim, nó
(b) scéim chun sochair aoisliúntais a dheonú d'aon chomhaltaí d'fhoireann Aer Rianta International cuideachta phoiblí theoranta nó Great Southern Hotels Limited, nó ina leith, ar scéim í a bheidh i ngníomh tráth thosach feidhme an Achta seo, agus folaíonn sé, mar a gceadaítear sin sa chomhthéacs, tagairt don scéim sin arna leasú le scéim lena mbaineann fo-alt (6),
de réir mar is cuí;
ciallaíonn “an seanchiste” an ciste a bunaíodh i leith na seanscéime;
ciallaíonn “an tseanscéim” an scéim chun sochair aoisliúntais a dheonú d'aon chomhaltaí d'fhoireann na cuideachta nó d'fhoireann fochuideachta de chuid na cuideachta (seachas Aer Rianta International cuideachta phoiblí theoranta nó Great Southern Hotels Limited), ar scéim í a bheidh i ngníomh tráth thosach feidhme an Achta seo agus folaíonn sé, mar a gceadaítear sin sa chomhthéacs, tagairt don scéim sin arna leasú le scéim lena mbaineann fo-alt (6).
(17) San alt seo, ní fholóidh tagairt d'iarchomhaltaí d'fhoireann na cuideachta nó d'fhoireann fochuideachta de chuid na cuideachta, nó do chomhaltaí éagtha, tagairt d'iarchomhaltaí den sórt sin nó do chomhaltaí éagtha den sórt sin, de réir mar a bheidh, a tháinig chun bheith, agus a bhí, tar éis dóibh scor de bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann na cuideachta nó d'fhoireann fochuideachta de chuid na cuideachta, ina gcomhaltaí d'fhoireann cuideachta, seachas an chuideachta nó fochuideachta de chuid na cuideachta, a bhí rannpháirteach sa tseanscéim.
Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa.
33.—(1) Más rud é, maidir le stiúrthóir den chuideachta nó d'fhochuideachta de chuid na cuideachta—
(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann,
(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa, nó
(c) go measfar, de bhun alt 19 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh,
scoirfidh sé nó sí air sin de bheith ina stiúrthóir den chuideachta nó d'fhochuideachta de chuid na cuideachta, de réir mar a bheidh.
(2) Más rud é, maidir le duine a bheidh fostaithe ag an gcuideachta nó ag fochuideachta de chuid na cuideachta—
(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann,
(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa, nó
(c) go measfar, de bhun alt 19 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh,
beidh sé nó sí air sin ar iasacht ó fhostaíocht ag an gcuideachta nó ag fochuideachta de chuid na cuideachta, de réir mar a bheidh, agus ní íocfaidh an chuideachta nó an fhochuideachta de chuid na cuideachta leis nó léi, ná ní bheidh sé nó sí i dteideal go bhfaighidh sé nó sí ón gcuideachta nó ón bhfochuideachta, aon luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach an tráth a ainmneofar nó a thoghfar é nó í amhlaidh, nó an tráth a mheasfar amhlaidh é nó í a bheith tofa (de réir mar a bheidh) agus dar críoch an tráth a scoirfidh an duine sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach nó den Pharlaimint sin.
(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir den chuideachta nó d'fhochuideachta de chuid na cuideachta nó chun bheith fostaithe i gcáil ar bith ag an gcuideachta nó ag fochuideachta de chuid na cuideachta.
(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt lena dtoirmisctear tréimhse atá luaite ann a ríomh mar sheirbhís leis an gcuideachta nó le fochuideachta de chuid na cuideachta chun críocha aon phinsean, aiscí nó liúntas eile is iníoctha ar éirí as, ar scor nó ar bhás.
Stiúrthóirí do nochtadh leasanna áirithe.
34.—(1) Más rud é go n-éireoidh aon cheann de na nithe seo a leanas ag cruinniú de stiúrthóirí na cuideachta nó aon fhochuideachta dá cuid, eadhon—
(a) comhshocraíocht ar páirtí inti an chuideachta nó fochuideachta de chuid na cuideachta nó comhshocraíocht den sórt sin atá beartaithe,
(b) conradh nó comhaontú eile leis an gcuideachta nó le fochuideachta de chuid na cuideachta nó conradh nó comhaontú eile den sórt sin atá beartaithe,
(c) an chuideachta nó fochuideachta de chuid na cuideachta do thabhairt, do dheonú nó d'athnuachan deimhnithe, léasa, ceadúnais, údaraithe nó ionstraime ceadaithe, nó
(d) an chuideachta nó fochuideachta de chuid na cuideachta do chúlghairm, do chealú, d'aistarraingt, d'fhionraí nó d'fhormhuiniú deimhnithe, ceadúnais, údaraithe nó ionstraime ceadaithe,
ansin, aon stiúrthóir den chuideachta nó den fhochuideachta chéadluaite atá i láthair ag an gcruinniú agus ag a bhfuil leas, seachas ina cháil nó ina cáil mar stiúrthóir den sórt sin, sa ní ar aon slí, cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach—
(i) nochtfaidh sé nó sí an leas sin agus cineál an leasa don chuideachta nó don fhochuideachta chéadluaite ag an gcruinniú,
(ii) ní imreoidh sé nó sí aon tionchar, ná ní fhéachfaidh le haon tionchar a imirt, ar chinneadh a bheidh le déanamh i ndáil leis an ní,
(iii) ní bheidh sé nó sí i láthair ag an gcruinniú nó ag an gcuid sin den chruinniú ar lena linn a phléifear an ní,
(iv) ní ghlacfaidh sé nó sí aon pháirt in aon bhreithniú a dhéanfaidh na stiúrthóirí maidir leis an ní, agus
(v) ní vótálfaidh sé nó sí ar chinneadh a bhaineann leis an ní.
(2) I gcás ina nochtfar leas de bhun an ailt seo, déanfar an nochtadh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann agus, fad a bheidh an cruinniú ag déileáil leis an ní lena mbaineann an nochtadh, ní áireofar an stiúrthóir a dhéanfaidh an nochtadh sa chóram don chruinniú.
(3) Más rud é, ag cruinniú de stiúrthóirí na cuideachta nó fochuideachta de chuid na cuideachta, go n-éireoidh ceist i dtaobh cé acu ab ionann nó nárbh ionann iompar áirithe, dá ndéanfadh stiúrthóir den chuideachta nó d'fhochuideachta de chuid na cuideachta dá réir, agus mainneachtain aige nó aici ceanglais fho-alt (1) a chomhlíonadh, féadfaidh cathaoirleach an chruinnithe, a mbeidh a chinneadh nó a cinneadh críochnaitheach, an cheist a chinneadh, agus i gcás ina ndéanfar ceist den sórt sin a chinneadh amhlaidh, déanfar sonraí an chinnidh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe.
(4) I gcás inar deimhin leis an Aire gur sháraigh stiúrthóir fo-alt (1), féadfaidh an tAire, más cuí leis nó léi, agus le toiliú an Aire Airgeadais, an stiúrthóir sin a chur as oifig agus, i gcás ina gcuirfear duine as oifig de bhun an fho-ailt seo, beidh sé nó sí dícháilithe as sin amach chun bheith ina stiúrthóir den chuideachta nó d'fhochuideachta de chuid na cuideachta.
(5) Ní bheidh feidhm ag alt 194 d'Acht 1963 maidir le stiúrthóir den chuideachta nó d'fhochuideachta de chuid na cuideachta.
(6) Beidh duine a mhainneoidh an t-alt seo a chomhlíonadh ciontach i gcion.
(7) Ní mheasfar go ndéanann aon ní san alt seo dochar d'oibriú aon riail dlí lena gcuirtear srian ar stiúrthóirí cuideachta aon leas a bheith acu i gconarthaí leis an gcuideachta.
Comhaltaí den fhoireann do nochtadh leasanna áirithe.
35.—(1) Más rud é, maidir le comhalta d'fhoireann na cuideachta nó d'fhoireann fochuideachta de chuid na cuideachta, go mbeidh leas aige nó aici, seachas ina cháil nó ina cáil mar chomhalta den sórt sin, in aon chonradh, comhaontú nó comhshocraíocht, nó in aon chonradh, comhaontú nó comhshocraíocht a bheidh beartaithe, inar páirtí an chuideachta nó an fhochuideachta nó i ní dá dtagraítear i mír (c) nó (d) d'fho-alt (1) d'alt 34—
(a) nochtfaidh an duine sin a leas agus cineál an leasa don chuideachta nó don fhochuideachta, de réir mar a bheidh,
(b) ní ghlacfaidh an duine sin aon pháirt i gcaibidil an chonartha, an chomhaontaithe nó na comhshocraíochta ná in aon bhreithniú ag stiúrthóirí, nó ag comhaltaí d'fhoireann, na cuideachta nó na fochuideachta i ndáil leis sin nó i ndáil leis an ní a dúradh, agus
(c) ní imreoidh an duine sin aon tionchar, ná ní fhéachfaidh le haon tionchar a imirt, ar chinneadh a bheidh le déanamh faoin ní ná ní dhéanfaidh sé nó sí aon mholadh i ndáil leis an gconradh, leis an gcomhaontú nó leis an gcomhshocraíocht nó i ndáil leis an ní a dúradh.
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le conarthaí nó conarthaí beartaithe fostaíochta de chuid comhaltaí d'fhoireann na cuideachta leis an gcuideachta, ná de chuid comhaltaí d'fhoireann fochuideachta de chuid na cuideachta leis an bhfochuideachta sin.
(3) Beidh duine a mhainneoidh an t-alt seo a chomhlíonadh ciontach i gcion.
Toirmeasc ar nochtadh neamhúdaraithe faisnéise rúnda.
36.—(1) Ní dhéanfaidh duine faisnéis rúnda a nochtadh a bheidh faighte aige nó aici le linn dualgais a chomhlíonadh mar stiúrthóir den chuideachta nó d'fhochuideachta de chuid na cuideachta nó mar chomhalta d'fhoireann na cuideachta nó fochuideachta de chuid na cuideachta, nó mar chomhairleoir nó sainchomhairleoir don chuideachta nó d'fhochuideachta de chuid na cuideachta, mura mbeidh sé nó sí údaraithe go cuí ag an gcuideachta nó ag an bhfochuideachta, de réir mar a bheidh, déanamh amhlaidh.
(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion.
(3) San alt seo, folaíonn “faisnéis rúnda”—
(a) faisnéis a mbeidh sé sainráite ina leith ag an gcuideachta nó ag an bhfochuideachta lena mbaineann gur faisnéis rúnda í maidir le faisnéis áirithe nó maidir le faisnéis d'aicme nó de thuairisc áirithe, agus
(b) tograí de chineál tráchtála nó tairiscintí a chuirfidh conraitheoirí, sainchomhairleoirí nó aon duine eile faoi bhráid na cuideachta.
Toirmeasc ar chumarsáidí áirithe.
37.—(1) Aon duine a dhéanfaidh cumarsáid le stiúrthóir nó le comhalta d'fhoireann na cuideachta nó fochuideachta de chuid na cuideachta, nó le comhairleoir nó sainchomhairleoir don chuideachta nó d'fhochuideachta de chuid na cuideachta, d'fhonn tionchar míchuí a imirt ar a bhreithniú nó a breithniú ar aon ní a bheidh le breithniú nó le cinneadh ag an gcuideachta nó ag an bhfochuideachta, de réir mar a bheidh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.
(2) Más dóigh le duine lena ndéantar cumarsáid gur sárú an chumarsáid sin ar fho-alt (1), beidh sé de dhualgas air nó uirthi gan aon aird eile a thabhairt ar an gcumarsáid agus cuirfidh sé nó sí ábhar na cumarsáide sin in iúl don chathaoirleach láithreach i scríbhinn agus tabharfaidh an cathaoirleach admháil i scríbhinn go bhfuair sé nó sí an fhaisnéis sin.
An tAire do thabhairt ordachán don chuideachta.
38.—(1) Féadfaidh an tAire ordachán i scríbhinn a thabhairt don chuideachta á cheangal uirthi—
(a) cinntí beartais de chineál ginearálta a chomhlíonadh arna ndéanamh ag an Aire i ndáil le feidhmeanna a shannfar don chuideachta leis an Acht seo nó faoi, nó
(b) aon ní a dhéanamh, nó staonadh ó aon ní a dhéanamh, lena mbaineann feidhm de chuid na cuideachta, a mbeidh sé riachtanach nó fóirsteanach ar mhaithe leis an leas náisiúnta, i dtuairim an Aire, é a dhéanamh nó staonadh óna dhéanamh.
(2) Má mheasann an chuideachta go rachadh comhlíonadh ordacháin aici faoi fho-alt (1) chun dochair do shábháilteacht aerárthaí, cuirfidh sí an méid sin in iúl don Aire agus don Údarás.
(3) Déanfaidh an tAire, le linn ordachán faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm, aird a thabhairt ar aon fhaisnéis a bheidh faighte aige nó aici faoi fho-alt (2).
(4) Déanfaidh an chuideachta ordachán faoin alt seo a chomhlíonadh.
CUID V
Forálacha i nDáil le Rialáil Aerfort
Muirir aerfoirt.
39.—(1) Féadfaidh an chuideachta a cheangal go n-íocfar muirir aerfoirt léi, i leith aerfort Stáit a úsáid, de réir cibé rátaí a chinnfidh sí ó am go ham, le ceadú an Aire.
(2) Féadfar dliteanas i ndáil le haon mhuirear is iníoctha de bhua fho-alt (1), maille le hús ar mhuirir den sórt sin i leith aon tréimhse a raibh na muirir dlite lena linn ach nár íocadh iad, a fhorchur ar oibritheoir nó ar úinéir cláraithe aerárthaigh, cibé acu atá an t-aerárthach sin cláraithe sa Stát nó nach bhfuil sé cláraithe amhlaidh, nó ar an úinéir sin agus ar an oibritheoir sin araon.
(3) Chun measúnú agus bailiú muirear is iníoctha de bhua fho-alt (1) a urasú, déanfaidh oibritheoir nó úinéir cláraithe aerárthaigh—
(a) cibé taifid ar ghluaiseacht aerárthaí, ar thonnáiste, aicme agus tuairisc aerárthaí, ar an líon paisinéirí nó ar thoilleadh agus ar chineálacha an lasta a iompraítear orthu agus ar cibé sonraí eile a bhaineann le haerárthaí, paisinéirí nó lasta a shonróidh an chuideachta,
(b) gach taifead lena mbaineann an fo-alt seo a chaomhnú ar feadh cibé tréimhse a shonróidh an chuideachta,
(c) taifid lena mbaineann an fo-alt seo a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh ag duine údaraithe, cibé tráthanna a cheanglóidh duine údaraithe orthu déanamh amhlaidh, agus
(d) cibé sonraí ar aon taifid den sórt sin a shonróidh an chuideachta a thabhairt don chuideachta.
(4) (a) Gan dochar d'alt 40, beidh muirir is iníoctha leis an gcuideachta de bhua fho-alt (1), maille le hús ar mhuirir den sórt sin i ndáil le haon tréimhse a raibh na muirir dlite lena linn ach nár íocadh iad, inghnóthaithe ag an gcuideachta mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.
(b) Folaíonn an tagairt i mír (a) do mhuirir is iníoctha leis an gcuideachta tagairt d'aon iarmhéid de mhéid muirear den sórt sin a bheidh fós dlite don chuideachta tar éis di aerárthach a dhíol faoi alt 40 chun íoc as na muirir sin.
(5) (a) Beidh oibritheoir nó úinéir cláraithe aerárthaigh, a dhiúltóidh nó a mhainneoidh aon taifead dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a thabhairt don chuideachta nuair a iarrfaidh an chuideachta air nó uirthi déanamh amhlaidh, ciontach i gcion.
(b) Aon oibritheoir nó úinéir cláraithe aerárthaigh a mhainneoidh na muirir a fhorchuirfidh an chuideachta faoi fho-alt (1) a íoc, beidh sé nó sí, gan dochar d'aon imeachtaí nó bearta a bheidh glactha nó le glacadh chun na muirir a ghnóthú faoi fho-alt (4) nó alt 40, ciontach i gcion.
(6) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices (Fees) Act, 1879, maidir le muirir aerfoirt.
Coinneáil agus díol aerárthaí mar gheall ar mhuirir aerfoirt neamhíoctha.
40.—(1) I gcás ina mainneoidh duine (dá ngairtear “an mainnitheoir” san alt seo) muirir a íoc a fhorchuirfidh an chuideachta faoi alt 39, féadfaidh an chuideachta, faoi réir fhorálacha an ailt seo, go dtí go n-íocfar na muirir sin—
(a) an t-aerárthach ar tabhaíodh na muirir ina leith a choinneáil (cibé acu a thabhaigh nó nár thabhaigh an duine arb é nó í oibritheoir nó úinéir cláraithe an aerárthaigh é nó í an tráth a thosaíonn an choinneáil iad), nó
(b) aon aerárthach eile a choinneáil arb é nó í an mainnitheoir a oibritheoir nó a úinéir cláraithe,
agus féadfaidh sí, mura n-íocfar na muirir laistigh de 56 lá ón dáta a thosaíonn an choinneáil, an t-aerárthach a dhíol, faoi réir fho-alt (4), d'fhonn íoc as na muirir.
(2) Ní dhéanfaidh an chuideachta aerárthach a choinneáil, ná ní leanfaidh sí d'aerárthach a choinneáil, faoi fho-alt (1) más rud é go n-éileoidh oibritheoir nó úinéir cláraithe an aerárthaigh nó aon duine a éilíonn leas a bheith aige nó aici san aerárthach nach bhfuil na muirir lena mbaineann, nó aon cheann díobh, dlite agus go dtabharfaidh sé nó sí don chuideachta, go dtí go gcinnfear an cheist i dtaobh an bhfuil nó nach bhfuil na muirir dlite, urrús leordhóthanach arna chinneadh ag an gcuideachta i gcomhair íocaíocht na muirear a líomhnóidh an chuideachta a bheith dlite.
(3) Chun coinneáil aerárthaigh a chur i gcrích faoi fho-alt (1), féadfaidh duine údaraithe dul isteach san aerárthach agus gach rud a dhéanamh i ndáil leis an aerárthach is gá chun na críche sin nó a ghabhann leis an gcríoch sin.
(4) Má bheartaíonn an chuideachta aerárthach a bheidh coinnithe aici faoi fho-alt (1) a dhíol, déanfaidh sí iarratas chun na hArd-Chúirte chun cead a fháil an t-aerárthach a dhíol agus tabharfaidh an Ard-Chúirt an cead sin má shuitear—
(a) go bhfuil suim dlite don chuideachta as muirir aerfoirt,
(b) gur mainníodh an tsuim a íoc, agus
(c) maidir leis an aerárthach a mbeidh an chuideachta ag lorg cead ina leith chun é a dhíol, go ndlitear é a dhíol faoi fho-alt (1) mar gheall ar an mainneachtain sin.
(5) (a) Má bheartaíonn an chuideachta iarratas a dhéanamh chun cead a fháil aerárthach a dhíol faoi fho-alt (4), déanfaidh sí cibé bearta is indéanta chun an t-iarratas beartaithe a chur in iúl do dhaoine ar dócha go ndéanfaidh cinneadh na cúirte maidir leis difear dá leasanna.
(b) Má mhainníonn an chuideachta ceanglas den fho-alt seo a chomhlíonadh i leith aon díola, ní bheidh an mhainneachtain sin, tar éis an díol a bheith déanta, ina foras chun cur i gcoinne bhailíocht an díola sin, ach ní dhéanfaidh an mhír seo dochar d'aon chaingean i gcomhair damáistí in aghaidh na cuideachta ag duine a d'fhulaing caillteanas de dhroim mainneachtana a dúradh.
(6) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i leith ordaithe cúirte lena dtugtar cead faoi fho-alt (4) aerárthach a dhíol (dá ngairtear “an t-ordú” san fho-alt seo) agus i leith dhíol an aerárthaigh de bhun ordaithe den sórt sin:
(a) beidh san ordú dearbhú go mbeidh an ceart ag an gcuideachta an t-aerárthach a aistriú agus beidh an chuideachta, de bhua an dearbhaithe sin, i dteideal an t-aerárthach a aistriú ar an modh céanna agus go feadh an mhéid chéanna a bheadh sí i dteideal a dhéanamh dá mba í a úinéir í;
(b) oibreoidh an díol chun an t-aerárthach a dhílsiú don cheannaitheoir, saor ó gach morgáiste, lian, muirear nó leas eile ann d'aon chineál ar bith, agus ní theastóidh ón gceannaitheoir aon fhianaise eile ar an teideal chun an aerárthaigh seachas cóip, arna deimhniú ag an gcuideachta, den ordú.
(7) I gcás ina ndéanfaidh an chuideachta aerárthach, arna chlárú faoi alt 9 nó 10 d'Acht 1946 nó alt 58 d'Acht 1993, a dhíol de réir an ailt seo, déanfaidh sí, le fógra i scríbhinn, an díol a chur in iúl don Údarás agus beidh sonraí faoin díol san fhógra sin.
(8) Má dhíolann an chuideachta aerárthach faoin alt seo, cinnteoidh sí go ndéanfar an t-aerárthach a dhíol ar an bpraghas is fearr is féidir a fháil go réasúnach.
(9) Déanfar fáltais díola faoin alt seo a chur chun feidhme mar a leanas, agus san ord seo a leanas, is é sin le rá—
(a) chun aon dleacht (cibé acu dleacht custam nó dleacht máil) nó aon cháin bhreisluacha is inmhuirearaithe ar an aerárthach, sa Stát, a íoc,
(b) chun na caiteachais a thabhóidh an chuideachta maidir le coinneáil, coimeád agus díol an aerárthaigh (lena n-áirítear na caiteachais i dtaca le haon iarratas chun cúirte faoi fho-alt (4)) a íoc,
(c) chun na muirir seo a leanas a íoc de réir fho-alt (10)—
(i) na muirir aerfoirt a chinnfear a bheith dlite den mhainnitheoir don chuideachta, ar iarratas faoi fho-alt (4), agus
(ii) muirir faoi alt 43 nó 44 d'Acht 1993 a chinnfidh cúirt a bheith dlite den mhainnitheoir don Údarás, d'Eurocontrol nó don Aire,
agus déanfar barrachas na bhfáltas sin, más ann, a íoc leis an duine nó leis na daoine a ndéanfar dídhílsiú ar a leas nó ar a leasanna san aerárthach.
(10) Déanfar fáltais díola faoin alt seo, chun íoc as na muirir dá dtagraítear i mír (c) d'fho-alt (9), a chur chun feidhme, amhail idir na muirir sin, i cibé méideanna a bheidh i gcomhréir leis na suimeanna a bheidh dlite i leith na muirear sin.
(11) Bainfidh an chumhacht choinneála agus díola a thugtar leis an alt seo i leith aerárthaigh le trealamh an aerárthaigh agus le haon stórtha a bheidh le húsáid i dtaca le hoibriú an aerárthaigh (is trealamh agus stórtha a iompraítear in aerárthach) cibé acu is leis an duine arb é nó í úinéir cláraithe nó oibritheoir an aerárthaigh é nó í an trealamh nó na stórtha sin nó nach ea agus, dá réir sin, folóidh tagairtí d'aerárthach i bhfo-ailt (1) go (9), ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, tagairtí d'aon trealamh agus stórtha den sórt sin.
(12) Bainfidh an chumhacht choinneála a thugtar leis an alt seo i leith aerárthaigh le haon doiciméid aerárthaigh agus, má dhíoltar an t-aerárthach faoin alt seo, féadfaidh an chuideachta aon doiciméid den sórt sin a aistriú chuig ceannaitheoir an aerárthaigh.
(13) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo dochar d'aon cheart de chuid na cuideachta muirir aerfoirt, nó aon chuid díobh, a ghnóthú trí chaingean.
(14) San alt seo, ciallaíonn “doiciméid aerárthaigh” deimhnithe, taifid nó doiciméid eile a bhaineann le húsáid aerárthaigh nó a threalaimh, lena n-áirítear aon deimhniú maidir le clárúchán, cothabháil nó aeracmhainneacht an aerárthaigh sin, aon turasleabhar a bhaineann le húsáid an aerárthaigh sin nó a threalaimh agus aon doiciméad dá samhail, agus folaíonn sé aon taifead a cheanglaítear a dhéanamh de bhua rialachán faoi alt 43 d'Acht 1993.
Aerárthach tréigthe.
41.—(1) I gcás ina bhfágtar aerárthach ag aerfort Stáit agus gurb é tuairim na cuideachta gur tréigeadh an t-aerárthach sin, déanfaidh an chuideachta fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar úinéir cláraithe nó oibritheoir an aerárthaigh á cheangal ar cheachtar acu nó orthu araon, laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, an t-aerárthach a aistriú ón aerfort.
(2) Luafar i bhfógra faoi fho-alt (1) gur cion é mainneachtain an fógra a chomhlíonadh agus go bhféadfaidh an chuideachta, i gcás nach gcomhlíontar an fógra, an t-aerárthach lena mbaineann an fógra a aistriú, a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile.
(3) Beidh duine a mhainneoidh ceanglas i bhfógra faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh ciontach i gcion.
(4) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh an chuideachta, tar éis tráth éagtha na tréimhse a bheidh sonraithe i bhfógra faoi fho-alt (1), aerárthach lena mbaineann an fógra a aistriú, a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile.
(5) Oibreoidh díol faoin alt seo chun an t-aerárthach a dhílsiú don cheannaitheoir, saor ó gach morgáiste, lian, muirear nó leas eile ann d'aon chineál ar bith.
(6) I gcás ina ndéanfaidh an chuideachta aerárthach, arna chlárú faoi alt 9 nó 10 d'Acht 1946 nó alt 58 d'Acht 1993, a dhíol de réir an ailt seo, déanfaidh sí, le fógra i scríbhinn, an díol a chur in iúl don Údarás agus beidh sonraí faoin díol san fhógra sin.
(7) Déanfar fáltais aon díola faoin alt seo a chur chun feidhme mar a leanas, agus san ord seo a leanas, is é sin le rá—
(a) chun aon dleacht (cibé acu dleacht custam nó dleacht máil) nó aon cháin bhreisluacha is inmhuirearaithe ar an aerárthach, sa Stát, a íoc,
(b) chun aon chaiteachais a thabhóidh an chuideachta i bhfeidhmiú a feidhmeanna faoin alt seo a íoc,
(c) chun na muirir seo a leanas a íoc de réir fho-alt (8)—
(i) aon mhuirir aerfoirt a bheidh dlite don chuideachta d'oibritheoir nó d'úinéir cláraithe an aerárthaigh lena mbaineann an díol atá i gceist, agus
(ii) aon mhuirir faoi alt 43 nó 44 d'Acht 1993 a bheidh dlite don Údarás, d'Eurocontrol nó don Aire d'oibritheoir nó d'úinéir cláraithe aerárthaigh den sórt sin.
(8) Déanfar fáltais díola faoin alt seo, chun íoc as na muirir dá dtagraítear i mír (c) d'fho-alt (7), a chur chun feidhme, amhail idir na muirir sin, i cibé méideanna a bheidh i gcomhréir leis na suimeanna a bheidh dlite i leith na muirear sin.
(9) Déanfaidh an chuideachta, tar éis fáltais díola aerárthaigh faoin alt seo a chur chun feidhme, iarmhéid na bhfáltas sin (más ann) a choimeád go dtí go n-éileoidh úinéir cláraithe an aerárthaigh, nó duine arna údarú ag an úinéir cláraithe chun an t-éileamh sin a dhéanamh amhlaidh, é ach má fhanann an t-iarmhéid sin gan éileamh ar feadh tréimhse 6 mhí ón dáta a chuirfear na fáltais sin chun feidhme de réir fho-alt (7), tiocfaidh an t-iarmhéid sin chun bheith ina mhaoin de chuid na cuideachta.
(10) Aon duine a chuirfidh bac nó treampán ar an gcuideachta nó ar a seirbhísigh nó a gníomhairí i bhfeidhmiú na bhfeidhmeanna a thugtar leis an alt seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion.
(11) Déanfar fógra faoin alt seo a sheirbheáil ar úinéir cláraithe nó oibritheoir, de réir mar a bheidh, ar cheann amháin de na slite seo a leanas, is é sin le rá—
(a) trína sheachadadh air nó uirthi,
(b) trína sheoladh nó a seoladh a chur air agus é a fhágáil ag a ghnátháit nó a gnátháit chónaithe nó ghnó nó ag an áit chónaithe nó ghnó is deireanaí is eol a bheith aige nó aici,
(c) trína chur chuige nó chuici leis an bpost cláraithe réamhíoctha, nó le cinéal eile seirbhíse seachadta taifeadta a bheidh forordaithe ag an Aire, ag a ghnátháit nó a gnátháit chónaithe nó ghnó nó ag an áit chónaithe nó ghnó is deireanaí is eol a bheith aige nó aici,
(d) i gcás comhlachta chorpraithe—
(i) trína sheachadadh nó trína chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha, nó le cineál eile seirbhíse seachadta taifeadta a bheidh forordaithe ag an Aire, chuig rúnaí nó oifigeach eile den chomhlacht ag a oifig chláraithe nó ag a phríomháit ghnó, nó
(ii) i gcás nach féidir oifig chláraithe nó príomháit ghnó an chomhlachta a fhionnadh le fiosrú réasúnach, trína dhaingniú in áit fheiceálach éigin ar an aerárthach lena mbaineann an fógra.
Fodhlíthe aerfoirt.
42.—(1) Féadfaidh an chuideachta fodhlíthe a dhéanamh i ndáil le haerfort Stáit.
(2) Féadfaidh an tAire fodhlíthe a dhéanamh i ndáil le haerfort seachas aerfort Stáit.
(3) Féadfar fodhlíthe faoin alt seo a dhéanamh chun aon chríche amháin nó níos mó de na críocha seo a leanas, is é sin le rá—
(a) sábháilteacht aerárthaí, feithiclí agus daoine a bheidh ag úsáid aerfoirt a áirithiú, agus contúirt don phobal a chosc a éiríonn as úsáid nó oibriú aerfoirt,
(b) rialáil a dhéanamh ar úsáid aerfoirt, nó cuid d'aerfort, ag daoine, lena n-áirítear daoine a ligean isteach ann agus daoine a eisiamh uaidh, agus ord agus dea-iompar a choimeád in aerfort,
(c) rialáil a dhéanamh ar thrácht feithiclí in aerfort, go háirithe i ndáil le tiomáint agus locadh feithiclí agus fíneálacha a ghearradh, agus foráil a dhéanamh maidir le feiste doghluaisteachta a dhaingniú d'aon fheithicil a bheidh loctha go neamhdhleathach in aon áit in aerfort.
(d) aon fheithicil, ainmhí nó ní eile a gheofar in aerfort de shárú ar fhodhlí a aistriú go háit laistigh nó lasmuigh den aerfort, lena n-áirítear na feithiclí, na hainmhithe nó na nithe sin a stóráil agus a dhiúscairt,
(e) dualgais an phíolóta i gceannas aon aerárthaigh a bheidh de thuras na huaire ar an talamh in aerfort a mhíniú, nó
(f) bainistíocht, oibriú, sábháilteacht, slándáil agus maoirsiú cuí aerfoirt nó cuid d'aerfort.
(4) Rachaidh an chuideachta nó an tAire, de réir mar a bheidh, i gcomhairle leis an Údarás roimh fhodhlíthe a dhéanamh a bhainfidh go hiomlán nó go páirteach le críoch dá dtagraítear i mír (e) d'fho-alt (3), nó le sábháilteacht aerárthaí.
(5) (a) Leanfaidh fodhlí, a dhéanfar faoi alt 16 (arna leasú le halt 26 d'Acht 1988) nó 17 d'Acht 1950, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá dílseacháin, i bhfeidhm amhail is dá ndéanfaí faoin alt seo é agus féadfar é a leasú nó a chúlghairm le fodhlíthe a dhéanfar faoin alt seo.
(b) Déanfar tagairtí do “oifigeach údaraithe” nó do “aeradróm Stáit” i bhfodhlí arna dhéanamh faoin alt sin 16 nó 17 a fhorléiriú mar thagairtí d'oifigeach údaraithe de réir bhrí an Achta seo, nó d'aerfort Stáit, de réir mar a bheidh.
(6) Déanfar fodhlíthe faoin alt seo a thaispeáint ag an aerfort, ar ina leith a dhéanfar na fodhlíthe, i cibé slí is dóigh leis an gcuideachta (nó i gcás ina ndéanfaidh an tAire na fodhlíthe, i cibé slí is dóigh leis an Aire) is fearr a oireann chun faisnéis a thabhairt don phobal.
(7) Beidh duine a sháróidh foráil d'fhodhlí a dhéanfar faoin alt seo ciontach i gcion.
(8) Aon doiciméad a airbheartaíonn gur cóip é d'fhodhlíthe arna ndéanamh faoin alt seo, agus a mbeidh deimhniú formhuinithe air a airbheartaíonn a bheith sínithe ag oifigeach don chuideachta (nó i gcás ina ndéanfaidh an tAire na fodhlíthe, ag oifigeach don Aire a bheidh údaraithe ina leith sin) á rá gur cóip dhílis de na fodhlíthe an doiciméad agus go raibh na fodhlíthe i bhfeidhm ar dháta sonraithe, beidh sé, gan chruthúnas ar shíniú an oifigigh sin nó gurbh é an t-oifigeach sin é nó í iarbhír, mar fhianaise, i ngach cúirt agus i ngach imeacht dlí, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go raibh na fodhlíthe ann agus go raibh siad i bhfeidhm ar an dáta sin.
Leasú ar alt 33 d'Acht 1988.
43.—Leasaítear leis seo alt 33 d'Acht 1988—
(a) trí “aerfort” a chur in ionad “aeradróm” agus “aerfoirt” a chur in ionad “aeradróim” gach áit a bhfuil siad,
(b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii) de mhír (d) d'fho-alt (1):
“(ii) arb eol dó, nó a bhfuil drochamhras réasúnach air gur sháraigh sé—
(I) alt 19, nó
(II) alt 50 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú), 1998, nó”,
(c) trí “a chuirfidh bac nó treampán ar oifigeach údaraithe nó a ionsóidh é” a chur in ionad “a chuirfidh bac nó treampán ar oifigeach údaraithe” i bhfo-alt (5), agus
(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):
“(6) San alt seo—
tá le ‘oifigeach údaraithe’ an bhrí chéanna atá leis san Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú), 1998; agus
ciallaíonn ‘aerfort’ aerfort (de réir bhrí an Achta Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú), 1998).”.
Leasú ar alt 18 d'Acht 1988.
44.—Leasaítear leis seo alt 18 d'Acht 1988—
(a) trí “aerfort” a chur in ionad “aeradróm”, “t-aerfort” a chur in ionad “t-aeradróm”, “haerfort” a chur in ionad “haeradróm” agus “aerfoirt” a chur in ionad “aeradróim” gach áit a bhfuil siad, agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):
“(3) San alt seo—
ciallaíonn ‘duine údaraithe’—
(a) duine, nó duine d'aicme daoine, a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an Aire chun na cumhachtaí a thugtar do dhuine údaraithe faoin alt seo a fheidhmiú, nó
(b) comhalta den Gharda Síochána; agus
ciallaíonn ‘aerfort’ aerfort, de réir bhrí an Achta Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú), 1998.”.
Leasú ar alt 19 d'Acht 1988.
45.—Leasaítear leis seo alt 19 d'Acht 1988 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:
“(3) D'ainneoin fhorálacha an ailt seo féadfaidh duine údaraithe cibé bearta a dhéanamh is gá chun socruithe slándála in aerárthach a thástáil.”.
Scoitheadh, gearradh nó díchur crann áirithe, etc.
46.—(1) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Foraoiseachta, 1946 go 1988, féadfaidh an chuideachta aon chrann, tom, tor, fál, planda nó ábhar eile a scoitheadh, a ghearradh nó a dhíchur a bheidh ag fás go nádúrtha nó le cúnamh tacair ar thalamh i gcomharsanacht aerfoirt Stáit, nó a chur faoi deara an céanna a dhéanamh, is dóigh leis an gcuideachta a chuireann isteach ar oibriú agus ar fhorbairt an aerfoirt sin, nó a mheasfaidh an chuideachta, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás, a bhacann nó a chuireann isteach ar shlí eile ar shábháilteacht nó aerloingseoireacht aerárthaí a úsáideann an t-aerfort sin.
(2) Ní dhéanfaidh an chuideachta, ná ní chuirfidh an chuideachta faoi deara, aon chrann is ábhar d'ordú slánchoimeádta crainn de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963, a scoitheadh, a ghearradh nó a dhíchur gan dul i gcomhairle ar dtús, chun críocha an Achta sin, leis an údarás pleanála ar ina limistéar feidhme atá an crann suite.
(3) (a) Sula bhfeidhmeoidh sí cumhacht faoi fho-alt (1) tabharfaidh an chuideachta fógra i scríbhinn d'áititheoir na talún lena mbaineann go bhfuil sé ar intinn aici déanamh amhlaidh ag deireadh tréimhse áirithe, ar tréimhse í nach giorra ná lá is fiche, arna sonrú san fhógra, agus más rud é go bhfaighidh áititheoir talún fógra faoin alt seo agus, ar leith ón bhfo-alt seo, nach mbeadh sé nó sí i dteideal an scoitheadh, an gearradh nó an díchur dá dtagraítear san fhógra a dhéanamh, féadfaidh an t-áititheoir, más mian leis nó léi amhlaidh, de bhua an fógra a fháil, an scoitheadh, an gearradh nó an díchur sin a dhéanamh é féin nó í féin, nó a chur faoi deara é a dhéanamh:
Ar choinníoll go gcuirfidh sé nó sí in iúl don chuideachta i scríbhinn roimh dheireadh na tréimhse a shonraítear san fhógra go bhfuil sé ar intinn aige nó aici déanamh amhlaidh.
(b) I gcás ina ndéanfaidh áititheoir talún dá dtabharfar fógra faoin alt seo, nó ina gcuirfidh sé nó sí faoi deara go ndéanfar, an scoitheadh, an gearradh nó an díchur dá dtagraítear san fhógra, cibé acu is de bhua na cumhachta a thugtar dó nó di chuige sin le mír (a) nó nach ea, déanfaidh an chuideachta na caiteachais réasúnacha a thabhóidh an t-áititheoir dá chionn sin a íoc leis an áititheoir ar éileamh chuige sin ón áititheoir.
(4) I gcás ina dtabharfar fógra faoin alt seo, féadfaidh duine a cheapfaidh an chuideachta i scríbhinn chun bheith ina dhuine nó ina duine údaraithe chun críocha an ailt seo agus aon duine a bheidh ag gníomhú faoi stiúradh an duine sin, chun an scoitheadh, an gearradh nó an díchur a shonraítear san fhógra a dhéanamh nó i ndáil leis an gcéanna, dul isteach (le feithiclí nó gan feithiclí), tráth réasúnach ar bith tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear san fhógra, ar an talamh lena mbaineann an fógra nó ar aon talamh eile agus, mar aon leis an scoitheadh, leis an ngearradh nó leis an díchur sin a dhéanamh, gach rud a dhéanamh ar an talamh sin atá coimhdeach leis an gcríoch réamhráite nó riachtanach le réasún chun na críche réamhráite sin.
Cur isteach ar aon ní a sholáthraítear chun aerfort a oibriú nó a bhainistiú nó chun críche sábháilteachta.
47.—(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine cur isteach in aon slí ar aon ní a sholáthraítear chun críocha oibrithe, bainistíochta nó sábháilteachta aerfoirt.
(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion.
Oifigigh údaraithe.
48.—(1) Féadfaidh an chuideachta, i ndáil le haerfort Stáit, cibé daoine nó aicmí daoine is cuí léi a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an Achta seo.
(2) Féadfaidh an tAire, i ndáil le haerfort sa Stát seachas aerfort Stáit, cibé daoine nó aicmí daoine is cuí leis nó léi a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an Achta seo.
(3) Déanfaidh an chuideachta nó an tAire, de réir mar is cuí, barántas a cheapacháin nó a ceapacháin a thabhairt, tráth a cheaptha nó a ceaptha, do dhuine a cheapfar faoi fho-alt (1) nó (2), agus le linn dó nó di cumhacht a thugtar leis an Acht seo a fheidhmiú, déanfaidh sé nó sí, má iarrann aon duine a ndéanann an feidhmiú sin difear dó nó di é, an barántas sin a thabhairt ar aird don duine sin lena iniúchadh.
(4) Scoirfidh duine is oifigeach údaraithe de bhua fhomhír (ii) de mhír (b) den mhíniú ar oifigeach údaraithe in alt 2 de bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach údaraithe má chinneann an tAire amhlaidh i scríbhinn, amhail ar an agus ón dáta a shonrófar chuige sin sa chinneadh.
(5) Aon duine a chuirfidh bac nó treampán ar oifigeach údaraithe nó a ionsóidh oifigeach údaraithe le linn dó nó di aon chumhacht a thugtar dó nó di leis an Acht seo a fheidhmiú, beidh sé nó sí ciontach i gcion.
(6) Aon duine a thabharfaidh le fios go bréagach gur oifigeach údaraithe é nó í, beidh sé nó sí ciontach i gcion.
Cumhacht chun dul isteach in aerárthach agus é a iniúchadh.
49.—(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe dul isteach in aerárthach a bheidh laistigh d'aerfort más dóigh leis nó léi gur gá sin chun aon chumhacht a fheidhmiú a thugtar dó nó di leis an Acht seo nó faoi nó le hAcht 1988 nó faoi.
(2) Is fo-alt gan dochar d'alt 40(3) é fo-alt (1).
(3) Féadfaidh oifigeach údaraithe—
(a) a cheangal tráth ar bith ar oibritheoir nó ar úinéir cláraithe an aerárthaigh cibé doiciméid a bhaineann leis an aerárthach nó le paisinéirí nó le hearraí ar bord an aerárthaigh a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh aige nó aici de réir mar a cheanglóidh sé nó sí; nó
(b) an t-aerárthach a iniúchadh chun comhlíonadh an Achta seo nó fodhlíthe a dhéanfar faoin Acht seo a áirithiú.
(4) Más rud é go ndiúltóidh nó go mainneoidh oibritheoir nó úinéir cláraithe an aerárthaigh ceanglas oifigigh údaraithe faoi fho-alt (3) a chomhlíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcion.
(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haerárthaí a bheidh ag gabháil go heisiach do sheirbhís an Stáit.
Toirmeasc ar airteagail chontúirteacha áirithe a thabhairt isteach in aerfort.
50.—(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe cead isteach in aerfort a dhiúltú d'aon duine a mbeidh aon airteagal nó substaint ina sheilbh nó ina seilbh aige nó aici (lena n-áirítear ábhar núicléach de réir bhrí an Achta um Chosaint Raideolaíoch, 1991), ar airteagal nó substaint é nó í ar dóigh dó nó di, i dtuairim an oifigigh údaraithe, daoine nó maoin a chur i mbaol.
(2) Más rud é, maidir le duine ar diúltaíodh cead isteach in aerfort dó nó di faoin alt seo, go rachaidh sé nó sí isteach san aerfort, beidh an duine sin ciontach i gcion.
(3) Ní bheidh na nithe seo a leanas ina sheilbh nó ina seilbh ag duine in aon chuid d'aerfort ná ní thabharfaidh sé nó sí isteach in aon chuid d'aerfort iad ná ní chuirfidh sé nó sí faoi deara iad a thabhairt isteach in aon chuid d'aerfort—
(a) arm tine, nó aon airteagal a bhfuil cuma airm tine air, cibé acu atá sé nó nach bhfuil sé inscaoilte,
(b) pléascán, nó aon airteagal a bheidh monaraithe nó oiriúnaithe chun go mbeidh cuma pléascáin air, cibé acu atá sé nó nach bhfuil sé in ann éifeacht phraiticiúil a tháirgeadh trí phléascadh,
(c) aon airteagal atá marcáilte nó lipéadaithe ar shlí a chuireann in iúl gur pléascán é nó go bhfuil pléascán ann, nó
(d) aon airteagal nach airteagal dá dtagraítear i mír (a), (b) nó (c) ach atá déanta nó oiriúnaithe chun díobháil a dhéanamh do dhuine nó chun duine a éagumasú, nó chun damáiste a dhéanamh do mhaoin nó chun maoin a dhíothú, nó atá beartaithe ag an duine ar ina sheilbh nó ina seilbh atá sé le haghaidh an cuspóir sin a chur i gcrích, cibé acu aige féin nó aici féin nó ag duine éigin eile, de réir mar a bheidh.
(4) Duine a sháróidh fo-alt (3), beidh sé nó sí ciontach i gcion.
(5) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoi fho-alt (3) is cosaint é do chúisí a thaispeáint go raibh údarás dleathach aige nó aici ní nó airteagal dá dtagraítear san fho-alt sin a bheith ina sheilbh nó ina seilbh aige nó aici, nó ní nó airteagal den sórt sin a thabhairt isteach, nó a chur faoi deara ní nó airteagal den sórt sin a thabhairt isteach, in aerfort.
(6) D'ainneoin fhorálacha an ailt seo féadfaidh duine údaraithe de réir bhrí Acht 1988 cibé bearta a dhéanamh is gá chun socruithe slándála ag aerfort a thástáil.
Duine údaraithe.
51.—(1) Féadfaidh an chuideachta cibé fostaithe agus cibé líon fostaithe dá cuid is cuí léi a cheapadh chun bheith ina ndaoine údaraithe chun críocha an Achta seo.
(2) Déanfaidh an chuideachta deimhniú a cheapacháin nó a ceapacháin a thabhairt, tráth a cheaptha nó a ceaptha, do dhuine a cheapfar faoi fho-alt (1), agus, le linn dó nó di cumhacht a thugtar leis an Acht seo a fheidhmiú, déanfaidh sé nó sí, má iarrann aon duine a ndéanann an feidhmiú sin difear dó nó di é, an deimhniú sin a thabhairt ar aird don duine sin lena iniúchadh.
(3) Aon duine a chuirfidh bac nó treampán ar dhuine údaraithe nó a ionsóidh duine údaraithe le linn dó nó di aon chumhachtaí a thugtar dó nó di leis an Acht seo a fheidhmiú, beidh sé nó sí ciontach i gcion.
(4) Aon duine a thabharfaidh le fios go bréagach gur duine údaraithe é nó í, beidh sé nó sí ciontach i gcion.
CUID VI
Ilghnéitheach
Leasú ar alt 1 d'Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1993.
52.—Leasaítear leis seo alt 1 d'Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1993—
(a) tríd an míniú ar “aerchuideachtaí” a scriosadh, agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:
“(1A) San Acht seo, forléireofar tagairt do ‘aerchuideachtaí’ nó do ‘aerchuideachta’ mar thagairt do ‘an Chuideachta Shealbhaíochta’.”.
Leasú ar alt 1 d'Acht na nAerchuideachtaí, 1966.
53.—Leasaítear leis seo alt 1 d'Acht na nAerchuideachtaí, 1966—
(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “aerchuideachtaí” (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1993):
“ciallaíonn ‘aerchuideachta’ Grúpa Aer Lingus cuideachta phoiblí theoranta (arb í an chuideachta í dá ngairtear an Chuideachta Shealbhaíochta in Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1993);” agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:
“(2) San Acht seo forléireofar tagairt do ‘aerchuideachtaí’ mar thagairt do ‘aerchuideachta’.“.
54.—Leasaítear leis seo Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1976—
(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “aerchuideachtaí” (a cuireadh isteach le halt 7 d'Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1993):
“ciallaíonn ‘aerchuideachta’ Grúpa Aer Lingus cuideachta phoiblí theoranta (arb í an chuideachta í dá ngairtear an Chuideachta Shealbhaíochta in Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1993);” agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:
“(2) San Acht seo, forléireofar tagairt do ‘aerchuideachtaí’ mar thagairt do ‘aerchuideachta’.”.
Rátaí a mhuirearú ar mhaoin na cuideachta.
55.—Maidir le maoin a dhílseofar don chuideachta ar an lá dílseacháin faoi alt 14 scoirfidh sí, ó thús na bliana airgeadais díreach ina dhiaidh sin, de bheith díolmhaithe ón ráta is inmhuirearaithe ag údarás áitiúil d'ainneoin go dtaispeánfar an mhaoin mar mhaoin dhíolmhaithe ar liosta luachála.
Ligean ag an gcuideachta a dhíolmhú ó na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí.
56.—Ní bheidh feidhm ag forálacha na nAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1967 go 1994, nó aon Achta ag leasú nó ag leathnú na nAchtanna sin, maidir le ligean a dhéanfaidh an chuideachta.
Díolúine ó Dhleacht Stampa.
57.—Ní bheidh dleacht stampa iníoctha i leith suim a aistriú ó chiste arna bhunú i leith scéime chun sochair aoisliúntais a dheonú a bheidh i ngníomh ag tosach feidhme an Achta seo chuig ciste arna bhunú faoi réim agus de réir alt 32.
Dliteanas i leith caillteanais a tharlaíonn roimh an lá dílseacháin.
58.—(1) Déanfar éileamh i leith aon chaillteanais nó díobhála a líomhnófar a bheith fulaingthe ag aon duine de dheasca na feidhmeanna a shanntar don chuideachta leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh roimh an lá dílseacháin a thabhairt i gcoinne na cuideachta i ndiaidh an lae sin agus, faoi réir fho-alt (5), ní i gcoinne an Aire, aon údaráis eile Stáit ná an Stáit.
(2) Aon imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh díreach roimh an lá dílseacháin ar páirtí iontu an tAire, aon údarás eile Stáit nó an Stát, ar imeachtaí iad a bhaineann le feidhm de chuid na cuideachta, leanfar díobh ach an chuideachta a chur in ionad aon pháirtí den sórt sin sna himeachtaí, a mhéid a bhaineann siad léi.
(3) Más rud é, roimh an Acht seo a rith, go ndéanfar comhaontú idir na páirtithe lena mbaineann mar shocraíocht ar éileamh lena mbaineann fo-alt (1) agus nach mbeidh a chuid téarmaí curtha i ngníomh, nó go mbeidh breithiúnas tugtha i bhfabhar duine ach nach mbeidh sé curtha i bhfeidhm, beidh téarmaí an chomhaontaithe nó an bhreithiúnais, de réir mar a bheidh, a mhéid a bheidh sé inchurtha i bhfeidhm i gcoinne an Aire, aon údaráis eile Stáit nó an Stáit, inchurtha i bhfeidhm i gcoinne na cuideachta agus, faoi réir fho-alt (5), ní i gcoinne an Aire, aon údaráis eile Stáit ná an Stáit.
(4) Aon éileamh a dhéanfaidh an tAire, aon údarás eile Stáit nó an Stát, nó is cuí don Aire, d'aon údarás eile Stáit nó don Stát a dhéanamh, i leith aon chaillteanais nó díobhála a éiríonn as gníomh nó as mainneachtain aon duine roimh an lá dílseacháin, measfar, i gcás ina mbaineann an t-éileamh le feidhmeanna a shanntar don chuideachta leis an Acht seo, gur éileamh é a dhéanfaidh an chuideachta nó is cuí don chuideachta a dhéanamh agus féadfaidh an chuideachta é a shaothrú agus agra a dhéanamh ina leith amhail is dá mba é an chuideachta a d'fhulaing an caillteanas nó an díobháil.
(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le héileamh a dhéanfaidh údarás Stáit amháin i gcoinne údaráis eile Stáit.
Bóthar chun críocha na nAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1995.
59.—D'fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo—
(a) go bhfolaíonn an focal “bóthar“, chun críocha fhorálacha na nAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1995, nó aon rialachán arna ndéanamh fúthu, bóthar in aerfort Stáit, agus
(b) gur áit phoiblí aerfort Stáit chun críocha aon achtacháin.
Leasú ar an Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1947.
60.—Leasaítear leis seo an tAcht Aerphoirt Neamhchustam, 1947—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) d'alt 2:
“(3) Chun críocha an Achta seo, is é a bheidh san aerfort ná talamh ar leis an Stát agus le hAer Rianta, cuideachta phoiblí theoranta, é de thuras na huaire.”,
(b) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 3:
“3.—Chun críocha an Achta seo, beidh an t-aerfort faoi bhainistíocht agus rialú an Aire.”,
agus
(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 13 (a cuireadh isteach le halt 49 d'Acht 1988):
“(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh chun críocha an Achta seo i ndáil le bainistíocht agus rialú an aerfoirt:
Ar choinníoll, maidir le cumhacht an Aire chun rialacháin a dhéanamh faoin alt seo, nach mbainfidh sí le rialacháin a dhéanamh lena gceadófar aon trádáil, gnó nó monarú a sheoladh laistigh den aerfort.”.
Leasú ar Acht 1993.
61.—Leasaítear leis seo Acht 1993—
(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach in alt 6 i ndiaidh na bhfocal “faoin Acht seo”:
“seachas ordú arna dhéanamh ag an Aire faoi alt 15 nó 58(2),”,
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) in alt 12:
“(3) Ní bheidh feidhm ag alt 6(1)(b) d'Acht na gCuideachtaí, 1963, maidir leis an gcuideachta.”,
agus
(c) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i) de mhír (b) d'alt 60:
“(i) ceadúnú aeradróm agus rialáil caighdeán sábháilteachta aerloingseoireachta in aeradróim.”.
An tUdarás d'fháil talún.
62.—Leasaítear leis seo Acht 1993 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 42:
“42.—(1) Féadfaidh an chuideachta, trí chomhaontú nó, de réir an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú), 1998 (arna chur i bhfeidhm leis an alt seo), go héigeantach, aon talamh nó aon éasúint nó ceart eile thar thalamh, nó aon cheart uisce, a fháil chun na feidhmeanna a thugtar di leis an Acht seo a chomhlíonadh.
(2) D'ainneoin fhorálacha aon Achta eile, ní bheidh aon duine i dteideal aon talamh nó aon éasúint nó ceart eile i leith talún is leis an gcuideachta a fháil go héigeantach, nó aon cheart de chuid na cuideachta i leith na talún sin, a choimhthiú, a fhoirceannadh nó a shrianadh, nó cur isteach air ar shlí eile, gan comhaontú na cuideachta.
(3) Ní bheidh an chuideachta i dteideal aon talamh, éasúint nó ceart eile is leis an Stát nó le húdarás Stáit a fháil go héigeantach faoin alt seo.
(4) Beidh feidhm, fara na modhnuithe seo a leanas, ag an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú), 1998, chun críocha talamh a fháil ag an gcuideachta faoin alt seo:
(a) forléireofar an tagairt i bhfomhír (1) de mhír 1 do ‘alt 17’ mar thagairt don alt seo, agus
(b) forléireofar tagairt do ‘an chuideachta’ mar thagairt d'Údarás Eitlíochta na hÉireann.”.
Ceart an Údaráis chun dul isteach ar thalamh.
63.—Leasaítear leis seo Acht 1993 tríd an alt seo a leanas a chur isteach:
“42A.—Beidh feidhm ag alt 19 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú), 1998, chun críocha an Achta seo faoi réir na modhnuithe seo a leanas:
(a) forléireofar tagairtí do ‘duine údaraithe’ mar thagairtí d'oifigeach údaraithe de chuid na cuideachta, agus
(b) forléireofar tagairtí do ‘an chuideachta’ mar thagairtí don chuideachta de réir bhrí an Achta seo.”.
An tÚdarás do choinneáil agus do dhíol aerárthaí mar gheall ar mhuirir neamhíoctha ar sheirbhísí aerloingseoireachta agus cumarsáidí aerloingseoireachta.
64.—Leasaítear leis seo Acht 1993 tríd an alt seo a leanas a chur isteach:
“45A.—Beidh feidhm ag alt 40 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Leasú), 1998, chun críocha an Achta seo faoi réir na modhnuithe seo a leanas:
(a) forléireofar tagairtí (seachas i mír (c) d'fho-alt (9) agus i bhfo-alt (10)) do ‘muirir a fhorchuirfidh an chuideachta faoi alt 39’ nó do ‘muirir’ mar thagairtí do mhuirir a fhorchuirfear nó a thoibheofar faoi alt 43 nó 44, agus
(b) forléireofar tagairtí (seachas sa mhír sin (c)) do ‘an chuideachta’ mar thagairtí don chuideachta de réir bhrí an Achta seo.”.
Iompar treampánach ar bord aerárthaigh agus é ar eitilt.
65.—Leasaítear leis seo an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1973, tríd an alt seo a leanas a chur isteach:
“2A.—(1) Aon duine ar bord aerárthaigh ar eitilt a bheidh chomh mór sin ar meisce gur réasúnach ábhar imní a bheith ann gur dóigh go gcuirfidh sé nó sí a shábháilteacht nó a sábháilteacht féin nó sábháilteacht daoine eile ar bord an aerárthaigh i mbaol, beidh sé nó sí ciontach i gcion.
(2) Aon duine ar bord aerárthaigh ar eitilt a bheidh ag gabháil, gan leithscéal, d'iompar ar dóigh dó col nó crá mór a chur ar aon duine ar bord an aerárthaigh, aon tráth tar éis do chomhalta d'fhoireann an aerárthaigh a iarraidh air nó uirthi scor den iompar sin, beidh sé nó sí ciontach i gcion.
(3) Aon duine ar bord aerárthaigh ar eitilt a bheidh ag gabháil d'iompar de chineál bagrach, maslach nó achasánach cibé acu le briathar nó le geáitse, le hintinn briseadh síochána a dhéanamh nó a bheidh meargánta i dtaobh an bhféadfadh briseadh síochána a bheith ann, beidh sé nó sí ciontach i gcion.
(4) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo—
(a) i gcás ciona faoi fho-alt (1) nó (2), dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air nó uirthi, nó
(b) i gcás ciona faoi fho-alt (3), dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £700 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 4 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.”.
AN CHÉAD SCEIDEAL
Achtacháin a Aisghairm
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
An tAcht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936. | Cuid V seachas ailt 42, 45 agus 54. | |
Alt 11(h). | ||
Ailt 6(2) agus 8, Cuid V. | ||
Alt 2(c), | ||
Ailt 6, 8, 9 agus 10 a mhéid a bhaineann siad leis an gcuideachta, | ||
Alt 12(3), | ||
Ailt 12(4), (5), (6) agus (7) a mhéid a bhaineann siad leis an gcuideachta, | ||
Ailt 13, 14, 16, 17, 18 agus 20 a mhéid a bhaineann siad leis an gcuideachta. | ||
Alt 3, a mhéid a bhaineann sé leis an gcuideachta. | ||
Ailt 12, 27 agus 32. | ||
Uimh. 38 de 1993 | Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1993. | Ailt 9, 14 agus 15 a mhéid a bhaineann siad leis an gcuideachta. |
AN DARA SCEIDEAL
Forálacha a Bhaineann le Fáil Éigeantach
1. (1) I gcás ina mbeartóidh an chuideachta aon talamh nó aon éasúint, leas i dtalamh nó ceart thairis, nó aon cheart uisce, a fháil go héigeantach faoi alt 17 déanfaidh an chuideachta iarratas chuig an Aire ar ordú faoi mhír 2 á údarú don chuideachta an mhaoin a fháil nó an ceart a fháil nó a úsáid go héigeantach agus beidh ag gabháil leis an iarratas cibé léarscáileanna, pleananna agus leabhair thagartha dá dtagraítear i mír 5.
(2) Déanfaidh an chuideachta fógra i dtaobh an iarratais a fhoilsiú, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear i limistéar na maoine lena mbaineann agus déanfaidh sí cóip den fhógra a sheirbheáil ar gach duine a dhealróidh don chuideachta eastát nó leas a bheith aige nó aici sa mhaoin, a mhéid a bheidh sé indéanta go réasúnach na daoine sin a fhionnadh.
(3) Beidh san fhógra dá dtagraítear i bhfomhír (2) foráil lena gcuirtear in iúl do dhaoine a bhfuil eastát nó leas acu sa mhaoin lena mbaineann go bhfuil ceart acu agóid a thaisceadh leis an Aire, laistigh de mhí amháin ón tráth a dhéanfaidh an chuideachta an t-iarratas, in aghaidh ordú a dhéanamh faoi mhír 2 i ndáil leis an maoin agus sonróidh sé na tráthanna agus na háiteanna a bhféadfar na léarscáileanna, na pleananna agus na leabhair thagartha a thaiscfear de réir mhír 5 a iniúchadh.
(4) Déanfaidh an tAire aon agóid in aghaidh iarratas na cuideachta a thaiscfear leis nó léi laistigh den tréimhse dá dtagraítear i bhfomír (3) a bhreithniú agus a chinneadh agus féadfaidh an tAire, más cuí leis nó léi, comhairleoir a cheapadh chun cabhrú leis nó léi i ndáil leis an gcéanna.
2. I gcás nach dtaiscfear aon agóid in aghaidh iarratas na cuideachta leis an Aire laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1(3) nó go ndiúltóidh sé nó sí d'aon agóid den sórt sin, déanfaidh sé nó sí ordú (dá ngairtear “ordú fála” ina dhiaidh seo sa Sceideal seo) á údarú don chuideachta an mhaoin lena mbaineann a fháil go héigeantach de réir théarmaí a hiarratais nó faoi réir cibé modhnuithe, más ann, a chinnfidh sé nó sí agus a shonróidh sé nó sí san ordú fála.
3. (1) Aon tráth tar éis ordú fála a dhéanamh agus roimh thíolacadh nó fionnadh praghais, féadfaidh an chuideachta, faoi réir na míre seo, dul isteach ar an talamh a bheidh le fáil agus seilbh a ghlacadh air nó an ceart a bheidh le fáil a fheidhmiú.
(2) Maidir leis an gcuideachta—
(a) ní rachaidh sí isteach ar aon talamh nó ní ghlacfaidh sí seilbh air faoin mír seo gan fógra i scríbhinn a thabhairt d'áititheoir na talún, mí amháin ar a laghad roimh ré, á rá go bhfuil sé beartaithe aici déanamh amhlaidh,
(b) ní dhéanfaidh sí aon cheart faoin mír seo a fheidhmiú gan fógra i scríbhinn a thabhairt, mí amháin ar a laghad roimh ré, d'áititheoir na talún ar ina leith a bheidh an ceart le feidhmiú á rá go bhfuil sé beartaithe aici déanamh amhlaidh.
4. (1) Féadfar fógra faoin Sceideal seo a sheirbheáil ar aon duine trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach a bheidh dírithe chuige nó chuici ag a ghnáthsheoladh nó a gnáthsheoladh nó ag an seoladh is deireanaí is eol a bheith aige nó aici.
(2) Más rud é, ar aon chúis, nach bhféadfar an clúdach a dhíriú amhlaidh, féadfar é a sheirbheáil ar an duine dá bhfuil sé beartaithe trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach a bheidh dírithe chuig “an t-áititheoir” gan a ainm nó a hainm a lua, ag an talamh lena mbaineann an fógra.
5. (1) Cuirfidh an chuideachta faoi deara léarscáileanna, pleananna agus leabhair thagartha a thaisceadh de réir na míre seo.
(2) Beidh na léarscáileanna agus na pleananna dóthanach ó thaobh cainníochta agus gné chun go dtaispeánfaidh siad ar leorscálaí an talamh nó an ceart a bheartaítear a fháil.
(3) Tabharfaidh na leabhair thagartha ainmneacha úinéirí nó úinéirí ainme, léasaithe nó léasaithe ainme agus áititheoirí na talún a bheartaítear a fháil nó ar ina leith a bheartaítear an ceart a fheidhmiú.
(4) Taiscfear na léarscáileanna, na pleananna agus na leabhair thagartha i cibé áit nó áiteanna is dóigh leis an gcuideachta, le toiliú an Aire, a bheith oiriúnach agus coimeádfar i dtaisce iad amhlaidh ar feadh mí amháin ar a laghad agus fad a bheidh siad i dtaisce amhlaidh, beidh siad ar oscailt lena n-iniúchadh ag aon duine, saor in aisce, idir a deich a chlog ar maidin agus a ceathair a chlog tráthnóna gach lá ach amháin an Satharn, an Domhnach agus laethanta saoire poiblí.
6. (1) Cheal comhaontaithe, socrófar faoi réim agus de réir Acht 1919, méid an phraghais a bheidh le híoc ag an gcuideachta ar aon talamh a gheofar de bhun ordaithe fála leis na daoine, uile agus faoi seach, a bheidh ina theideal nó ag a bhfuil eastáit nó leasanna ann, nó a bheidh le híoc ar aon cheart a gheofar de bhun ordaithe fála leis na daoine, uile agus faoi seach, a bhfuil teideal acu chun na talún nó ag a bhfuil eastáit nó leasanna acu sa talamh ar ina leith a bheidh an ceart á fheidhmiú.
(2) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, maidir leis an bpraghas sin agus, faoi réir mhíreanna 7 agus 8, maidir leis an talamh nó leis an gceart a gheofar a thíolacadh don chuideachta agus measfar, chun na forálacha sin a fheidhmiú, gurb í an chuideachta tionscnóirí an ghnímh.
7. (1) I gcás ina mbeidh an chuideachta tar éis dul isteach, agus seilbh a ghlacadh, ar thalamh de réir mhír 3 agus gur deimhin leis an Aire—
(a) nach ndearnadh na leasanna leithleacha sa talamh a thíolacadh don chuideachta nó a aistriú chuici,
(b) go bhfuil géarghá ann, i dtaca leis na críocha dá bhfuil an chuideachta údaraithe an talamh a fháil go héigeantach, gur ceart fáil na talún a thabhairt chun críche, agus
(c) go bhfuil tairiscint chuí déanta i scríbhinn ag an gcuideachta do gach duine ag a bhfuil leas sa talamh agus a mbeidh sonraí dóthanacha tugtha i dtaobh a leasa aige nó aici chun a chumasú don chuideachta tairiscint chuí a dhéanamh i leith an leasa sin,
ansin féadfaidh an tAire ordú a dhéanamh (dá ngairtear “ordú dílseacháin” ina dhiaidh seo sa Sceideal seo) lena ndílseofar an talamh don chuideachta.
(2) Más rud é, roimh an ordú dílseacháin a dhéanamh, go dtiocfaidh an tAire nó an chuideachta ar an eolas go bhfuil an talamh a bheidh le fáil leis an ordú faoi réir (cibé acu go haonarach nó i dteannta talún eile) aon bhlianachta nó íocaíochta eile le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, nó faoi réir aon mhuirir i leith dleachta eastáit, dleachta comharbais nó cánach oidhreachta is iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim ar bhás aon duine, cuirfidh an tAire nó an chuideachta, de réir mar a bheidh, in iúl láithreach do Choimisiún Talún na hÉireann, do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó do na Coimisinéirí Ioncaim, de réir mar a bheidh, go mbeartaíonn sé nó sí an t-ordú a dhéanamh.
(3) Nuair a bheidh ordú dílseacháin déanta, déanfaidh an chuideachta, laistigh de 7 lá tar éis fógra a fháil ón Aire i dtaobh an t-ordú a dhéanamh—
(a) fógra a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó a scaiptear i limistéar na talún lena mbaineann an t-ordú, á rá go bhfuil an t-ordú déanta, ag tuairisciú na talún sin agus ag ainmniú áite ina bhféadfar cóip den ordú a fheiceáil gach tráth réasúnach, agus
(b) fógra, á rá go bhfuil an t-ordú sin déanta agus cén éifeacht atá leis an ordú, a sheirbheáil ar gach duine a dhealróidh di leas a bheith aige nó aici sa talamh lena mbaineann an t-ordú.
8. (1) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh ordú dílseacháin agus beidh i gceangal leis léarscáil den talamh lena mbaineann sé agus beidh sé sainráite, agus oibreoidh sé, chun an talamh sin a dhílsiú don chuideachta i bhfeo simplí saor ó eirí agus ó gach eastát, ceart, teideal agus leas de gach uile chineál (seachas aon cheart slí poiblí) ar dháta sonraithe nach luaithe ná 21 lá tar éis an t-ordú dílseacháin a dhéanamh.
(2) D'ainneoin aon ní i bhfomhír (1), i gcás ina mbeidh cuideachta tar éis talamh a fháil, le hordú dílseacháin, is talamh atá, go haonarach nó i dteannta talún eile, faoi réir blianachta ceannaigh, íocaíochta in ionad cíosa nó suime bliantúla eile (nach cíos faoi chonradh tionóntachta) is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, tiocfaidh an chuideachta chun bheith agus beidh sí faoi dhliteanas, amhail ón dáta ar a ndílseofar an talamh di leis an ordú dílseacháin, chun an tsuim bhliantúil nó an chuid sin di a chionroinnfidh Coimisiún Talún na hÉireann nó Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, de réir mar a bheidh, a íoc le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, de réir mar a bheidh, ar an talamh ionann is dá ndéanfadh úinéir na talún an talamh a aistriú chun na cuideachta ar an dáta sin.
(3) I gcás ina ndéanfaidh an tAire ordú dílseacháin i ndáil le haon talamh, cuirfidh sé nó sí faoi deara an t-ordú a chur chuig an údarás clárúcháin faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964, agus air sin cuirfidh an t-údarás clárúcháin faoi deara an chuideachta a chlárú mar úinéir na talún de réir an ordaithe.