Uimhir 32 de 1964.
AN tACHT UM DHLÍNSE MHUIRÍ (LEASÚ), 1964
[An tiontú oifigiúil.]
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Dhlínse Mhuirí, 1959.
(2) Déanfar an Príomh-Acht agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.
Teorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit a leathnú.
2.—Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 6 den Phríomh-Acht a leasú trí “den líne a bhfuil gach pointe di fad dhá mhíle dhéag farraige ón bpointe is cóngaraí den bhunlíne” a chur in ionad “de theorainn forimeallach na bhfarraigí teorann”.
Stáit a bhfuil cead iascaireachta ag a n-árthaí iascaireachta laistigh de na teorainneacha iascaigh eisiatacha.
3.—(1) Féadfaidh an Rialtas, maidir leis an gcuid sin de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit atá lasmuigh den líne a bhfuil gach pointe di fad sé mhíle farraige ón bpointe is cóngaraí den bhunlíne, a shonrú, le hordú, cad iad na Stáit a mbeidh cead ag a n-árthaí iascaireachta iascaireacht a dhéanamh laistigh di.
(2) Féadfaidh an Rialtas, maidir leis an gcuid sin de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit atá idir—
(a) an líne a bhfuil gach pointe di fad trí mhíle farraige ón bpointe is cóngaraí den bhunlíne, agus
(b) an líne a bhfuil gach pointe di fad sé mhíle farraige ón bpointe is cóngaraí den bhunlíne, a shonrú, le hordú, cad iad na stáit a mbeidh cead ag a n-árthaí iascaireachta, go dtí—
(i) deireadh na bliana 1965 i limistéir amach ó chodanna den chósta inarb é an marc diathrá an bhunlíne, agus
(ii) deireadh na bliana 1966 i limistéir eile,
iascaireacht a dhéanamh laistigh di.
(3) Féadfaidh feidhm éagsúil a bheith ag ordú faoin alt seo i gcás stát agus árthaí éagsúla agus féadfaidh sé a ordú i gcás aon árthaí áirithe nach cead dóibh iascaireacht a dhéanamh ach ar stoic áirithe éisc nó i mbráití áirithe iascaireachta.
(4) Ní sárú ar an toirmeasc a chuirtear ar iascaireacht ag bád iascaireachta mara coigríche le fo-alt (1) d'alt 222 den Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959, iascaireacht faoi réim agus de réir ordú faoin alt seo.
(5) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.
(6) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
Alt 13 den Phríomh-Acht a leasú.
4.—Déantar leis seo alt 13 den Phríomh-Acht a leasú trí “(a fhéadfaidh siad a chúlghairm nó a leasú le hordú)” a chur isteach i ndiaidh “Féadfaidh an Rialtas, le hordú”.
Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.
5.—(1) Féadfar an tAcht um Dhlínse Mhuirí (Leasú), 1964, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an Rialtas le hordú.
(3) Féadfar na hAchtanna um Dhlínse Mhuirí, 1959 agus 1964, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.