Uimhir 32 de 2003.
ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA 2003
RIAR NA nALT
Réamhráiteach agus Ginearálta
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. |
Orgain Stáit
5. | |
6. | |
7. | |
8. |
Comhlachtaí Poiblí
An Coimisinéir Teanga
20. | |
21. | |
22. | |
23. | |
24. | |
25. | |
26. | |
27. | |
28. | |
29. | An Coimisinéir d'fhoilsiú tráchtaireachtaí maidir le feidhm phraiticiúil, etc. an Achta. |
30. |
Logainmneacha
31. | |
32. | |
33. | |
34. | |
35. |
Ilghnéitheach
36. |
Comhlachtaí Poiblí
An Coimisinéir Teanga
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
An tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 | |
Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse 1956 | |
Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse 1956 | |
Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse 1956 go 1996 | |
An tAcht um Chosaint Sonraí 1988 | |
An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa 1977 | |
An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1993 | 1993, Uimh. 30 |
An tAcht Cuanta 1946 | |
An tAcht Cuanta 1996 | 1996, Uimh. 11 |
An tAcht Rialtais Áitiúil 2001 | 2001, Uimh. 37 |
Marriages (Ireland) Act 1844 | 6 & 7 Vict., c. 81 |
An tAcht Airí agus Rúnaithe 1924 | |
An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú) 1956 | |
An tAcht Ombudsman 1980 | |
An Acht um Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann 2001 | 2001, Uimh. 43 |
An tAcht Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge) 1973 | |
An tAcht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997 | 1997, Uimh. 27 |
Na hAchtanna um Binsí Fiosrúcháin (Fianaise) 1921 go 2002 |
Uimhir 32 de 2003
ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA 2003
CUID 1
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal agus tosach feidhme.
1.—(1) Féadfar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta, nach déanaí ná 3 bliana tar éis an tAcht seo a rith, a shocrófar chuige sin, le hordú nó le horduithe ón Aire faoin alt seo, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “Coimisinéir”, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a bhunaítear le halt 20 nó sealbhóir na hoifige sin de thuras na huaire;
folaíonn “cúirt” binse arna bhunú faoi na hAchtanna um Binsí Fiosrúcháin (Fianaise) 1921 go 2002;
ciallaíonn “dréacht-scéim” dréacht-scéim a bheidh le hullmhú ag comhlacht poiblí faoin Acht seo;
ciallaíonn “achtachán” reacht nó ionstraim arna déanamh faoi chumhacht a thugtar le reacht;
folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais, agus aon tagairtí do chomhlíonadh feidhmeanna folaíonn siad, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairtí d'fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhall na ndualgas;
ciallaíonn “limistéar Gaeltachta” limistéar a mbeidh cinnte de thuras na huaire le hordú arna dhéanamh faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) 1956 gur limistéar Gaeltachta é;
ciallaíonn “ceann” ceann comhlachta phoiblí;
ciallaíonn “ceann” comhlachta phoiblí”—
(a) i ndáil le Roinn Stáit, an tAire den Rialtas atá i bhfeighil na Roinne sin,
(b) i ndáil le hOifig an Ard-Aighne, an tArd-Aighne,
(c) i ndáil le hOifig Choimisinéirí na Státseirbhíse, Coimisinéirí na Státseirbhíse,
(d) i ndáil le hOifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste,
(e) i ndáil le hOifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí,
(f) i ndáil le hOifig Thithe an Oireachtais, Cathaoirleach Dháil Éireann,
(g) i ndáil le hOifig an Choimisinéara Faisnéise, an Coimisinéir Faisnéise,
(h) i ndáil le hOifig na gCoimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla,
(i) i ndáil le hOifig an Ombudsman, an tOmbudsman,
(j) i ndáil le haon chomhlacht poiblí eile, an duine atá i seilbh, nó a chomhlíonann feidhmeanna, oifig phríomhoifigeach feidhmiúcháin (cibé ainm a thugtar uirthi) an chomhlachta;
tá le “údarás áitiúil” an bhrí a shanntar dó le fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil 2001;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta;
ciallaíonn “na teangacha oifigiúla” an Ghaeilge (ós í an teanga náisiúnta agus an phríomhtheanga oifigiúil í) agus an Béarla (ós teanga oifigiúil eile é) mar a shonraítear in Airteagal 8 den Bhunreacht;
ciallaíonn “forordaithe” forordaithe ag an Aire le rialacháin faoi alt 4;
ciallaíonn “imeachtaí” imeachtaí sibhialta nó coiriúla os comhair aon chúirte;
déanfar “comhlacht poiblí” a fhorléiriú de réir an Chéad Sceidil;
folaíonn “taifead” aon mheabhrán, leabhar, plean, léarscáil, líníocht, léaráid, saothar pictiúrtha nó grafach nó doiciméad eile, aon ghrianghraf, scannán nó taifeadadh (cibé acu is taifeadadh fuaime nó taifeadadh íomhánna nó iad araon é), aon fhoirm ina gcoimeádtar sonraí (de réir bhrí an Achta um Chosaint Sonraí 1988), aon fhoirm eile (lena n-áirítear foirm mheaisín-inléite) nó rud eile ina ndéantar faisnéis a choimeád nó a stóráil de láimh, go meicniúil nó go leictreonach agus aon rud ar cuid nó cóip é, i bhfoirm ar bith, d'aon cheann díobh sin roimhe seo nó ar teaglaim é de dhá cheann nó níos mó díobh sin roimhe seo;
ciallaíonn “scéim” scéim arna daingniú ag an Aire faoi alt 14;
ciallaíonn “seirbhís” seirbhís arna tairiscint nó arna soláthar (cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach) ag comhlacht poiblí don phobal i gcoitinne nó d'aicme den phobal i gcoitinne.
(2) (a) San Acht seo aon tagairt d'alt nó do sceideal is tagairt í d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.
(b) San Acht seo aon tagairt d'fho-alt nó do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.
Caiteachais.
3.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire agus aon Aire eile den Rialtas ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Rialacháin.
4.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais—
(a) le rialacháin, foráil a dhéanamh, faoi réir fhorálacha an Achta seo, le haghaidh aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú,
(b) i dteannta aon chumhachta eile a thugtar dó nó di chun rialacháin a dhéanamh, rialacháin a dhéanamh i gcoitinne chun críocha an Achta seo agus chun lánéifeacht a thabhairt don Acht seo,
(c) más rud é, le linn na chéad 3 bliana d'fheidhm an Achta seo maidir le comhlacht poiblí a shonraítear i bhfomhír (3), (4) nó (5) de mhír 1 den Chéad Sceideal, go n-éireoidh aon deacracht i ndáil leis an Acht seo a thabhairt i ngníomh a mhéid atá feidhm aige maidir leis an gcomhlacht sin, aon ní a dhéanamh le rialacháin ar dealraitheach gur gá nó gur fóirsteanach é chun an tAcht seo a thabhairt i ngníomh a mhéid atá feidhm aige maidir leis an gcomhlacht sin agus féadfar, le rialacháin faoin mír seo, a mhéid amháin is dealraitheach gur gá é chun na rialacháin a thabhairt in éifeacht, foráil den Acht seo a mhodhnú má tá an modhnú i gcomhréir le críocha, prionsabail agus meon an Achta seo, agus
(d) más rud é, in aon slí eile, go n-éireoidh aon deacracht le linn na tréimhse 3 bliana ó thosach feidhme an Achta seo i ndáil leis an Acht seo a thabhairt i ngníomh, aon ní a dhéanamh le rialacháin ar dealraitheach gur gá nó gur fóirsteanach é chun an tAcht seo a thabhairt i ngníomh agus féadfar, le rialacháin faoin mír seo, a mhéid amháin is dealraitheach gur gá é chun na rialacháin a thabhairt in éifeacht, foráil den Acht seo a mhodhnú má tá an modhnú i gcomhréir le críocha, prionsabail agus meon an Achta seo.
(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith i rialacháin faoin Acht seo is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán.
(3) I gcás ina mbeartaíonn an tAire rialacháin a dhéanamh faoi mhír (c) nó (d) d'fho-alt (1) nó chun críocha mhír 1(5), nó faoi mhír 3, den Chéad Sceideal, cuirfidh sé nó sí faoi deara dréacht de na rialacháin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.
(4) I gcás ina mbeartaíonn an tAire rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (1)(c), rachaidh sé nó sí, sula ndéanfaidh sé nó sí amhlaidh, i gcomhairle le cibé Aire eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire ag féachaint d'fheidhmeanna an Aire eile sin den Rialtas i ndáil leis na rialacháin atá beartaithe.
(5) Féadfar, le rialacháin lena bhforordaítear comhlacht, eagraíocht nó grúpa (“an comhlacht”) chun críocha mhír 1 (5) den Chéad Sceideal, a fhoráil nach mbeidh feidhm ag an Acht seo maidir leis an gcomhlacht ach amháin i leith feidhmeanna sonraithe de chuid an chomhlachta, agus beidh feidhm ag an Acht seo agus beidh éifeacht leis de réir aon fhorála den sórt sin.
(6) Déanfar gach rialachán faoin Acht seo (seachas rialachán dá dtagraítear i bhfo-alt (3)) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
CUID 2
Orgain Stáit
Tuarascáil bhliantúil do Thithe an Oireachtais.
5.—Déanfaidh an tAire gach bliain, ag tosú an bhliain tar éis bhliain thosach feidhme an Achta seo, tuarascáil a thabhairt do gach Teach den Oireachtas maidir le hoibriú an Achta seo an bhliain roimhe sin.
Úsáid na dteangacha oifigiúla i dTithe an Oireachtais.
6.—(1) Beidh ceart ag comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid in aon díospóireachtaí nó in aon imeachtaí eile sa Teach sin nó de chuid coiste de cheachtar Teach, comhchoiste den dá Theach nó fochoiste de choiste nó de chomhchoiste den sórt sin.
(2) Beidh ceart ag duine a bheidh ag láithriú os comhair ceachtar Tí den Oireachtas nó os comhair coiste, comhchoiste nó fochoiste den sórt sin a dúradh ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid.
(3) Déanfar gach tuairisc oifigiúil ar dhíospóireachtaí agus ar imeachtaí eile Thithe an Oireachtais a fhoilsiú i ngach ceann de na teangacha oifigiúla, ach amháin go bhféadfar óráidí daoine (cibé acu ó bhéal nó i scríbhinn) i gceachtar de na teangacha oifigiúla a fhoilsiú inti sa teanga sin amháin.
Achtanna an Oireachtais.
7.—A luaithe is féidir tar éis aon Acht den Oireachtas a achtú, déanfar an téacs den chéanna a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla.
Riaradh an cheartais.
8.—(1) Féadfaidh duine ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid in aon chúirt nó in aon phléadáil in aon chúirt nó in aon doiciméad a eiseofar ó aon chúirt.
(2) Tá dualgas ar gach cúirt, in aon imeachtaí os a comhair, a chinntiú go bhféadfaidh aon duine a bheidh ag láithriú inti nó a bheidh ag tabhairt fianaise os a comhair éisteacht a fháil sa teanga oifigiúil is rogha leis nó léi, agus nach mbeidh an duine, trí éisteacht a fháil amhlaidh, faoi mhíbhuntáiste toisc nach bhfaigheann sé nó sí éisteacht sa teanga oifigiúil eile.
(3) D'fhonn a chinntiú nach mbeidh aon duine faoi mhíbhuntáiste mar a dúradh, féadfaidh an chúirt a chur faoi deara cibé saoráidí is dóigh léi is cuí a chur ar fáil chun ateangaireacht chomhuaineach nó chomhleanúnach ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile a dhéanamh ar imeachtaí.
(4) I gcás inar páirtí in imeachtaí sibhialta os comhair cúirte an Stát nó comhlacht poiblí—
(a) déanfaidh an Stát, nó an comhlacht poiblí, an teanga oifigiúil a bheidh roghnaithe ag an bpáirtí eile a úsáid sna himeachtaí, agus
(b) más rud é gur páirtí sna himeachtaí beirt duine nó níos mó (seachas an Stát nó comhlacht poiblí) agus nach ndéanfaidh siad an teanga oifigiúil a bheidh le húsáid sna himeachtaí a roghnú nó a chomhaontú, déanfaidh an Stát nó, de réir mar is cuí, an comhlacht poiblí, cibé teanga oifigiúil is dealraitheach dó a bheith réasúnach, ag féachaint do na himthosca, a úsáid sna himeachtaí.
(5) D'ainneoin aon fhorála eile den alt seo, ní chuirfear iallach ar dhuine fianaise a thabhairt i dteanga oifigiúil ar leith in aon imeachtaí.
(6) Nuair a bheidh teanga oifigiúil ar leith á roghnú ag duine lena húsáid in aon imeachtaí os comhair cúirte, ní churifidh an chúirt nó comhlacht poiblí aon cheataí nó caiteachas breise air nó uirthi thar mar a thabhófaí dá roghnódh sé nó sí an teanga oifigiúil eile a úsáid.
CUID 3
Comhlachtaí Poiblí
Dualgas comhlachtaí poiblí na teangacha oifigiúla a úsáid ar stáiseanóireacht oifigiúil, etc.
9.—(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a fhoráil gur i nGaeilge, nó i mBéarla agus i nGaeilge, mhéid a bheidh sonraithe, a bheidh fógairtí béil (cibé acu beo nó taifeadta) arna ndéanamh ag comhlacht poiblí, ceannteidil stáiseanóireachta a úsáideann comhlacht poiblí agus ábhar agus leagan amach aon chomharthaí nó fógrán dá chuid agus féadfar forálacha éagsúla a dhéanamh i ndáil le haicmí éagsúla comhlachta, fógairtí béil, stáiseanóireachta, comharthaí nó fógrán.
(2) I gcás ina ndéanfaidh duine cumarsáid i dteanga oifigiúil le comhlacht poiblí, i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach, freagróidh an comhlacht poiblí sa teanga chéanna.
(3) I gcás ina ndéanfaidh comhlacht poiblí cumarsáid i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne chun faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme, cinnteoidh an comhlacht gur i nGaeilge, nó i mBéarla agus i nGaeilge, a bheidh an chumarsáid.
Dualgas comhlachtaí poiblí doiciméid áirithe a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla.
10.—D'ainneoin aon achtacháin eile, déanfaidh comhlacht poiblí (seachas comhlacht, eagraíocht nó grúpa a bheidh forordaithe de bhun rialachán chun críocha chlásal (b) de mhír 1(5) den Chéad Sceideal) na doiciméid seo a leanas, a dhéanfaidh sé nó a dhéanfar faoina údarás, a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla:
(a) aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí;
(b) aon tuarascáil bhliantúil;
(c) aon chuntas iniúchta nó ráiteas airgeadais;
(d) aon ráiteas straitéise a cheanglaítear a ullmhú faoi alt 5 den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997; agus
(e) aon doiciméad de thuairisc nó d'aicme a bheidh forordaithe de thuras na huaire, le toiliú an Aire Airgeadais agus cibé Aire eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire ag féachaint d'fheidhmeanna an Aire eile sin den Rialtas, agus is doiciméad de thuairisc nó d'aicme a bhfuil, i dtuairim an Aire, tábhacht mhór phoiblí ag baint leis.
Úsáid na dteangacha oifigiúla ag comhlachtaí poiblí.
11.—(1) D'fhonn úsáid na Gaeilge a chur chun cinn chun críoch oifigiúil sa Stát, féadfaidh an tAire, le fógra i scríbhinn chuig ceann comhlachta phoiblí, a cheangal ar an gcomhlacht poiblí dréacht-scéim a ullmhú agus a thíolacadh dó nó di lena daingniú laistigh de cibé tréimhse ama (nach faide ná 6 mhí ó dháta eisithe an fhógra) a bheidh sonraithe san fhógra, ar dréacht-scéim í ina sonrófar—
(a) na seirbhísí a bheartaíonn an comhlacht poiblí a sholáthar—
(i) trí mheán na Gaeilge amháin,
(ii) trí mheán an Bhéarla amháin, agus
(iii) trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon,
agus
(b) na bearta a bheartaíonn an comhlacht a ghlacadh chun a chinntiú go ndéanfar aon seirbhísí nach soláthraíonn an comhlacht trí mheán na Gaeilge a sholáthar amhlaidh.
(2) (a) Sonrófar i ndréacht-scéim dá dtagraítear i bhfo-alt (1) na modhanna cumarsáide atá le soláthar sa Ghaeilge amháin, sa Bhéarla amháin agus sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon.
(b) San alt seo, ciallaíonn “modhanna cumarsáide” na modhanna cumarsáide idir an comhlacht lena mbaineann agus an pobal i gcoitinne nó grúpaí nó daoine ar leithligh den phobal i ndáil leis na seirbhísí lena mbaineann, i ndáil le soláthar na seirbhísí agus i ndáil le faisnéis a bhaineann leis na seirbhísí nó leis an soláthar sin.
(3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a ordú do chomhlacht poiblí, i ndáil leis na seirbhísí sin dá chuid a sheachadtar trí mheán an Bhéarla amháin, plean a tharraingt suas chun na seirbhísí sin a sheachadadh trí mheán na Gaeilge chomh maith, mar aon le meastachán a thabhairt ar an tréimhse ama is gá chun an plean a chur i ngníomh.
(4) Beidh cóip de na treoirlínte reatha arna n-eisiúint ag an Aire faoi alt 12 ag gabháil le fógra faoi fho-alt (1).
(5) Féadfar fógraí éagsúla a thabhairt do cheann comhlachta phoiblí faoin alt seo i leith seirbhísí éagsúla.
An tAire d'fhoilsiú treoirlínte.
12.—(1) Eiseoidh an tAire treoirlínte chuig comhlachtaí poiblí i ndáil le hullmhú dréacht-scéimeanna ag comhlachtaí poiblí.
(2) A luaithe is indéanta tar éis thosach feidhme an ailt seo, ullmhóidh an tAire dréacht d'aon treoirlínte a bheartaíonn sé nó sí a eisiúint faoi fho-alt (1) agus cuirfidh sé nó sí cóipeanna den dréacht—
(a) chuig gach Aire eile den Rialtas; agus
(b) chuig cibé daoine eile (lena n-áirítear aon cheann eile) is cuí leis nó léi.
(3) Déanfaidh an tAire, tar éis breithniú a dhéanamh ar aon uiríll a bheidh déanta chuige nó chuici maidir leis na dréacht-treoirlínte, na dréacht-treoirlínte a dhaingniú gan leasú nó fara cibé leasuithe is cuí leis nó léi.
(4) Déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta, cóip d'aon treoirlínte a eiseofar faoi fho-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
(5) Déanfaidh an tAire, ag cibé eatraimh is cuí leis nó léi, aon treoirlínte a eiseofar faoi fho-alt (1) a athmheas agus beidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir le heisiúint na dtreoirlínte athmheasta sin mar atá feidhm acu maidir leis na treoirlínte a eisíodh i gcéaduair.
Comhlacht poiblí d'ullmhú dréacht-scéime.
13.—(1) Ar fhógra faoi alt 11 a fháil, déanfaidh comhlacht poiblí—
(a) fógra a fhoilsiú á rá go bhfuil ar intinn aige dréacht-scéim a ullmhú agus uiríll a lorg ó aon pháirtithe leasmhara, agus
(b) laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra, dréacht-scéim a ullmhú agus a thíolacadh don Aire lena daingniú.
(2) Le linn dréacht-scéim a ullmhú, déanfaidh an comhlacht poiblí—
(a) aird a thabhairt ar aon treoirlínte arna n-eisiúint faoi alt 12 agus atá i bhfeidhm,
(b) aird a thabhairt ar aon uiríll arna ndéanamh ag aon pháirtí leasmhar faoi fho-alt (1),
(c) a chinntiú go bhfuil líon leordhóthanach dá fhoireann inniúil sa Ghaeilge chun go mbeidh siad in ann a sheirbhís a sholáthar trí Ghaeilge chomh maith lena soláthar trí Bhéarla,
(d) a chinntiú go bhfreastalófar ar na riachtanais áirithe Gaeilge a bhaineann le seirbhísí a sholáthar i limistéir Ghaeltachta,
(e) a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre ina chuid oifigí sa Ghaeltacht tráth nach déanaí ná cibé dáta a chinnfidh sé le toiliú an Aire.
(3) Ní bheidh i ndréacht-scéim ach cibé nithe a cheanglaítear a shonrú faoi fho-ailt (1) agus (2) d'alt 11.
An tAire do dhaingniú dréachtscéimeanna.
14.—(1) Ar chomhlacht poiblí do thíolacadh dréacht-scéime don Aire, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé daoine eile lena n-áirítear cibé Aire eile (más ann) den Rialtas a measfaidh an tAire gur chóir dul i gcomhairle leo, agus le toiliú cheann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann, an dréacht-scéim a dhaingniú gan leasú nó fara cibé leasuithe is cuí leis nó léi.
(2) Déanfaidh an tAire, tar éis aon dréacht-scéim a dhaingniú faoin alt seo, cóip den scéim a chur ar aghaidh chuig an gCoimisinéir.
(3) Fanfaidh scéim i bhfeidhm ar feadh tréimhse 3 bliana ón dáta a ndaingníonn an tAire í nó go dtí go mbeidh scéim nua daingnithe ag an Aire de bhun alt 15, cibé acu is déanaí.
Athbhreithniú tréimhsiúil ar scéimeanna.
15.—(1) Féadfaidh an tAire, aon tráth, agus déanfaidh an tAire, tráth nach déanaí ná 6 mhí sula rachaidh an scéim in éag, trí fhógra i scríbhinn chuig ceann comhlachta phoiblí, a cheangal ar an gcomhlacht sin aon scéim atá i bhfeidhm i ndáil leis a athbhreithniú laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra.
(2) Ar fhógra a fháil faoi fho-alt (1), seolfaidh comhlacht poiblí athbhreithniú ar an scéim sin agus déanfaidh sé, laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra, dréacht-scéim nua a ullmhú agus a thíolacadh lena daingniú ag an Aire.
(3) Beidh feidhm ag ailt 11, 13 agus 14, fara aon mhodhnuithe is gá, i gcás ina dtabharfar fógra faoi fho-alt (1) mar atá feidhm acu i gcás ina dtabharfar fógra faoi alt 11.
Scéimeanna a leasú.
16.—(1) I gcás inar deimhin leis an Aire, de bharr aon athrú—
(a) ar fheidhmeanna comhlachta phoiblí, nó
(b) ar an imthoisc ina gcomhlíontar na feidhmeanna sin,
go bhféadfaidh gur cuí aon scéim atá i bhfeidhm i ndáil leis an gcomhlacht sin a leasú, féadfaidh sé nó sí, ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, nó ar iarraidh ón gcomhlacht poiblí lena mbaineann, trí fhógra i scríbhinn chuig an gcomhlacht poiblí, leasuithe a mholadh ar an scéim.
(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cibé daoine eile, lena n-áirítear cibé Aire eile (más ann) den Rialtas, a measfaidh an tAire gur chóir dul i gcomhairle leo, agus le toiliú cheann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann, scéim a leasú sa tslí atá beartaithe in aon fhógra faoi fho-alt (1) nó i cibé slí eile is cuí leis nó léi sna himthosca, agus beidh éifeacht leis an scéim dá éis sin faoi réir aon leasuithe den sórt sin.
(3) Déanfaidh an tAire cóip d'aon scéim a bheidh leasaithe faoin alt seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisinéir.
Mainneachtain dréacht-scéim a ullmhú.
17.—Más rud é—
(a) go mainneoidh nó go ndiúltóidh comhlacht poiblí dréacht-scéim a ullmhú de réir fógra a eiseofar faoi alt 11 nó 15,
(b) tar éis do chomhlacht poiblí dréacht-scéim a thíolacadh don Aire lena daingniú, nach mbeidh an comhlacht poiblí agus an tAire ábalta téarmaí na scéime a chomhaontú, nó
(c) tar éis do chomhlacht poiblí fógra a fháil maidir le leasuithe beartaithe ar scéim, nach mbeidh an comhlacht poiblí agus an tAire ábalta comhaontú ar aon leasuithe,
déanfaidh an tAire an mhainneachtain, an diúltú nó an neamhábaltacht sin a thuairisciú do gach Teach den Oireachtas.
Dualgas scéimeanna a chur i gcrích.
18.—(1) I gcás ina ndaingneoidh an tAire scéim faoin Acht seo, rachaidh an comhlacht poiblí ar aghaidh leis an scéim a chur i gcrích.
(2) Ní fhorléireofar aon ní i scéim mar ní a thoirmisceann ar chomhlacht poiblí bearta breise a chur i ngníomh chun stádas teanga oifigiúla a chur chun cinn laistigh dá eagraíocht.
Toirmeasc ar chomhlachtaí poiblí d'fhorchur muirear.
19.—Ní dhéanfaidh comhlacht poiblí aon mhuirear a fhorchur ar aon duine de bhua aon cheanglais a fhorchuirtear ar an gcomhlacht sin leis an Acht seo.
CUID 4
An Coimisinéir Teanga
Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a bhunú.
20.—(1) Bunaítear oifig ar a dtabharfar Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla agus tabharfar An Coimisinéir Teanga ar shealbhóir na hoifige agus gairtear an Coimisinéir de nó di san Acht seo.
(2) Beidh an Coimisinéir neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna.
(3) Is é nó is í an tUachtarán a dhéanfaidh duine a cheapadh mar Choimisinéir, ar chomhairle an Rialtais tar éis do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann rún a rith ag moladh an duine a cheapadh.
(4) Beidh éifeacht le forálacha an Dara Sceideal i ndáil leis an gCoimisinéir.
Feidhmeanna an Choimisinéara.
21.—Is iad feidhmeanna an Choimisinéara, i dteannta aon fheidhmeanna a thugtar dó nó di le haon fhoráil eile den Acht seo—
(a) faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Achta seo ag comhlachtaí poiblí,
(b) gach beart riachtanach atá faoi réim a údaráis nó a húdaráis a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí forálacha an Achta seo,
(c) imscrúduithe a dhéanamh, cibé acu ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, ar iarraidh ón Aire nó de bhun gearán a bheidh déanta leis nó léi ag aon duine, maidir le haon mhainneachtain ag comhlacht poiblí forálacha an Achta seo a chomhlíonadh, ar mainneachtain í ar dóigh leis nó léi nó, de réir mar is cuí, leis an Aire, gur féidir gur tharla sí,
(d) comhairle nó cúnamh eile a sholáthar, de réir mar is cuí leis nó léi, don phobal maidir lena gcearta faoin Acht seo,
(e) comhairle nó cúnamh eile a sholáthar, de réir mar is cuí leis nó léi, do chomhlachtaí poiblí maidir lena n-oibleagáidí faoin Acht seo, agus
(f) imscrúdú a dhéanamh, cibé acu ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, ar iarraidh ón Aire nó de bhun gearán a bheidh déanta leis nó léi ag aon duine, chun a fháil amach an amhlaidh nach raibh nó nach bhfuil aon fhoráil d'aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid teanga oifigiúla á comhlíonadh.
Cumhachtaí an Choimisinéara.
22.—(1) (a) Chun críche a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo, féadfaidh an Coimisinéir a cheangal ar aon duine a bhfuil, i dtuairim an Choimisinéara, faisnéis aige nó aici, nó a bhfuil cumhacht nó rialú aige nó aici ar thaifead nó ar rud, a bhaineann leis na críocha réamhráite, aon fhaisnéis, taifead nó rud den sórt sin a thabhairt don Choimisinéir agus, más cuí, féadfaidh sé nó sí a cheangal ar an duine freastal os a chomhair nó os a comhair chun na críche sin, agus comhlíonfaidh an duine an ceanglas.
(b) Níl feidhm ag mír (a) den fho-alt seo maidir le faisnéis nó le cibé méid de thaifead a bhaineann le cinntí agus le himeachtaí de chuid an Rialtais nó de chuid aon choiste de chuid an Rialtais agus chun críocha na míre seo is deimhniú críochnaitheach deimhniú a thabharfaidh Ard-Rúnaí an Rialtais á dheimhniú go bhfuil aon fhaisnéis nó taifead nó cuid de thaifead bainteach amhlaidh.
(2) Faoi réir fho-alt (3), ní chuirfidh aon achtachán nó riail dlí lena dtoirmisctear nó lena sriantar faisnéis a nochtadh nó a chur in iúl cosc ar dhuine aon fhaisnéis nó taifead den sórt sin, mar a dúradh, a thabhairt don Choimisinéir.
(3) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh duine a mbeidh ceanglas dírithe chuige nó chuici faoin alt seo i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a mbeadh sé nó sí ina dteideal dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é nó í.
(4) Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh ceanglas faoin alt seo a chomhlíonadh nó a chuirfidh treampán nó bac ar an gCoimisinéir le linn a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh faoin alt seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €2,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.
(5) I gcás cion faoi fho-alt (4) a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur éascaíodh é a dhéanamh le haon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile den tsamhail sin de chuid an chomhlachta, nó duine a d'airbheartaigh a bheidh ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an t-oifigeach nó an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht sin, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.
(6) Féadfaidh an Coimisinéir imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.
(7) Féadfaidh an Coimisinéir, más cuí leis nó léi, íocaíochtaí mar a leanas a íoc le haon duine a dhéanfaidh, chun na gcríoch réamhráite, freastal os comhair an Choimisinéara nó faisnéis nó taifead nó rud eile a thabhairt dó nó di—
(a) suimeanna i leith caiteachas taistil agus cothaithe a thabhaigh an duine go cuí, agus
(b) liúntais mar chúiteamh as a chuid nó a cuid ama a chailleadh,
ina mbeidh cibé méid a chinnfidh an tAire.
(8) Ní bheidh ráiteas nó admháil ó dhuine chun na gcríoch réamhráite inghlactha mar fhianaise i gcoinne an duine sin in aon imeachtaí coiriúla.
(9) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo aon cheart a thabhairt chun aon taifead nó rud atá faoi réir pribhléide dlíthiúla a thabhairt ar aird nó chun rochtain a fháil ar an gcéanna.
Imscrúduithe a sheoladh.
23.—(1) Is ar shlí seachas go poiblí a sheolfar imscrúdú a dhéanfaidh an Coimisinéir faoin Acht seo.
(2) I gcás ina mbeartaíonn an Coimisinéir imscrúdú a dhéanamh faoin Acht seo déanfaidh sé nó sí—
(a) fógra i scríbhinn a thabhairt—
(i) don chomhlacht poiblí lena mbaineann,
(ii) i gcás gearán a bheith déanta leis an gCoimisinéir, don duine a rinne an gearán, agus
(iii) don Aire,
ina thaobh sin, agus
(b) deis a thabhairt—
(i) don chomhlacht poiblí lena mbaineann, agus
(ii) d'aon duine eile ar dealraitheach nó, i gcás gearán a bheith déanta leis an gCoimisinéir, d'aon duine eile a líomhnaítear, go raibh sé nó sí freagrach as an ní a ndearnadh gearán faoi,
trácht ar an ní agus, má rinneadh gearán leis an gCoimisinéir i ndáil leis an ní, ar aon líomhaintí a bhí sa ghearán.
(3) Féadfaidh an Coimisinéir—
(a) diúltú gearán a imscrúdú faoin Acht seo, nó
(b) scor d'imscrúdú faoin Acht seo i dtaobh gearáin den sórt sin,
má thagann sé nó sí ar an tuairim—
(i) go bhfuil an gearán fánach nó cráiteach,
(ii) nach ndearna an duine a rinne an gearán bearta réasúnacha chun sásamh a lorg i leith ábhar an ghearáin nó, má rinne, nár diúltaíodh sásamh dó nó di,
(iii) nach mbaineann an gearán ach amháin le ní a bhfuil cumhacht ag an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh ina leith de bhun alt 4(2)(a) den Acht Ombudsman 1980, nó
(iv) nach bhfuil aon sárú ar fhorálacha an Achta seo nó aon achtacháin eile a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla i gceist sa ní a ndearnadh gearán faoi.
(4) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, is é an nós imeachta le himscrúdú a sheoladh cibé nós imeachta is cuí leis an gCoimisinéir in imthosca uile an cháis.
(5) Féadfaidh an Coimisinéir a chinneadh an bhféadfaidh abhcóide nó aturnae, nó an féidir ar shlí eile, ionadaíocht a dhéanamh d'aon duine in imscrúdú a dhéanfaidh an Coimisinéir faoin Acht seo.
Eisiamh.
24.—Ní imscrúdóidh an Coimisinéir aon ghearán a dhéanfaidh duine nó a dhéanfar thar ceann duine más gearán é a mbeidh imeachtaí dlíthiúla sibhialta tionscanta i ndáil leis in aon chúirt ag an duine a ndéanann an ní a ndearnadh gearán faoi difear dó nó di agus nach mbeidh na himeachtaí dífe de bharr gan cúis chaingne nó gearán is inbhreithnithe ag an gcúirt sin a nochtadh, cibé acu a bheidh na himeachtaí sin tugtha chun críche thairis sin nó nach mbeidh:
Ar choinníoll go bhféadfaidh an Coimisinéir an ní a imscrúdú d'ainneoin gur ní é lena mbaineann an t-alt seo más dealraitheach don Choimisinéir gur cuí déanamh amhlaidh de bharr imthosca speisialta.
Faisnéis a nochtadh.
25.—Ní dhéanfar faisnéis nó taifead nó rud a gheobhaidh an Coimisinéir nó a gheobhaidh oifigigh an Choimisinéara i gcúrsa fheidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna aige nó aici faoin Acht seo a nochtadh ach amháin chun críocha an fheidhmithe sin agus chun críocha aon ráitis, tuarascála nó fógra atá le tabhairt faoin Acht seo agus ní iarrfar ar an gCoimisinéir nó ar oifigigh an Choimisinéara fianaise a thabhairt in aon imeachtaí maidir le nithe a thiocfaidh ar a umhail nó ar a humhail nó ar a n-umhail i gcúrsa an fheidhmithe sin.
Tuarascáil ar fhionnachtana.
26.—(1) In aon chás ina ndéanfar gearán leis an gCoimisinéir agus ina gcinnfidh an Coimisinéir gan imscrúdú a dhéanamh faoin Acht seo nó scor d'imscrúdú den sórt sin, déanfaidh sé nó sí ráiteas i scríbhinn maidir leis na cúiseanna atá aige nó aici leis an gcinneadh a chur chuig an duine a rinne an gearán agus chuig an gcomhlacht poiblí lena mbaineann agus déanfaidh sé nó sí cibé ráiteas i scríbhinn is cuí leis nó léi i ndáil leis an ní a chur chuig cibé duine eile is cuí leis nó léi.
(2) In aon chás ina seolfaidh an Coimisinéir imscrúdú faoin Acht seo, déanfaidh sé nó sí tuarascáil i scríbhinn a ullmhú agus a chur faoina mbráid seo a leanas—
(a) an comhlacht poiblí lena mbaineann,
(b) an tAire, agus
(c) i gcás ina ndéanfar gearán leis an gCoimisinéir, an gearánach,
maidir le fionnachtana an imscrúdaithe agus féadfaidh sé nó sí aon mholtaí is cuí leis nó léi, ag féachaint don imscrúdú, a áireamh sa tuarascáil.
(3) Gan dochar d'fho-alt (2), féadfaidh an Coimisinéir tuarascáil eatramhach a eisiúint más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh.
(4) Féadfaidh an Coimisinéir a iarraidh ar chomhlacht poiblí aon tuairimí a bheidh aige maidir le haon fhionnachtana nó moltaí atá ar áireamh i dtuarascáil faoin alt seo a chur faoina bhráid nó faoina bráid laistigh de thréimhse ama shonraithe.
(5) Más rud é, laistigh de thréimhse ama réasúnach tar éis tuarascáil a bhfuil moltaí inti a chur faoi bhráid comhlachta phoiblí faoi fho-alt (2), nach mbeidh, i dtuairim an Choimisinéara, aon chuid de na moltaí atá sa tuarascáil curtha i ngníomh ag an gcomhlacht sin, féadfaidh an Coimisinéir, tar éis aon fhreagraí a bhreithniú a bheidh tugtha ag an gcomhlacht poiblí dó nó di i leith na moltaí sin, tuarascáil a thabhairt do gach Teach den Oireachtas maidir leis an gcéanna.
(6) Cuirfidh an Coimisinéir ag gabháil le gach tuarascáil faoi fho-alt (5) cóip de gach freagra (más ann) a bheidh tugtha ag comhlacht poiblí nó thar a cheann ar na moltaí sin.
Scéimeanna cúitimh.
27.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim cúitimh a dhéanamh lena bhforálfar go n-íocfaidh comhlacht poiblí le cibé daoine cibé suimeanna a bheidh sonraithe sa scéim, i leith aon mhainneachtana, a bheidh sonraithe i dtuarascáil ón gCoimisinéir faoi alt 26, ag an gcomhlacht (seachas comhlacht poiblí a bheidh forordaithe chun críocha mhír 1(5) den Chéad Sceideal) forálacha an Achta seo a chomhlíonadh.
(2) D'ainneoin mhir (f) d'alt 21, ní fhéadfar a fhoráil le scéim faoi fho-alt (1) go n-íocfar airgead i leith aon mhainneachtana ag comhlacht poiblí aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó úsáid teanga oifigiúla a chomhlíonadh.
(3) Féadfar scéim faoi fho-alt (1) a chúlghairm nó a athrú le scéim ina dhiaidh sin arna déanamh faoin bhfo-alt sin.
Achomhairc chuig an Ard-Chúirt.
28.—(1) Féadfaidh páirtí in imscrúdú faoin Acht seo nó aon duine eile a ndéanann fionnachtana agus moltaí an Choimisinéara tar éis imscrúdú den sórt sin difear dó nó di, achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí i gcoinne an chinnidh.
(2) Déanfar achomharc faoi fho-alt (1) a thionscnamh tráth nach déanaí ná 4 sheachtain tar éis fógra maidir leis na fionnachtana agus na moltaí iomchuí a thabhairt don duine a bheidh ag tionscnamh an achomhairc.
(3) (a) I gcás ina ndéanfaidh an Ard-Chúirt achomharc faoin alt seo ag duine, seachas ag ceann, a dhíbhe, féadfaidh an Chúirt sin, má mheasann sí gur ghabh tábhacht phoiblí eisceachtúil leis an bponc dlí lena mbaineann, a ordú go ndéanfaidh an comhlacht poiblí lena mbaineann cuid de chostais an duine i ndáil leis an achomharc, nó iad go léir, a íoc.
(b) Féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú go ndéanfaidh an comhlacht poiblí lena mbaineann cuid de chostais duine, seachas ceann, i ndáil le tarchur faoin alt seo, nó iad go léir, a íoc.
(4) Maidir le cinneadh ón Ard-Chúirt tar éis achomhairc faoi fho-alt (1), sonrófar ann, i gcás inar cuí sin, an tréimhse ar laistigh di a thabharfar éifeacht don chinneadh.
An Coimisinéir d'fhoilsiú tráchtaireachtaí maidir le feidhm phraiticiúil, etc. an Achta.
29.—Féadfaidh an Coimisinéir tráchtaireachtaí ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú fhorálacha an Achta seo, nó aon fhorálacha áirithe den Acht seo, a ullmhú agus a fhoilsiú, lena n-áirítear tráchtaireachtaí a bheidh bunaithe ar thaithí shealbhóirí oifig an Choimisinéara i ndáil le himscrúduithe, agus le fionnachtana tar éis imscrúduithe, de chuid sealbhóirí den sórt sin faoin Acht seo.
Tuarascálacha ón gCoimisinéir.
30.—(1) Déanfaidh an Coimisinéir, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh gach bliana, tuarascáil i ngach ceann de na teangacha oifigiúla maidir lena ghníomhaíochtaí nó lena gníomhaíochtaí sa bhliain sin a ullmhú agus a thabhairt don Aire.
(2) Déanfaidh an tAire, tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis an tuarascáil a fháil, a chur faoi deara cóip di a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
(3) Féadfaidh an Coimisinéir, más cuí leis nó léi déanamh amhlaidh ar mhaithe le leas an phobail nó ar mhaithe le leasanna aon duine, tuarascáil a ullmhú agus a fhoilsiú i ngach ceann de na teangacha oifigiúla i ndáil le haon imscrúdú a bheidh déanta aige nó aici nó i ndáil le haon fheidhm eile a bheidh comhlíonta aige nó aici faoin Acht seo nó i ndáil le haon ní a bhaineann le himscrúdú nó le comhlíonadh den sórt sin nó a éiríonn i gcúrsa an chéanna.
(4) San alt seo, ní fholaíonn “tuarascáil” tuarascáil faoi alt 26.
CUID 5
Logainmneacha
Mínithe.
31.—Sa Chuid seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “an Coimisiún” an comhlacht ar a dtugtar An Coimisiún Logainmneacha agus a bunaíodh le barántas ón Aire Airgeadais dar dáta an 24ú lá de Dheireadh Fómhair 1946;
folaíonn “logainm” ainm aon chúige, contae, cathrach, baile, sráidbhaile, barúntachta, paróiste nó baile fearainn, nó ainm aon ghné tíre (nádúrtha nó saorga), dúiche, limistéir nó áite, mar a thaispeántar ar léarscáileanna Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann;
tá le “ordú logainmneacha” an bhrí a shanntar dó le halt 32.
Orduithe logainmneacha.
32.—(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an tAire, tar éis dó nó di comhairle a fháil ón gCoimisiún agus an chomhairle sin a bhreithniú, le hordú (dá ngairtear “ordú logainmneacha” sa Chuid seo)—
(a) a dhearbhú gurb é an leagan Gaeilge de logainm a bheidh sonraithe san ordú cibé focal nó focail a shonróidh sé nó sí san ordú,
(b) ordú logainmneacha a leasú nó a chúlghairm.
(2) Ní dhéanfaidh an tAire dearbhú faoi fho-alt (1) i ndáil le háit i limistéar Gaeltachta a bhfuil dearbhú faoi Chuid 18 den Acht Rialtais Áitiúil 2001 i bhfeidhm ina leith.
(3) Leagfar gach ordú logainmneacha faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
Forléiriú focal i ndoiciméid dhlíthiúla.
33.—(1) Focal nó focail a mbeidh dearbhaithe ag an Aire in ordú logainmneacha gurb é an leagan Gaeilge é, nó gurb iad an leagan Gaeilge iad, de logainm a bheidh sonraithe san ordú, forléireofar i ndoiciméad dlíthiúil, mura léir a mhalairt d'intinn, é nó iad a bheith ag tagairt don áit chéanna agus a bheith ar chomhfheidhm agus ar chomhéifeacht leis an leagan Béarla den logainm a bheidh sonraithe amhlaidh.
(2) I gcás ina ndéanfaidh an tAire dearbhú faoi alt 32 i leith logainm i limistéar Gaeltachta, ní bheidh aon fheidhm ná éifeacht a thuilleadh leis an leagan Béarla den logainm amhail ar an agus ón dáta feidhme ach sin gan dochar d'aon ní arna dhéanamh roimh an dáta sin nó dá éis lena n-áirítear úsáid an leagain sin seachas a úsáid—
(a) in aon Acht den Oireachtas a rithfear tar éis an dáta feidhme nó in aon ionstraim reachtúil a dhéanfar tar éis an dáta sin faoi aon Acht,
(b) i cibé léarscáileanna, arna n-ullmhú agus arna bhfoilsiú ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann nó le cead uaithi, a bheidh forordaithe, nó
(c) ar chomhartha bóthair nó sráide arna chur suas ag údarás áitiúil nó thar a cheann.
(3) San alt seo—
ciallaíonn “doiciméad dlíthiúil”—
(a) aon Acht den Oireachtas a rithfear tar éis an dáta feidhme, aon ionstraim reachtúil a dhéanfar tar éis an dáta sin faoi aon Acht nó an tiontú oifigiúil ar aon Acht nó ionstraim;
(b) aon ionstraim a bhfuil éifeacht dhlíthiúil nó iarmhairtí dlíthiúla aici nó a mbeartaítear an éifeacht nó na hiarmhairtí sin a bheith aici agus a fhorghníomhófar ar an dáta feidhme nó dá éis;
(c) aon doiciméad a úsáidtear in imeachtaí dlíthiúla nó chun críocha imeachtaí dlíthiúla agus a dhéanfar, a eiseofar nó a sheirbheálfar ar an dáta feidhme nó dá éis,
ciallaíonn “an dáta feidhme” an dáta a dtiocfaidh an t-ordú logainmneacha iomchuí i ngníomh.
Leasú ar an Acht um Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann 2001.
34.—Leasaítear an tAcht um Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann 2001 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (h) d'alt 4(2):
“(h) logainmneacha agus gnéithe seanda sna taifid agus sna bunachair sonraí léarscáilíochta náisiúnta agus i dtaifid agus i mbunachair sonraí ghaolmhara a thaispeáint i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge.”.
Aisghairm.
35.—Aisghairtear an tAcht Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge) 1973.
CUID 6
Ilghnéitheach
Ról an Ombudsman.
36.—Ní thoirmiscfidh aon ní san Acht seo ar an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh, de bhun fho-alt (2) d'alt 4 den Acht Ombudsman 1980, ar aon ghníomh a rinne Roinn Stáit nó duine eile a shonraítear i gCuid 1 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, nó a rinneadh thar a cheann nó thar a ceann.
AN CHÉAD SCEIDEAL
Comhlachtaí Poiblí
1. Is comhlacht poiblí é gach ceann díobh seo a leanas chun críocha an Achta seo:
(1) An Roinn Talmhaíochta agus Bia
An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta
An Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha
An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
An Roinn Cosanta
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
An Roinn Airgeadais
An Roinn Gnóthaí Eachtracha
An Roinn Sláinte agus Leanaí
An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí
An Roinn Fiontar Poiblí
An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh
An Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil
Roinn an Taoisigh
An Roinn Iompair
Oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit
Oifig Choimisinéirí na Státseirbhíse agus na gCoimisinéirí um
Cheapacháin Áitiúla
Oifig an Ard-Aighne
Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste
Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
Oifig Thithe an Oireachtais
Oifig an Uachtaráin
Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
(2) Gníomhaireachtaí, Boird, Cuideachtaí Stáit (tráchtála agus neamhthráchtála):
tionól réigiúnach
Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir agus bord sláinte
limistéir
údarás réigiúnach
ollscoil nó foras tríú leibhéal eile
coiste gairmoideachais
Comhar Cultúra Éireann
Grúpa Aer Lingus cpt
Aer Rianta cpt
An Bord Altranais
An Bord Bia
An Bord Glas
An Bord Pleanála
An Bord Uchtála
An Chomhairle Leabharlanna
An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta
An Coimisiún Logainmneacha
An Foras Áiseanna Saothair (FÁS)
Comhlacht Forfheidhmithe arna bhunú faoin Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999
An Post
An tÚdarás um Ard-Oideachas
APSO (an Ghníomhaireacht um Sheirbhís Phearsanta Thar Lear)
Area Development Management Limited
Boird Chomhpháirtíochta Limistéir
Arramara Teoranta
Bith-Thaighde Éireann
Bord Fáilte Éireann
Bord Gáis Éireann
Bord Iascaigh Mhara
Bord na gCon
Bord na Leabhar Gaeilge
Bord na Móna
Bord na Radharcmhastóirí
Bord Scannán na hÉireann
Coimisiún Craolacháin na hÉireann
An Coimisiún um Ghearáin Chraolacháin
Bus Átha Cliath
Bus Éireann
An Chomhairle um Oideachas, Earcaíocht agus Oiliúint
(C.E.R.T. Limited)
An Príomh-Bhord Iascaigh agus Boird Iascaigh Réigiúnacha
Banc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann
Leabharlann Chester Beatty
Coillte Teoranta
Coiste an Asgard
Comhairle
Comhairle na Nimheanna
Comhairle na nOspidéal
Comhar—An Chomhpháirtíocht Náisiúnta Forbartha Inmharthana
An Coimisiún um Rialáil Eitlíochta
An Coimisiún um Rialáil Cumarsáide
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh
Córas Iompair Éireann
Boird Fiontar Contae
Comhairle Cheardaíochta na hÉireann
An Ghníomhaireacht um Thoirchis Ghéarchéime
An Coimisinéir Cosanta Sonraí
Bord Ceaintín na bhFórsaí Cosanta
An Chomhairle Fiaclóireachta
Cláraitheoirí Ceantair Póstaí arna gceapadh faoi théarmaí alt 57 den Marriages (Ireland) Act 1844
Bord an Lárionaid Cóireála Drugaí
Bord Ospidéal Déidliachta Bhaile Átha Cliath
Údarás Forbartha Dugthailte Bhaile Átha Cliath
Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath
Oifig Iompair Bhaile Átha Cliath
An Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta
Bord Soláthair an Leictreachais
An Bord Comhairleach Fuinnimh
Fiontraíocht Éireann
Comhairle na Seirbhísí Dóiteáin
Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann
Forfás
Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna
An Bord Seirbhísí Liachta Ginearálta (Íocaíochtaí)
An Phríomh-Oifig Chlárúcháin
Seirbhísí Eolais an Rialtais
Údaráis Chuain de réir bhrí an Achta Cuanta 1946
Cuideachtaí Cuain dá dtagraítear in alt 7 den Acht Cuanta 1996
An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta
An Bord Taighde Sláinte
An Ghníomhaireacht um Fhostóirí Seirbhíse Sláinte
Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna
Rásaíocht Capall Éireann
Biúró Riaracháin na gComhlachtaí Ospidéil
Bord Iontaobhais na nOspidéal
An Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe cpt
G.F.T. Éireann
Iarnród Éireann
Institiúid Teangeolaíochta Éireann
An Foras Riaracháin
International Development Ireland Limited
Coiste Comhairleach na hÉireann um Chúnamh
Údarás Eitlíochta na hÉireann
Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann
Comhairle na hÉireann um Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Nuáil
Tionscail Leasacháin na hÉireann Teoranta
Binse Achomhairc Seirbhísí Airgeadais na hÉireann
Údarás Rialála Seirbhísí Airgeadais na hÉireann
Áras Nua-Ealaíne na hÉireann
Corparáid Náisiúnta Pheitriliam na hÉireann Teoranta
Comhlacht Graí Náisiúnta na hÉireann Teoranta
Airmheán Táirgiúlachta na hÉireann
Cumann Croise Deirge na hÉireann
Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann cpt
Grúpaí LEADER
Bord Ospidéal Pháirc Bhaile na Lobhar
An Binse Achomhairc Tobhach
Boird Seirbhíse Fostaíochta Áitiúla
An Bord Seirbhísí Ríomhaire Rialtais Áitiúil
An Bord Seirbhísí Bainistíochta Rialtais Áitiúil
Foras na Mara
An Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre
An Coimisiún Meabhair-Shláinte
An tÚdarás Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde
An Ghníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta
An Bord um an gClárlann Náisiúnta Ailse
An tIonad Náisiúnta Comhpháirtíochta agus Feidhmíochta
An Coiste Náisiúnta um Oideachas Foráis
An Ceoláras Náisiúnta
An Chomhairle Náisiúnta um Dhul in Aois agus Daoine Scothaosta
An Chomhairle Náisiúnta um Fhorbairt Ghairmiúil an
Altranais agus an Chnáimhseachais
An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta
An tÚdarás Náisiúnta Míchumais
An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach
An Fóram Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach
Dánlann Náisiúnta na hÉireann
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
An Lárionad Náisiúnta um Fheidhmiúcháin na Micrileictreonaice Teo.
An Ghníomhaireacht Náisiúnta Bainne
Ard-Mhúsaem na hÉireann
Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann
An Bord Náisiúnta Athshlánúcháin
An tÚdarás um Bóithre Náisiúnta
An Chomhairle Sábháilteachta Náisiúnta
An Bord Cáilíochtaí Náisiúnta d'Obair Shóisialta
An tÚdarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann
An Bord Náisiúnta Staidrimh
National Technology Park Plassey Ltd.
An Chuideachta Amharclann Náisiúnta Teoranta (Amharclann na Mainistreach)
Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta
Nítrigin Éireann Teoranta
An Oifig Bainistíochta Sláinte
Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach
Oifig an Stiúrthóra Imscrúduithe Comhionannais
Oifig an Phámháistir Ghinearálta
Oifig an Choimisinéara Iarratais do Dhídeanaithe
An Oifig um Rialú Tobac
Suirbhéireacht Ordanáis Éireann
Oifig na bPaitinní
Cumann Cógaiseoirí na hÉireann
An Bord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime
Ospidéil Shaorálacha Phoiblí
An Institiúid Éireannach um Chosaint Raideolaíoch
Radio Telefís Éireann
Raidió na Gaeltachta
An Ghníomhaireacht Dídeanaithe
An Binse Achomhairc do Dhídeanaithe
Cláraitheoirí Breitheanna, Básanna agus Póstaí Caitliceacha
Rómhánacha
Comhairle Chláraitheachta na Meánmhúinteoirí
Clárlann na nGníomhas
Coimisinéirí um Chearta
Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna
Teoranta (SFADCo)
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
An tSaotharlann Stáit
Fuinneamh Inmharthana Éireann
Teagasc
TEASTAS
Teilifís na Gaeilge
Temple Bar Properties Limited
Temple Bar Renewal Limited
An Bord Achomhairc um Cheadúnais Dobharshaothraithe
Bord na nArm-Phinsean
An Chomhairle Ealaíon
An Bord Achomhairc um Scrúdóireacht Scannán
An Bord Achomhairc um Chinsireacht Foilseachán
An Bord um Chinsireacht Foilseachán
An Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine
Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d'Éirinn
Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí
An Oifig um Chlárú Cuideachtaí
An tÚdarás Iomaíochta
An tSeirbhís Chúirteanna
An Binse Cúitimh i leith Díobhálacha Coiriúla
Óglaigh na hÉireann
An Binse Achomhairc Fostaíochta
An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil
An tÚdarás Comhionannais
An Garda Síochána
An Bord Achomhairc um Ghearáin i gcoinne an Gharda
Síochána
An Bord um Ghearáin i gcoinne an Gharda Síochána
An tÚdarás Árachais Sláinte
An Chomhairle Oidhreachta
An Coimisiún um Chearta an Duine
Coimisiún na Sochaí Faisnéise
Coimisiún na hÉireann-na Stát Aontaithe um Malartú Oideachasúil
Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann
Bord Leigheasra na hÉireann
Seirbhís Phríosúin na hÉireann
Comhairle Spóirt na hÉireann
An Comhlachas Snámha agus Tarrthála
An Chúirt Oibreachais
An Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais
Clárlann na Talún
An Coimisiún um Athchóiriú an Dlí
An Bord um Chúnamh Dlíthiúil
Comhairle na nDochtúirí Leighis
An Bord Mianadóireachta
An Chartlann Náisiúnta
An Chomhairle um an gCartlann Náisiúnta
An Lárionad Náisiúnta um Threoir san Oideachas
An Chomhairle Náisiúnta Iomaíochais
An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta
An Chomhairle Náisiúnta um Thaighde agus Forbairt Foraoise (COFORD)
Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Gairmoideachais
An Crannchur Náisiúnta
Oifig na gCoimisinéirí Achomhairc chun críocha na nAchtanna Cánach
Oifig an Phríomh-Dhochtúra Oifigiúil don Státseirbhís
Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Oifig Scrúdóir Oifigiúil na Scannán
Oifig an Ombudsman
Oifig Chláraitheoir na gCara-Chumann
An Bord Pinsean
An tSeirbhís Phromhaidh agus Leasa
An Coimisiún Reifrinn
An Binse Cíosa
An Binse Leasa Shóisialaigh
An Coimisiún um Scrúduithe Stáit
An Oifig Luachála
An Binse Luachála
Údarás na Gaeltachta
Comhairle na dTréidlianna
An Bord Árachais Sláinte Shaorálaigh
Coimisiún Forbartha an Iarthair
Comhairle Sláinte na mBan
(3) údarás áitiúil,
(4) bord sláinte,
(5) aon chomhlacht, eagraíocht nó grúpa a bheidh forordaithe de thuras na huaire, le toiliú cibé Aire eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire ag féachaint d'fheidhmeanna an Aire eile sin den Rialtas, agus arb éard a bheidh ann—
(a) comhlacht, eagraíocht nó grúpa a fhaigheann airgead go díreach ó Aire den Rialtas, ó Roinn Stáit, ón bPríomh-Chiste nó ó chomhlacht poiblí a shonraítear i bhfomhír (2), (3) nó (4) den mhír seo in imthosca inarb éard é an méid, nó comhiomlán na méideanna, a fhaightear amhlaidh 50 faoin gcéad nó níos mó de chaiteachas reatha an chomhlachta, na heagraíochta nó an ghrúpa sin i mbliain airgeadais,
(b) comhlacht eagraíocht nó grúpa ar comhlacht poiblí é nó í ar an dáta a dtiocfaidh an Sceideal seo i ngníomh ach a thagann faoi úinéireacht phríobháideach agus faoi rialú príobháideach ina dhiaidh sin,
(c) comhlacht, eagraíocht nó grúpa a chomhlíonann feidhmeanna a bhí dílsithe le dlí roimhe sin do chomhlacht, eagraíocht nó grúpa faoi úinéireacht phoiblí nó rialú poiblí, nó
(d) aon chomhlacht, eagraíocht nó grúpa eile a bhfuil feidhmeanna i ndáil leis an bpobal i gcoitinne, nó le haicme den phobal i gcoitinne, tugtha nó ceadaithe dó nó di le haon achtachán nó le haon cheadúnas nó údarás arna thabhairt faoi aon achtachán.
2. Ní comhlacht poiblí comhlacht, eagraíocht nó grúpa a bheidh forordaithe de bhun rialachán chun críocha chlásal (b) de mhír 1(5) ach amháin i leith feidhmeanna dá dtagraítear sa chlásal sin.
3. Féadfaidh an tAire, le toiliú cibé Aire eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire ag féachaint d'fheidhmeanna an Aire eile sin den Rialtas, fomhír (2) de mhír 1 a leasú, le rialacháin, trí thagairt d'aon chomhlacht poiblí a chur isteach nó a scriosadh.
4. Déanfar tagairt i mír 1 d'aon Roinn áirithe Stáit a fhorléiriú—
(a) mar thagairt a fholaíonn tagairt do chomhlacht, d'eagraíocht nó do ghrúpa atá sonraithe i ndáil leis an Roinn Stáit sin sa Sceideal a ghabhann leis an Acht Airí agus Rúnaithe 1924 (nach comhlacht poiblí eile é atá sonraithe sa mhír sin), agus
(b) mar thagairt nach bhfolaíonn aon chomhlacht, eagraíocht nó grúpa eile.
AN DARA SCEIDEAL
An Coimisinéir Teanga
1. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, beidh duine a cheapfar mar Choimisinéir i seilbh oifige go ceann téarma 6 bliana agus féadfar é nó í a athcheapadh chun na hoifige don dara téarma nó do théarma dá éis.
2. Aon duine a cheapfar mar Choimisinéir—
(a) féadfaidh an tUachtarán, ar an duine á iarraidh sin, é nó í a scaoileadh ó oifig,
(b) féadfaidh an tUachtarán é nó í a chur as oifig ach ní chuirfear as oifig é nó í ach amháin mar gheall ar mhí-iompar sonraithe, éagumas nó féimheacht ná ansin féin ach tar éis do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann rúin a rith ag éileamh é nó í a chur as oifig, agus
(c) éireoidh sé nó sí as oifig ar chaoi ar bith ar 67 mbliana d'aois a shlánú.
3. (1) Más rud é, i gcás duine a shealbhaíonn oifig an Choimisinéara—
(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann,
(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó d'údarás áitiúil nó chun Parlaimint na hEorpa, nó
(c) go measfar, de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1993) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa 1977 é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh,
scoirfidh sé nó sí, air sin, de bheith ina Choimisinéir nó ina Coimisinéir.
(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa nó d'údarás áitiúil, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, dícháilithe chun a cheaptha nó a ceaptha mar Choimisinéir.
4. Aon duine a bheidh i seilbh oifig an Choimisinéara ní shealbhóidh sé nó sí aon oifig nó fostaíocht eile a bhfuil díolaíochtaí iníoctha ina leith ná ní bheidh sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta de na hÓglaigh Cúltaca.
5. Íocfar leis an gCoimisinéir, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé luach saothair agus cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais.
6. (1) Féadfaidh an tAire scéim nó scéimeanna a dhéanamh agus a chur i gcrích de réir a téarmaí, is scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí nó liúntais a dheonú, ar scor nó ar bhás, do dhaoine a bhí i seilbh oifig an Choimisinéara nó i leith na ndaoine sin.
(2) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, scéim nó scéimeanna lena leasaítear nó lena gcúlghairtear scéim faoin mír seo a dhéanamh agus a chur i gcrích de réir a téarmaí.
(3) Déanfar scéim faoin mír seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.
7. (1) Féadfaidh an tAire cibé líon daoine a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, a cheapadh le bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara.
(2) Beidh comhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara ina státseirbhísigh i Státseirbhís an Stáit (de réir bhrí Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse 1956).
(3) Féadfaidh an tAire na cumhachtaí is infheidhmithe aige nó aici faoi Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse 1956 agus faoi Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse 1956 go 1996 mar an t-údarás iomchuí i ndáil le comhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara a tharmligean chun an Choimisinéara agus, má dhéanann an tAire amhlaidh, ansin, fad a fhanfaidh an tarmligean i bhfeidhm—
(a) beidh na cumhachtaí sin, in ionad iad a bheith infheidhmithe ag an Aire, infheidhmithe ag an gCoimisinéir, agus
(b) is é nó is í an Coimisinéir, in ionad an Aire, an t-údarás iomchuí chun críocha an Achta seo i ndáil le comhaltaí d'fhoireann an Choimisinéara.
8. (1) Coimeádfaidh an Coimisinéir, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh sé nó sí agus na cuntais speisialta sin go léir (más ann) a ordóidh an tAire.
(2) Déanfaidh an Coimisinéir cuntais a choimeádfar de bhun na míre seo i leith gach bliana a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an bhliain ina dhiaidh sin, ar dháta nach déanaí ná dáta a shonróidh an tAire, lena n-iniúchadh agus, a luaithe is féidir tar éis an iniúchta, déanfaidh an Coimisinéir cóip de na cuntais sin, nó de cibé sleachta as na cuntais sin a shonróidh an tAire, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste maidir leis na cuntais, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean nó sise faoi deara cóipeanna de na doiciméid a tíolacadh dó nó di a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
9. Féadfaidh an Coimisinéir aon fheidhm de chuid an Choimisinéara (seachas feidhmeanna faoin mír seo nó faoi alt 26) a tharmligean chuig comhalta d'fhoireann an Choimisinéara agus déanfar tagairtí san Acht seo don Choimisinéir a fhorléiriú, más cuí ag féachaint d'aon tarmligean faoin mír seo, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon duine a mbeidh feidhmeanna tarmligthe chuige nó chuici leis an tarmligean.