Uimhir 36 de 1935.
ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (FEOIL ÚR) (LEASÚ), 1935.
Mínithe.
1.—(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 (Uimh. 10 de 1930).
(2) Gach focal agus abairt a húsáidtear san Acht so agus le n-a gcuireann an Príomh-Acht brí áirithe chun crícheanna an Phríomh-Achta tá leo san Acht so an brí cuirtear leo amhlaidh.
Saoirse o tháillí leath-bhliana easportálaí no na táillí sin do laigheadú i gcásanna áirithe.
2.—Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, más oiriúnach leis é, a ordú o am go ham, maidir le haon tseamlas eallaigh cláruithe áirithe agus alos aon leath-bhliana áirithe—
(a) i gcás duine ar bith ag á raibh i rith na leath-bhliana san no i rith aon choda dhi ceadúnas easportálaí mhairtfheola alos an áitreibh áirithe sin agus ná raibh aon cheadúnas eile easportálaí aige i rith na leathbhliana san ná i rith aon choda dhi, ná beidh aon táille leath-bhliana easportálaí fé alt 13 den Phríomh-Acht iníoctha alos aon eallaigh a tíolaicfear fén gceadúnas easportálaí mhairtfheola san do scrúdóir tréidliaghachta chun a scrúduithe san áitreabh áirithe sin i rith na leath-bhliana san, agus
(b) i gcás duine ar bith ag á raibh i rith na leath-bhliana san no i rith aon choda dhi ceadúnas easportálaí mhairtfheola alos an áitreibh áirithe sin agus ag á raibh i rith na leath-bhliana san no i rith aon choda dhi aon cheadúnas eile easportálaí (le n-a n-áirmhítear ceadúnas easportálaí mhairtfheola alos áitreibh eile), ná beidh sa táille leath-bhliana easportálaí is iníoctha ag an duine sin fén alt san 13 aon tsuim alos aon eallaigh a tíolaicfear, fén gceadúnas easportálaí mhairtfheola san a céad-luaidhtear, do scrúdóir tréidliaghachta chun a scrúduithe san áitreabh áirithe sin i rith na leath-bhliana san,
agus, d'ainneoin éinní atá san alt san 13 no sa Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, beidh éifeacht ag aon ordú den tsórt san do réir théarmaí an chéanna.
Ceadúnaisí áirithe easportálaithe do scur de bheith i bhfeidhm.
3.—(1) Má scuireann áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de sheamlaisí eallaigh de bheith cláruithe amhlaidh, ansan, díreach ar é do scur amhlaidh, scuirfidh gach ceadúnas easportálaí mhairtfheola do deonadh alos an áitreibh sin de bheith i bhfeidhm.
(2) Má scuireann áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de sheamlaisí muc de bheith cláruithe amhlaidh, ansan, díreach ar é do scur amhlaidh, scuirfidh gach ceadúnas easportálaí mhuicfheola do deonadh alos an áitreibh sin de bheith i bhfeidhm.
(3) Má scuireann áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de sheamlaisí caorach de bheith cláruithe amhlaidh, ansan, díreach ar é do scur amhlaidh, scuirfidh gach ceadúnas easportálaí chaoirfheola do deonadh alos an áitreibh sin de bheith i bhfeidhm.
(4) Má scuireann áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de sheamlaisí capall de bheith cláruithe amhlaidh, ansan, díreach ar é do scur amhlaidh, scuirfidh gach ceadúnas easportálaí feola capaill do deonadh alos an áitreibh sin de bheith i bhfeidhm.
(5) Má scuireann áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de sheamlaisí gabhar de bheith cláruithe amhlaidh, ansan, díreach ar é do scur amhlaidh, scuirfidh gach ceadúnas easportálaí feola gabhair do deonadh alos an áitreibh sin de bheith i bhfeidhm.
(6) Athghairmtear leis seo mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 16 den Phríomh-Acht.
Cearta aois-liúntais oifigeach áirithe tréidliaghachta údarás áitiúil do bhuanchoimeád.
4.—(1) Oifigeach tréidliaghachta d'údarás sláintíochta áitiúil dar húdaruíodh fé alt 39 den Phríomh-Acht na comhachta agus na dualgaisí d'fheidhmiú agus do chólíonadh a bronntar no a cuirtear leis an bPríomh-Acht ar scrúdóir tréidliaghachta agus dob oifigeach inphinsin, le linn an údaruithe sin do réir bhrí Coda IV den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925), no do réir bhrí aon achtacháin eile i dtaobh aois-liúntais do thabhairt d'oifigigh d'údaráis áitiúla, ní scuirfidh de bheith ina oifigeach inphinsin, do réir bhrí na Coda san IV no an achtacháin eile sin, de bhíthin é do thabhairt coda dá chuid aimsire ag feidhmiú agus ag cólíonadh na gcomhacht agus na ndualgas san agus dá bhíthin sin amháin.
(2) Beidh an t-alt so fé mar a bheadh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith aige o am an Phríomh-Achta do rith.
Mion-leasuithe ar an bPríomh-Acht.
5.—Léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí gach alt agus fo-alt a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal a gabhann leis an Acht so do leasú fé seach sa tslí atá leagtha amach sa dara colún den Sceideal san os coinne an ailt agus an fho-ailt sin fé seach.
Costaisí.
6.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur in éifeacht.
Gearr-theideal agus luadh.
7.—Féadfar an tAcht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur) (Leasú), 1935, do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 go 1935, do ghairm de sna hAchtanna Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 agus 1931, agus den Acht so le chéile.
SCEIDEAL.
MION-LEASUITHE AR AN bPRIOMH-ACHT.
Alt agus fo-alt den Phríomh-Acht | An tslí ina Leasuítear é. |
Alt 35. | (i) Tré sna focail “saor o ghalar iad” do scriosadh amach as mír (d) agus na focail “iad do bheith oiriúnach mar bhia do dhaoine” do chur isteach ina n-ionad. |
(ii) Tré sna focail “agus folláin” do scriosadh amach as mír (e) agus na focail “folláin agus i dtreo shásúil i gcóir an mhargaidh” do chur isteach ina n-ionad. | |
Alt 36. | Tré sna focail “agus a chuirfe sé an méid sin in úil don scrúdóir shréidliaghachta san” do scriosadh amach agus na focail “agus a chuirfe sé an méid sin in úil d'aon scrúdóir sréidliaghachta” do chur isteach ina n-ionad. |
Alt 40, fo-alt (2). | (i) Tré sna focail “an laoighfheoil agus an scartach san” do scriosadh amach as mír (b) agus na focail “agus an laoighfheoil sin” do chur isteach ina n-ionad. |
(ii) Tríd an bhfocal “agus” do chur isteach i ndeireadh míre (b). | |
(iii) Tríd an mír nua so leanas do chur isteach i ndeireadh an fho-ailt— | |
“(c) easportálfaidh duine is sealbhóir ar cheadúnas easportálaí mhairt heola an scartach san díreach amach as seamlas eallaigh cláruithe.” | |
Alt 40, fo-alt (3). | (i) Tré sna focail “agus an scartadh san díreach amach as an seamlas muc cláruithe in ar pacáladh iad agus isé easportálfaidh amhlaidh iad” do scriosadh amach as mír (b) agus na focail “sin díreach amach as an seamlas muc cláruithe in ar pacáladh í agus isé easportálfaidh amhlaidh í” do chur isteach ina n-ionad. |
(ii) Tríd an bhfocal “agus” do chur isteach i ndeireadh míre (b). | |
(iii) Tríd an mír nua so leanas do chur isteach i ndeireadh an fho-ailt— | |
“(c) easportálfaidh duine is sealbhóir ar cheadúnas easportálaí mhuicfheola an scartach san díreach amach as seamlas muc cláruithe.” | |
Alt 40, fo-alt (4). | (i) Tré sna focail “an uainfheoil agus an scartach san” do scriosadh amach as mír (b) agus na focail “agus an uainfheoil sin” do chur isteach ina n-ionad. |
(ii) Tríd an bhfocal “agus” do chur isteach i ndeireadh míre (b). | |
(iii) Tríd an mír nua so leanas do chur isteach i ndeireadh an fho-ailt— | |
“(c) easportálfaidh duine is sealbhóir ar cheadúnas easportálaí chaoirfheola an scartach san díreach amach as seamlas caorach cláruithe.” | |
Alt 40, fo-alt (5). | (i) Tré sna focail “agus an scartach san díreach amach as an seamlas capall cláruithe in ar hullamhuíodh agus in ar pacáladh iad agus isé easportálfaidh amhlaidh iad” do scriosadh amach as mír (b) agus na focail “sin díreach amach as an seamlas capaill cláruithe in ar hullamhuíodh agus in ar pacáladh í agus isé easportálfaidh amhlaidh í” do chur isteach ina n-ionad. |
(ii) Tríd an bhfocal “agus” do chur isteach i ndeireadh míre (b). | |
(iii) Tríd an mír nua so leanas do chur isteach i ndeireadh an fho-ailt— | |
“(c) easportálfaidh duine is sealbhóir ar cheadúnas easportálaí feola capaill an scartach san díreach amach as seamlas capall cláruithe.” | |
Alt 40, fo-alt (6). | (i) Tré sna focail “agus an scartach san díreach amach as an seamlas gabhar cláruithe in ar hullamhuíodh agus in ar pacáladh iad agus isé easportálfaidh amhlaidh iad” do scriosadh amach as mír (b) agus na focail “sin díreach amach as an seamlas gabhar cláruithe in ar hullamhuíodh agus in ar pacáladh í agus isé easportálfaidh amhlaidh í” do chur isteach ina n-ionad. |
(ii) Tríd an bhfocal “agus” do chur isteach i ndeireadh míre (b). | |
(iii) Tríd an mír nua so leanas do chur isteach i ndeireadh an fho-ailt— | |
“(c) easportálfaidh duine is sealbhóir ar cheadúnas easportálaí feola gabhair an scartach san díreach amach as seamlas gabhar cláruithe.” |