Uimhir 37 de 1983
AN tACHT IOMPAIR, 1983
[An tiontú oifigiúil]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht Iompair, 1950;
ciallaíonn “Acht 1981” an tAcht Iompair, 1981.
An Bord d'fháil airgid ar iasacht chun críocha caipitiúla.
2.—Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 5 (2) den Acht Iompair, 1964 (a cuireadh isteach le hAcht 1981):
“(2) Ní mó ná £230,000,000 comhiomlán na n-iasachtaí faoin alt seo a bheidh gan aisíoc aon tráth áirithe.”.
Ráthaíochtaí i leith airgead áirithe is iníoctha ag an mBord.
3.—(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 2 (2) den Acht um Ráthaíochtaí Stáit (Iompar), 1962 (a cuireadh isteach le hAcht 1981):
“(2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo nó le halt 4 (1) den Acht Iompair, 1974, a fheidhmiú i slí gur mó ná £230,000,000 méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé a íoc aon tráth áirithe de bhun ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin alt seo nó faoi alt 4 den Acht Iompair, 1974 (nó faoin dá alt sin), a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha aige roimhe sin de bhun aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nár aisíocadh.”.
Cumhachtaí sealadacha an Bhoird chun airgead a fháil ar iasacht.
4.—Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 28 (1) (c) d'Acht 1950 (a cuireadh isteach le hAcht 1981):
“(c) Ní dhéanfaidh an Bord in aon chás a chumhachtaí faoi mhír (a) den fho-alt seo a fheidhmiú ar shlí gur mó ná £40,000,000 aon tráth a fhéichiúnas iomlán i leith iasachta sealadaí.”.
Ráthaíocht Stáit le hiasachtaí sealadacha a gheobhaidh an Bord.
5.—Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 30 (1) (b) d'Acht 1950 (a cuireadh isteach le hAcht 1981):
“(b) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar dó leis an bhfo-alt seo a fheidhmiú ar shlí gur mó ná £40,000,000 méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé a aisíoc aon tráth áirithe ar scór aon ráthaíochta nó aon ráthaíochtaí faoin bhfo-alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha roimhe sin ag an Aire sin ar scór aon ráthaíochta faoin bhfo-alt seo agus nach mbeidh aisíoctha ag an mBord.”.
Caiteachais.
6.—Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Gearrtheideal.
7.—Féadfar an tAcht Iompair, 1983, a ghairm den Acht seo.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |