harp.jpg


Uimhir 40 de 1998


AN tACHT UM BINSÍ COIREANNA IDIRNÁISIÚNTA COGAIDH, 1998


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach

Alt

1.

Gearrtheideal.

2.

Léiriú.

3.

Feidhm.

CUID II

Daoine a Ghabháil agus a Thabhairt Suas

4.

An Chuid seo a fhorléiriú.

5.

Iarraidh ar thabhairt suas.

6.

Iarrataí codarsnacha ar thabhairt suas.

7.

Iarraidh chun an duine céanna a eiseachadadh nó a ghéilleadh.

8.

Deimhniú maidir le hiarraidh ar thabhairt suas.

9.

Barántas gabhála a eisiúint.

10.

Iarraidh ar ghabháil shealadach.

11.

Barántas gabhála sealadaí.

12.

Barántais a fhorghníomhú.

13.

Imeachtaí cúirte tar éis gabhála sealadaí.

14.

Duine gafa a chimiú nó a scaoileadh saor.

15.

Cumhachtaí atráthaithe agus athchuir.

16.

Fianaise agus toimhdeana.

17.

Aistriú chuig ospidéal nó áit eile.

18.

Ordú tabhartha suas.

19.

Imeacht aimsire roimh thabhairt suas.

20.

Ordú tabhartha suas a iarchur.

21.

Duine a scaoileadh saor mura dtabharfar é nó í amach as an Stát.

22.

Duine a scaoileadh saor le hordú ón Aire.

23.

Ní dhéanann scaoileadh saor difear d'iarraidh dá éis sin.

24.

Mura mbeidh pianbhreith choimeádta arna gearradh faoi dhlí na hÉireann críochnaithe roimh scaoileadh saor.

25.

Mura mbeidh pianbhreith choimeádta arna gearradh faoi dhlí na hÉireann críochnaithe roimh thabhairt suas.

26.

Má tugadh breithiúnas cheana féin i leith an iompair chéanna.

CUID III

Imeachtaí i gCúirteanna nó Binsí na hÉireann

27.

Dlínse binse idirnáisiúnta le breithniú.

28.

Scor d'imeachtaí ar iarraidh a fháil ó bhinse idirnáisiúnta.

CUID IV

Foirmeacha Eile Cúnaimh

29.

Orduithe chun ábhar a chur ar fáil.

30.

Barántais chuardaigh.

31.

Orduithe maidir le maoin.

32.

Stádas, pribhléidí agus díolúintí binse idirnáisiúnta.

33.

Idirthuras tríd an Stát.

34.

An tAcht gan teorannú a dhéanamh ar sholáthar cúnaimh eile.

CUID V

Ilghnéitheach

35.

Cion.

36.

Caiteachais.

37.

Cumhacht chun rialacháin a dhéanamh.

38.

Aisghairm.

Rún 827 (1993) arna Ghlacadh ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe

Rún 995 (1994) arna Ghlacadh ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe

Reacht Bhinse na hIar-Iúgslaive

Reacht Bhinse Ruanda

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Dhlínse Choiriúil, 1960

1960, Uimh. 27

An tAcht um Cheartas Coiriúil, 1994

1994, Uimh. 15

An tAcht um an Dlí Coiriúil, 1976

1976, Uimh. 32

Na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 go 1994

An tAcht um Fháltais ó Choireacht, 1996

1996, Uimh. 30

harp.jpg


Uimhir 40 de 1998


AN tACHT UM BINSÍ COIREANNA IDIRNÁISIÚNTA COGAIDH, 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DÁ CHUMASÚ D'ÉIRINN A hOIBLEAGÁIDÍ A CHOMHALL MAIDIR LE COMHOIBRIÚ LE BINSÍ IDIRNÁISIÚNTA I gCOMHLÍONADH A bhFEIDHMEANNA I nDÁIL LE hIONCHÚISEAMH AGUS PIONÓSÚ COIREANNA IDIRNÁISIÚNTA COGAIDH AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [10 Samhain, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach

[EN]

Gearrtheideal.

1.—Féadfar an tAcht um Binsí Coireanna Idirnáisiúnta Cogaidh, 1998, a ghairm den Acht seo.

[EN]

Léiriú.

2.—(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

[EN]

ciallaíonn “deimhnithe”, i ndáil le cóip de bharántas gabhála arna eisiúint ag binse idirnáisiúnta, deimhnithe a bheith ina cóip dhílis ag oifigeach de chuid an bhinse sin a bheidh údaraithe aige chun deimhniú a dhéanamh thar a cheann;

[EN]

ciallaíonn “binse idirnáisiúnta”—

[EN]

(a) an Binse Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh a Dhéanamh ar Dhaoine atá Freagrach i Sáruithe Tromchúiseacha ar an Dlí Daonchairdiúil Idirnáisiúnta arna nDéanamh i gCríoch na hIar-Iúgslaive ó 1991 i leith, arna bhunú le Rún 827 (1993) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bhfuil an téacs de leagtha amach, mar áis tagartha, sa Chéad Sceideal,

[EN]

(b) an Binse Coiriúil Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh a Dhéanamh ar Dhaoine atá Freagrach i gCinedhíothú agus i Sáruithe Tromchúiseacha Eile ar an Dlí Daonchairdiúil Idirnáisiúnta arna nDéanamh i gCríoch Ruanda agus ar shaoránaigh Ruandacha atá freagrach i gcinedhíothú agus i sáruithe eile den sórt sin arna ndéanamh i gcríoch stát máguaird idir 1 Eanáir, 1994, agus 31 Nollaig, 1994, arna bhunú le Rún 955 (1994) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bhfuil an téacs de leagtha amach, mar áis tagartha, sa Dara Sceideal, nó

[EN]

(c) aon bhinse nó cúirt eile a ndearbhóidh an tAire, le rialachán faoi alt 37, gur binse idirnáisiúnta é nó í chun críocha an Achta seo,

[EN]

agus folaíonn sé aon orgán de chuid binse dá dtagraítear i mír (a)(b) nó de chuid binse nó cúirte dá dtagraítear i mír (c) más rud é go luaitear an t-orgán i reacht an bhinse nó na cúirte sin;

[EN]

ciallaíonn “coir binse idirnáisiúnta” coir a bhfuil dlínse ag binse idirnáisiúnta ina leith faoina reacht;

[EN]

ciallaíonn “binse míleata” armchúirt nó binse míleata eile arna bunú nó arna bhunú faoi dhlí an Stáit, cibé acu a thionóltar í nó é laistigh den Stát nó in áit eile;

[EN]

ciallaíonn “Aire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

[EN]

tá le “maoin” an bhrí chéanna san Acht seo atá leis san Acht um Fháltais ó Choireacht, 1996, agus folaíonn sé fáltais ó mhaoin;

[EN]

ciallaíonn “barántas gabhála sealadaí” barántas arna eisiúint faoi alt 11 (1);

[EN]

ciallaíonn “foras athchuir” foras (seachas príosún) de réir bhrí an Achta um Dhlínse Choiriúil, 1960;

[EN]

ciallaíonn “ordú tabhartha suas” ordú arna dhéanamh faoi alt 18 (1) chun duine a thabhairt suas.

[EN]

(2) San Acht seo—

[EN]

(a) aon tagairt d'alt nó do Chuid is tagairt í d'alt nó do Chuid den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

[EN]

(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe,

[EN]

(c) aon tagairt do Sceideal is tagairt í do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

[EN]

(d) aon tagairt d'achtachán is tagairt í don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo,

[EN]

(e) aon tagairt do reacht binse idirnáisiúnta is tagairt í do reacht na Náisiún Aontaithe ag bunú an bhinse sin, agus

[EN]

(f) aon tagairt do rialacha binse idirnáisiúnta is tagairt í dá rialacha nós imeachta agus fianaise.

[EN]

(3) Mar áis tagartha, tá na téacsanna de reachtanna na mbinsí idirnáisiúnta dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) den mhíniú ar “binse idirnáisiúnta” leagtha amach sa Tríú Sceideal agus sa Cheathrú Sceideal faoi seach.

[EN]

Feidhm.

3.—Tá feidhm ag an Acht seo i ndáil le coireanna binse idirnáisiúnta arna ndéanamh, nó a líomhnaítear a bheith déanta, roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis.

CUID II

Daoine a Ghabháil agus a Thabhairt Suas

[EN]

An Chuid seo a fhorléiriú.

4.—(1) Ní dhéanfar aon ní sa Chuid seo a fhorléiriú mar ní a cheanglaíonn ar an Ard-Chúirt deimhin a dhéanamh de go bhfuil fianaise leormhaith ann chun a dhlí go ndéanfaidh binse idirnáisiúnta duine a thriail.

[EN]

(2) Chun críocha na Coda seo ní mheasfar aon choir binse idirnáisiúnta a bheith ina cion polaitiúil ná ina cion a bhfuil baint aige le cion polaitiúil.

[EN]

(3) Ní bheidh d'éifeacht le haon iarratas ar thearmann sa Stát tabhairt suas duine faoin Acht seo a chosc ná a iarchur.

[EN]

Iarraidh ar thabhairt suas.

5.—(1) Féadfaidh binse idirnáisiúnta iarraidh a dhéanamh chuig an Aire chun go dtabharfaí suas duine—

[EN]

(a) a ndearna an binse sin é nó í a chúiseamh nó a chiontú i gcoir binse idirnáisiúnta, agus

[EN]

(b) ar eisigh an binse sin barántas gabhála ina leith d'fhonn é nó í a thabhairt os comhair an bhinse nó chuig áit ina gcuirfear é nó í faoi phríosúnacht faoi phianbhreith ón mbinse.

[EN]

(2) Is i scríbhinn a bheidh an iarraidh agus—

[EN]

(a) beidh tuairisc chomh cruinn agus is féidir inti ar an duine a bhfuiltear á iarraidh go ndéanfaí é nó í a thabhairt suas, mar aon le haon fhaisnéis eile a chuideoidh lena chéannacht nó lena céannacht a shuíomh,

[EN]

(b) beidh ráiteas inti maidir le gach coir binse idirnáisiúnta a bhfuiltear ag déanamh na hiarrata ina leith, ina sonrófar, chomh cruinn agus is féidir—

[EN]

(i) tráth agus áit a déanta,

[EN]

(ii) tuairisc dlí na coire, agus

[EN]

(iii) tagairt do na forálacha iomchuí de reacht an bhinse sin, agus

[EN]

(c) mar thaca léi, beidh an doiciméad bunaidh nó cóip dheimhnithe de bharántas gabhála arna eisiúint ag an mbinse sin agus a léiríonn an cuspóir atá leis an ngabháil.

[EN]

(3) Mura leormhaith, i dtuairim an Aire, an fhaisnéis a bheidh tugtha ag an mbinse idirnáisiúnta, féadfaidh an tAire

[EN]

(a) a iarraidh ar an mbinse sin faisnéis nó doiciméid bhreise, de réir mar is cuí leis nó léi, a thabhairt, agus

[EN]

(b) teorainn ama a shocrú chun an fhaisnéis nó na doiciméid a fháil.

[EN]

(4) Is leormhaith chun críocha na Coda seo aon iarraidh nó doiciméad taca a chomhlíonann an t-alt seo ar shlí eile fiú má fuair an tAire an iarraidh nó an doiciméad taca roimh thosach feidhme an Achta seo.

[EN]

Iarrataí codarsnacha ar thabhairt suas.

6.—Más rud é go bhfaighfear, i gcomhthráth, ó bhinsí idirnáisiúnta, dhá iarraidh nó níos mó chun an duine céanna a thabhairt suas, cinnfidh an tAire cé acu iarraidh a rachfar chun cinn léi faoin gCuid seo, ag féachaint do na himthosca go léir agus go speisialta—

[EN]

(a) do thromchúis choibhneasta na gcoireanna binse idirnáisiúnta, agus

[EN]

(b) do dháta gach iarrata díobh faoi seach.

[EN]

Iarraidh chun an duine céanna a eiseachadadh nó a ghéilleadh.

7.—Beidh príomhaíocht ag iarraidh ó bhinse idirnáisiúnta chun duine a thabhairt suas—

[EN]

(a) thar iarraidh faoi Chuid II de na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 go 1994, chun é nó í a eiseachadadh mar gheall ar chion, agus

[EN]

(b) thar thionscnamh aon imeachtaí faoi Chuid III de na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 go 1994, chun é nó í a ghabháil nó a sheachadadh mar gheall ar chion,

[EN]

cibé acu is coir binse idirnáisiúnta é an t-iompar arb é an cion é nó nach ea.

[EN]

Deimhniú maidir le hiarraidh ar thabhairt suas.

8.—Ar iarraidh chun duine a thabhairt suas arna déanamh de réir alt 5 a fháil, déanfaidh an tAire, faoi réir fhorálacha na Coda seo, a dheimhniú go ndearnadh an iarraidh.

[EN]

Barántas gabhála a eisiúint.

9.—Ar dheimhniú faoi alt 8 a thabhairt ar aird don Ard-Chúirt á rá go ndearnadh iarraidh chun duine a thabhairt suas, déanfaidh an Chúirt barántas a eisiúint chun an duine a ghabháil, mura rud é go dtugtar an deimhniú ar aird i leith duine a gabhadh faoi bharántas gabhála sealadaí.

[EN]

Iarraidh ar ghabháil shealadach.

10.—(1) Féadfaidh binse idirnáisiúnta iarraidh a dhéanamh chun duine a ghabháil go sealadach, ar fhorais phráinne, ar duine é nó í—

[EN]

(a) atá cúisithe aige i gcoir binse idirnáisiúnta a dhéanamh,

[EN]

(b) atá ciontaithe aige i gcoir den sórt sin, nó

[EN]

(c) atá faoi dhrochamhras aige i dtaobh coir den sórt sin a dhéanamh.

[EN]

(2) Is i scríbhinn a bheidh an iarraidh agus—

[EN]

(a) beidh tuairisc chomh cruinn agus is féidir inti ar an duine arb é nó í is ábhar don iarraidh, mar aon le haon fhaisnéis eile a chuideoidh lena chéannacht nó lena céannacht a shuíomh, agus

[EN]

(b) beidh ráiteas inti maidir le gach coir binse idirnáisiúnta a bhfuiltear ag déanamh na hiarrata ina leith, ina sonrófar, chomh cruinn agus is féidir, an tráth agus an áit a ndearnadh an choir.

[EN]

(3) Más rud é dá éis sin go bhfaighidh an tAire, ó bhinse idirnáisiúnta a rinne iarraidh faoin alt seo, an doiciméad bunaidh nó cóip dheimhnithe de bharántas gabhála ina léireofar—

[EN]

(a) go ndearna an binse sin an duine is ábhar don iarraidh faoin alt seo a chúiseamh nó a chiontú i gcoir binse idirnáisiúnta, agus

[EN]

(b) an cuspóir atá leis an ngabháil,

[EN]

déileálfar chun críocha na Coda seo leis an iarraidh faoin alt seo amhail is dá mba iarraidh í chun an duine sin a thabhairt suas.

[EN]

(4) Beidh feidhm ag fo-alt (3) fiú má rinneadh an duine a chúiseamh nó a chiontú i gcoir binse idirnáisiúnta tar éis an iarraidh faoin alt seo a bheith déanta.

[EN]

(5) Ní dhéanfar iarraidh a ndéileáiltear léi de bhua fho-alt (3) mar iarraidh chun duine a thabhairt suas a dheimhniú faoi alt 8 go dtí go bhfaigheann an tAire na nithe seo a leanas ón mbinse idirnáisiúnta—

[EN]

(a) an fhaisnéis dá dtagraítear in alt 5(2)(b)(ii) agus (iii), agus

[EN]

(b) aon fhaisnéis nó doiciméid a iarrtar faoi alt 5(3) i ndáil leis an duine sin.

[EN]

Barántas gabhála sealadaí.

11.—(1) Féadfaidh an Ard-Chúirt, gan deimhniú ón Aire faoi alt 8, barántas a eisiúint chun aon duine a ghabháil go sealadach ar fhaisnéis faoi mhionn ó chomhalta den Gharda Síochána, nach ísle céim ná cigire, á rá go bhfuil cúis aige nó aici lena chreidiúint—

[EN]

(a) go ndearna binse idirnáisiúnta iarraidh chun an duine a ghabháil go sealadach ar fhorais phráinne,

[EN]

(b) go bhfuil an duine—

[EN]

(i) cúisithe ag an mbinse sin i gcoir binse idirnáisiúnta a dhéanamh,

[EN]

(ii) ciontaithe ag an mbinse sin i gcoir den sórt sin, nó

[EN]

(iii) faoi dhrochamhras ag an mbinse sin i dtaobh coir den sórt sin a dhéanamh,

[EN]

agus

[EN]

(c) gurb é is cuspóir don ghabháil an duine a choinneáil go dtí go bhfaighidh an tAire barántas ón mbinse sin chun an duine a ghabháil.

[EN]

(2) Ar bharántas gabhála sealadaí a eisiúint, cuirfidh an Ard-Chúirt in iúl don Aire láithreach gur eisíodh é.

[EN]

(3) I gcás gur dealraitheach don Aire nach bhfaighfear barántas gabhála ón mbinse idirnáisiúnta i leith an duine atá ainmnithe sa bharántas gabhála sealadaí nó nach dtionscnóidh an binse sin imeachtaí i gcoinne an duine sin, féadfaidh an tAire, le hordú—

[EN]

(a) an barántas gabhála sealadaí a chealú, agus

[EN]

(b) más rud é gur forghníomhaíodh an barántas agus go bhfuil an duine a gabhadh faoi i gcoimeád, a cheangal go scaoilfí saor é nó í.

[EN]

(4) Féadfar barántas gabhála sealadaí a eisiúint faoi fho-alt (1) i leith duine d'ainneoin barántas chun é nó í a ghabháil a bheith eisithe nó diúltaithe roimhe sin.

[EN]

Barántais a fhorghníomhú.

12.—(1) Féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána barántas a eisíodh faoi alt 911(1) a fhorghníomhú in aon chuid den Stát fiú mura mbíonn an barántas i seilbh an chomhalta ag an am.

[EN]

(2) Déanfaidh comhalta den Gharda Síochána a fhorghníomhóidh barántas a eisíodh faoi alt 911(1)

[EN]

(a) tráth na gabhála, nó

[EN]

(b) mura mbíonn an barántas i seilbh an chomhalta an tráth sin, laistigh de 24 huaire an chloig tar éis na gabhála,

[EN]

an barántas a thaispeáint don duine a gabhadh agus cóip a thabhairt dó nó di.

[EN]

(3) Déanfar duine a gabhadh faoi bharántas a eisíodh faoi alt 911(1) a thabhairt os comhair na hArd-Chúirte a luaithe is féidir mura rud é, i gcás barántais a eisíodh faoi alt 11(1), go gcealaítear an barántas faoi alt 11(3).

[EN]

Imeachtaí cúirte tar éis gabhála sealadaí.

13.—(1) I gcás go ndéanfar duine a gabhadh faoi bharántas gabhála sealadaí a thabhairt os comhair na hArd-Chúirte—

[EN]

(a) más rud é go dtabharfar deimhniú faoi alt 8 i leith an duine ar aird don Chúirt, rachaidh sí ar aghaidh faoi alt 14 amhail is dá mba rud é gur gabhadh an duine faoi bharántas a eisíodh faoi alt 9, agus

[EN]

(b) más rud é nach dtabharfar an deimhniú sin ar aird don Chúirt, déanfaidh sí an duine sin a athchur go dtí go dtabharfar an deimhniú ar aird nó go scaoilfear an duine sin saor de réir fho-alt (2) den alt seo nó de réir ordú faoi alt 11(3)(b).

[EN]

(2) I gcás nach dtabharfar deimhniú faoi alt 8 ar aird don Ard-Chúirt laistigh den tréimhse 18 lá tar éis dháta na gabhála, déanfar an duine a gabhadh faoi bharántas gabhála sealadaí, más i gcoimeád dó nó di, a scaoileadh saor.

[EN]

Duine gafa a chimiú nó a scaoileadh saor.

14.—(1) I gcás duine a gabhadh faoi bharántas a eisíodh faoi alt 9 nó a athchuireadh faoi alt 13(1)(b) a bheith os comhair na hArd-Chúirte agus gur deimhin léi—

[EN]

(a) gur cúisíodh nó gur ciontaíodh an duine sin i gcoir binse idirnáisiúnta,

[EN]

(b) go ndearnadh iarraidh go cuí chun an duine sin a thabhairt suas, agus

[EN]

(c) go ndearnadh barántas a chomhlíonann alt 5(2)(c)10(3) agus a bhaineann leis an duine sin a thabhairt ar aird,

[EN]

déanfaidh an Ard-Chúirt, faoi réir fho-alt (2), ordú ag cimiú an duine sin chuig príosún (nó, mura bhfuil an duine sin os cionn 21 bhliain d'aois, chuig foras athchuir) le feitheamh ansin le hordú an Aire chun é nó í a thabhairt suas.

[EN]

(2) Más deimhin leis an Ard-Chúirt go dtoirmisctear le halt 26 duine a thabhairt suas, ní dhéanfaidh sí ordú cimithe i leith an duine sin.

[EN]

(3) Ar ordú cimithe faoi fho-alt (1) a dhéanamh, déanfaidh an Ard-Chúirt—

[EN]

(a) a chur in iúl don duine lena mbaineann an t-ordú nach ndéanfar é nó í a thabhairt suas, seachas lena thoiliú nó lena toiliú, go dtí go mbeidh 15 lá caite tar éis dháta an chimithe,

[EN]

(b) forálacha Airteagal 40.4.2° den Bhunreacht (a bhaineann le gearán a dhéanamh ag duine nó thar ceann duine leis an Ard-Chúirt á rá go bhfuil an duine sin á choinneáil ina bhrá nó á coinneáil ina brá go haindleathach) a chur in iúl don duine sin, agus

[EN]

(c) a chur faoi deara deimhniú maidir leis an gcimiú a chur láithreach chuig an Aire.

[EN]

(4) I gcás nach ndéanfar an duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chimiú faoin bhfo-alt sin, ordóidh an Chúirt é nó í a scaoileadh saor.

[EN]

(5) Ní bheidh ábhar achomhairc ann i gcoinne ordú ón Ard-Chúirt faoin alt seo seachas achomharc ar phonc dlí chuig an gCúirt Uachtarach.

[EN]

(6) Beidh feidhm ag ailt 10 agus 11 den Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960, maidir le duine a chimeofar chuig foras athchuir faoin alt seo.

[EN]

Cumhachtaí atráthaithe agus athchuir.

15.—Féadfaidh an Ard-Chúirt, i ndáil le duine a thabharfar os a comhair faoin Acht seo, a cumhachtaí atráthaithe agus athchuir go léir a fheidhmiú, lena n-áirítear na cumhachtaí atá ag an gCúirt i ndáil le duine a bheidh curtha ar aghaidh chuici i gcomhair trialach, gan a bheith teoranta do na cumhachtaí sin.

[EN]

Fianaise agus toimhdeana.

16.—(1) In aon imeachtaí faoin Acht seo, déanfar doiciméad a airbheartaíonn—

[EN]

(a) gur iarraidh é ó bhinse idirnáisiúnta chun duine a thabhairt suas nó chun duine a ghabháil go sealadach, nó

[EN]

(b) a bheith tugtha ag binse idirnáisiúnta mar thaca le ceachtar iarraidh,

[EN]

a ghlacadh i bhfianaise, gan a thuilleadh cruthúnais, má airbheartaíonn sé a bheith sínithe ag oifigeach de chuid an bhinse sin a bheidh údaraithe lena reacht nó lena rialacha chun an doiciméad sin a shíniú.

[EN]

(2) In aon imeachtaí faoin Acht seo, déanfar doiciméad a airbheartaíonn—

[EN]

(a) gur cóip é de bharántas gabhála arna eisiúint ag binse idirnáisiúnta, agus

[EN]

(b) a bheith deimhnithe mar chóip dhílis ag oifigeach de chuid an bhinse sin a bheidh údaraithe aige chun deimhniú a dhéanamh thar a cheann,

[EN]

a ghlacadh i bhfianaise, gan a thuilleadh cruthúnais, agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur cóip dhílis é den bharántas sin.

[EN]

(3) In aon imeachtaí faoin Acht seo, toimhdeofar, mura gcruthófar a mhalairt, go bhfuil iarraidh chun duine a thabhairt suas déanta go cuí agus go bhfuarthas go cuí í más rud é—

[EN]

(a) gur gabhadh an duine faoi bharántas a eisíodh faoi alt 9, nó

[EN]

(b) gur gabhadh an duine faoi bharántas gabhála sealadaí agus gur tugadh deimhniú faoi alt 8 ar aird don Ard-Chúirt á rá go bhfuil iarraidh chun an duine a thabhairt suas déanta go cuí.

[EN]

(4) In aon imeachtaí faoin Acht seo, más rud é go ndearna comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire an fhaisnéis a bhfuil a tuairisc in alt 11(1) a mhionnú i leith duine, toimhdeofar, mura gcruthófar a mhalairt, go bhfuil iarraidh chun an duine a ghabháil go sealadach déanta go cuí agus go bhfuarthas go cuí í.

[EN]

(5) In aon imeachtaí faoin Acht seo, i gcás gur tugadh deimhniú ón Aire ar aird don Ard-Chúirt á rá gur shásaigh binse idirnáisiúnta an tAire maidir leis na nithe a shonraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii) d'alt 26(2)(b) i ndáil le duine a ainmnítear sa deimhniú agus ar tugadh breithiúnas críochnaitheach air nó uirthi i stát eile, toimhdeofar, mura gcruthófar a mhalairt, gur sásaíodh an tAire amhlaidh.

[EN]

Aistriú chuig ospidéal nó áit eile.

17.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a chur faoi deara duine a chimeofar faoi alt 14 a aistriú chuig ospidéal nó áit eile más dóigh leis an Aire gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe le sláinte an duine sin.

[EN]

(2) Beidh duine a aistreofar faoin alt seo chuig ospidéal nó áit eile i gcoimeád dleathach fad a bheidh sé nó sí faoi choinneáil ansin.

[EN]

Ordú tabhartha suas.

18.—(1) Faoi réir fho-alt (4) agus alt 19, féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú go ndéanfar duine a cimíodh faoi alt 14 agus nár scaoileadh saor—

[EN]

(a) le breith ón Ard-Chúirt faoi Airteagal 40.4.2° den Bhunreacht nó tar éis achomhairc i gcoinne breithe den sórt sin,

[EN]

(b) de dhroim achomhairc ar phonc dlí chuig an gCúirt Uachtarach, nó

[EN]

(c) de dhroim ordú faoi alt 2122,

[EN]

a thabhairt suas chuig coimeád duine údaraithe.

[EN]

(2) Déanfar duine a mbeidh ordú tabhartha suas déanta ina leith a thabhairt suas de réir théarmaí an ordaithe agus féadfaidh aon duine údaraithe an duine a thabharfar suas amhlaidh a ghlacadh, a choinneáil i gcoimeád agus a thabhairt amach as an Stát.

[EN]

(3) Aon duine a éalóidh as aon choimeád ar cuireadh é nó í ann faoi ordú tabhartha suas, dlífear é nó í a athghabháil ar an modh céanna le haon duine a éalaíonn as coimeád dleathach.

[EN]

(4) Ní dhéanfaidh an tAire ordú tabhartha suas i leith duine atá faoi réir pianbhreithe cúirte sa Stát más rud é—

[EN]

(a) gur cheangail an tAire ar an mbinse idirnáisiúnta a d'iarr an tabhairt suas gealltanais a thabhairt maidir leis an duine a thabhairt ar ais chuig an Stát d'fhonn an phianbhreith sin a chur isteach, agus

[EN]

(b) nach deimhin leis an Aire gur tugadh gealltanais leordhóthanacha.

[EN]

(5) San alt seo, ciallaíonn “duine údaraithe” duine atá, i dtuairim an Aire, údaraithe go cuí ag ceann díobh seo a leanas chun an duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a ghlacadh:

[EN]

(a) an binse idirnáisiúnta a d'iarr an duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a thabhairt suas;

[EN]

(b) stát ina bhfuil an duine dá dtagraítear i bhfo-alt(1) le cur faoi phríosúnacht mar gheall ar choir binse idirnáisiúnta.

[EN]

Imeacht aimsire roimh thabhairt suas.

19.—(1) Ní dhéanfar duine a chimeofar faoi alt 14, ach amháin lena thoiliú nó lena toiliú arna thabhairt os comhair na hArd-Chúirte, a thabhairt suas chuig binse idirnáisiúnta nó chuig an stát a bhfuil sé nó sí le cur faoi phríosúnacht ann—

[EN]

(a) go dtí go mbeidh 15 lá caite ó dháta an chimithe, nó

[EN]

(b) go dtí go gcuirfear críoch le haon imeachtaí achomhairc a thionscain an duine sin nó a tionscnaíodh thar ceann an duine sin,

[EN]

cibé acu is déanaí.

[EN]

(2) Más rud é go ndéanfaidh an tAire, faoi alt 20, déanamh ordaithe tabhartha suas i leith duine a cimíodh faoi alt 14 a iarchur, ní dhéanfar an duine sin a thabhairt suas go dtí go mbeidh—

[EN]

(a) an tréimhse dá bhforáiltear i bhfo-alt (1) caite, nó

[EN]

(b) tréimhse an iarchuir faoi alt 20 caite,

[EN]

cibé acu is déanaí.

[EN]

(3) San alt seo, ciallaíonn “imeachtaí achomhairc” imeachtaí—

[EN]

(a) a bhaineann le gearán faoi Airteagal 40.4.2° den Bhunreacht (lena n-áirítear imeachtaí ar achomharc i gcoinne breithe i dtaobh an ghearáin sin), nó

[EN]

(b) a bhaineann le hachomharc ar phonc dlí chuig an gCúirt Uachtarach.

[EN]

Ordú tabhartha suas a iarchur.

20.—(1) Féadfaidh an tAire déanamh ordaithe tabhartha suas i leith duine a iarchur go ceann tréimhse ionas go bhféadfaidh imeachtaí coiriúla eile ina choinne nó ina coinne dul ar aghaidh sa Stát a mhéid a bhaineann siad le hiompar nach mbeadh ina choir binse idirnáisiúnta.

[EN]

(2) Le linn don Aire a chinneadh an ceart déanamh ordaithe tabhartha suas a iarchur go ceann tréimhse, beidh aird aige nó aici ar thromchúis an chiona lena mbaineann na himeachtaí coiriúla eile.

[EN]

(3) San alt seo, ní fholaíonn “imeachtaí coiriúla eile” imeachtaí faoi Chuid II nó III de na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 go 1994.

[EN]

Duine a scaoileadh saor mura dtabharfar é nó í amach as an Stát.

21.—(1) Féadfar iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte go scaoilfear saor duine atá ag feitheamh le tabhairt suas faoin Acht seo agus nach ndéanfar a thabhairt suas agus a thabhairt amach as an Stát laistigh de mhí amháin—

[EN]

(a) tar éis dháta cimithe an duine sin faoi alt 14, nó

[EN]

(b) tar éis críoch a bheith curtha le haon imeachtaí achomhairc (mar a mhínítear in alt 19(3)) a thionscain an duine sin nó a tionscnaíodh thar ceann an duine sin,

[EN]

cibé acu is déanaí.

[EN]

(2) Más deimhin leis an Ard-Chúirt go ndearna duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) an t-iarratas nó go ndearnadh an t-iarratas thar ceann duine den sórt sin agus gur tugadh fógra réasúnach don Aire faoin iarratas, ordóidh sí, faoi réir fho-alt (3) agus alt 20, é nó í a scaoileadh saor ó choimeád faoin Acht seo.

[EN]

(3) Más deimhin leis an Ard-Chúirt maidir leis na nithe a shonraítear i bhfo-alt (2) agus más deimhin léi—

[EN]

(a) go ndearna bail sláinte an duine nó imthosca eile nach raibh neart ag an Stát ná ag an mbinse idirnáisiúnta orthu cosc a chur ar é nó í a thabhairt amach as an Stát, agus

[EN]

(b) gur dócha laistigh d'achar réasúnach ama nach mbeidh na himthosca sin ina gcosc a thuilleadh ar an duine sin a thabhairt amach as an Stát,

[EN]

féadfaidh an Ard-Chúirt tréimhse a shocrú inar féidir an duine sin a thabhairt suas agus scaoilfear saor é nó í ó choimeád faoin Acht seo mura dtabharfar é nó í amach as an Stát laistigh den tréimhse sin.

[EN]

Duine a scaoileadh saor le hordú ón Aire.

22.—(1) Ar bheith deimhin don Aire, mar gheall ar fhaisnéis a fuarthas tar éis duine a bheith cimithe faoi alt 14, go dtoirmisctear leis an Acht seo é nó í a thabhairt suas, ordóidh an tAire an duine a scaoileadh saor ó choimeád.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire a ordú duine a cimíodh faoi alt 14 a scaoileadh saor ó choimeád más é tuairim an Aire nach bhfuiltear ag dul ar aghaidh le hiarraidh chun an duine a thabhairt suas.

[EN]

Ní dhéanann scaoileadh saor difear d'iarraidh dá éis sin.

23.—Ní dhéanfaidh scaoileadh saor duine faoi alt 11(3)(b), 13(2), 2122 dochar d'athghabháil agus tabhairt suas an duine má dhéantar iarraidh ina dhiaidh sin chun é nó í a thabhairt suas.

[EN]

Mura mbeidh pianbhreith choimeádta arna gearradh faoi dhlí na hÉireann críochnaithe roimh scaoileadh saor.

24.—I gcás go n-ordóidh an Ard-Chúirt nó an tAire faoin Acht seo duine atá faoi réir pianbhreithe cúirte sa Stát mar gheall ar chion i gcoinne dhlí an Stáit a scaoileadh saor—

[EN]

(a) leanfaidh an duine sin de bheith faoi dhliteanas an téarma príosúnachta a chríochnú a chuir an chúirt sa Stát de phianbhreith air nó uirthi, agus

[EN]

(b) más rud é nach bhfuil an phianbhreith sin éagtha, déanfar an duine sin a aistriú i gcoimeád chuig an áit a ndlitear é nó í a phríosúnú faoin bpianbhreith sin.

[EN]

Mura mbeidh pianbhreith choimeádta arna gearradh faoi dhlí na hÉireann críochnaithe roimh thabhairt suas.

25.—(1) I gcás go ndéanfar duine atá faoi réir ordú tabhartha suas agus pianbhreithe cúirte sa Stát araon a sheachadadh isteach—

[EN]

(a) i gcoimeád binse idirnáisiúnta, nó

[EN]

(b) i gcoimeád stáit a bhfuil sé nó sí le cur faoi phríosúnacht ann faoi phianbhreith binse idirnáisiúnta,

[EN]

leanfaidh an duine sin de bheith faoi dhliteanas aon téarma príosúnachta a chríochnú a chuir an chúirt sa Stát de phianbhreith air nó uirthi.

[EN]

(2) I gcás go ndéanfar ordú tabhartha suas i leith duine atá faoi réir pianbhreithe cúirte sa Stát, féadfar na nithe seo a leanas a áireamh san ordú tabhartha suas—

[EN]

(a) foráil ag údarú an duine sin a thabhairt ar ais chuig an Stát—

[EN]

(i) de réir comhshocraíochtaí arna ndéanamh ag an Aire leis an mbinse idirnáisiúnta a d'iarr go dtabharfaí suas an duine, nó

[EN]

(ii) má tá an duine á thabhairt suas nó á tabhairt suas chun go gcuirfear príosúnacht air nó uirthi i stát faoi phianbhreith ó bhinse idirnáisiúnta, de réir comhshocraíochtaí arna ndéanamh ag an Aire leis an stát sin,

[EN]

agus

[EN]

(b) foráil chun an duine a aistriú i gcoimeád chuig an áit ina ndlitear é nó í a phríosúnú nó a choinneáil faoi phianbhreith na cúirte sa Stát.

[EN]

Má tugadh breithiúnas cheana féin i leith an iompair chéanna.

26.—(1) Faoi réir fho-alt (2), ní dhéanfar duine a thabhairt suas faoin Acht seo más rud é—

[EN]

(a) gur tugadh breithiúnas críochnaitheach sa Stát nó i stát eile ar an duine sin i leith ciona, agus

[EN]

(b) maidir leis an iompar arb é an cion é, gurb é an choir binse idirnáisiúnta freisin é ar mar gheall uirthi atáthar ag iarraidh é nó í a thabhairt suas.

[EN]

(2) Ní thoirmisctear duine a thabhairt suas faoin alt seo más rud é—

[EN]

(a) gur tugadh an breithiúnas críochnaitheach i stát eile ag cúirt nó binse seachas binse míleata a bunaíodh faoi dhlí an Stáit, agus

[EN]

(b) maidir leis an mbinse idirnáisiúnta a iarrann an tabhairt suas, go sásaíonn sé an tAire—

[EN]

(i) nach raibh na himeachtaí sa stát eile neamhchlaon nó neamhspleách nó gur ceapadh iad chun an duine a dhídean ar fhreagracht choiriúil idirnáisiúnta, nó

[EN]

(ii) nach ndearnadh an cás a thabhairt ar aghaidh go dúthrachtach.

CUID III

Imeachtaí i gCúirteanna nó i mBinsí de chuid na hÉireann

[EN]

Dlínse binse idirnáisiúnta le breithniú.

27.—Déanfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí dlínse aon bhinse idirnáisiúnta a chur i gcuntas sula gcinnfidh sé nó sí imeachtaí a thionscnamh faoi dhlínse sheach-chríochach an Stáit i leith iompair ar coir binse idirnáisiúnta é.

[EN]

Scor d'imeachtaí ar iarraidh a fháil ó bhinse idirnáisiúnta.

28.—(1) Maidir le haon iarraidh a dhéanfaidh binse idirnáisiúnta, de réir a reachta agus a rialacha, chuig an Aire go ngéillfeadh aon chúirt sa Stát nó aon bhinse míleata d'inniúlacht an bhinse idirnáisiúnta trí scor d'imeachtaí a tionscnaíodh sa chúirt sin nó sa bhinse míleata sin, déanfaidh an tAire í a tharchur chuig an Ard-Chúirt.

[EN]

(2) Tar éis an iarraidh a fháil, féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú go scoirfear de na himeachtaí, más deimhin léi—

[EN]

(a) go mbaineann an iarraidh le himeachtaí faoi na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 go 1994,

[EN]

(b) go mbaineann an iarraidh le himeachtaí a tionscnaíodh i gcúirt sa Stát faoi dhlínse sheach-chríochach an Stáit i dtaca le cion indíotáilte nár ciontaíodh an cúisí ann fós agus, maidir leis an iompar arb é an cion indíotáilte é, gur coir binse idirnáisiúnta é freisin, nó

[EN]

(c) go mbaineann an iarraidh le himeachtaí a tionscnaíodh i mbinse míleata faoi dhlínse sheach-chríochach an Stáit i dtaca le cion nár ciontaíodh an cúisí ann fós agus, maidir leis an iompar arb é an cion é, gur coir binse idirnáisiúnta é freisin.

[EN]

(3) I gcás go n-ordóidh an Ard-Chúirt go scoirfear d'imeachtaí, féadfaidh sí cibé orduithe eile a dhéanamh is cuí d'fhonn éifeacht a thabhairt don iarraidh, lena n-áirítear aon bharántas gabhála a eisíodh i dtaca leis na himeachtaí a chúlghairm.

[EN]

(4) D'fhonn breithniú a dhéanamh ar iarraidh a gheofar faoin alt seo, féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú na himeachtaí a chur ar atráth ar feadh cibé tréimhse nó tréimhsí, agus ar cibé coinníollacha, is cuí léi.

[EN]

(5) Ní choiscfidh scor aon imeachtaí faoin alt seo, as féin—

[EN]

(a) tosú imeachtaí úra i gcúirt sa Stát, nó i mbinse míleata, i leith an chiona chéanna, ná

[EN]

(b) atosú imeachtaí faoi na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 go 1994, i leith an chiona chéanna.

CUID IV

Foirmeacha Eile Cúnaimh

[EN]

Orduithe chun ábhar a chur ar fáil.

29.—D'fhonn cúnamh a thabhairt do bhinse idirnáisiúnta in imscrúdú i dtaobh cibé acu a rinne duine coir binse idirnáisiúnta nó a thairbhigh sé nó sí de choir den sórt sin, beidh éifeacht le halt 63 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1994, amhail is dá bhfolódh tagairtí san alt sin do gháinneáil ar dhrugaí tagairtí d'iompar ar coir binse idirnáisiúnta é.

[EN]

Barántais chuardaigh.

30.—(1) Féadfaidh an tAire, mar fhreagra ar iarraidh ó bhinse idirnáisiúnta, a ordú go ndéanfaidh comhalta den Gharda Síochána, nach ísle céim ná ceannfort, iarratas chuig an gCúirt Dúiche ar bharántas cuardaigh i dtaca le coir binse idirnáisiúnta atá faoi imscrúdú ag an mbinse sin.

[EN]

(2) Maidir le breitheamh den Chúirt Dúiche ar deimhin leis nó léi, ar iarratas a fháil de réir ordacháin faoi fho-alt (1), go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhfuil, in áit ar bith, fianaise a bhaineann leis an gcoir binse idirnáisiúnta a dhéanamh, beidh an chumhacht chéanna aige nó aici chun barántas cuardaigh a eisiúint, lena n-údaraítear dul isteach, cuardach agus urghabháil a dhéanamh i ndáil leis an áit sin, a bheadh ag an mbreitheamh i gcás ciona arna dhéanamh sa Stát a bhfuil cumhachtaí dá samhail infheidhmithe ag an mbreitheamh ina leith.

[EN]

(3) Beidh feidhm, maidir le comhalta den Gharda Síochána a dhéanfaidh cuardach faoin alt seo, ag an srian in alt 9(2) den Acht um an Dlí Coiriúil, 1976, ar urghabháil nó ar choinneáil aon doiciméid a rinneadh, nó a bhféadfaidh sé go ndearnadh é, chun comhairle dlí a fháil, a thabhairt nó a chur in iúl.

[EN]

(4) Déanfaidh comhalta den Gharda Síochána a urghabhfaidh aon fhianaise de bhua an ailt seo na nithe seo a leanas a chur ar fáil don Aire, lena dtarchur chuig an mbinse idirnáisiúnta lena mbaineann—

[EN]

(a) an fhianaise a urghabhadh, agus

[EN]

(b) aon deimhniú, mionnscríbhinn nó doiciméad fíoraithe eile is gá chun an iarraidh a chomhlíonadh agus a bheidh sonraithe san ordachán a thabharfar faoi fho-alt (1).

[EN]

(5) Más doiciméad atá san fhianaise a urghabhadh, déanfar an doiciméad bunaidh nó cóip den doiciméad a tharchur chuig an mbinse idirnáisiúnta a rinne an iarraidh.

[EN]

(6) Más aon earra eile seachas doiciméad atá san fhianaise a urghabhadh, déanfar an t-earra féin, nó tuairisc, grianghraf nó léiriú eile air, a tharchur chuig an mbinse idirnáisiúnta de réir mar is gá chun an iarraidh uaidh a chomhlíonadh.

[EN]

(7) San alt seo folaíonn “fianaise” doiciméid agus earraí eile.

[EN]

Orduithe maidir le maoin.

31.—(1) Déanfaidh an tAire aon ordú a gheobhaidh an tAire ó bhinse idirnáisiúnta a tharchur chuig Coimisinéir an Gharda Síochána—

[EN]

(a) ar ordú é le haghaidh beart sealadach chun maoin a chaomhnú agus a chosaint, nó

[EN]

(b) ar ordú é le haghaidh maoin atá tógtha go neamhdhleathach ag duine a ciontaíodh i gcoir binse idirnáisiúnta a aiseag.

[EN]

(2) Más rud é, ar iarratas ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Príomh-Cheannfort, gur deimhin leis an Ard-Chúirt—

[EN]

(a) go bhfuair an tAire ordú ó bhinse idirnáisiúnta dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a), agus

[EN]

(b) tráth déanta an ordaithe eatramhaigh faoin bhfo-alt seo, go bhfuil an t-ordú ó bhinse idirnáisiúnta i bhfeidhm agus nach bhfuil sé faoi réir achomhairc,

[EN]

féadfaidh an Chúirt, chun an mhaoin lena mbaineann an t-ordú ó bhinse idirnáisiúnta a chaomhnú agus a chosaint, ar neamhaird le luach na maoine ach faoi réir fho-alt (5), ordú eatramhach a dhéanamh ina mbeidh aon téarmaí a d'fhéadfadh, faoi alt 2(1) agus (2) den Acht um Fháltais ó Choireacht, 1996, a bheith san áireamh in ordú eatramhach arna dhéanamh faoin Acht sin dá mba rud é nár lú ná £10,000 luach na maoine.

[EN]

(3) Chun na gcríoch a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, beidh feidhm ag ailt 2(3) go (6), 3(1) go (6), 5, 6, 7, 8 agus 10 go 16 den Acht um Fháltais ó Choireacht, 1996, maille leis na modhnuithe seo a leanas agus aon mhodhnuithe eile is gá, amhail is dá mba faoin Acht sin a rinneadh iarratas arna dhéanamh faoin alt seo:

[EN]

(a) déanfar tagairt in aon cheann de na hailt sin don iarratasóir a fhorléiriú mar thagairt don chomhalta den Gharda Síochána a rinne iarratas chuig an gcúirt ar ordú eatramhach faoin alt seo nó ar ordú idirbhreitheach faoi alt 3 den Acht sin arna chur chun feidhme leis an alt seo;

[EN]

(b) déanfar tagairt in aon cheann de na hailt sin d'fháltais ó choireacht a fhorléiriú mar thagairt do mhaoin is ábhar don ordú ó bhinse idirnáisiúnta;

[EN]

(c) déanfar tagairt in aon cheann de na hailt sin d'ordú diúscartha a fhorléiriú mar thagairt d'ordú aisig faoin alt seo;

[EN]

(d) déanfar tagairt in aon cheann de na hailt sin don Aire a fhorléiriú mar thagairt don Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

[EN]

(e) déanfar tagairt in alt 2(5) nó 3(5) den Acht sin d'fho-ailt (3) agus (4) den alt ina bhfuil an tagairt a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'fho-alt (6) den alt seo;

[EN]

(f) ní bheidh feidhm ag ailt 2(3)(b), 3(1)(b) agus 3(1)(II) den Acht sin;

[EN]

(g) déanfar alt 8(1) den Acht sin a fhorléiriú amhail is nach raibh na focail i ndiaidh fhomhír (ii) agus roimh “ansin” ann.

[EN]

(4) Más rud é, ar iarratas ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Príomh-Cheannfort, gur deimhin leis an Ard-Chúirt—

[EN]

(a) go bhfuair an tAire ordú ó bhinse idirnáisiúnta dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b),

[EN]

(b) tráth déanta an ordaithe faoin bhfo-alt seo, go bhfuil an t-ordú ó bhinse idirnáisiúnta i bhfeidhm agus nach bhfuil sé faoi réir achomhairc,

[EN]

(c) nach ndearnadh an t-ordú ó bhinse idirnáisiúnta a chomhlíonadh go hiomlán nó go páirteach, agus

[EN]

(d) gur tugadh fógra don duine a ndearnadh an t-iarratas ar ordú faoin bhfo-alt seo ina leith, agus d'aon duine eile a ordóidh an Chúirt, á rá go ndearnadh an t-iarratas sin,

[EN]

féadfaidh an Chúirt, faoi réir fho-alt (5), ordú (“ordú aisig”) a dhéanamh á ordú go n-aistreofar an mhaoin chuig an duine a shonraítear san ordú ó bhinse idirnáisiúnta.

[EN]

(5) Más rud é go suífear go rabhthas tar éis ordú ó bhinse idirnáisiúnta dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a)(b) a chomhlíonadh go páirteach ar an dáta a bhfuair an tAire é, déanfaidh an Ard-Chúirt ordú faoin alt seo a mhéid amháin nach ndearnadh an t-ordú ó bhinse idirnáisiúnta a chomhlíonadh faoin dáta sin.

[EN]

(6) Más rud é, tar éis an dáta ar a ndéantar ordú cúirte faoin alt seo nó faoin Acht um Fháltais ó Choireacht, 1996, arna chur i bhfeidhm leis an Acht seo, go suífear go rabhthas tar éis an t-ordú ó bhinse idirnáisiúnta lena mbaineann an t-ordú cúirte a chomhlíonadh go hiomlán nó go páirteach faoin dáta sin, féadfaidh an Ard-Chúirt an t-ordú cúirte a athrú nó a urscaoileadh dá réir sin le héifeacht ón dáta sin.

[EN]

(7) Ar ordú ó bhinse idirnáisiúnta, lena bhfionraítear forfheidhmiú ordaithe ó bhinse idirnáisiúnta chun maoin a aiseag, a fháil ón Aire, déanfaidh an Ard-Chúirt, le hordú, forghníomhú aon ordaithe cúirte arna dhéanamh faoi fho-alt (4) i ndáil leis an ordú ó bhinse idirnáisiúnta a fhionraí ar feadh na tréimhse céanna agus faoi na coinníollacha céanna atá luaite in ordú fionraitheach an bhinse sin.

[EN]

(8) Fad a bheidh ordú fionraitheach arna dhéanamh faoi fho-alt (7) i bhfeidhm, ní ghlacfar aon chéimeanna chun an t-ordú a d'fhionraigh an Ard-Chúirt a fhorfheidhmiú.

[EN]

(9) Ar iarraidh a fháil ó bhinse idirnáisiúnta chun úinéireacht maoine a chinneadh, féadfaidh an tAire iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar bhreith i dtaobh úinéireacht na maoine.

[EN]

Stádas, pribhléidí agus díolúintí binse idirnáisiúnta.

32.—(1) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, foráil a dhéanamh maidir leis na pribhléidí, na díolúintí, na saoirseachtaí agus na saoráidí a thabharfaidh an Stát—

[EN]

(a) do bhreithiúna, d'ionchúisitheoirí agus do chláraitheoirí binse idirnáisiúnta agus dá bhfoireann, agus

[EN]

(b) d'aon daoine, lena n-áirítear finnéithe, agus d'abhcóidí, a dhéanfaidh ráitis le binse idirnáisiúnta nó os a chomhair nó a chuirfidh doiciméid nó fianaise eile faoina bhráid.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag alt 37(3) maidir le horduithe arna ndéanamh faoin alt seo amhail mar atá feidhm aige maidir le rialacháin arna ndéanamh faoi alt 37(1)(c) go (g).

[EN]

(3) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú arna dhéanamh faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

[EN]

Idirthuras tríd an Stát.

33.—(1) D'fhonn cúnamh a thabhairt do bhinse idirnáisiúnta i gcomhlíonadh a chuid feidhmeanna, féadfaidh an tAire—

[EN]

(a) i gcás duine a bheidh á iompar nó á hiompar i gcoimeád ó stát amháin chuig stát eile chun críocha an bhinse sin, idirthuras an duine sin tríd an Stát a cheadú,

[EN]

(b) aon choinníollacha a mheasfaidh sé nó sí is gá a chur ag gabháil leis an gceadú, agus

[EN]

(c) a shocrú go ndéanfaidh an Garda Síochána maoirseacht ar idirthuras an duine tríd an Stát.

[EN]

(2) Maidir le duine a gceadófar idirthuras tríd an Stát ina leith faoi fho-alt (1), measfar go bhfuil sé nó sí i gcoimeád aon chomhalta den Gharda Síochána a bheidh á thionlacan nó á tionlacan de bhun socraithe arna dhéanamh faoi fho-alt (1)(c).

[EN]

An tAcht gan teorannú a dhéanamh ar sholáthar cúnaimh eile.

34.—Ní dhéanfar aon ní san Acht seo a fhorléiriú mar ní a choisceann cúnamh a thabhairt do bhinse idirnáisiúnta ar dhóigh seachas faoin Acht seo.

CUID V

Ilghnéitheach

[EN]

Cion.

35.—(1) Aon duine a chuirfidh isteach nó a dhéanfaidh imeaglú, nó a fhéachfaidh le cur isteach nó imeaglú a dhéanamh, ar fhinné binse idirnáisiúnta, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

[EN]

(2) Maidir le duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1), dlífear—

[EN]

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

[EN]

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

[EN]

(3) San alt seo folaíonn “finné binse idirnáisiúnta” duine—

[EN]

(a) a thoghairfear chun láithriú os comhair binse idirnáisiúnta agus a bheidh, tráth déanta an ghnímh arb é an cion faoin alt seo é, laistigh den Stát, nó

[EN]

(b) a bhfuil fianaise le tógáil uaidh nó uaithi sa Stát nó atá le doiciméid nó earraí eile a thabhairt ar aird sa Stát lena dtarchur chuig binse idirnáisiúnta.

[EN]

Caiteachais.

36.—Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Cumhacht chun rialacháin a dhéanamh.

37.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ar mhaithe le haon cheann nó le gach ceann de na críocha seo a leanas:

[EN]

(a) chun a dhearbhú gur binse idirnáisiúnta chun críocha an Achta seo aon bhinse nó cúirt a bheidh bunaithe ag na Náisiúin Aontaithe chun ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine atá freagrach i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh lasmuigh den Stát;

[EN]

(b) chun oiriúnú nó modhnú a dhéanamh ar aon fhoráil den Acht seo d'fhonn aon deacracht a réiteach a bheidh ann i leith fheidhmiú na forála sin maidir le binse nó cúirt a ndearbhófar gur binse idirnáisiúnta é nó í faoin alt seo;

[EN]

(c) chun socrú a dhéanamh maidir le cúnamh do bhinse idirnáisiúnta mar fhreagra ar iarraidh chun fianaise a thógáil nó chun doiciméid nó earraí eile a thabhairt ar aird;

[EN]

(d) chun socrú a dhéanamh maidir le cruthúnas ar orduithe, ar dheimhnithe agus ar dhoiciméid eile de chuid binse idirnáisiúnta agus maidir le cruthúnas ar thiontuithe ar na doiciméid sin, chun críocha a nglactha i bhfianaise in aon imeachtaí faoi Chuid IV;

[EN]

(e) chun socrú a dhéanamh maidir le doiciméid nó earraí eile a urghabhfar faoi alt 30 a choinneáil, a chaomhnú agus a chosaint agus maidir lena n-aischur chuig an duine ónar urghabhadh iad nó lena ndiúscairt;

[EN]

(f) chun a dhearbhú go mbeidh feidhm ag forálacha sonraithe den Acht um Cheartas Coiriúil, 1994, chun críocha a chumasú don Stát comhoibriú le binse idirnáisiúnta agus socrú a dhéanamh maidir le haon mhodhnuithe ar na forálacha sin a mheasfaidh an tAire is gá chun na críche sin;

[EN]

(g) chun socrú a dhéanamh maidir le haon ní eile a mheasfar is gá nó is fóirsteanach chun éifeacht iomlán a thabhairt don Acht seo.

[EN]

(2) Más rud é go mbeartófar rialacháin a dhéanamh faoi mhír (a)(b) d'fho-alt (1), déanfar dréacht de na rialacháin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag an dá Theach.

[EN]

(3) Más rud é go ndéanfar rialacháin faoi aon cheann de mhíreanna (c) go (g) d'fho-alt (1)

[EN]

(a) déanfar iad a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta, agus

[EN]

(b) má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid, rún a rith á neamhniú, beidh siad ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin fúthu.

[EN]

Aisghairm.

38.—Aisghairtear leis seo alt 56 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1994.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Rún 827 (1993)

Arna ghlacadh ag an gComhairle Slándála ag an 3217ú cruinniú aici, an 25 Bealtaine 1993

Tá an Chomhairle Slándála,

Á athdhearbhú di rún 713 (1991) an 25 Meán Fómhair 1991 uaithi agus na rún ábhartha go léir dá éis,

Ar bhreithniú a bheith déanta aici ar an tuairisc ón Ard-Rúnaí (S/25704 agus Add. 1) de bhun mhír 2 de rún 808 (1993),

Á léiriú di uair amháin eile gur ábhar mór scaoill di na tuairiscí leanúnacha faoi sháruithe forleathana neamhnáireacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta a bheith ag tarlú laistigh de chríoch na hiar-Iúgslaive, agus go háirithe i bPoblacht na Boisnia agus na Heirseagaivéine, lena n-áirítear tuairiscí faoi ollmharuithe, faoi choinneáil agus éigniú ban ar ollscála eagraithe agus córasach, agus faoin “glanadh eitneach” a bheith fós á chleachtadh, lena n-áirítear chun críoch a fháil agus a choimeád,

Á chinneadh di go bhfuil an cor seo ina bhagairt ar shíocháin agus slándáil idirnáisiúnta i gcónaí,

Ar a bheith de Rún Daingean aici deireadh a chur le coireanna den sórt sin agus bearta éifeachtacha a ghlacadh chun na daoine atá freagrach iontu a thabhairt faoi réim an cheartais,

Ós deimhin léi go bhféadfaí, in imthosca ar leith na hiar-Iúgslaive, an aidhm sin a bhaint amach agus cabhrú le hathbhunú agus cothabháil na síochána dá ndéanfadh an Chomhairle binse idirnáisiúnta a bhunú mar bheart ad hoc agus daoine atá freagrach i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta a ionchúiseamh,

Á chreidiúint di go gcabhróidh bunú binse idirnáisiúnta agus ionchúiseamh daoine atá freagrach sna sáruithe thuasluaite ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta lena áirithiú go gcuirfear stop le sáruithe den sórt sin agus go dtabharfar sásamh éifeachtach iontu,

Á thabhairt dá haire maidir leis sin an moladh ó Chomh-Chathaoirligh an Choiste Stiúrtha den Chomhdháil Idirnáisiúnta ar an Iar-Iúgslaiv go ndéanfaí binse den sórt sin a bhunú (S/25221),

Á athdhearbhú di maidir leis sin an cinneadh uaithi i rún 808 (1993) go mbunófar binse idirnáisiúnta chun ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine atá freagrach i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh i gcríoch na hiar-Iúgslaive ó 1991 i leith,

Á bhreithniú di, go dtí go gceapfar Ionchúisitheoir an Bhinse Idirnáisiúnta, gur cóir don Choimisiún Saineolaithe a bunaíodh de bhun rún 780 (1992) leanúint ar bhonn práinne d'fhaisnéis a bhailiú a bhaineann le fianaise ar sháruithe tromchúiseacha ar Choinbhinsiúin na Ginéive agus ar sháruithe eile ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta mar a mholtar ina thuairisc eatramhach (S/25274),

Ag gníomhú di faoi Chaibidil VII de Chairt na Náisiún Aontaithe, tar éis

1. An tuairisc ón Ard-Rúnaí a cheadú;

2. A chinneadh leis seo binse idirnáisiúnta a bhunú d'aon toisc chun ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine atá freagrach i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh i gcríoch na hiar-Iúgslaive idir 1 Eanáir 1991 agus dáta a chinnfidh an Chomhairle Slándála ar an tsíocháin a bheith athbhunaithe agus chun na críche sin Reacht an Bhinse Idirnáisiúnta atá i gceangal leis an tuairisc thuasluaite a ghlacadh;

3. A iarraidh ar an Ard-Rúnaí aon mholtaí a gheofar ó Stáit maidir leis na rialacha nós imeachta agus fianaise is gá faoi Airteagal 15 de Reacht an Bhinse Idirnáisiúnta, a chur faoi bhráid bhreithiúna an Bhinse Idirnáisiúnta ar iad a bheith tofa;

4. A chinneadh go gcomhoibreoidh na Stáit uile go hiomlán leis an mBinse Idirnáisiúnta agus lena orgáin de réir an rúin láithrigh agus Reacht an Bhinse Idirnáisiúnta agus, dá bharr sin, go nglacfaidh na Stáit uile aon bhearta is gá faoina ndlí baile chun go gcuirfí forálacha an rúin láithrigh agus an Reachta i ngníomh, lena n-áirítear oibleagáid Stát iarrataí ar chúnamh nó orduithe arna n-eisiúint ag Dlísheomra Trialach faoi Airteagal 29 den Reacht a chomhlíonadh;

5. Tathaint ar Stáit agus ar eagraíochtaí idir-rialtasacha agus neamhrialtasacha cistí, trealamh agus seirbhísí a thabhairt don Bhinse Idirnáisiúnta, lena n-áirítear pearsanra saineolach a thairiscint;

6. A chinneadh gur faoi réir socruithe cuí, a bheidh inghlactha ag an gComhairle, a bheith curtha i gcrích idir na Náisiúin Aontaithe agus an Ísiltír a chinnfear suíomh an Bhinse Idirnáisiúnta agus go bhféadfaidh an Binse Idirnáisiúnta suí in áit eile nuair is dóigh leis gur gá sin chun a fheidhmeanna a fheidhmiú go héifeachtúil;

7. A chinneadh freisin go ndéanfar obair an Bhinse Idirnáisiúnta a chomhlíonadh gan dochar do cheart na n-íospartach cúiteamh a lorg, trí mheán cuí, i ndamáistí a bhain dóibh mar thoradh ar sháruithe ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta;

8. A iarraidh ar an Ard-Rúnaí an rún láithreach a chur i ngníomh go práinneach agus go háirithe socruithe praiticiúla a dhéanamh chun go bhfeidhmeoidh an Binse Idirnáisiúnta go héifeachtach a luaithe is féidir agus tuairisc a thabhairt go tréimhsiúil don Chomhairle;

9. A chinneadh an t-ábhar a choinneáil faoi bhreithniú gníomhach.

AN DARA SCEIDEAL

Rún 955 (1994)

Arna ghlacadh ag an gComhairle Slándála ag an 3453ú cruinniú aici, an 8 Samhain 1994

Tá an Chomhairle Slándála,

Á athdhearbhú di a cuid rún go léir roimhe seo maidir leis an gcor i Ruanda,

Ar bhreithniú a bheith déanta aici ar na tuairiscí ón Ard-Rúnaí de bhun mhír 3 de rún 935 (1994) an 1 Iúil 1994 (S/1994/879 agus S/1994/906), agus ar na tuairiscí ó Rapóirtéir Speisialta Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine le haghaidh Ruanda (S/1994/1157, aguisín I agus aguisín II) a bheith tugtha ar aird aici,

Á léiriú di gur mór aici obair an Choimisiúin Saineolaithe a bunaíodh de bhun Rún 935 (1994), go háirithe an réamhthuairisc uaidh maidir le sáruithe ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta i Ruanda arna tarchur ag an Ard-Rúnaí ina litir dar dáta 1 Deireadh Fómhair 1994 (S/1994/1125),

Á léiriú di uair amháin eile gur ábhar mór buartha di na tuairiscí a léiríonn go ndearnadh cinedhíothú agus sáruithe córasacha, forleathana agus neamhnáireacha eile ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta i Ruanda,

Á chinneadh di go bhfuil an cor seo ina bhagairt ar shíocháin agus slándáil idirnáisiúnta i gcónaí,

Ar a bheith de rún daingean aici deireadh a chur le coireanna den sórt sin agus bearta éifeachtacha a ghlacadh chun na daoine atá freagrach iontu a thabhairt faoi réim an cheartais,

Ós deimhin léi go bhféadfaí, in imthosca ar leith Ruanda, an aidhm sin a bhaint amach agus cabhrú le próiseas an athmhuintearais náisiúnta agus le hathbhunú agus cothabháil na síochána dá ndéanfaí daoine atá freagrach i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta a ionchúiseamh,

Á chreidiúint di go gcabhróidh bunú binse idirnáisiúnta chun daoine atá freagrach i gcinedhíothú agus sna sáruithe eile thuasluaite ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta lena áirithiú go gcuirfear stop le sáruithe den sórt sin agus go dtabharfar sásamh éifeachtach iontu,

Á chur i bhfios di freisin an gá atá le comhoibriú idirnáisiúnta chun cúirteanna agus córas breithiúnach Ruanda a neartú, ag féachaint go háirithe don riachtanas atá ann go ndéileálfaidh na cúirteanna sin le líon mór daoine atá faoi dhrochamhras,

Á bhreithniú di gur cóir don Choimisiún Saineolaithe a bunaíodh de bhun rún 935 (1994) leanúint ar bhonn práinne d'fhaisnéis a bhailiú a bhaineann le fianaise ar sháruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh i gcríoch Ruanda agus a thuairisc dheiridh a chur faoi bhráid an Ard-Rúnaí faoin 30 Samhain 1994,

Ag gníomhú di faoi Chaibidil VII de Chairt na Náisiún Aontaithe, tar éis

1. A chinneadh leis seo, tar éis di an iarraidh ó Rialtas Ruanda (S/1994/1115) a fháil, binse idirnáisiúnta a bhunú d'aon toisc chun ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine atá freagrach i gcinedhíothú agus i sáruithe tromchúiseacha eile ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh i gcríoch Ruanda agus ar shaoránaigh Ruandacha atá freagrach i gcinedhíothú agus i sáruithe eile den sórt sin arna ndéanamh i gcríoch Stát máguaird idir 1 Eanáir 1994 agus 31 Nollaig 1994, agus chun na críche sin Reacht an Bhinse Choiriúil Idirnáisiúnta do Ruanda atá i gceangal leis seo a ghlacadh;

2. A chinneadh go gcomhoibreoidh na Stáit uile go hiomlán leis an mBinse Idirnáisiúnta agus lena orgáin de réir an rúin láithrigh agus Reacht an Bhinse Idirnáisiúnta agus, dá bharr sin, go nglacfaidh na Stáit uile aon bhearta is gá faoina ndlí baile chun go gcuirfí forálacha an rúin láithrigh agus an Reachta i ngníomh, lena n-áirítear oibleagáid Stát iarrataí ar chúnamh nó orduithe arna n-eisiúint ag Dlísheomra Trialach faoi Airteagal 28 den Reacht a chomhlíonadh, agus a iarraidh ar Stáit an tArd-Rúnaí a choimeád ar an eolas faoi na bearta sin;

3. A mheas gur cóir fógra a thabhairt do Rialtas Ruanda sula nglacfar cinntí faoi airteagail 26 agus 27 den Reacht;

4. Tathaint ar Stáit agus ar eagraíochtaí idir-rialtasacha agus neamhrialtasacha cistí, trealamh agus seirbhísí a thabhairt don Bhinse Idirnáisiúnta, lena n-áirítear pearsanra saineolach a thairiscint;

5. A iarraidh ar an Ard-Rúnaí an rún seo a chur i ngníomh go práinneach agus go háirithe socruithe praiticiúla chun go bhfeidhmeoidh an Binse Idirnáisiúnta go héifeachtach, lena n-áirítear moltaí chuig an gComhairle maidir leis na háiteanna a bhféadfaí suíomh an Bhinse Idirnáisiúnta a lonnú, a dhéanamh a luaithe is féidir agus tuairisc a thabhairt ó am go chéile don Chomhairle;

6. A chinneadh go socróidh an Chomhairle suíomh an Bhinse Idirnáisiúnta ag féachaint do nithe a bhaineann leis an gceartas agus leis an gcothroime chomh maith le héifeachtúlacht riaracháin, lena n-áirítear rochtain ar fhinnéithe, agus tíos, agus faoi réir socruithe cuí, a bheidh inghlactha ag an gComhairle, a bheith curtha i gcrích idir na Náisiúin Aontaithe agus Stát an tsuímh, á chur san áireamh go bhféadfaidh an Binse Idirnáisiúnta teacht le chéile in áit ar shiúl óna shuíomh nuair is dóigh leis gur gá sin chun a fheidhmeanna a fheidhmiú go héifeachtúil; agus a chinneadh go mbunófar oifig agus go seolfar imeachtaí i Ruanda, nuair is féidir agus is cuí, faoi réir socruithe cuí dá samhail a bheith curtha i gcrích;

7. A chinneadh breithniú a dhéanamh ar líon bhreithiúna agus Dhlísheomraí an Bhinse Idirnáisiúnta a mhéadú má bhíonn sé sin riachtanach;

8. A chinneadh an t-ábhar a choinneáil faoi bhreithniú gníomhach.

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Reacht Bhinse na hIar-Iúgslaive

Ar bheith bunaithe dó ag an gComhairle Slándála ag gníomhú di faoi Chaibidil VII de Chairt na Náisiún Aontaithe, feidhmeoidh an Binse Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh a Dhéanamh ar Dhaoine atá Freagrach i Sáruithe Tromchúiseacha ar an Dlí Daonchairdiúil Idirnáisiúnta arna nDéanamh i gCríoch na hIar-Iúgslaive ó 1991 i leith (dá ngairtear “an Binse Idirnáisiúnta” anseo feasta) de réir fhorálacha an Reachta láithrigh.

Airteagal 1

Inniúlacht an Bhinse Idirnáisiúnta

Beidh an chumhacht ag an mBinse Idirnáisiúnta ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine atá freagrach i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh i gcríoch na hIar-Iúgslaive ó 1991 i leith de réir fhorálacha an Reachta láithrigh.

Airteagal 2

Sáruithe tromchúiseacha ar Choinbhinsiúin na Ginéive de 1949

Beidh an chumhacht ag an mBinse Idirnáisiúnta ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine a dhéanfaidh sáruithe tromchúiseacha ar Choinbhinsiúin na Ginéive den 12 Lúnasa 1949 nó a ordóidh go ndéanfar sáruithe tromchúiseacha den sórt sin, is é sin le rá, na gníomhartha seo a leanas i gcoinne daoine nó maoine a choimircítear faoi fhorálacha an Choinbhinsiúin iomchuí de Choinbhinsiúin na Ginéive:

(a) marú toiliúil;

(b) céastóireacht nó ainíde mhídhaonna, lena n-áirítear turgnaimh bhitheolaíochta;

(c) duine a chur ag fulaingt go mór nó díobháil mhór a dhéanamh dó, go toiliúil, ina chorp nó ina shláinte;

(d) scrios a dhéanamh agus seilbh a ghlacadh go forleathan ar mhaoin nuair nach bhfuil riachtanas míleata leis agus nuair a dhéantar é go neamhdhleathach agus go hainrianta;

(e) iallach a chur ar phríosúnach cogaidh nó ar shibhialtach fónamh i bhfórsaí cumhachta naimhdí;

(f) a chearta chun trialach atá cóir agus rialta a bhaint, go toiliúil, de phríosúnach cogaidh nó de shibhialtach;

(g) sibhialtach a chur thar tír amach nó a aistriú nó a ghaibhniú go neamhdhleathach;

(h) sibhialtaigh a thógáil ina ngialla.

Airteagal 3

Sáruithe ar dhlíthe nó ar nósanna an chogaidh

Beidh an chumhacht ag an mBinse Idirnáisiúnta ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine a sháróidh dlíthe nó nósanna an chogaidh. Ar na sáruithe sin beidh:

(a) úsáid armán nimhiúil nó armán eile atá ceaptha chun bheith ina gcúis le fulaingt neamhriachtanach;

(b) scrios ainrianta cathracha, bailte nó sráidbhailte, nó léirscrios nuair nach bhfuil dianriachtanas míleata leis;

(c) ionsaí, nó bombardú, trí cibé sás, ar bhailte, ar shráidbhailte, ar theaghaisí nó ar fhoirgnimh neamhchosanta;

(d) forais atá tiomnaithe do chreideamh, do charthanas agus d'oideachas, do na healaíona agus do na heolaíochtaí, séadchomharthaí stairiúla agus saothair ealaíne agus eolaíochta a fhorghabháil nó a scriosadh, nó damáiste a dhéanamh dóibh go toiliúil;

(e) creach ar mhaoin phoiblí nó phríobháideach,

cé nach iad sin amháin a bheidh i gceist.

Airteagal 4

Cinedhíothú

1. Beidh an chumhacht ag an mBinse Idirnáisiúnta ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine a dhéanfaidh cinedhíothú mar a mhínítear i mír 2 den airteagal seo nó a dhéanfaidh aon cheann de na gníomhartha eile atá liostaithe i mír 3 den airteagal seo.

2. Ciallaíonn cinedhíothú aon ghníomh díobh seo a leanas arna dhéanamh le hintinn grúpa náisiúnta, eitneach, ciníoch nó creidimh a scriosadh, go hiomlán nó go páirteach, mar ghrúpa den sórt sin:

(a) daoine den ghrúpa a mharú;

(b) díobháil thromchúiseach coirp nó meabhrach a dhéanamh do dhaoine den ghrúpa;

(c) dálaí maireachtála atá ceaptha chun scriosadh fisiceach a thabhairt i gcrích, go hiomlán nó go páirteach, a bhrú d'aon toisc ar an ngrúpa;

(d) bearta a chur i bhfeidhm atá beartaithe chun cosc a chur le breitheanna laistigh den ghrúpa;

(e) leanaí de chuid an ghrúpa a aistriú go forneartach chuig grúpa eile.

3. Beidh na gníomhartha seo a leanas inphionósaithe:

(a) cinedhíothú;

(b) comhcheilg cinedhíothú a dhéanamh;

(c) gríosú díreach agus poiblí le cinedhíothú a dhéanamh;

(d) iarracht ar chinedhíothú a dhéanamh;

(e) comhpháirteachas i gcinedhíothú.

Airteagal 5

Coireanna in aghaidh na daonnachta

Beidh an chumhacht ag an mBinse Idirnáisiúnta ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine atá freagrach sna coireanna seo a leanas nuair a dhéantar iad le linn coinbhleachta armtha, cibé acu is de chineál idirnáisiúnta nó inmheánach í, agus atá dírithe in aghaidh aon phobail shibhialta:

(a) dúnmharú;

(b) díothú;

(c) daoirse;

(d) díbirt;

(e) príosúnú;

(f) céastóireacht;

(g) éigniú;

(h) géarleanúint ar fhorais pholaitíochta, chiníocha agus chreidimh;

(i) gníomhartha mídhaonnachtúla eile.

Airteagal 6

Dlínse phearsanta

Beidh dlínse ag an mBinse Idirnáisiúnta ar dhaoine nádúrtha de bhun fhorálacha an Reachta láithrigh.

Airteagal 7

Freagracht choiriúil indibhidiúil

1. Maidir le duine a phleanáil, a thionscain, a d'ordaigh nó a rinne coir dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 den Reacht láithreach nó a chabhraigh agus a neartaigh, ar aon slí eile, le pleanáil, le hullmhú nó le déanamh coire den sórt sin, beidh sé freagrach go hindibhidiúil sa choir.

2. Ní dhéanfaidh post oifigiúil aon duine chúisithe, cibé acu mar Cheann Stáit nó Rialtais nó mar oifigeach Rialtais freagrach, an duine sin a shaoradh ó fhreagracht choiriúil ná pionós a mhaolú.

3. Sa chás gurbh íochtarán a rinne aon cheann de na gníomhartha dá dtagraítear in airteagail 2 go 5 den Reacht láithreach, ní shaorann sé sin a uachtarán ó fhreagracht choiriúil má bhí a fhios aige nó má bhí cúis ann go mbeadh a fhios aige go raibh an t-íochtarán ar tí gníomhartha den sórt sin a dhéanamh nó go ndearna sé amhlaidh agus gur mhainnigh an t-uachtarán na bearta riachtanacha agus réasúnacha a ghlacadh chun na gníomhartha sin a chosc nó chun lucht a ndéanta a phionósú.

4. Sa chás gur de bhun ordaithe ó Rialtas nó ó uachtarán a ghníomhaigh duine cúisithe, ní shaorfaidh sé sin é ó fhreagracht choiriúil, ach féadfar é a chur san áireamh mar mhaolú ar phionós má chinneann an Binse Idirnáisiúnta gur gá sin de réir an cheartais.

Airteagal 8

Dlínse chríche agus ama

Bainfidh dlínse chríche an Bhinse Idirnáisiúnta le críoch iar-Phoblacht Chónaidhme Shóisialach na hIúgslaive, lena n-áirítear a dromchla talún, a haerspás agus a huiscí teorann. Bainfidh dlínse ama an Bhinse Idirnáisiúnta le tréimhse dar thús 1 Eanáir 1991.

Airteagal 9

Dlínse chomhthráthach

1. Beidh dlínse chomhthráthach ag an mBinse Idirnáisiúnta agus ag cúirteanna náisiúnta chun ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine mar gheall ar sháruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh i gcríoch na hiar-Iúgslaive ó 1 Eanáir 1991 i leith.

2. Beidh príomhaíocht ag an mBinse Idirnáisiúnta ar chúirteanna náisiúnta. Féadfaidh an Binse Idirnáisiúnta, ag aon chéim den nós imeachta, a iarraidh go foirmiúil ar chúirteanna náisiúnta géilleadh d'inniúlacht an Bhinse Idirnáisiúnta de réir an Reachta láithrigh agus Rialacha Nós Imeachta agus Fianaise an Bhinse Idirnáisiúnta.

Airteagal 10

Non-bis-in-idem

1. Maidir le haon duine a ndearna an Binse Idirnáisiúnta é nó í a thriail cheana féin mar gheall ar ghníomhartha arb éard iad sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta faoin Reacht láithreach, ní dhéanfar é nó í a thriail os comhair cúirte náisiúnta mar gheall ar na gníomhartha céanna.

2. Maidir le duine a ndearna cúirt náisiúnta é nó í a thriail mar gheall ar ghníomhartha arb éard iad sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta, ní fhéadfaidh an Binse Idirnáisiúnta é nó í a thriail dá éis sin ach amháin:

(a) más rud é gur sainíodh mar ghnáthchoir an gníomh a ndearnadh é nó í a thriail mar gheall air; nó

(b) más rud é nach raibh imeachtaí na cúirte náisiúnta neamhchlaon nó neamhspleách, má ba é ba chuspóir dóibh an cúisí a chosaint ar fhreagracht choiriúil idirnáisiúnta, nó mura ndearnadh an cás a thabhairt ar aghaidh go dúthrachtach.

3. Le linn dó breithniú a dhéanamh ar an bpionós atá le gearradh ar dhuine a bheidh ciontaithe i gcoir faoin Reacht láithreach, cuirfidh an Binse Idirnáisiúnta san áireamh an méid atá curtha isteach cheana féin d'aon phionós a ghearr cúirt náisiúnta ar an duine céanna mar gheall ar an ngníomh céanna.

Airteagal 11

Eagrú an Bhinse Idirnáisiúnta

Beidh na horgáin seo a leanas sa Bhinse Idirnáisiúnta:

(a) Na Dlísheomraí, ina mbeidh dhá Dhlísheomra Trialach agus Dlísheomra Achomhairc;

(b) An tIonchúisitheoir, agus

(c) Clárlann, a fhónfaidh do na Dlísheomraí agus don Ionchúisitheoir araon.

Airteagal 12

Comhdhéanamh na nDlísheomraí

Beidh na Dlísheomraí comhdhéanta d'aon bhreitheamh déag neamhspleácha, nach mbeidh aon bheirt díobh ina náisiúnaigh den Stát céanna agus a fhónfaidh mar a leanas:

(a) Triúr breitheamh a fhónfaidh i ngach ceann ar leith de na Dlísheomraí Trialach;

(b) Cúigear breitheamh a fhónfaidh sa Dlísheomra Achomhairc.

Airteagal 13

Cáilíochtaí agus toghadh breithiúna

1. Daoine a bhfuil ardcháil mhorálta orthu, a bhfuil neamhchlaontacht agus ionracas ag baint leo agus a bhfuil na cáilíochtaí acu a éilítear ina dtíortha faoi seach i gcomhair ceapacháin chuig na hoifigí breithiúnacha is airde, a bheidh sna breithiúna. I gcomhdhéanamh foriomlán na nDlísheomraí déanfar taithí na mbreithiúna ar an dlí coiriúil, ar an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta agus dlí chearta an duine, a chur i gcuntas go cuí.

2. Déanfaidh an Comhthionól Ginearálta breithiúna an Bhinse Idirnáisiúnta a thoghadh as liosta a bheidh curtha faoina bhráid ag an gComhairle Slándála, ar an modh seo a leanas:

(a) Iarrfaidh an tArd-Rúnaí ar Stáit is Comhaltaí de na Náisiúin Aontaithe agus ar Stáit nach comhaltaí iad ach a choinníonn misin bhreathnadóireachta bhuana ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe ainmniúcháin a dhéanamh le haghaidh bhreithiúna an Bhinse Idirnáisiúnta;

(b) Laistigh de sheasca lá ón dáta a iarrfaidh an tArd-Rúnaí amhlaidh, féadfaidh gach Stát suas le beirt iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí atá leagtha amach i mír 1 thuas acu a ainmniú, gan aon bheirt díobh a bheith den náisiúntacht chéanna;

(c) Déanfaidh an tArd-Rúnaí na hainmniúcháin a gheofar a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Slándála. Déanfaidh an Chomhairle Slándála liosta d'iarrthóirí nach lú ná dhá dhuine is fiche agus nach mó ná trí dhuine is tríocha a bhunú as na hainmniúcháin a gheofar, agus ionadaíocht leordhóthanach do phríomhchórais dhlíthiúla an domhain á cur i gcuntas go cuí aici;

(d) Déanfaidh Uachtarán na Comhairle Slándála an liosta iarrthóirí a tharchur chuig Uachtarán an Chomhthionóil Ghinearálta. Déanfaidh an Comhthionól Ginearálta an t-aon bhreitheamh déag den Bhinse Idirnáisiúnta a thoghadh as an liosta sin. Maidir leis na hiarrthóirí a gheobhaidh tromlach glan de vótaí na Stát is Comhaltaí de na Náisiúin Aontaithe agus na Stát nach Comhaltaí iad ach a choinníonn misin bhreathnadóireachta bhuana ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe, dearbhófar iad a bheith tofa. Más rud é go bhfaighidh beirt iarrthóirí den náisiúntacht chéanna an tromlach vótaí is gá, measfar an duine a fuair an líon is airde vótaí a bheith tofa.

3. I gcás folúntais sna Dlísheomraí, tar éis dul i gcomhairle le hUachtaráin na Comhairle Slándála agus an Chomhthionóil Ghinearálta, déanfaidh an tArd-Rúnaí duine ag a bhfuil na cáilíochtaí i mír 1 thuas a cheapadh ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige lena mbaineann.

4. Toghfar na breithiúna ar feadh téarma ceithre bliana. Is iad na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse ná téarmaí agus coinníollacha seirbhíse bhreithiúna na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta. Beidh siad in-atofa.

Airteagal 14

Oifigigh agus comhalta na nDlísheomraí

1. Déanfaidh breithiúna an Bhinse Idirnáisiúnta Uachtarán a thoghadh.

2. Beidh Uachtarán an Bhinse Idirnáisiúnta ina chomhalta nó ina comhalta den Dlísheomra Achomhairc agus beidh sé nó sí i gceannas ar a imeachtaí.

3. Tar éis dul i gcomhairle le breithiúna an Bhinse Idirnáisiúnta déanfaidh an tUachtarán na breithiúna a shannadh don Dlísheomra Achomhairc agus do na Dlísheomraí Trialach. Ní fhónfaidh breitheamh ach amháin sa Dlísheomra dár sannadh é nó í.

4. Déanfaidh breithiúna gach Dlísheomra Trialach Breitheamh Ceannais a thoghadh, agus seolfaidh an breitheamh sin imeachtaí go léir an Dlísheomra Trialach ina iomláine.

Airteagal 15

Rialacha nós imeachta agus fianaise

Glacfaidh breithiúna an Bhinse Idirnáisiúnta rialacha nós imeachta agus fianaise maidir leis an gcéim réamhthrialach de na himeachtaí a sheoladh, maidir le trialacha agus achomhairc, maidir le fianaise a ghlacadh, maidir le híospartaigh agus finnéithe a chosaint agus maidir le nithe cuí eile.

Airteagal 16

An tIonchúisitheoir

1. Beidh an tIonchúisitheoir freagrach in imscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine atá freagrach i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh i gcríoch na hiar-Iúgslaive ó 1 Eanáir 1991 i leith.

2. Gníomhóidh an tIonchúisitheoir go neamhspleách mar orgán ar leith den Bhinse Idirnáisiúnta. Ní iarrfaidh ná ní ghlacfaidh sé nó sí treoracha ó aon Rialtas nó ó aon fhoinse eile.

3. Beidh Oifig an Ionchúisitheora comhdhéanta d'Ionchúisitheoir agus cibé foireann cháilithe eile a mbeidh gá léi.

4. Ceapfaidh an Chomhairle Slándála an tIonchúisitheoir ar ainmniú ón Ard-Rúnaí. Beidh ardcháil mhorálta air nó uirthi agus beidh an leibhéal is airde inniúlachta agus taithí aige nó aici ar imscrúduithe agus ionchúisimh a sheoladh i gcásanna coiriúla. Fónfaidh an tIonchúisitheoir ar feadh téarma ceithre bliana agus beidh sé nó sí in-athcheaptha. Is iad téarmaí agus coinníollacha seirbhíse an Ionchúisitheora ná téarmaí agus coinníollacha seirbhíse Fo-Ard-Rúnaí de na Náisiúin Aontaithe.

5. Ceapfaidh an tArd-Rúnaí foireann Oifig an Ionchúisitheora ar mholadh ón Ionchúisitheoir.

Airteagal 17

An Chlárlann

1. Beidh an Chlárlann freagrach i riaradh agus friotháil a dhéanamh ar an mBinse Idirnáisiúnta.

2. Is éard a bheidh sa Chlárlann Cláraitheoir agus cibé foireann eile is gá.

3. Ceapfaidh an tArd-Rúnaí an Cláraitheoir tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán an Bhinse Idirnáisiúnta. Fónfaidh sé nó sí ar feadh téarma ceithre bliana agus beidh sé nó sí in-athcheaptha. Is iad téarmaí agus coinníollacha seirbhíse an Chláraitheora ná téarmaí agus coinníollacha seirbhíse Ard-Rúnaí Cúnta de na Náisiúin Aontaithe.

4. Ceapfaidh an tArd-Rúnaí foireann na Clárlainne ar mholadh ón gCláraitheoir.

Airteagal 18

Imscrúdú agus díotáil a ullmhú

1. Déanfaidh an tIonchúisitheoir imscrúduithe a thionscnamh ex-officio nó ar bhonn faisnéise a gheofar ó aon fhoinse, go háirithe ó Rialtais, ó orgáin de na Náisiúin Aontaithe, ó eagraíochtaí idir-rialtasacha agus neamhrialtasacha. Déanfaidh an tIonchúisitheoir an fhaisnéis a ghlacfar nó a gheofar a mheasúnú agus cinnfidh sé nó sí an bhfuil bonn leordhóthanach ann le dul ar aghaidh.

2. Beidh an chumhacht ag an Ionchúisitheoir daoine atá faoi dhrochamhras, íospartaigh agus finnéithe a cheistiú, fianaise a bhailiú agus imscrúduithe a sheoladh ar an láthair. Le linn na tascanna seo a chur i gcrích, féadfaidh an tIonchúisitheoir, de réir mar is cuí, cúnamh a iarraidh ar na húdaráis Stáit lena mbaineann.

3. I gcás go ndéanfar duine atá faoi dhrochamhras a cheistiú, beidh teideal aige chun cúnaimh ó abhcóide dá rogha féin, lena n-áirítear an ceart go sannfar cúnamh dlí dó gan íocaíocht uaidh in aon chás den sórt sin más rud é nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha aige chun íoc as, chomh maith le teideal chun aistriúcháin riachtanaigh go teanga nó ó theanga a labhraíonn agus a thuigeann sé.

4. Ar chinneadh a bheith déanta gurb ann do chás prima facie, ullmhóidh an tIonchúisitheoir díotáil ina mbeidh ráiteas beacht faoi na fíorais agus faoin gcoir nó faoi na coireanna ar ina leith atá an cúisí á chúiseamh faoin Reacht. Déanfar an díotáil a tharchur chuig breitheamh den Dlísheomra Trialach.

Airteagal 19

An díotáil a athbhreithniú

1. Déanfaidh an breitheamh den Dlísheomra Trialach a ndearnadh an díotáil a tharchur chuige í a athbhreithniú. Más deimhin leis go ndearna an tIonchúisitheoir cás prima facie a shuíomh, daingneoidh sé an díotáil. Mura deimhin leis amhlaidh, déanfar an díotáil a dhíbhe.

2. Ar dhíotáil a bheith daingnithe, féadfaidh an breitheamh, ar iarraidh ón ionchúisitheoir, cibé orduithe agus barántais a eisiúint chun daoine a ghabháil, a choinneáil, a thabhairt suas nó a aistriú agus aon orduithe eile a eisiúint is gá chun an triail a sheoladh.

Airteagal 20

Tosach agus seoladh imeachtaí trialach

1. Áiritheoidh na Dlísheomraí Trialach, maidir le triail, go bhfuil sí cothrom agus dlúsúil agus go seoltar imeachtaí de réir na rialacha nós imeachta agus fianaise, go n-urramaítear go hiomlán cearta an chúisí agus go dtugtar aird chuí ar chosaint íospartach agus finnéithe.

2. Maidir le duine ar daingníodh díotáil ina choinne, déanfar, de bhun ordaithe nó barántais gabhála ón mBinse Idirnáisiúnta, é a ghlacadh i gcoimeád, cuirfear na cúisimh atá ina choinne in iúl dó láithreach agus déanfar é a aistriú chuig an mBinse Idirnáisiúnta.

3. Déanfaidh an Dlísheomra Trialach an díotáil a léamh, a dheimhniú dó féin go bhfuil cearta an chúisí á n-urramú, a dhaingniú go dtuigeann an cúisí an díotáil agus a threorú don chúisí pléadáil a thaifeadadh. Socróidh an Dlísheomra Trialach dáta le haghaidh na trialach ansin.

4. Seolfar na héisteachtaí go poiblí mura rud é go gcinnfidh an Dlísheomra Trialach na himeachtaí a iamh de réir a rialacha nós imeachta agus fianaise.

Airteagal 21

Cearta an chúisí

1. Beidh gach duine comhionann os comhair an Bhinse Idirnáisiúnta.

2. Le linn cúisimh ina choinne a bheith á gcinneadh, beidh an cúisí i dteideal éisteacht chóir phoiblí a fháil, faoi réir airteagal 22 den Reacht.

3. Toimhdeofar an cúisí a bheith neamhchiontach go dtí go gcruthófar é a bheith ciontach de réir fhorálacha an Reachta láithrigh.

4. Le linn aon chúiseamh i gcoinne an chúisí a bheith á chinneadh de bhun an Reachta láithrigh, beidh an cúisí i dteideal na ráthaíochtaí íosta seo a leanas, i gcomhionannas iomlán:

(a) go gcuirfear in iúl dó go pras agus go mion, i dteanga a thuigeann sé, cad iad cineál agus cúis an chúisimh ina choinne;

(b) go mbeidh am agus áiseanna atá leordhóthanach aige chun a chosaint a ullmhú agus cumarsáid a dhéanamh le habhcóide a roghnóidh sé féin;

(c) go ndéanfar é a thriail gan mhoill mhíchuí;

(d) go ndéanfar é a thriail ina láthair féin, agus go ndéanfaidh sé é féin a chosaint go pearsanta nó trí chúnamh dlí a roghnóidh sé féin; go gcuirfear an ceart sin in iúl dó, más rud é nach bhfuil cúnamh dlí aige; agus go ndéanfar cúnamh dlí a shannadh dó, in aon chás inar gá sin ar mhaithe leis an gceartas, agus gan íocaíocht uaidh in aon chás den sórt sin más rud é nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha aige chun íoc as;

(e) go ndéanfaidh sé, nó go gcuirfidh sé faoi deara go ndéanfar, na finnéithe ina choinne a cheistiú agus go gcuirfear faoi deara finnéithe ar a shon a bheith i láthair agus a cheistiú faoi na coinníollacha céanna le finnéithe ina choinne;

(f) go mbeidh cúnamh saor in aisce aige ó ateangaire mura bhfuil sé in ann an teanga a úsáidtear sa Bhinse Idirnáisiúnta a thuiscint nó a labhairt;

(g) nach gcuirfear iallach air fianaise a thabhairt ina choinne féin nó ciontacht a admháil.

Airteagal 22

Íospartaigh agus finnéithe a chosaint

Déanfaidh an Binse Idirnáisiúnta foráil ina rialacha nós imeachta agus fianaise le haghaidh íospartaigh agus finnéithe a chosaint. Áireofar ar na bearta cosanta sin imeachtaí a sheoladh i gcúirt iata agus céannacht an íospartaigh a choimeád faoi rún, cé nach iad sin amháin a bheidh i gceist.

Airteagal 23

Breithiúnas

1. Déanfaidh na Dlísheomraí Trialach breithiúnais a fhógairt agus pianbhreitheanna agus pionóis a ghearradh ar dhaoine a chiontófar i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta.

2. Is le tromlach na mbreithiúna den Dlísheomra Trialach a chinnfear an breithiúnas, agus déanfaidh an Dlísheomra Trialach é a chraoladh go poiblí. Beidh tuairim réasúnaithe i scríbhinn ag gabháil leis, ar féidir tuairimí ar leithligh nó easaontacha a chur mar fhoscríbhinn léi.

Airteagal 24

Pionóis

1. Ní dhéanfaidh an Dlísheomra Trialach aon phionós seachas príosúnacht a ghearradh. Le linn na téarmaí príosúnachta a chinneadh, rachaidh na Dlísheomraí Trialach ar iontaoibh an chleachtais choitianta maidir le pianbhreitheanna príosúnachta i gcúirteanna na hiar-Iúgslaive.

2. Le linn na pianbhreitheanna a fhorchur, is ceart do na Dlísheomraí Trialach tosca ar nós thromaíocht an chiona agus imthosca ar leith an duine chiontaithe a chur i gcuntas.

3. I dteannta príosúnachta, féadfaidh na Dlísheomraí Trialach a ordú go ndéanfar aon mhaoin agus fáltais a fuarthas trí iompar coiriúil, lena n-áirítear trí éigeantas, a thabhairt ar ais dá n-úinéirí dlisteanacha.

Airteagal 25

Imeachtaí achomhairc

1. Déanfaidh an Dlísheomra Achomhairc achomhairc a éisteacht ó dhaoine a bheidh ciontaithe ag na Dlísheomraí Trialach nó ón Ionchúisitheoir ar na forais seo a leanas:

(a) earráid ar cheist dlí a fhágann go bhfuil an cinneadh neamhbhailí; nó

(b) earráid fíorais a bhí ina thrúig le hiomrall ceartais.

2. Féadfaidh an Dlísheomra Achomhairc na cinntí a dhéanann na Dlísheomraí Trialach a dhaingniú, a fhreaschur nó a athrú.

Airteagal 26

Imeachtaí athbhreithnithe

I gcás ina n-aimseofar fíoras nua nach raibh ar eolas tráth na n-imeachtaí os comhair na nDlísheomraí Trialach nó an Dlísheomra Achomhairc ar fíoras é a d'fhéadfadh a bheith ina thoisc chinntitheach le linn teacht ar an gcinneadh, féadfaidh an duine ciontaithe nó an tIonchúisitheoir iarratas ar athbhreithniú ar an mbreithiúnas a chur faoi bhráid an Bhinse Idirnáisiúnta.

Airteagal 27

Pianbhreitheanna a fhorfheidhmiú

Déanfar príosúnacht a chur isteach i Stát a bheidh ainmnithe ag an mBinse Idirnáisiúnta as liosta de Stáit a chuir in iúl don Chomhairle Slándála go bhfuil siad toilteanach glacadh le daoine ciontaithe. Beidh an phríosúnacht sin de réir dhlí infheidhme an Stáit lena mbaineann, faoi réir mhaoirseacht an Bhinse Idirnáisiúnta.

Airteagal 28

Maithiúnas nó iomalartú pianbhreitheanna

Más rud é, de bhun dhlí infheidhme an Stáit a bhfuil an duine ciontaithe faoi phríosúnacht ann, go bhfuil sé nó sí cáilithe le haghaidh maithiúnais nó iomalartaithe pianbhreithe, tabharfaidh an Stát lena mbaineann fógra dá réir sin don Bhinse Idirnáisiúnta. Déanfaidh Uachtarán an Bhinse Idirnáisiúnta, i gcomhairle leis na breithiúna, an t-ábhar a chinneadh ar bhonn leasanna an cheartais agus phrionsabail ghinearálta an dlí.

Airteagal 29

Comhoibriú agus cúnamh breithiúnach

1. Comhoibreoidh Stáit leis an mBinse Idirnáisiúnta le linn dó imscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine a chúiseofar i sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta.

2. Déanfaidh Stáit aon iarraidh ar chúnamh nó ordú a eiseoidh Dlísheomra Trialach a chomhlíonadh gan mhoill mhíchuí, lena n-áirítear:

(a) daoine a aithint agus a aimsiú;

(b) teist a thógáil agus fianaise a thabhairt ar aird;

(c) doiciméid a sheirbheáil;

(d) daoine a ghabháil nó a choinneáil;

(e) an cúisí a thabhairt suas don Bhinse Idirnáisiúnta nó a aistriú chuige,

cé nach iad sin amháin a bheidh i gceist.

Airteagal 30

Stádas, pribhléidí agus díolúintí an Bhinse Idirnáisiúnta

1. Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún ar Phribhléidí agus ar Dhíolúintí na Náisiún Aontaithe den 13 Feabhra 1946 maidir leis an mBinse Idirnáisiúnta, maidir leis na breithiúna, maidir leis an Ionchúisitheoir agus a fhoireann, agus maidir leis an gCláraitheoir agus a fhoireann.

2. Teachtfaidh na breithiúna, an tIonchúisitheoir agus an Cláraitheoir na pribhléidí agus na díolúintí, na saoirseachtaí agus na saoráidí a thugtar do thoscairí taidhleoireachta, de réir an dlí idirnáisiúnta.

3. Teachtfaidh foireann an Ionchúisitheora agus an Chláraitheora na pribhléidí agus na díolúintí a thugtar d'oifigigh de chuid na Náisiún Aontaithe faoi Airteagail V agus VII den Choinbhinsiún dá dtagraítear i mír 1 den airteagal seo.

4. Cuirfear cibé cóir is gá ar mhaithe le feidhmiú cuí an Bhinse Idirnáisiúnta ar dhaoine eile, lena n-áirítear an cúisí, a gceanglaítear orthu a bheith ag suíomh an Bhinse Idirnáisiúnta.

Airteagal 31

Suíomh an Bhinse Idirnáisiúnta

Is sa Háig a bheidh a shuíomh ag an mBinse Idirnáisiúnta.

Airteagal 32

Caiteachais an Bhinse Idirnáisiúnta

Beidh caiteachais an Bhinse Idirnáisiúnta ina muirear ar ghnáthbhuiséad na Náisiún Aontaithe de réir Airteagal 17 de Chairt na Náisiún Aontaithe.

Airteagal 33

Teangacha oibre

Is iad Béarla agus Fraincis teangacha oibre an Bhinse Idirnáisiúnta.

Airteagal 34

Tuarascáil bhliantúil

Déanfaidh Uachtarán an Bhinse Idirnáisiúnta tuarascáil bhliantúil ón mBinse Idirnáisiúnta a chur faoi bhráid na Comhairle Slándála agus an Chomhthionóil Ghinearálta.

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Reacht Bhinse Ruanda

Ar bheith bunaithe dó ag an gComhairle Slándála ag gníomhú di faoi Chaibidil VII de Chairt na Náisiún Aontaithe, feidhmeoidh an Binse Coiriúil Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh a Dhéanamh ar Dhaoine atá Freagrach i gCinedhíothú agus i Sáruithe Tromchúiseacha Eile ar an Dlí Daonchairdiúil Idirnáisiúnta arna nDéanamh i gCríoch Ruanda agus ar shaoránaigh Ruandacha atá freagrach i gcinedhíothú agus i sáruithe eile den sórt sin arna ndéanamh i gcríoch Stát comharsanach, idir 1 Eanáir, 1994 agus 31 Nollaig, 1994 (dá ngairtear “an Binse Idirnáisiúnta do Ruanda” anseo feasta) de réir fhorálacha an Reachta láithrigh.

Airteagal 1

Inniúlacht an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda

Beidh an chumhacht ag an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine atá freagrach i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh i gcríoch Ruanda agus ar shaoránaigh Ruandacha atá freagrach i sáruithe den sórt sin arna ndéanamh i gcríoch Stát máguaird, idir 1 Eanáir 1994 agus 31 Nollaig 1994, de réir fhorálacha an Reachta láithrigh.

Airteagal 2

Cinedhíothú

1. Beidh an chumhacht ag an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine a dhéanfaidh cinedhíothú mar a mhínítear i mír 2 den airteagal seo nó a dhéanfaidh aon cheann de na gníomhartha eile atá liostaithe i mír 3 den airteagal seo.

2. Ciallaíonn cinedhíothú aon ghníomh díobh seo a leanas arna dhéanamh le hintinn grúpa náisiúnta, eitneach, ciníoch nó creidimh a scriosadh, go hiomlán nó go páirteach, mar ghrúpa den sórt sin:

(a) Comhaltaí den ghrúpa a mharú;

(b) Díobháil thromchúiseach coirp nó meabhrach a dhéanamh do chomhaltaí den ghrúpa;

(c) Dálaí maireachtála ar dóigh dóibh scriosadh fisiceach a thabhairt i gcrích, go hiomlán nó go páirteach, a bhrú d'aon toisc ar an ngrúpa;

(d) Bearta arb é is cuspóir dóibh cosc a chur le breitheanna laistigh den ghrúpa a chur i bhfeidhm;

(e) Leanaí de chuid an ghrúpa a aistriú go forneartach chuig grúpa eile.

3. Beidh na gníomhartha seo a leanas inphionósaithe:

(a) Cinedhíothú;

(b) Comhcheilg cinedhíothú a dhéanamh;

(c) Gríosú díreach agus poiblí le cinedhíothú a dhéanamh;

(d) Iarracht ar chinedhíothú a dhéanamh;

(e) Comhpháirteachas i gcinedhíothú.

Airteagal 3

Coireanna in aghaidh na daonnachta

Beidh an chumhacht ag an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine atá freagrach sna coireanna seo a leanas nuair a dhéantar iad mar chuid d'ionsaí forleathan nó córasach ar aon phobal sibhialtach ar fhorais náisiúnta, pholaitíochta, eitneacha, chiníocha nó chreidimh:

(a) Dúnmharú;

(b) Díothú;

(c) Daoirse;

(d) Díbirt;

(e) Príosúnú;

(f) Céastóireacht;

(g) Éigniú;

(h) Géarleanúint ar fhorais pholaitíochta, chiníocha agus chreidimh;

(i) Gníomhartha mídhaonnachtúla eile.

Airteagal 4

Sáruithe ar Airteagal 3 atá i ngach ceann de Choinbhinsiúin na Ginéive agus ar Phrótacal Breise II

Beidh an chumhacht ag an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine a dhéanfaidh sáruithe tromchúiseacha ar Airteagal 3 atá i ngach ceann de Choinbhinsiúin na Ginéive den 12 Lúnasa 1949 um Íospartaigh Chogaidh a Choimirciú agus ar Phrótacal Breise II a ghabhann leo sin den 8 Meitheamh 1977, nó a ordóidh go ndéanfaí sáruithe tromchúiseacha den sórt sin. Ar na sáruithe sin beidh:

(a) Foréigean ar bheatha, ar shláinte nó ar dhea-bhail coirp nó meabhrach daoine, go háirithe dúnmharú chomh maith le cruálacht mar chéastóireacht, ciorrú nó pionós coirp d'aon chineál;

(b) Pionóis chomhchoitianta;

(c) Gialla a thógáil;

(d) Gníomhartha sceimhlitheoireachta;

(e) Anfhorlann ar dhínit duine, go háirithe uirísliú agus táirchéimniú, éigniú, meirdreachas ainneonach agus ionsaí mígheanasach d'aon chineál;

(f) Slad;

(g) Pianbhreitheanna a thabhairt agus básuithe a dhéanamh gan breithiúnas a bheith fógartha roimhe sin ag cúirt a bunaíodh go rialta agus a thugann na ráthaíochtaí go léir a aithníonn pobail shibhialta nach féidir déanamh dá n-éagmais;

(h) Bagairtí aon cheann de na gníomhartha sin roimhe seo a dhéanamh,

cé nach iad sin amháin a bheidh i gceist.

Airteagal 5

Dlínse phearsanta

Beidh dlínse ag an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda ar dhaoine nádúrtha de bhun fhorálacha an Reachta láithrigh.

Airteagal 6

Freagracht choiriúil indibhidiúil

1. Maidir le duine a phleanáil, a thionscain, a d'ordaigh nó a rinne coir dá dtagraítear i míreanna 2 go 4 den Reacht láithreach nó a chabhraigh agus a neartaigh, ar aon slí eile, le pleanáil, le hullmhú nó le déanamh coire den sórt sin, beidh sé nó sí freagrach go hindibhidiúil sa choir.

2. Ní dhéanfaidh post oifigiúil aon duine chúisithe, cibé acu mar Cheann Stáit nó Rialtais nó mar oifigeach Rialtais freagrach, an duine sin a shaoradh ó fhreagracht choiriúil ná pionós a mhaolú.

3. Sa chás gurbh íochtarán a rinne aon cheann de na gníomhartha dá dtagraítear i míreanna 2 go 4 den Reacht láithreach, ní shaorann sé sin a uachtarán nó a huachtarán ó fhreagracht choiriúil má bhí a fhios aige nó aici nó má bhí cúis ann go mbeadh a fhios aige nó aici go raibh an t-íochtarán ar tí gníomhartha den sórt sin a dhéanamh nó go ndearna sé nó sí amhlaidh agus gur mhainnigh an t-uachtarán na bearta riachtanacha agus réasúnacha a ghlacadh chun na gníomhartha sin a chosc nó chun lucht a ndéanta a phionósú.

4. Sa chás gur de bhun ordaithe ó Rialtas nó ó uachtarán a ghníomhaigh duine cúisithe, ní shaorfaidh sé sin é nó í ó fhreagracht choiriúil, ach féadfar é a chur san áireamh mar mhaolú ar phionós má chinneann an Binse Idirnáisiúnta do Ruanda gur gá sin de réir an cheartais.

Airteagal 7

Dlínse chríche agus ama

Bainfidh dlínse chríche an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda le críoch Ruanda, lena n-áirítear a dromchla talún agus a haerspás chomh maith le críoch Stát comharsanach i leith sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag saoránaigh Ruandacha. Bainfidh dlínse ama an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda le tréimhse dar thús 1 Eanáir 1994 agus dar chríoch 31 Nollaig 1994.

Airteagal 8

Dlínse chomhthráthach

1. Beidh dlínse chomhthráthach ag an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda agus ag cúirteanna náisiúnta chun ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine mar gheall ar sháruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh i gcríoch Ruanda agus ar shaoránaigh Ruandacha mar gheall ar sháruithe den sórt sin arna ndéanamh i gcríoch Stát comharsanach, idir 1 Eanáir 1994 agus 31 Nollaig 1994.

2. Beidh príomhaíocht ag an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda ar chúirteanna náisiúnta na Stát go léir. Féadfaidh an Binse Idirnáisiúnta do Ruanda, ag aon chéim den nós imeachta, a iarraidh go foirmiúil ar chúirteanna náisiúnta géilleadh dá inniúlacht de réir an Reachta láithrigh agus Rialacha Nós Imeachta agus Fianaise an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda.

Airteagal 9

Non bis in idem

1. Maidir le haon duine a ndearna an Binse Idirnáisiúnta do Ruanda é nó í a thriail cheana féin mar gheall ar ghníomhartha arb éard iad sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta faoin Reacht láithreach, ní dhéanfar é nó í a thriail os comhair cúirte náisiúnta mar gheall ar na gníomhartha céanna.

2. Maidir le duine a ndearna cúirt náisiúnta é nó í a thriail mar gheall ar ghníomhartha arb éard iad sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta, ní fhéadfaidh an Binse Idirnáisiúnta do Ruanda é nó í a thriail dá éis sin ach amháin:

(a) Más rud é gur sainíodh mar ghnáthchoir an gníomh a ndearnadh é nó í a thriail mar gheall air; nó

(b) Más rud é nach raibh imeachtaí na cúirte náisiúnta neamhchlaon nó neamhspleách, má ba é ba chuspóir dóibh an cúisí a chosaint ar fhreagracht choiriúil idirnáisiúnta, nó mura ndearnadh an cás a thabhairt ar aghaidh go dúthrachtach.

3. Le linn dó breithniú a dhéanamh ar an bpionós atá le gearradh ar dhuine a bheidh ciontaithe i gcoir faoin Reacht láithreach, cuirfidh an Binse Idirnáisiúnta do Ruanda san áireamh an méid atá curtha isteach cheana féin d'aon phionós a ghearr cúirt náisiúnta ar an duine céanna mar gheall ar an ngníomh céanna.

Airteagal 10

Eagrú an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda

Beidh na horgáin seo a leanas sa Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda:

(a) Na Dlísheomraí, ina mbeidh dhá Dhlísheomra Trialach agus Dlísheomra Achomhairc;

(b) An tIonchúisitheoir; agus

(c) Clárlann.

Airteagal 11

Comhdhéanamh na nDlísheomraí

Beidh na Dlísheomraí comhdhéanta d'aon bhreitheamh déag neamhspleácha, nach mbeidh aon bheirt díobh ina náisiúnaigh den Stát céanna agus a fhónfaidh mar a leanas:

(a) Triúr breitheamh a fhónfaidh i ngach ceann ar leith de na Dlísheomraí Trialach;

(b) Cúigear breitheamh a fhónfaidh sa Dlísheomra Achomhairc.

Airteagal 12

Cáilíocht agus toghadh breithiúna

1. Daoine a bhfuil ardcháil mhorálta orthu, a bhfuil neamhchlaontacht agus ionracas ag baint leo agus a bhfuil na cáilíochtaí acu a éilítear ina dtíortha faoi seach i gcomhair ceapacháin chuig na hoifigí breithiúnacha is airde, a bheidh sna breithiúna. I gcomhdhéanamh foriomlán na nDlísheomraí déanfar taithí na mbreithiúna ar an dlí coiriúil, ar an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta agus dlí chearta an duine, a chur i gcuntas go cuí.

2. Déanfaidh comhaltaí Dhlísheomra Achomhairc an Bhinse Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh a Dhéanamh ar Dhaoine atá Freagrach i Sáruithe Tromchúiseacha ar an Dlí Idirnáisiúnta arna nDéanamh i gCríoch na hIar-Iúgslaive ó 1991 i leith (dá ngairtear “an Binse Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv” anseo feasta) fónamh freisin mar chomhaltaí Dhlísheomra Achomhairc an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda.

3. Déanfaidh an Comhthionól Ginearálta breithiúna Dhlísheomraí Trialach an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda a thoghadh as liosta a bheidh curtha faoina bhráid ag an gComhairle Slándála, ar an modh seo a leanas:

(a) Iarrfaidh an tArd-Rúnaí ar Stáit is Comhaltaí de na Náisiúin Aontaithe agus ar Stáit nach comhaltaí iad ach a choinníonn misin bhreathnadóireachta bhuana ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe ainmniúcháin a dhéanamh le haghaidh bhreithiúna na nDlísheomraí Trialach;

(b) Laistigh de thríocha lá ón dáta a iarrfaidh an tArd-Rúnaí amhlaidh, féadfaidh gach Stát suas le beirt iarrthóirí a bhfuil na cáilíochtaí atá leagtha amach i mír 1 thuas acu a ainmniú, gan aon bheirt díobh a bheith den náisiúntacht chéanna agus gan ceachtar díobh a bheith den náisiúntacht chéanna le haon bhreitheamh ar an Dlísheomra Achomhairc;

(c) Déanfidh an tArd-Rúnaí na hainmniúcháin a gheofar a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Slándála. Déanfaidh an Chomhairle Slándála liosta d'iarrthóirí nach lú ná dáréag agus nach mó ná ocht nduine dhéag a bhunú as na hainmniúcháin a gheofar, agus ionadaíocht leordhóthanach ar an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda do phríomhchórais dhlíthiúla an domhain á cur i gcuntas go cuí aici;

(d) Déanfaidh Uachtarán na Comhairle Slándála an liosta iarrthóirí a tharchur chuig Uachtarán an Chomhthionóil Ghinearálta. Déanfaidh an Comhthionól Ginearálta an seisear breitheamh de na Dlísheomraí Trialach a thoghadh as an liosta sin. Maidir leis na hiarrthóirí a gheobhaidh tromlach glan de vótaí na Stát is Comhaltaí de na Náisiúin Aontaithe agus na Stát nach Comhaltaí iad ach a choinníonn misin bhreathnadóireachta bhuana ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe, dearbhófar iad a bheith tofa. Más rud é go bhfaighidh beirt iarrthóirí den náisiúntacht chéanna an tromlach vótaí is gá, measfar an duine a fuair an líon is airde vótaí a bheith tofa.

4. I gcás folúntais sna Dlísheomraí Trialach, tar éis dul i gcomhairle le hUachtaráin na Comhairle Slándála agus an Chomhthionóil Ghinearálta, déanfaidh an tArd-Rúnaí duine ag a bhfuil na cáilíochtaí i mír 1 thuas a cheapadh ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige lena mbaineann.

5. Toghfar breithiúna na nDlísheomraí Trialach ar feadh téarma ceithre bliana. Is iad na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse ná téarmaí agus coinníollacha seirbhíse bhreithiúna an Bhinse Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv. Beidh siad in-atofa.

Airteagal 13

Oifigigh agus comhaltaí na nDlísheomraí

1. Déanfaidh breithiúna an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda Uachtarán a thoghadh.

2. Tar éis dul i gcomhairle le breithiúna an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda déanfaidh an tUachtarán na breithiúna a shannadh do na Dlísheomraí Trialach. Ní fhónfaidh breitheamh ach amháin sa Dlísheomra dár sannadh é nó í.

3. Déanfaidh breithiúna gach Dlísheomra Trialach Breitheamh Ceannais a thoghadh, agus seolfaidh an breitheamh sin imeachtaí go léir an Dlísheomra Trialach sin ina iomláine.

Airteagal 14

Rialacha nós imeachta agus fianaise

Chun críocha imeachtaí os comhair an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda, glacfaidh breithiúna an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda rialacha nós imeachta agus fianaise an Bhinse Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv maidir leis an gcéim réamhthrialach de na himeachtaí a sheoladh, maidir le trialacha agus achomhairc, maidir le fianaise a ghlacadh, maidir le híospartaigh agus finnéithe a chosaint agus maidir le nithe cuí eile, maille le cibé athruithe a mheasfaidh siad is gá.

Airteagal 15

An tIonchúisitheoir

1. Beidh an tIonchúisitheoir freagrach in imscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine atá freagrach i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta arna ndéanamh i gcríoch Ruanda agus ar shaoránaigh Ruandacha atá freagrach i sáruithe den sórt sin arna ndéanamh i gcríoch Stát comharsanach, idir 1 Eanáir 1994 agus 31 Nollaig 1994.

2. Gníomhóidh an tIonchúisitheoir go neamhspleách mar orgán ar leith den Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda. Ní iarrfaidh ná ní ghlacfaidh sé nó sí treoracha ó aon Rialtas nó ó aon fhoinse eile.

3. Déanfaidh Ionchúisitheoir an Bhinse Idirnáisiúnta don Iar-Iúgslaiv fónamh freisin mar Ionchúisitheoir an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda. Beidh foireann bhreise aige nó aici, lena n-áirítear Leas-Ionchúisitheoir breise, chun cúnamh a thabhairt maidir le hionchúisimh os comhair an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda. Ceapfaidh an tArd-Rúnaí an fhoireann sin ar mholadh ón Ionchúisitheoir.

Airteagal 16

An Chlárlann

1. Beidh an Chlárlann freagrach i riaradh agus friotháil a dhéanamh ar an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda.

2. Is éard a bheidh sa Chlárlann Cláraitheoir agus cibé foireann eile is gá.

3. Ceapfaidh an tArd-Rúnaí an Cláraitheoir tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda. Fónfaidh sé nó sí ar feadh téarma ceithre bliana agus beidh sé nó sí in-athcheaptha. Is iad téarmaí agus coinníollacha seirbhíse an Chláraitheora ná téarmaí agus coinníollacha seirbhíse Ard-Rúnaí Cúnta de chuid na Náisiún Aontaithe.

4. Ceapfaidh an tArd-Rúnaí foireann na Clárlainne ar mholadh ón gCláraitheoir.

Airteagal 17

Imscrúdú agus díotáil a ullmhú

1. Déanfaidh an tIonchúisitheoir imscrúduithe a thionscnamh ex-officio nó ar bhonn faisnéise a gheofar ó aon fhoinse, go háirithe ó Rialtais, ó orgáin de chuid na Náisiún Aontaithe, ó eagraíochtaí idir-rialtasacha agus neamhrialtasacha. Déanfaidh an tIonchúisitheoir an fhaisnéis a ghlacfar nó a gheofar a mheasúnú agus cinnfidh sé nó sí an bhfuil bonn leordhóthanach ann le dul ar aghaidh.

2. Beidh an chumhacht ag an Ionchúisitheoir daoine atá faoi dhrochamhras, íospartaigh agus finnéithe a cheistiú, fianaise a bhailiú agus imscrúduithe a sheoladh ar an láthair. Le linn na tascanna seo a chur i gcrích, féadfaidh an tIonchúisitheoir, de réir mar is cuí, cúnamh a iarraidh ar na húdaráis Stáit lena mbaineann.

3. I gcás go ndéanfar duine atá faoi dhrochamhras a cheistiú, beidh teideal aige nó aici chun cúnaimh ó abhcóide dá rogha féin, lena n-áirítear an ceart go sannfar cúnamh dlí don duine atá faoi dhrochamhras gan íocaíocht uaidh nó uaithi in aon chás den sórt sin más rud é nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha aige nó aici chun íoc as, chomh maith le teideal chun aistriúcháin riachtanaigh go teanga nó ó theanga a labhraíonn agus a thuigeann sé nó sí.

4. Ar chinneadh a bheith déanta gurb ann do chás prima facie, ullmhóidh an tIonchúisitheoir díotáil ina mbeidh ráiteas beacht faoi na fíorais agus faoin gcoir nó faoi na coireanna ar ina leith atá an cúisí á chúiseamh nó á cúiseamh faoin Reacht. Déanfar an díotáil a tharchur chuig breitheamh den Dlísheomra Trialach.

Airteagal 18

An díotáil a athbhreithniú

1. Déanfaidh an breitheamh den Dlísheomra Trialach a ndearnadh an díotáil a tharchur chuige nó chuici í a athbhreithniú. Más deimhin leis nó léi go ndearna an tIonchúisitheoir cás prima facie a shuíomh, daingneoidh sé nó sí an díotáil. Mura deimhin leis nó léi amhlaidh, déanfar an díotáil a dhíbhe.

2. Ar dhíotáil a bheith daingnithe, féadfaidh an breitheamh, ar iarraidh ón Ionchúisitheoir, cibé orduithe agus barántais a eisiúint chun daoine a ghabháil, a choinneáil, a thabhairt suas nó a aistriú agus aon orduithe eile a eisiúint is gá chun an triail a sheoladh.

Airteagal 19

Tosach agus seoladh imeachtaí trialach

1. Áiritheoidh na Dlísheomraí Trialach, maidir le triail, go bhfuil sí cothrom agus dlúsúil agus go seolfar imeachtaí de réir na rialacha nós imeachta agus fianaise, go n-urramaítear go hiomlán cearta an chúisí agus go dtugtar aird chuí ar chosaint íospartach agus finnéithe.

2. Maidir le duine ar daingníodh díotáil ina choinne nó ina coinne, déanfar, de bhun ordaithe nó barántais gabhála ón mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda, é nó í a ghlacadh i gcoimeád, cuirfear na cúisimh atá ina choinne nó ina coinne in iúl dó nó di láithreach agus déanfar é nó í a aistriú chuig an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda.

3. Déanfaidh an Dlísheomra Trialach an díotáil a léamh, a dheimhniú dó féin go bhfuil cearta an chúisí á n-urramú, a dhaingniú go dtuigeann an cúisí an díotáil agus a threorú don chúisí pléadáil a thaifeadadh. Socróidh an Dlísheomra Trialach dáta le haghaidh na trialach ansin.

4. Seolfar na héisteachtaí go poiblí mura rud é go gcinnfidh an Dlísheomra Trialach na himeachtaí a iamh de réir a rialacha nós imeachta agus fianaise.

Airteagal 20

Cearta an chúisí

1. Beidh gach duine comhionann os comhair an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda.

2. Le linn cúisimh ina choinne nó ina coinne a bheith á gcinneadh, beidh an cúisí i dteideal éisteacht chóir phoiblí a fháil, faoi réir airteagal 21 den Reacht.

3. Toimhdeofar an cúisí a bheith neamhchiontach go dtí go gcruthófar é nó í a bheith ciontach de réir fhorálacha an Reachta láithrigh.

4. Le linn aon chúiseamh i gcoinne an chúisí a bheith á chinneadh de bhun an Reachta láithrigh, beidh an cúisí i dteideal na ráthaíochtaí íosta seo a leanas, i gcomhionannas iomlán:

(a) Go gcuirfear in iúl dó nó di go pras agus go mion, i dteanga a thuigeann sé nó sí, cad iad cineál agus cúis an chúisimh ina choinne nó ina coinne;

(b) Go mbeidh am agus áiseanna atá leordhóthanach aige nó aici chun a chosaint nó a cosaint a ullmhú agus cumarsáid a dhéanamh le habhcóide a roghnóidh sé nó sí féin;

(c) Go ndéanfar é nó í a thriail gan mhoill mhíchuí;

(d) Go ndéanfar é nó í a thriail ina láthair féin, agus go ndéanfaidh sé nó sí é féin nó í féin a chosaint go pearsanta nó trí chúnamh dlí a roghnóidh sé nó sí féin; go gcuirfear an ceart sin in iúl dó nó di, más rud é nach bhfuil cúnamh dlí aige nó aici; agus go ndéanfar cúnamh dlí a shannadh dó nó di, in aon chás inar gá sin ar mhaithe leis an gceartas, agus gan íocaíocht uaidh nó uaithi in aon chás den sórt sin más rud é nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha aige nó aici chun íoc as;

(e) Go ndéanfaidh sé nó sí, nó go gcuirfidh sé nó sí faoi deara go ndéanfar, na finnéithe ina choinne nó ina coinne a cheistiú agus go gcuirfear faoi deara finnéithe ar a shon nó ar a son a bheith i láthair agus a cheistiú faoi na coinníollacha céanna le finnéithe ina choinne nó ina coinne;

(f) Go mbeidh cúnamh saor in aisce aige nó aici ó ateangaire mura bhfuil sé nó sí in ann an teanga a úsáidtear sa Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda a thuiscint nó a labhairt;

(g) Nach gcuirfear iallach air nó uirthi fianaise a thabhairt ina choinne ná ina coinne féin nó ciontacht a admháil.

Airteagal 21

Íospartaigh agus finnéithe a chosaint

Déanfaidh an Binse Idirnáisiúnta do Ruanda foráil ina rialacha nós imeachta agus fianaise le haghaidh íospartaigh agus finnéithe a chosaint. Áireofar ar na bearta cosanta sin imeachtaí a sheoladh i gcúirt iata agus céannacht an íospartaigh a choimeád faoi rún, cé nach iad sin amháin a bheidh i gceist.

Airteagal 22

Breithiúnas

1. Déanfaidh na Dlísheomraí Trialach breithiúnais a fhógairt agus pianbhreitheanna agus pionóis a ghearradh ar dhaoine a chiontófar i sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta.

2. Is le tromlach na mbreithiúna den Dlísheomra Trialach a chinnfear an breithiúnas, agus déanfaidh an Dlísheomra Trialach é a chraoladh go poiblí. Beidh tuairim réasúnaithe i scríbhinn ag gabháil leis, ar féidir tuairimí ar leithligh nó easaontacha a chur mar fhoscríbhinn léi.

Airteagal 23

Pionóis

1. Ní dhéanfaidh an Dlísheomra Trialach aon phionós seachas príosúnacht a ghearradh. Le linn na téarmaí príosúnachta a chinneadh, rachaidh na Dlísheomraí Trialach ar iontaoibh an chleachtais choitianta maidir le pianbhreitheanna príosúnachta i gcúirteanna Ruanda.

2. Le linn na pianbhreitheanna a fhorchur, is ceart do na Dlísheomraí Trialach tosca ar nós thromaíocht an chiona agus imthosca ar leith an duine chiontaithe a chur i gcuntas.

3. I dteannta príosúnachta, féadfaidh na Dlísheomraí Trialach a ordú go ndéanfar aon mhaoin agus fáltais a fuarthas trí iompar coiriúil, lena n-áirítear trí éigeantas, a thabhairt ar ais dá n-úinéirí dlisteanacha.

Airteagal 24

Imeachtaí achomhairc

1. Déanfaidh an Dlísheomra Achomhairc achomhairc a éisteacht ó dhaoine a bheidh ciontaithe ag na Dlísheomraí Trialach nó ón Ionchúisitheoir ar na forais seo a leanas:

(a) Earráid ar cheist dlí a fhágann go bhfuil an cinneadh neamhbhailí; nó

(b) Earráid fíorais a bhí ina thrúig le hiomrall ceartais.

2. Féadfaidh an Dlísheomra Achomhairc na cinntí a dhéanann na Dlísheomraí Trialach a dhaingniú, a fhreaschur nó a athrú.

Airteagal 25

Imeachtaí athbhreithnithe

I gcás ina n-aimseofar fíoras nua nach raibh ar eolas tráth na n-imeachtaí os comhair na nDlísheomraí Trialach nó an Dlísheomra Achomhairc ar fíoras é a d'fhéadfadh a bheith ina thoisc chinntitheach le linn teacht ar an gcinneadh, féadfaidh an duine ciontaithe nó an tIonchúisitheoir iarratas ar athbhreithniú ar an mbreithiúnas a chur faoi bhráid an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda.

Airteagal 26

Pianbhreitheanna a fhorfheidhmiú

Déanfar príosúnacht a chur isteach i Ruanda nó in aon Stát, a bheidh ainmnithe ag an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda, astu sin atá ar liosta de Stáit a chuir in iúl don Chomhairle Slándála go bhfuil siad toilteanach glacadh le daoine ciontaithe. Beidh an phríosúnacht sin de réir dhlí infheidhme an Stáit lena mbaineann, faoi réir mhaoirseacht an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda.

Airteagal 27

Maithiúnas nó iomalartú pianbhreitheanna

Más rud é, de bhun dhlí infheidhme an Stáit a bhfuil an duine ciontaithe faoi phríosúnacht ann, go bhfuil sé nó sí cáilithe le haghaidh maithiúnais nó iomalartaithe pianbhreithe, tabharfaidh an Stát lena mbaineann fógra dá réir sin don Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda. Ní bheidh maithiúnas ná iomalartú pianbhreithe ann ach amháin más rud é go ndéanfaidh Uachtarán an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda, i gcomhairle leis na breithiúna, a chinneadh amhlaidh ar bhonn leasanna an cheartais agus phrionsabail ghinearálta an dlí.

Airteagal 28

Comhoibriú agus cúnamh breithiúnach

1. Comhoibreoidh Stáit leis an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda le linn dó imscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh ar dhaoine a chúiseofar i sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar an dlí daonchairdiúil idirnáisiúnta.

2. Déanfaidh Stáit aon iarraidh ar chúnamh nó ordú a eiseoidh Dlísheomra Trialach a chomhlíonadh gan mhoill mhíchuí, lena n-áirítear:

(a) Daoine a aithint agus a aimsiú;

(b) Teist a thógáil agus fianaise a thabhairt ar aird;

(c) Doiciméid a sheirbheáil;

(d) Daoine a ghabháil nó a choinneáil;

(e) An cúisí a thabhairt suas don Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda nó a aistriú chuige,

cé nach iad sin amháin a bheidh i gceist.

Airteagal 29

Stádas, pribhléidí agus díolúintí an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda

1. Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún ar Phribhléidí agus ar Dhíolúintí na Náisiún Aontaithe den 13 Feabhra 1946 maidir leis an mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda, maidir leis na breithiúna, maidir leis an Ionchúisitheoir agus a fhoireann nó a foireann, agus maidir leis an gCláraitheoir agus a fhoireann nó a foireann.

2. Teachtfaidh na breithiúna, an tIonchúisitheoir agus an Cláraitheoir na pribhléidí agus na díolúintí, na saoirseachtaí agus na saoráidí a thugtar do thoscairí taidhleoireachta, de réir an dlí idirnáisiúnta.

3. Teachtfaidh foireann an Ionchúisitheora agus an Chláraitheora na pribhléidí agus na díolúintí a thugtar d'oifigigh de chuid na Náisiún Aontaithe faoi airteagail V agus VII den Choinbhinsiún dá dtagraítear i mír 1 den airteagal seo.

4. Cuirfear cibé cóir is gá ar mhaithe le feidhmiú cuí an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda ar dhaoine eile, lena n-áirítear an cúisí, a gceanglaítear orthu a bheith ag suíomh nó ag áit chruinnithe an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda.

Airteagal 30

Caiteachais an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda

Beidh caiteachais an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda ina gcaiteachais de chuid na hEagraíochta de réir Airteagal 17 de Chairt na Náisiún Aontaithe.

Airteagal 31

Teangacha oibre

Is iad Béarla agus Fraincis teangacha oibre an Bhinse Idirnáisiúnta.

Airteagal 32

Tuarascáil bhliantúil

Déanfaidh Uachtarán an Bhinse Idirnáisiúnta do Ruanda tuarascáil bhliantúil ón mBinse Idirnáisiúnta do Ruanda a chur faoi bhráid na Comhairle Slándála agus an Chomhthionóil Ghinearálta.