Uimhir 54 de 1998
AN tACHT IASCAIGH AGUS IMEALL TRÁ (LEASÚ), 1998
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | Forálacha a bhaineann le ceadúnais dobharshaothraithe áirithe. |
4. | Gan daoine do ghabháil do dhobharshaothrú in oirchill ceadúnas a dheonú. |
5. | |
6. | |
7. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1997 | |
An tAcht Iascaigh (Leasú), 1997 | 1997, Uimh. 23 |
Na hAchtanna um Lárionaid Chuanta Iascaigh, 1968 go 1992 | |
Na hAchtanna Imeall Trá, 1933 agus 1992 |
Uimhir 54 de 1998
AN tACHT IASCAIGH AGUS IMEALL TRÁ (LEASÚ), 1998
[An tiontú oifigiúil]
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA IASCAIGH, 1959 GO 1997, AN ACHTA IMEALL TRÁGHA, 1933, AGUS AN ACHTA UM LÁRIONAID CHUANTA IASCAIGH, 1968, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA. [23 Nollaig, 1998]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht Imeall Trágha, 1933;
ciallaíonn “Acht 1980” an tAcht Iascaigh, 1980;
ciallaíonn “Acht 1997” an tAcht Iascaigh (Leasú), 1997;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959.
(2) Déanfar tagairt san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis, nó faoi aon achtachán dá éis, lena n-áirítear an tAcht seo.
Iarratais ar cheadúnais dobharshaothraithe áirithe.
2.—(1) Más rud é, roimh thosach feidhme alt 74 d'Acht 1997, go ndearnadh iarratas ar cheadúnas oiliúna éisc faoi alt 15 den Phríomh-Acht, déanfar an t-iarratas sin—
(a) a mheas mar iarratas a bhí indéanta amhlaidh riamh faoin alt sin 15 d'ainneoin achtú alt 54 d'Acht 1980, agus
(b) a chinneadh de réir an ailt sin 74.
(2) Más rud é, de bhun alt 19 d'Acht 1933, gur chuir an tAire faoi deara fógra faoi iarratas ar cheadúnas chun críocha dobharshaothraithe a fhoilsiú de réir an ailt sin 19, ansin measfar gur fógra poiblí an fógra sin chun críocha fho-alt (3) d'alt 74 d'Acht 1997.
Forálacha a bhaineann le ceadúnais dobharshaothraithe áirithe.
3.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, más rud é, roimh thosach feidhme alt 75 d'Acht 1997, gur airbheartaíodh gur deonaíodh—
(a) ceadúnas imeall trá chun críocha dobharshaothraithe faoi Acht 1933, nó
(b) ceadúnas oiliúna éisc faoi alt 15 den Phríomh-Acht,
ansin measfar deonú airbheartaithe sin an cheadúnais lena mbaineann a bheith déanta go cuí agus, dá réir sin, measfar, de bhua an ailt sin 75, gur ceadúnas dobharshaothraithe é arna dheonú faoi Acht 1997.
(2) Más rud é go measfar, faoi fho-alt (1) den alt seo, gur ceadúnas dobharshaothraithe ceadúnas imeall trá, ansin beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
(a) déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta, dréachtcheadúnas dobharshaothraithe a eisiúint chuig an gceadúnaí lena mbaineann agus déanfaidh sé nó sí fógra 28 lá ar a laghad a thabhairt i scríbhinn leis an bpost don cheadúnaí, á rá go mbeartaíonn an tAire an ceadúnas a dheonú faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a bheidh sa dréachtcheadúnas;
(b) breithneoidh an tAire aon uiríll i ndáil leis an dréachtcheadúnas a dhéanfaidh an ceadúnaí chun an Aire roimh dhul in éag don fhógra;
(c) déanfaidh an tAire a bhreith nó a breith i leith an dréachtcheadúnais a chur in iúl i scríbhinn don cheadúnaí agus foilseoidh sé nó sí fógra faoin mbreith—
(i) a luaithe is indéanta tar éis an bhreith a dhéanamh, i nuachtán a scaiptear i gcomharsanacht an dobharshaothraithe, agus
(ii) ina theannta sin, san Iris Oifigiúil má ceanglaíodh ráiteas tionchair timpeallachta a bheith ann;
(d) beidh feidhm ag alt 14 agus ag Caibidil II d'Acht 1997 maidir le breith an Aire i leith an dréachtcheadúnais amhail is dá mba chinneadh nó breith i leith iarratais ar cheadúnas dobharshaothraithe í.
(3) Más rud é go measfar gur ceadúnas dobharshaothraithe ceadúnas—
(a) faoi fho-alt (1) den alt seo, nó
(b) faoi alt 75 d'Acht 1997,
ansin beidh an ceadúnaí faoi dhliteanas i leith cibé táillí a fhorordóidh an tAire faoi Acht 1997 lena n-áirítear táillí is iníoctha—
(i) ar chothromlá deonaithe an cheadúnais gach bliain fad a bheidh an ceadúnas i bhfeidhm,
(ii) i leith iarratais chun an ceadúnas a athnuachan, agus
(iii) i leith iarratais faoi alt 70 d'Acht 1997 chun an ceadúnas a athbhreithniú.
(4) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, i gcás ceadúnais imeall trá a measfar gur ceadúnas dobharshaothraithe é faoin bhfo-alt (1) sin, beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna Imeall Trá, 1933 agus 1992, maidir leis an gceadúnas imeall trá sin.
(5) Más rud é go measfar faoi fho-alt (1) den alt seo gur ceadúnas dobharshaothraithe ceadúnas agus go mbeadh sé, murach an fo-alt seo, ar neamhréir le ceart bunreachtúil aon duine é a mheas amhlaidh, ansin beidh an ceadúnas lena mbaineann faoi réir cibé teorannú is gá chun a áirithiú nach mbeidh sé ar neamhréir amhlaidh ach beidh lánfheidhm agus lánéifeacht aige thairis sin.
Gan daoine do ghabháil do dhobharshaothrú in oirchill ceadúnas a dheonú.
4.—(1) Amhail ar an agus ón 10ú lá de Nollaig, 1998, ní ghlacfar le hiarratas ar cheadúnas dobharshaothraithe, nó má ghlactar leis ní chinnfear é, más rud é go dtosaíonn an t-iarratasóir nó aon duine thar ceann an iarratasóra ag gabháil do dhobharshaothrú ag an áit nó ag na huiscí lena mbaineann an t-iarratas sula ndeonófar ceadúnas faoi Acht 1997.
(2) Aisghairtear leis seo alt 11 d'Acht 1997.
Leasú ar Acht 1933.
5.—(1) Leasaítear leis seo Acht 1933—
(a) in alt 12, trí mhír (b) d'fho-alt (2) a scriosadh, agus
(b) in alt 14, trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(3) Aon uair a chiontófar duine i gcion faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an Chúirt a chiontóidh an duine sin amhlaidh, más cuí sna himthosca agus más oiriúnach leis an gCúirt sin déanamh amhlaidh, ordú a dhéanamh á cheangal ar an duine sin, laistigh de thréimhse shonraithe—
(a) an t-earra lena mbaineann a aistriú ón áit ina ndéanfadh sé díobháil, nó ina bhféadfadh sé díobháil a dhéanamh, do dhuine lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo, nó
(b) an t-ábhar nó an tsubstaint sin a aistriú ó áit ina mbeadh sé nó sí, nó ina bhféadfadh sé nó sí a bheith, díobhálach nó míthaitneamhach do dhuine lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo.
(4) Má mhainníonn aon duine a ndéanfar ordú ina leith faoi fho-alt (3) den alt seo an t-ordú sin a chomhlíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus dlífear—
(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó
(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £100,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó iad araon, a chur air.”.
(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (2) nó (4) d'alt 13, nó faoi fho-alt (2) d'alt 14 d'Acht 1933, dlífear, in ionad na bpionós dá bhforáiltear faoi gach ceann de na fo-ailt sin—
(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó
(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £100,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó iad araon, a chur air nó uirthi.
Leasú ar an Acht um Lárionaid Chuanta Iascaigh, 1968.
6.—Leasaítear leis seo an tAcht um Lárionaid Chuanta Iascaigh, 1968, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 5:
“Maoin a dhílsítear don Aire leis an Acht seo a úsáid. | 5.—Beidh cumhacht ag an Aire, agus measfar go raibh cumhacht aige riamh— (a) aon mhaoin a dhílsítear don Aire leis an Acht seo a úsáid— (i) (A) chun aon chríche a bhaineann leis an tionscal iascaireachta a fheabhsú agus a fhorbairt, nó (B) chun seirbhísí agus saoráidí atá coimhdeach nó bainteach leis an tionscal iascaireachta a chur ar fáil, a fheabhsú agus a fhorbairt, de réir mar is cuí leis an Aire, agus (ii) chun aon chríche eile, lena n-áirítear saoráidí fóillíochta nó taitneamhachta a chur ar fáil, a fheabhsú agus a fhorbairt nó chun forbairt shóisialach nó eacnamaíochta an limistéir ina bhfuil an lárionad cuain iascaigh suite a éascú nó a chur chun cinn, ar críoch í a mheasfaidh an tAire a bheith buntáisteach agus cuí i leith oibriú nó forbairt an lárionaid cuain iascaigh, agus (b) aon talamh arna dílsiú amhlaidh a dhíol, a léasú, a ligean nó a mhalartú, nó éasúintí thar aon talamh den sórt sin, nó profits à prendre i leith aon talún den sórt sin, a dheonú, nó úsáid aon talún den sórt sin a cheadú, chun aon cheann de na críocha sin is cuí leis an Aire.”. |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
7.—(1) Féadfar an tAcht Iascaigh agus Imeall Trá (Leasú), 1998, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1998, a ghairm de na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1997, d'ailt 2 go 4 den Acht seo agus, a mhéid a bhaineann siad leis na hailt sin, d'alt 1 den Acht seo agus den alt seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.
(3) Féadfar na hAchtanna Imeall Trá, 1933 go 1998, a ghairm de na hAchtanna Imeall Trá, 1933 agus 1992, d'alt 5 den Acht seo agus, a mhéid a bhaineann siad leis an alt sin, d'alt 1 den Acht seo agus den alt seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.
(4) Féadfar na hAchtanna um Lárionaid Chuanta Iascaigh, 1968 go 1998, a ghairm de na hAchtanna um Lárionaid Chuanta Iascaigh, 1968 go 1992, d'alt 6 den Acht seo agus, a mhéid a bhaineann siad leis an alt sin, d'alt 1 den Acht seo agus den alt seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.