Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Uimhir 20 de 1983
AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (BUNCHÍOSANNA) (LEASÚ), 1983
[An tiontú oifigiúil]
Ré Chuid III den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978.
1.—Leasaítear leis seo alt 18 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 (a bhaineann leis an tréimhse ina bhféadfar iarratais a dhéanamh faoi Chuid III den Acht sin) trí “sé bliana” a chur in ionad “cúig bliana”.
Leasú ar alt 23 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978.
2.—I ndáil le haon iarratas faoi Chuid III den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978, a dhéanfar an 1ú lá de Lúnasa, 1983, nó dá éis, beidh éifeacht le halt 23 (1) (a bhaineann le táillí áirithe a bheidh le glacadh i gClárlann na Talún) den Acht sin ionann is dá gcuirfí “£15” in ionad “£5” i mír (a) agus “£36” in ionad “£12” i mír (b).
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
3.—(1) Féadfar an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Leasú), 1983, a ghairm den Acht seo.
(2) Forléireofar na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1967 go 1980, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1967 go 1983, a ghairm díobh le chéile.
An tAcht dá dTagraítear | |
An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2), 1978 |
Number 20 of 1983
LANDLORD AND TENANT (GROUND RENTS) (AMENDMENT) ACT, 1983
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Duration of Part III of Landlord and Tenant (Ground Rents) (No. 2) Act, 1978. | |
Amendment of section 23 of Landlord and Tenant (Ground Rents) (No. 2) Act, 1978. | |
Act Referred to | |
1978, No. 16 |
Number 20 of 1983
LANDLORD AND TENANT (GROUND RENTS) (AMENDMENT) ACT, 1983
Duration of Part III of Landlord and Tenant (Ground Rents) (No. 2) Act, 1978.
1.—Section 18 of the Landlord and Tenant (Ground Rents) (No. 2) Act, 1978 (which relates to the period during which applications may be made under Part III of that Act) is hereby amended by the substitution of “six years” for “five years”.
Amendment of section 23 Landlord and Tenant (Ground Rents) (No. 2) Act, 1978.
2.—In relation to any application under Part III of the Landlord and Tenant (Ground Rents) (No. 2) Act, 1978, made on or after the 1st day of August, 1983, section 23 (1) (which relates to certain fees to be taken in the Land Registry) of that Act shall have effect as if there were substituted “£15” for “£5” in paragraph (a) and “£36” for “£12” in paragraph (b).
Short title, construction and collective citation.
3.—(1) This Act may be cited as the Landlord and Tenant (Ground Rents) (Amendment) Act, 1983.
(2) The Landlord and Tenant Acts, 1967 to 1980, and this Act shall be construed together as one Act and may be cited together as the Landlord and Tenant Acts, 1967 to 1983.