[EN]

Uimhir 1 de 1983


[EN]

AN tACHT UM ÚDARÁIS ÁITIÚLA (OIFIGIGH AGUS FOSTAITHE), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA nÚDARÁS nÁITIÚIL (OIFIGIGH AGUS FOSTAITHE), 1926 AGUS 1940. [3 Márta, 1983] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Léiriú.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “cáilíochtaí forordaithe” cáilíochtaí atá forordaithe, dearbhaithe, ordaithe nó ceadaithe faoi alt 7 den Phríomh-Acht, faoi alt 21 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (arna leasú le halt 40 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946, agus le halt 16 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955), faoi alt 42 den Acht Cuanta, 1946, faoi alt 8 (3) (c) nó 14 (1) den Acht Cróinéirí, 1962, nó faoi alt 18 den Acht Sláinte, 1970, nó atá sonraithe in aon alt díobh sin;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926.

[EN]

Féadfaidh na Coimisinéirí eolas, traenáil, taithí áirithe etc. a chur san áireamh.

2.—(1) Faoi réir alt 8 den Acht seo féadfaidh na Coimisinéirí, le toiliú an Aire iomchuí, ag roghnú iarrthóra dóibh a bheidh le moladh acu le ceapadh chun oifig lena mbaineann an Príomh-Acht, cibé ceann nó cinn díobh seo a leanas (más ann) a mheasfaidh na Coimisinéirí is iomchuí do dhualgais na hoifige, eadhon, eolas (lena n-áirítear eolas ar an nGaeilge nó ar an mBéarla nó orthu araon), traenáil, taithí nó aon ábhar eile a chur san áireamh, i dteannta na gcáilíochtaí forordaithe.

[EN]

(2) Féadfar toiliú ón Aire iomchuí a thabhairt faoin alt seo i ndáil le hoifig áirithe lena mbaineann an Príomh-Acht nó i ndáil le hoifigí den sórt sin is de chineál, d'aicme nó de ghrád áirithe.

[EN]

(3) San alt seo ciallaíonn “an tAire iomchuí” an tAire oiriúnach de réir bhrí alt 30 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955, nó, i ndáil le haon oifig nó fostaíocht lena mbaineann alt 27 den Acht Iascaigh, 1980, an tAire Iascaigh agus Foraoiseachta.

[EN]

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

3.—Faoi réir alt 8 den Acht seo, cuirtear, leis seo, an t-alt seo a leanas in ionad alt 8 den Phríomh-Acht:

[EN]

“8.—(1) Le linn do na Coimisinéirí aon duine a roghnú a bheidh le moladh acu faoin Acht seo tabharfaidh siad aird ar chomórtas a sheolfaidh siad agus déanfar aon chomórtas den sórt sin a sheoladh amhlaidh de réir rialacháin arna ndéanamh ag na Coimisinéirí.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le comórtais a sheolfar de bhun an ailt seo:

[EN]

(a) Faoi réir mhír (d) den fho-alt seo agus alt 4 (b) den Acht um Údaráis Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1983, beidh an comórtas ar oscailt do na daoine go léir ar mian leo cur isteach ar an gcomórtas agus a bhfuil, nó a éilíonn go bhfuil, na cáilíochtaí forordaithe acu don oifig lena mbaineann an comórtas agus a íocfaidh an táille (más ann) a bheidh forordaithe ag na Coimisinéirí maidir leis an gcomórtas sin,

[EN]

(b) is é a bheidh sa chomórtas, de réir mar a chinnfidh na Coimisinéirí, aon cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

[EN]

(i) agallamh,

[EN]

(ii) scrúdú scríofa,

[EN]

(iii) scrúdú praiticiúil,

[EN]

(iv) aon triail nó trialacha eile is iomchuí leis na Coimisinéirí,

[EN]

(c) i gcás arb é a bheidh sa chomórtas níos mó ná ceann amháin de na trialacha a shonraítear i mír (b) den fho-alt seo (cibé acu is de na haicmí céanna nó d'aicmí éagsúla a bheidh sonraithe amhlaidh iad), ní gá gur triail chomórtais níos mó ná aon cheann amháin de na trialacha, agus

[EN]

(d) féadfaidh na Coimisinéirí é a chur de choinníoll go mbeidh ar iarrthóir, chun bheith istigh ar aon chuid den chomórtas, caighdeán is iomchuí leis na Coimisinéirí a bhaint amach.

[EN]

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Aire iomchuí de réir bhrí alt 2 den Acht um Údaráis Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1983, rialacháin a dhéanamh maidir le seoladh (lena n-áirítear, má mheasann na Coimisinéirí gur infheidhme iad, am agus áit agus ábhair) na gcomórtas a bheidh le rith acu chun críocha an ailt seo, agus féadfaidh na rialacháin sin baint a bheith acu le haicme amháin nó níos mó de na comórtais sin nó le haon chomórtas nó comórtais áirithe díobh sin.

[EN]

(4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanann difear d'fhorálacha alt 5 den Acht seo.”.

[EN]

Rialacháin faoi alt 8 den Phríomh-Acht.

4.—Féadfaidh rialacháin faoi alt 8 den Phríomh-Acht, i dteannta na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt sin a fhorordú—

[EN]

(a) aon ní amháin nó níos mó díobh seo a leanas a shonrú:

[EN]

(i) na cineálacha trialach a bheidh sa chomórtas lena mbaineann na rialacháin,

[EN]

(ii) an modh chun iarratas a dhéanamh le bheith istigh ar an gcomórtas sin,

[EN]

(iii) an t-eolas, an traenáil, an taithí nó aon ní eile a bheartaíonn na Coimisinéirí, de bhun alt 2 (1) den Acht seo, a chur san áireamh sa chomórtas,

[EN]

(b) a fhoráil, i gcás inar dóigh leis na Coimisinéirí, mar gheall ar an líon daoine atá ag iarraidh bheith istigh ar an gcomórtas agus caighdeán eolais, traenála nó taithí na ndaoine sin i gcoitinne, gur réasúnach gan na daoine sin go léir a ligean isteach ar an gcomórtas, go bhféadfaidh na Coimisinéirí gan aon duine a ligean isteach ar an gcomórtas ach daoine a measann siad gur dóigh dóibh caighdeán a bhaint amach sa chomórtas ba leor lena roghnú agus lena moladh don cheapachán.

[EN]

An Príomh-Acht le feidhm a bheith aige mar a leasaítear leis an Acht seo é.

5.—I gcás ina gcuirtear an Príomh-Acht nó aon fhoráil de chun feidhme le haon Acht eile nó faoi aon Acht eile maidir le hoifig nó fostaíocht áirithe, nó i ndáil le haon bhord, coiste nó comhlacht eile (corpraithe nó neamhchorpraithe), beidh feidhm ag an bPríomh-Acht nó ag an bhforáil maidir leis an oifig nó leis an bhfostaíocht sin, nó i ndáil leis an gcomhlacht sin, i dteannta agus faoi réir na leasuithe a dhéantar leis an Acht seo.

[EN]

Srian le feidhm an Phríomh-Achta.

6.—Ní oifig lena mbaineann an Príomh-Acht oifig chléireach do chomhairle cheantair uirbigh ar lú ná naoi míle a dhaonra mar a fionnadh leis an daonáireamh arb é, de thuras na huaire, an daonáireamh is deireanaí a foilsíodh.

[EN]

Aisghairm agus leasuithe iarmhartacha.

7.—(1) Aisghairtear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht agus alt 29 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955.

[EN]

(2) (a) Leasaítear leis seo fomhír (ii) d'alt 62 (1) (b) den Acht Sláinte, 1953, trí “de bhun Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926” a chur in ionad “do réir ailt 9 d'Acht na nÚdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926”, agus tá an fhomhír sin (ii), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 1 den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

[EN]

(b) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 15 den Acht Sláinte, 1970 trí “alt 30” a chur in ionad “ailt 29 agus 30”, agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 2 den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

1.

(ii) maidir le haon cheapachán a dhéanamh chun foirinne an fhorais ar dóigh leis an Aire go ngabhann dualgais leis a bhaineas le míochaine chliniciúil a theagasc nó taighde míochaine a dhéanamh faoi stiúradh coláiste nó coláistí den tsórt sin, beidh ar aon bhord a cheapfas na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla de bhun Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926), chun iarrthóirí d'agallamh, cathaoirleach a ainmneos an tAire agus uimhir de chomhaltaí eile a n-ainmneoidh an coláiste nó na coláistí sin a leath.

2.

(2) Déanfar tagairtí don Aire iomchuí in alt 30 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955, a fhorléiriú, maidir le ceapacháin chun bord sláinte, mar thagairtí don Aire.

[EN]

Feidhm an Achta.

8.—Ní bheidh feidhm ag forálacha an Achta seo i ndáil le haon mholadh faoi alt 6 den Phríomh-Acht más roimh thosach feidhme an Achta seo a fuair na Coimisinéirí an t-iarratas ar dá bhun a dhéanfar an moladh.

[EN]

Gearrtheideal, tosach feidhme, comhlua agus forléiriú.

9.—(1) Féadfar an tAcht um Údaráis Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1983, a ghairm den Acht seo agus tiocfaidh sé i ngníomh cibé lá a shocróidh an tAire Comhshaoil le hordú.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Údaráis Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 go 1983, a ghairm d'Achtanna na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Cróinéirí, 1962

1962, Uimh. 9

An tAcht Iascaigh, 1980

1980, Uimh. 1

An tAcht Cuanta, 1946

1946, Uimh. 9

An tAcht Sláinte, 1953

1953, Uimh. 26

An tAcht Sláinte, 1970

1970, Uimh. 1

Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926

1926, Uimh. 39

Achtanna na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1946

1946, Uimh. 24

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1955

1955, Uimh. 9