Uimhir 13 de 1998
AN tACHT UM OLA-THRUAILLIÚ NA FARRAIGE (DLITEANAS SIBHIALTA AGUS CÚITEAMH) (LEASÚ), 1998
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. | |
5. | |
6. | |
7. | |
8. | |
9. | |
10. | |
11. | |
12. | |
13. | |
14. | |
15. | |
16. | |
17. | |
18. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
An tAcht Cuanta, 1996 | 1996, Uimh. 11 |
Na hAchtanna um Dhlínse Mhuirí, 1959 go 1988 | |
Na hAchtanna um Ola-Thruailliú na Farraige, 1956 go 1977 | |
An tAcht um Ola-Thruailliú na Farraige (Dliteanas Sibhialta agus Cúiteamh), 1988 | |
An tAcht um Thruailliú na Farraige, 1991 | 1991, Uimh. 27 |
Uimhir 13 de 1998
AN tACHT UM OLA-THRUAILLIÚ NA FARRAIGE (DLITEANAS SIBHIALTA AGUS CÚITEAMH) (LEASÚ), 1998
[An tiontú oifigiúil]
ACHT DO THABHAIRT ÉIFEACHTA DO PHRÓTACAL 1992 AG LEASÚ AN CHOINBHINSIÚIN IDIRNÁISIÚNTA AR DHLITEANAS SIBHIALTA I LEITH DAMÁISTE Ó OLA-THRUAILLIÚ, 1969, ARNA DHÉANAMH I LONDAIN AN 27Ú LÁ DE SHAMHAIN, 1992, AGUS DO PHRÓTACAL 1992 AG LEASÚ AN CHOINBHINSIÚIN IDIRNÁISIÚNTA AR BHUNÚ CISTE IDIRNÁISIÚNTA LE hAGHAIDH CÚITIMH AS DAMÁISTE Ó OLA-THRUAILLIÚ, 1971, ARNA DHÉANAMH I LONDAIN AN 27Ú LÁ DE SHAMHAIN, 1992, AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO LEASÚ AN ACHTA UM OLA-THRUAILLIÚ NA FARRAIGE (DLITEANAS SIBHIALTA AGUS CÚITEAMH), 1988. [14 Bealtaine, 1998]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
Míniú.
1.—San Acht seo, ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Ola-Thruailliú na Farraige (Dliteanas Sibhialta agus Cúiteamh), 1988.
Feidhm.
2.—(1) Beidh feidhm ag ailt 3, 4, 5, 6, 7, 8 agus 15 maidir le tarluithe a tharlaíonn ar thosach feidhme na n-alt sin nó dá éis.
(2) Beidh feidhm ag ailt 9, 10, 11, 12, 13 agus 14 maidir le tarluithe a tharlaíonn ar thosach feidhme na n-alt sin nó dá éis.
(3) Beidh feidhm ag alt 3, a mhéid a thugtar éifeacht leis do Phrótacal 1992 ag leasú an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta ar Dhliteanas Sibhialta i leith Damáiste ó Ola-Thruailliú, 1969, maidir le tarluithe a tharlaíonn ar thosach feidhme na bhforálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo nó dá éis.
(4) Beidh feidhm ag alt 3, a mhéid a thugtar éifeacht leis do Phrótacal 1992 ag leasú an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta ar Bhunú Ciste Idirnáisiúnta le haghaidh Cúitimh as Damáiste ó Ola-Thruailliú, 1971, maidir le tarluithe a tharlaíonn ar thosach feidhme na bhforálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo nó dá éis.
(5) Chun críocha an Achta seo, measfar, maidir le tarlú arb é atá ann sraith teagmhas leis an mbunús céanna, gur tharla sé an tráth a tharla an chéad teagmhas de na teagmhais sin.
Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.
3.—Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht—
(a) i bhfo-alt (1)—
(i) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an Coinbhinsiún ar an gCiste”:
“ciallaíonn ‘an Coinbhinsiún ar an gCiste’ an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Bhunú Ciste Idirnáisiúnta le haghaidh Cúitimh as Damáiste ó Ola-Thruailliú, 1971, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 18ú lá de Nollaig, 1971, agus folaíonn sé aon Choinbhinsiún nó Prótacal a dhaingnigh an Stát, a ghlac an Stát, a cheadaigh an Stát nó ar aontaigh an Stát dó roimh an Acht um Ola-Thruailliú na Farraige (Dliteanas Sibhialta agus Cúiteamh) (Leasú), 1998, a rith agus lena leasaítear nó lena leathnaítear an Coinbhinsiún sin;”,
(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) sa mhíniú ar “údarás cuain”:
“(b) i gcás cuain faoi bhainistíocht nó faoi rialú cuideachta arna bunú de bhun alt 7 den Acht Cuanta, 1996, an chuideachta lena mbaineann;”,
(iii) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tarlú”:
“ciallaíonn ‘tarlú’ aon teagmhas nó sraith teagmhas leis an mbunús céanna, is cúis le damáiste ó thruailliú nó arb ionann é agus gar-bhagairt mhór bheith ina chúis le damáiste den sórt sin;”,
(iv) trí mhír (c) a scriosadh sa mhíniú ar “cigire”,
(v) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an Coinbhinsiún ar Dhliteanas”:
“ciallaíonn ‘an Coinbhinsiún ar Dhliteanas’ an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Dhliteanas Sibhialta i leith Damáiste ó Ola-Thruailliú, 1969, agus folaíonn sé aon Choinbhinsiún nó Prótacal a dhaingnigh an Stát, ar ghlac an Stát leis, a cheadaigh an Stát nó ar aontaigh an Stát dó roimh an Acht um Ola-Thruailliú na Farraige (Dliteanas Sibhialta agus Cúiteamh) (Leasú), 1998, a rith agus lena leasaítear nó lena leathnaítear an Coinbhinsiún sin;”,
(vi) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “ola”:
“ciallaíonn ‘ola’ aon ola mhianrach hidreacarbóin mharthanach, lena n-áirítear, go háirithe, amhola, ola bhreosla, ola throm dhíosail nó ola bhealaithe cibé acu a iompraítear ar bord loinge mar lasta nó i mbuncair loinge den sórt sin í;”,
(vii) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “damáiste ó thruailliú”:
“ciallaíonn ‘damáiste ó thruailliú’ caillteanas nó damáiste a tharlaíonn lasmuigh de long agus a thig as éalú nó scaoileadh amach ola as an long sin, cibé áit a dtarlaíonn an t-éalú nó an scaoileadh amach sin, agus measfar go bhfolaíonn sé—
(a) na costais i leith beart réasúnach a dhéanfar chun caillteanas nó damáiste den sórt sin a chosc nó a laghdú (lena n-áirítear bearta a dhéanfar lasmuigh den Stát, nó de Thír Choinbhinsiúin, de réir mar a bheidh, chun caillteanas nó damáiste den sórt sin laistigh den Stát nó laistigh den Tír Choinbhinsiúin sin a chosc nó a laghdú), agus
(b) aon chaillteanas nó damáiste eile arb iad na bearta sin is cúis leis;”,
(viii) tríd an míniú ar “oifigeach cosanta iascaigh mhara” a scriosadh, agus
(ix) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach:
“ciallaíonn ‘long’—
(a) soitheach farraige nó árthach muiriompartha d'aon chineál, atá déanta nó oiriúnaithe chun ola a iompar i mbulc mar lasta,
(b) soitheach farraige nó árthach muiriompartha atá in ann ola agus lastaí eile a iompar agus atá ag iompar ola i mbulc mar lasta de thuras na huaire, nó
(c) soitheach farraige nó árthach muiriompartha atá in ann ola agus lastaí eile a iompar agus, tar éis lasta ola a dhíluchtú uaidh, a mbíonn iarmhair ola ann sna spásanna sin atá oiriúnaithe nó déanta chun ola a iompar i mbulc mar lasta;”,
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) Folaíonn tagairt san Acht seo don Stát—
(a) tagairt d'uiscí intíre an Stáit,
(b) tagairt d'fharraigí teorann an Stáit, agus don ghrinneall agus don fho-ithir faoi na farraigí sin,
(c) tagairt d'aon limistéar atá, de thuras na huaire, arna ainmniú le hordú faoi alt 2 den Acht um an Scairbh Ilchríochach, 1968, agus do na huiscí os a chionn, agus
(d) tagairt d'aon limistéar atá laistigh de líne, a bhfuil gach pointe di 200 míle farraige ó na bunlínte chun críocha na nAchtanna um Dhlínse Mhuirí, 1959 go 1988, agus do na huiscí os a chionn:
Ar choinníoll nach bhforléireofar an fhomhír seo mar ní is éileamh ag an Stát ar aon limistéar—
(i) atá faoi dhlínse stáit seachas an Stát, agus
(ii) a n-aithníonn an Stat é a bheith faoi dhlínse den sórt sin.”,
(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:
“(2A) Folaíonn tagairt san Acht seo do Thír Choinbhinsiúin—
(a) tagairt d'fharraigí teorann agus d'uiscí intíre na Tíre Coinbhinsiúin lena mbaineann, agus
(b) tagairt don limistéar atá lastall de na farraigí teorann faoi dhlínse Tíre Coinbhinsiúin, agus tadhlach leo, a mhéid a aithnítear amhlaidh faoin dlí idirnáisiúnta, agus nach síneann níos faide ná 200 míle farraige ó na bunlínte óna dtomhaistear farraigí teorann na Tíre Coinbhinsiúin sin.”,
agus
(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):
“(5) Déanfar tagairt san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin nó faoi, cibé acu roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis.”.
Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht.
4.—Leasaítear leis seo alt 7 den Phríomh-Acht—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) i bhfo-alt (1):
“(b) in aon chás ina leanann damáiste ó thruailliú as tarlú ina bhfuil dhá long nó níos mó i gceist, beidh úinéir gach loinge den sórt sin, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an Acht seo, faoi dhliteanas go comhpháirteach agus go leithleach i leith gach damáiste den sórt sin a mhéid nach inleithlithe an damáiste sin go réasúnach;”,
agus
(b) trí mhír (d) a scriosadh i bhfo-alt (1).
Díolúine ó dhliteanas i leith damáiste ó thruailliú.
5.—Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:
“(2) Faoi réir fho-alt (2) d'alt 7, ní bheidh na daoine seo a leanas faoi dhliteanas i leith damáiste ó thruailliú sa Stát ar long is cúis leis, eadhon—
(a) seirbhíseach nó gníomhaire de chuid úinéir na loinge nó de chuid duine dá dtagraítear i mír (d), (e) nó (f),
(b) comhalta d'fhoireann na loinge,
(c) an píolóta nó aon duine eile, seachas comhalta d'fhoireann na loinge a thugann seirbhísí i ndáil leis an long,
(d) aon chairtfhostóir (cibé tuairisc atá air, lena n-áirítear cairtfhostóir lánchostais), bainisteoir nó oibritheoir de chuid na loinge,
(e) aon duine a dhéanann oibríochtaí tarrthálais i ndáil leis an long le toiliú úinéir na loinge nó de réir treoracha ó údarás cuain, nó
(f) aon duine a ghabhann bearta de láimh chun damáiste ó thruailliú a chosc nó a laghdú,
mura rud é go leanann sé as gníomh nó neamhghníomh pearsanta an duine sin agus gur bheartaigh an duine sin, trína ghníomh nó trína neamhghníomh, a chur faoi deara an damáiste sin a dhéanamh nó go raibh sé meargánta i dtaobh ar dhócha go dtarlódh damáiste den sórt sin de thoradh an ghnímh nó an neamhghnímh sin, agus go raibh a fhios aige gur dhócha go dtarlódh sé amhlaidh.”.
Teorannú ar dhliteanas i leith damáiste ó thruailliú.
6.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach in ionad alt 10:
“10.—(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le húinéir a bheidh faoi dhliteanas, de bhun alt 7, i leith damáiste ó thruailliú, is é sin le rá—
(a) féadfaidh an t-úinéir lena mbaineann teorainn a chur lena dhliteanas de réir an Achta seo;
(b) i gcás ina gcuirfidh an t-úinéir lena mbaineann teorainn lena dhliteanas de réir an Achta seo, ní rachaidh a dhliteanas i leith aon tarlaithe aonair—
(i) thar 3 mhilliún aonad cuntais, nó
(ii) i gcás loinge atá os cionn 5,000 aonad tonnáiste, thar chomhiomlán na n-aonad seo a leanas—
(I) 3 mhilliún aonad cuntais, agus
(II) méid i leith gach aonaid tonnáiste os cionn 5,000 aonad tonnáiste, i gcás nach mó ná 420 aonad cuntais méid dhliteanas an úinéara i leith gach aonaid den sórt sin:
Ar choinníoll nach mó ná 59.7 milliún aonad cuntais i leith tarlaithe aonair an méid comhiomlán a mbeidh an t-úinéir faoi dhliteanas ina leith;
(c) i gcás ina bhfuil scaoileadh amach ola ina chúis le damáiste ó thruailliú sa Stát agus i gcríoch Tíre Coinbhinsiúin agus gur chuir úinéir na loinge ónar scaoileadh amach an ola teorainn lena dhliteanas de réir an Achta seo beidh feidhm, maidir le comhiomlán a dhliteanais sa Stát agus in aon Tír Choinbhinsiúin lena mbaineann, ag an teorainn sin ar dhliteanas an úinéara;
(d) más rud é, de réir dlí Tíre Coinbhinsiúin, gur chuir úinéir teorainn lena dhliteanas beidh an chúirt, an binse nó an t-údarás riaracháin sa Tír Choinbhinsiúin sin, a bhfuil an dlínse nó an chumhacht aici nó aige dliteanas a chinneadh i leith damáiste ó thruailliú agus cúiteamh a dhámhachtain i leith an chéanna, inniúil go heisiach chun gach ní a chinneadh a bhaineann le ceapadh agus le dáileadh aon airgid a taisceadh leis an gcúirt, leis an mbinse nó leis an údarás riaracháin, de réir mar a bheidh, maidir le dliteanas an úinéara.
(2) Ní bheidh úinéir loinge i dteideal teorainn a chur lena dhliteanas faoin Acht seo más rud é—
(a) gur tharla an scaoileadh amach ola ón long de thoradh gnímh nó neamhghnímh phearsanta dá chuid, agus
(b) gur bheartaigh sé, tríd an ngníomh nó an neamhghníomh sin, a chur faoi deara damáiste ó thruailliú a dhéanamh nó go raibh sé meargánta i dtaobh ar dhócha go dtarlódh damáiste ó thruailliú de thoradh an ghnímh nó an neamhghnímh sin, agus go raibh a fhios aige gur dhócha go dtarlódh sé amhlaidh.”.
Tonnáiste na loinge a ríomh.
7.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 11:
“11.—(1) Chun dliteanas úinéara loinge a ríomh faoi threoir tonnáiste loinge is é an tonnáiste an t-olltonnáiste arna ríomh de réir na rialachán maidir le tonnáiste a thomhas atá in Iarscríbhinn 1 den Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Tonnáiste Long a Thomhas, 1969.
(2) Más rud é nach féidir tonnáiste na loinge a ríomh de réir na rialachán maidir le tonnáiste a thomhas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) déanfaidh cigire, má ordaíonn Cúirt dó amhlaidh, an tonnáiste a dheimhniú arbh é, ina thuairim agus ag féachaint don fhianaise a bheidh sonraithe san ordú, tonnáiste na loinge é dá ndéanfaí an tonnáiste sin a ríomh de réir na rialachán sin maidir le tonnáiste a thomhas agus measfar gurb é an tonnáiste arna dheimhniú i ndeimhniú an chigire tonnáiste na loinge sin.”.
Leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht.
8.—Leasaítear leis seo alt 17 den Phríomh-Acht—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):
“(3) Féadfaidh ráthóir teorainn a chur lena dhliteanas faoin alt seo;”,
agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:
“(3A) I gcás ina gcuirfidh ráthóir teorainn lena dhliteanas faoin alt seo beidh feidhm ag ailt 10(1)(b) agus 12 fara na modhnuithe is gá.”.
An Ciste Cúitimh Idirnáisiúnta um Ola-Thruailliú, 1992.
9.—Leasaítear leis seo alt 19 den Phríomh-Acht—
(a) trí “sa Chiste Cúitimh Idirnáisiúnta um Ola-Thruailliú, 1992” a chur in ionad “sa Chiste Cúitimh Idirnáisiúnta um Ola-Thruailliú” i bhfo-alt (2),
(b) trí “a chinnfear de réir Rialacháin Inmheánacha an Chiste” a chur in ionad “a chinnfidh Tionól an Choinbhinsiúin ar an gCiste” i bhfo-alt (3), agus
(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:
“(3A) Beidh an Ciste ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha ina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh nó leas i dtalamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.”.
Leasú ar alt 20 den Phríomh-Acht.
10.—Leasaítear leis seo alt 20 den Phríomh-Acht trí fho-ailt (6), (7), (8) agus (9) a scriosadh.
Leasú ar alt 21 den Phríomh-Acht.
11.—Leasaítear leis seo alt 21 den Phríomh-Acht—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Faoi réir fho-alt (2), i gcás ina dtabhóidh an Ciste dliteanas faoin Acht seo i leith damáiste ó thruailliú sa Stát, ní bheidh méid comhiomlán an chúitimh is iníoctha maidir le haon tarlú amháin—
(a) in imthosca ina mbeidh cúiteamh íoctha ag duine seachas an Ciste i leith damáiste ó thruailliú a thig as an tarlú sin, níos mó ná cibé méid a d'fhágfadh go rachadh méid cónasctha an chúitimh thar 135 mhilliún aonad cuntais, nó
(b) in imthosca ina leanann an damáiste ó thruailliú as feiniméan nádúrtha de chineál eisceachtúil, dosheachanta agus dochoiscthe, níos mó ná 135 mhilliún aonad cuntais.”,
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) I gcás ina dtarlaíonn tarlú le linn tréimhse nuair nach lú ná 3 pháirtí atá sa Choinbhinsiún ar Dhliteanas agus nach lú ná 600 milliún tonna an chainníocht iomchuí chónasctha d'amhola agus d'ola bhreosla a allmhairítear isteach i gcríocha aon 3 cinn de na páirtithe sin le linn na bliana roimh an mbliain ina dtarlaíonn an tarlú lena mbaineann, beidh éifeacht le fo-alt (1) ionann is dá mba thagairtí do 200 milliún aonad cuntais tagairtí san fho-alt sin do 135 mhilliún aonad cuntais.”,
agus
(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):
“(3) San alt seo—
ciallaíonn ‘méid comhiomlán an chúitimh’, i ndáil le tarlú, an méid uasta cúitimh is iníoctha ag an gCiste, i leith damáiste ó thruailliú a thig as an tarlú, de bhua aon cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a chur i bhfeidhm:
(a) an tAcht seo,
(b) dlí Tíre Coinbhinsiúin, nó
(c) an Coinbhinsiún ar an gCiste;
ciallaíonn ‘méid cónasctha an chúitimh’ i ndáil le tarlú, an méid cúitimh a bheidh íoctha ag duine seachas an Ciste, i leith damáiste ó thruailliú a thig as an tarlú, agus méid comhiomlán an chúitimh.”.
Leasú ar alt 22 den Phríomh-Acht.
12.—Leasaítear leis seo alt 22 den Phríomh-Acht—
(a) trí “Ní thionscnófar caingean in aghaidh an Chiste—” a chur in ionad “Faoi réir fho-alt (2), ní thionscnófar caingean in aghaidh an Chiste—” i bhfo-alt (1), agus
(b) trí fho-alt (2) a scriosadh.
Leasú ar alt 23 den Phríomh-Acht.
13.—Leasaítear leis seo alt 23 den Phríomh-Acht trí “dá dheasca” a chur in ionad “nó slánaíochta dá dheasca faoi alt 20”.
Leasú ar alt 30 den Phríomh-Acht.
14.—Leasaítear leis seo alt 30 den Phríomh-Acht trí na focail “nó slánaíochta” a scriosadh i bhfo-alt (1).
Leasú ar alt 37 den Phríomh-Acht.
15.—Leasaítear leis seo alt 37 den Phríomh-Acht—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):
“(3) Féadfar imeachtaí i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh in aon áit sa Stát agus féadfar déileáil leis an gcion chun gach críche teagmhasaí mar chion a rinneadh san áit sin.”, agus
(b) trí fho-alt (4) (a cuireadh isteach le mír 5 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Thruailliú na Farraige, 1991) a scriosadh.
Tagairtí sa Phríomh-Acht a fhorléiriú.
16.—Déanfar tagairtí sa Phríomh-Acht—
(a) do na hAchtanna um Ola-Thruailliú na Farraige, 1956 go 1977, a fhorléiriú mar thagairtí don Acht um Thruailliú na Farraige, 1991, agus
(b) do long a iompraíonn ola i mbulc mar lasta a fhorléiriú mar thagairtí do long (de réir bhrí alt 3(1) den Phríomh-Acht arna leasú leis an Acht seo).
Alt 18 den Phríomh-Acht a aisghairm.
17.—Aisghairtear leis seo alt 18 den Phríomh-Acht.
Gearrtheideal.
18.—(1) Féadfar an tAcht um Ola-Thruailliú na Farraige (Dliteanas Sibhialta agus Cúiteamh) (Leasú), 1998, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Ola-Thruailliú na Farraige (Dliteanas Sibhialta agus Cúiteamh), 1988 go 1998, a ghairm den Acht um Ola-Thruailliú na Farraige (Dliteanas Sibhialta agus Cúiteamh), 1988, d'alt 37 den Acht um Thruailliú na Farraige, 1991, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.
(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.