
Uimhir 15 de 1985
AN tACHT IOMPAIR, 1985
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | |
2. | An Bord d'fháil airgid ar iasacht chun iasachtaí sealadacha áirithe a aisíoc. |
3. | |
4. | Ráthaíochtaí i leith airgid áirithe is iníoctha ag an mBord. |
5. | |
6. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |

Uimhir 15 de 1985
AN tACHT IOMPAIR, 1985
[An tiontú oifigiúil]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1983” an tAcht Iompair, 1983;
tá le “an Bord” an bhrí chéanna atá leis san Acht Iompair, 1950;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Cumarsáide.
An Bord d'fháil airgid ar iasacht chun iasachtaí sealadacha áirithe a aisíoc.
2.—(1) Féadfaidh an Bord £30,000,000 a fháil ar iasacht, i bhfoirm iasachta is inaisíochta thar thréimhse 10 mbliana, d'fhonn airgead a fuarthas ar iasacht go sealadach de bhun alt 28 (arna leasú) den Acht Iompair, 1950, a aisíoc.
(2) Ní bhfaighidh an Bord airgead ar iasacht faoin alt seo ach amháin le toiliú roimh ré ón Aire arna thabhairt le ceadú an Aire Airgeadais.
(3) Déanfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontas bliantúil neamh-inaisíoctha £3,000,000 a thabhairt don Bhord sa bhliain dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1985, agus i ngach bliain de na naoi mbliana ina dhiaidh sin, d'fhonn a chumasú don Bhord príomhshuim na hiasachta dá bhforáiltear i bhfo-alt (1) den alt seo a aisíoc.
An Bord d'fháil airgid ar iasacht chun críocha caipitiúla.
3.—Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 5 (2) den Acht Iompair, 1964 (a cuireadh isteach le hAcht 1983):
“(2) Ní mó ná £250,000,000 comhiomlán na n-iasachtaí faoin alt seo a bheidh gan aisíoc aon tráth áirithe.”.
Ráthaíochtaí i leith airgid áirithe is iníoctha ag an mBord.
4.—Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 2 (2) den Acht um Ráthaíochtaí Stáit (Iompar), 1962 (a cuireadh isteach le hAcht 1983);
“(2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo nó le halt 4 (1) den Acht Iompair, 1974, a fheidhmiú i slí gur mó ná £250,000,000 méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé a íoc aon tráth áirithe de bhun ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin alt seo nó faoi alt 4 den Acht Iompair, 1974 (nó faoin dá alt sin), a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha aige roimhe sin de bhun aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nár aisíocadh.”.
Caiteachais.
5.—Déanfar na caiteachais ar fad a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Gearrtheideal.
6.—Féadfar an tAcht Iompair, 1985, a ghairm den Acht seo.