[EN]

Uimhir 20 de 1967


[EN]

AN tACHT UM MARGALANNA BEOSTOIC, 1967

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN MARGALANNA BEOSTOIC AGUS DÍOL BEOSTOIC AG NA MARGALANNA SIN A RIALÚ AGUS A RIALÁIL AG AN AIRE TALMHAÍOCHTA AGUS IASCAIGH AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.

[17 Lúnasa, 1967.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “gnó margalainne beostoic” gnó díola beostoic ar ceant nó ionad, arna oiriúnú chun beostoc a dhíol ar ceant, a chur ar fáil chun díolacháin bheostoic ar ceant nó ar shlí eile a dhéanamh;

[EN]

ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas faoi alt 3 den Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “beostoc” bólacht, caoirigh nó muca;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh.

[EN]

Toirmeasc ar mhargalanna beostoic neamhcheadúnaithe.

2.—(1) Ní sheolfaidh duine gnó margalainne beostoic in aon áit mura mbeidh ceadúnas i bhfeidhm de thuras na huaire i leith na háite sin.

[EN]

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

[EN]

Ceadúnais a dheonú do mhargalanna beostoic.

3.—(1) Ar iarratas ó dhuine nó thar ceann duine a bheartaíonn gnó margalainne beostoic a sheoladh in áit shonraithe i cibé foirm agus a mbeidh cibé sonraí ann a ordóidh an tAire, féadfaidh an tAire, dá rogha féin, ceadúnas ag údarú gnó margalainne beostoic a sheoladh san áit sin a dheonú nó diúltú é a dheonú.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, nuair a bheidh sé ag deonú ceadúnais, cibé coinníollacha is oiriúnach leis agus a shonróidh sé sa cheadúnas a chur ag gabháil leis an gceadúnas.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, coinníoll a ghabhann le ceadúnas a leasú nó a chúlghairm.

[EN]

(4) Má sháraítear coinníoll a ghabhann le ceadúnas beidh sealbhóir an cheadúnais ciontach i gcion.

[EN]

(5) I gcás sealbhóir ceadúnais a bheith ciontach i gcion faoin Acht seo, féadfaidh an tAire, más cuí leis é, an ceadúnas a chúlghairm.

[EN]

(6) (a) Aon uair a bheartóidh an tAire diúltú ceadúnas a dheonú nó ceadúnas a chúlghairm mar gheall ar sharú ar rialacháin faoi alt 6 den Acht seo lena bhforordaítear aon ábhar a shonraítear i míreanna (e) go (i) d'alt 6 (2) den Acht seo, tabharfaidh sé, sula ndéanfaidh sé amhlaidh, fógra do shealbhóir nó d'iarratasóir an cheadúnais i dtaobh a bhfuil beartaithe aige agus na fáthanna atá leis, agus, má dhéanann an sealbhóir nó an t-iarratasóir, de réir mar a bheidh, aon uiríolla chun an Aire laistigh de sheacht lá tar éis an dáta a thabharfar an fógra, breithneoidh an tAire iad.

[EN]

(b) Aon uair a bheartóidh an tAire ceadúnas a chúlghairm mar gheall ar shárú ar rialacháin faoi alt 6 den Acht seo lena bhforordaítear aon ábhar a shonraítear i míreanna (e) go (i) d'alt 6 (2) den Acht seo, ní dhéanfaidh an tAire amhlaidh go ceann míosa ó dháta an fógra réamhráite a thabhairt, agus, má tharlaíonn, laistigh de sheacht lá tar éis dáta an fógra réamhráite a thabhairt, go n-iarrfaidh sealbhóir an cheadúnais ar an Aire go ndéanfar fiosrú i dtaobh an ábhair, cuirfidh an tAire faoi deara fiosrú a dhéanamh (mura mbeidh an tAire tar éis a chinneadh, de thoradh uiríolla a rinneadh chuige a bhreithniú, gan an ceadúnas a chúlghairm).

[EN]

(c) Má dhéantar fiosrú faoin bhfo-alt seo, ní chúlghairfidh an tAire an ceadúnas go dtí go mbreithneoidh sé an tuarascáil ón duine a dhéanfaidh an fiosrú.

[EN]

(d) Ceapfaidh an tAire duine is abhcóide cleachtach a bhfuil seasamh deich mbliana ar a laghad ag an mbarra aige chun aon fhiosrú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo agus beidh cumhacht ag an duine a cheapfar amhlaidh fianaise a ghlacadh faoi mhionn agus údaraítear dó leis seo daoine a chur faoi mhionn agus tabharfaidh sé tuarascáil don Aire i dtaobh a chinneadh ag an bhfiosrú.

[EN]

(e) Tabharfaidh an tAire don duine a d'iarr go ndéanfaí fiosrú fógra faoi am agus áit an fhiosraithe agus beidh an duine sin i dteideal láithriú ag an bhfiosrú go pearsanta nó trí abhcóide nó aturnae agus fianaise a thabhairt ar aird.

[EN]

(f) Déanfar cibé luach saothair a shocróibh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais a íoc le duine a dhéanfaidh fiosrú faoin bhfo-alt seo.

[EN]

(7) Aon uair a chúlghairfidh an tAire ceadúnas, cuirfidh sé faoi deara ráiteas ar na fáthanna a bhí aige leis a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

(8) D'ainneoin aon ní atá san Acht seo, aon duine a sheolann gnó margalainne beostoic in aon áit agus a bhí, díreach roimh dháta an Achta seo a rith, ag seoladh an ghnó sin san alt sin beidh sé i dteideal ceadúnas a fháil i leith na háite sin, má chomhlíontar na rialacháin faoin Acht seo i leith na háite sin.

[EN]

Díolúine ón Acht.

4.—(1) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, díolúine a thabhairt ó fhorálacha an Achta seo i leith aon ghnó áirithe nó gnó d'aon aicme nó d'aon chineál áirithe a sheoladh.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le gnó áirithe nó gnó d'aicme nó de chineál áirithe ar tugadh, agus nár tarraingíodh siar, díolúine faoin alt seo ina leith.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire díolúine faoin alt seo a tharraingt siar aon uair.

[EN]

(4) Cuirfidh an tAire faoi deara sonraí i dtaobh aon díolúine faoin alt seo a thabhairt nó a tharraingt siar a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

Ráiteas bréagach chun ceadúnas a fháil.

5.—Aon duine a dhéanfaidh, chun ceadúnas a fháil dó féin nó do dhuine eile, ráiteas nó uiríoll is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phone ábhartha beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

Rialacháin maidir le margalanna beostoic.

6.—(1) D'fhonn go n-áiritheofar stiúradh cuí ar áiteanna ina seoltar gnó margalainne beostoic agus stiúradh cuí ar ghnóthaí den sórt sin, caighdeáin dhóthanacha oiriúnacha sláinteachais agus tréidliachta maidir leis na háiteanna sin agus ceantanna beostoic sna háiteanna sin agus cóiríocht agus saoráidí a bheidh dóthanach oiriúnach do na ceantanna agus do dhaoine agus do bheostoc ag na ceantanna sin a chur ar fáil, féadfaidh an tAire cibé rialacháin is iomchuí leis a dhéanamh maidir leis na háiteanna agus na gnóthaí sin.

[EN]

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfar le rialacháin faoin alt seo—

[EN]

(a) an tslí a fhorordú ina nglacfar le hiontrálacha le haghaidh ceantanna beostoic sna háiteanna sin,

[EN]

(b) a fhoráil nach ndiúltófar iontrálacha le haghaidh ceantanna den sórt sin ach amháin i ndálaí a fhorordaítear sna rialacháin,

[EN]

(c) an tslí a fhorordú ina seolfar ceantanna den sórt sin,

[EN]

(d) a fhoráil go nglacfar iontrálacha le haghaidh ceantanna den sórt sin, agus go seolfar na ceantanna sin, de réir coinníollacha díola a dhréachtaigh úinéir gach áite den sórt sin agus a cheadaigh an tAire agus go ndéanfar na coinníollacha díola a bhaineann le haon áit den sórt sin a thaispeáint in ionad feiceálach is inrochtain ag an bpobal san áit sin,

[EN]

(e) ceanglais a fhorordú maidir le méid, dearadh, cothabháil, deisiú, glanadh, glaine, aerú, téamh agus soilsiú aon fhoirgnimh ina seoltar ceantanna den sórt sin,

[EN]

(f) ceanglais a fhorordú maidir leis an gcóiríocht (lena n-áirítear saoráidí níocháin agus áiseanna sláintíochta) a bheidh ar fáil sna háiteanna sin,

[EN]

(g) ceanglais a fhorordú agus soláthar a dhéanamh i leith scrúdú tréidliachta ar bheostoc ag ceantanna den sórt sin, scrúdú tréidliachta ar mhargalanna beostoic agus maoirseacht thréidliachta ar cheantanna den sórt sin,

[EN]

(h) foráil i leith údaráis sláinte agus a gcuid oifigeach do dhéanamh cigireachta ar áiteanna den sórt sin agus maoirseacht a dhéanamh ar cheantanna den sórt sin,

[EN]

(i) riachtanais agus caighdeáin sláinteachais agus tréidliachta a fhorordú d'áiteanna agus do cheantanna den sórt sin.

[EN]

(3) Aon duine a sháróidh foráil rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

Cumhachtai oifigeach don Aire.

7.—(1) Chun an tAcht seo a fhorghníomhú, beidh ag oifigeach don Aire an chumhacht chun gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá—

[EN]

(a) dul isteach, gach tráth réasúnach de ló, in áit ina seoltar gnó margalainne beostoic agus an áit sin a iniúchadh agus a scrúdú;

[EN]

(b) a cheangal doiciméid nach foláir a choimeád de bhun rialachán faoin Acht seo a thabhairt ar aird agus aon cheann acu a iniúchadh, a scrúdú agus cóip a dhéanamh de;

[EN]

(c) cibé scrúdú nó fiosrú a dhéanamh is gá chun a fháil amach an bhfuil forálacha an Achta seo agus na rialachán faoi na hachtacháin atá i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le sláinte poiblí, á gcomhlíonadh a mhéid a bhaineann leis an áit;

[EN]

(d) a cheangal ar dhuine a sheolann gnó margalainne beostoic san áit, nó ar aon duine ag a bhfuil post freagrach bainistí san áit nó, i gcás duine den sórt sin a bheith as láthair, ar aon duine a gheobhaidh sé san áit a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil sé fostaithe san áit, cibé eolas a thabhairt atá de chumhacht aige a thabhairt faoi cé hé an duine atá ag seoladh gnó margalainne beostoic san áit;

[EN]

(e) cibé cumhachtaí eile a fheidhmiú is gá chun an tAcht seo a chur in éifeacht.

[EN]

(2) Má mhoillíonn aon duine go toiliúil oifigeach don Aire agus é ag feidhmiú aon chumhachta faoin alt seo, nó má mhainníonn sé déanamh de réir foréilimh ón oifigeach sin de bhun an ailt seo nó aon doiciméad a thabhairt ar aird a cheanglaítear, de bhun rialacháin faoin Acht seo, air a thabhairt ar aird nó má cheileann sé go toiliúil aon eolas a cheanglaítear, de bhun an Achta seo, air a thabhairt measfar cosc a bheith á chur aige ar oifigeach don Aire agus é ag feidhmiú a dhualgas faoin Acht seo.

[EN]

(3) Má choisctear oifigeach don Aire agus é ag feidhmiú a chumhachtaí nó a dhualgas faoin Acht seo beidh an duine a choiscfidh an t-oifigeach don Aire ciontach i gcion.

[EN]

(4) Tabharfar d'oifigeach don Aire a bheidh ag comhlíonadh feidhmeanna faoin Acht seo deimhniú ar a údarás chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh, agus nuair a bheidh cuairt á thabhairt aige ar áit ina seoltar gnó margalainne beostoic, tabharfaidh sé ar aird, má iarrtar air é, an deimhniú sin don duine a sheolann an gnó sin nó d'aon duine eile ag a bhfuil post freagrach bainistí san áit.

[EN]

Cionta agus pionóis.

8.—(1)  (a) Gach duine a chabhróidh nó a neartóidh, nó a dhéanfaidh comhcheilg, le haon duine eile, nó a thabharfaidh cúnamh nó comhairle do dhuine eile chun cion faoin Acht seo, a dhéanamh beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

(b) I gcás cion a dhéanamh faoi alt 2 den Acht seo in aon áit maidir le beostoc, agus go bhfuil duine cúisithe i gcion faoin alt seo, i ngeall ar bheostoc a dhíol nó a cheannach nó iad a thairiscint lena ndíol nó lena gceannach san áit sin, is cosaint don duine a chruthú nárbh eol dó tráth an díola, an cheannach nó na tairiscinte, cibé acu é, nach raibh ceadúnas i bhfeidhm maidir leis an áit sin.

[EN]

(2) I gcás cion faoin Acht seo a dhéanamh ag comhlacht corpraithe nó ag duine a airbheartaíonn gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó comhlachta neamhchorpraithe daoine, agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le ceadú, nó gur urasaíodh a dhéanamh trí aon fhaillí ar thaobh aon duine arb éard é, i gcás comhlachta chorpraithe, stiúrthóir ar an gcomhlacht sin, nó i gcás comhlachta neamhchorpraithe, comhalta de choiste bainistí nó údarás rialaithe eile an chomhlachta sin, beidh an duine sin ciontach i gcion freisin.

[EN]

(3) Gach duine a dhéanfaidh cion faoin Acht seo dlífear—

[EN]

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná deich bpunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí, nó iad araon, a chur air, nó

[EN]

(b) i gcás ciona faoi alt 2 den Acht seo, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná caoga punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó iad araon, a chur air.

[EN]

Comhlachtaí neamhchorpraithe daoine a ionchúiseamh.

1963, Uimh. 33.

9.—(1) Féadfar comhlacht neamhchorpraithe daoine a ionchúiseamh i leith ciona faoin Acht seo ionann is dá mba chuideachta é de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963, agus beidh feidhm ag forálacha alt 382 den Acht sin maidir le comhlacht neamhchorpraithe daoine ionann is dá mba chuideachta den sórt sin é.

[EN]

(2) Féadfaidh foráil a bheith i rialacháin a dhéanfaidh an tAire Dlí agus Cirt chun iallach a chur go ndéanfar aon fhíneáil a ghearrfar ar aon chomhlacht den sórt sin ar chiontú, go hachomair nó ar díotáil, i gcion faoin Acht seo, a íoc as aon chuid dá shócmhainní nó dá chistí, cibé áit ina bhfaighfear an céanna.

[EN]

Ordú agus rialacháin a leagan faoi bhráid Tithe an Oireachtais.

10.—Gach ordú agus rialachán a dhéanfaidh an tAire nó an tAire Dlí agus Cirt faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi.

[EN]

Caiteachais.

11.—Déanfar na caiteachais a thabhoidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Gearrtheideal.

12.—Féadfar an tAcht um Margalanna Beostoic, 1967, a ghairm den Acht seo.