[EN]

Uimhir 21 de 1951.


[EN]

AN tACHT IASCAIGH FÍORUISCE (TOIRMEASC AR LÍONTÓIREACHT), 1951.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ ÍOCAÍOCHTA EX-GRATIA A DHÉANAMH LE DAOINE ÁIRITHE I LEITH AN TOIRMISC A CHUIREAS ALT 35 DEN ACHT IASCAIGH, 1939, AR IASCACH LE LÍON I bhFÍORUISCE, AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH SOCRUITHE MAIDIR LE CÚITEAMH IS INÍOCTHA FAOI FHO-ALT (5) DEN ALT SIN 35. [31 ú Iúil, 1951.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn an abairt “Acht 1939” an tAcht Iascaigh, 1939 (Uimh. 17 de 1939);

[EN]

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta.

[EN]

Deontais exgratia ón Aire do dhaoine áirithe i leith toirmisc ar líontóireachti bhfíoruisce.

2.—(1) Más rud é—

[EN]

(a) go raibh ar marthain agus gur feidhmíodh roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1939, ceart chun úsáid a dhéanamh in iascach leithleach i bhfíoruisce de líon chun iasc a ghabháil, agus

[EN]

(b) go bhfuil an tAire sásta go raibh duine áirithe ina únaer ar an gceart sin an 31ú lá de Nollaig, 1947, agus

[EN]

(c) go gcruthóidh an duine sin chun sástachta an Aire gur bhain caillteanas dó toisc alt 35 d'Acht 1939 a theacht i ngníomh, agus

[EN]

(d) nach bhfuil an duine sin i dteideal cúitimh faoi fho-alt (5) den alt sin 35,

[EN]

féadfaidh an tAire, más cuí leis é, íocaíocht ex-gratia, de pé méid is cuí leis, a dhéanamh leis an duine sin.

[EN]

(2) Más rud é—

[EN]

(a) go raibh líonta chun iasc a ghabháil á n-úsáid go dleathach i bhfíoruisce áirithe roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1939, agus

[EN]

(b) go bhfuil an tAire sásta go ndearna duine áirithe go dleathach, mar únaer nó páirt-únaer ar líon, an líon sin d'úsáid, roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1948, chun iasc a ghabháil sa bhfíoruisce sin, agus

[EN]

(c) go gcruthóidh an duine sin chun sástachta an Aire gur bhain caillteanas dó toisc alt 35 d'Acht 1939 a theacht i ngníomh, agus

[EN]

(d) nach bhfuil teideal ag an duine sin chun cúitimh faoi fho-alt (5) den alt sin 35,

[EN]

féadfaidh an tAire, más cuí leis é, íocaíocht ex-gratia, de pé méid is cuí leis, a dhéanamh leis an duine sin.

[EN]

(3) Más rud é—

[EN]

(a) go raibh duine (dá ngairmtear an fostaí sa bhfo-alt seo) ar fostú, i rith trí séasúr ar a laghad de na cúig séasúir oscailte iascaigh díreach roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1948, i seirbhís dhuine eile ag oibriú nó ag caomhaint, nó i ndáil le hoibriú nó caomhaint, aon lín a bhí á úsáid go dleathach chun iasc a ghabháil i bhfíoruisce, agus

[EN]

(b) go gcruthóidh an fostaí chun sástachta an Aire gur bhain caillteanas dó toisc alt 35 d'Acht 1939 a theacht i ngníomh, agus

[EN]

(c) nach bhfuil teideal ag an bhfostaí chun cúitimh faoi fho-alt (6) den alt sin 35,

[EN]

féadfaidh an tAire, más cuí leis é, íocaíocht ex-gratia, de pé méid is cuí leis, a dhéanamh leis an bhfostaí.

[EN]

(4) Ní féadfar aon íocaíocht ex-gratia a dhéanamh faoi fho-alt (1), (2) ná (3) den alt seo, mura mbeidh iarratas ag iarraidh na híocaíochta ex-gratia sin nó ag iarraidh cúitimh faoi alt 35 d'Acht 1939 déanta roimh an 1ú lá d'Iúil, 1952.

[EN]

(5) Ní raghaidh iomlán na suimeanna a híocfar mar íocaíochta ex-gratia faoin alt seo thar seasca míle punt.

[EN]

Cúiteamh faoi fho-alt (5) d'alt 35 d'Acht 1939.

3.—(1) San alt seo, ciallaíonn an focal “cúiteamh” cúiteamh faoi fho-alt (5) d'alt 35 d'Acht 1939.

[EN]

(2) Ní bheidh cúiteamh iníoctha mura ndéantar iarratas ina leith roimh an 1ú lá d'Iúil, 1952.

[EN]

(3) Má bhíonn cúiteamh iníoctha maidir le deireadh a theacht le ceart chun líon d'úsáid in iascach leithleach i bhfíoruisce, ansin—

[EN]

(a) faoi réir míre (b) den fho-alt seo is cead, más cuí leis an Aire é, go n-íocfadh an tAire, leis an té atá i dteideal an chúitimh, ús ar mhéid an chúitimh do réir pé ráta (nach mó ná trí faoin gcéad sa bhliain) is oiriúnach leis an Aire ó pé dáta (nach luaithe ná an chéad lá den tséasúr oscailte chun bradáin agus bric a ghabháil le hinnill seachas slat agus ruaim sa bhliain 1948 i leith an fhíoruisce sin) is cuí leis an Aire go dtí go n-íocfar an cúiteamh sin do réir fo-ailt (4) den alt seo;

[EN]

(b) más rud é—

[EN]

(i) go mbeidh an tAire tar éis aon tsuim a thairiscint go neamhchoinníollach i scríbhinn mar chúiteamh den tsórt sin don duine sin, agus

[EN]

(ii) nach nglacfaidh an duine sin leis an tairiscint, agus

[EN]

(iii) nach mbeidh an tsuim a dhámhfas an t-eadránaí oifigiúil mar chúiteamh níos mó ná an tsuim a tairgeadh amhlaidh,

[EN]

ní íocfaidh an tAire ús ar an gcúiteamh sin i leith aon tréimhse i ndiaidh dáta na tairisceana.

[EN]

(4) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le híocaíocht chúitimh—

[EN]

(a) i gcás ina ndéanfaidh duine ar bith, laistigh de shé mhí tar éis cinneadh críochnaitheach an chúitimh nó laistigh de shé mhí tar éis dáta an Achta seo a rith (pé acu sin is déanaí), iarratas chun an Aire á iarraidh an cúiteamh d'íoc leis agus ina gcruthóidh sé chun sástachta an Aire go bhfuil sé inniúil ar urscaoileadh éifeachtach a thabhairt ar an gcúiteamh, agus an cúiteamh dá áireamh chun na críche seo in ionannas leis na fáltais a gheofaí dá ndéantaí an ceart a scoir trí oibriú ailt 35 d'Acht 1939 a dhíol an 31ú lá de Nollaig, 1947, ansin, íocfaidh an tAire an cúiteamh leis an duine sin,

[EN]

(b) in aon chás eile—

[EN]

(i) mura mó ná míle punt an cúiteamh, íocfaidh an tAire isteach sa Chúirt Chuarda é agus, air sin, beidh ag an gCúirt Chuarda maidiraeis an gcúiteamh sin an dlínse go léir atá infheidhmithe ag an Ard-Chúirt faoi fhorála Acht na gClásal Talún,

[EN]

(ii) más mó ná míle punt an cúiteamh, íocfar é, úsáidfear é, agus deighleálfar leis do réir na bhforál den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, a bhaineas le hairgead ceannaigh nó cúiteamh atá ag teacht chun daoine a bhfuil leasanna teoranta acu nó a gcoisctear orthu margáil a dhéanamh nó teideal a bhunú agus beidh eidhm dá réir sin ag na forála sin.

[EN]

(5) I gcás cúiteamh a bheith iníoctha le duine ar bith, ansin, mura rud é go mbeidh sé taiscthe sa Chúirt faoi fho-alt (4) den alt seo toisc duine ar bith dá mhainneachtaint go toiliúil teideal fónta chuige a bhunú, féadfaidh an tAire, más cuí leis é, pé suim is cuí leis d'íoc leis an duine sin i leith na gcostas faoina ndeachaigh sé chun rianú, fianú agus fíoradh a dhéanamh ar an teideal chun an chúitimh.

[EN]

Toiliú an Aire Airgeadais le híocaíochta.

4.—Ní dhéanfaidh an tAire aon íocaíochta faoin Acht seo ach amháin le réamh-thoiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

Caiteachais.

5.—Déanfar na caiteachais uile faoina rachaidh an tAire faoin Acht seo d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

[EN]

Gearrtheideal.

6.—Féadfar an tAcht Iascaigh Fíoruisce (Toirmeasc ar Líontóireacht), 1951, a ghairm den Acht seo.