Uimhir 23 de 1981
AN tACHT IOMPAIR, 1981
[An tiontú oifigiúil]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1962” an tAcht um Ráthaíochtaí Stáit (Iompar), 1962;
ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht Iompair, 1950;
ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht Iompair, 1964;
ciallaíonn “Acht 1974” an tAcht Iompair, 1974.
An Bord d'fháil airgid ar iasacht chun críocha caipitiúla.
2.—Cuirtear an méid seo a leanas in ionad ailt 5 (2) agus 5 (4) faoi seach d'Acht 1964 (a cuireadh isteach le hAcht 1974):
“(2) Ní mó ná £180,000,000 comhiomlán na n-iasachtaí faoin alt seo a bheidh gan aisíoc aon tráth áirithe.
(4) Maidir le comhiomlán na n-iasachtaí a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo aon tráth áirithe, déanfar iasachtaí in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit a ríomh mar a gcoibhéis in airgead reatha an Stáit faoi threoir an ráta iomlaoide a bheidh i réim tráth na hiasachta.”.
Airleacain don Bhord ón Aire Airgeadais chun críocha caipitiúla.
3.—Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 4 (1) d'Acht 1964 (a cuireadh isteach le hAcht 1974):
“(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, cibé suimeanna is cuí leis (nach mó san iomlán ná £180,000,000) a airleacan chun an Bhoird ó am go ham i leith costas íoctha caiteachais faoina ndeachaigh an Bord agus is inmhuirearaithe go cuí ar chaipiteal.”.
Ráthaíochtaí i leith airgead áirithe is iníoctha ag an mBord.
4.—(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 2 (2) den Acht um Ráthaíochtaí Stáit (Iompar), 1962:
“(2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo nó le halt 4 (1) den Acht Iompair, 1974, a fheidhmiú i slí gur mó ná £180,000,000 méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé a íoc aon tráth áirithe de bhun ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin alt seo nó faoi alt 4 den Acht Iompair, 1974 (nó faoin dá alt sin), a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha aige roimhe sin de bhun aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nár aisíocadh.”.
(2) Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh alt 2 (2) den Acht um Ráthaíochtaí Stáit (Iompar), 1962 (a chuirtear isteach leis an Acht seo):
“(3) Chun méid an airgid a ríomh a bheidh ráthaithe ag an Aire faoin alt seo faoi threoir na teorann atá le príomhshuim i bhfo-alt (2) den alt seo, déanfar an méid in airgead reatha an Stáit is coibhéis d'airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit a ríomh de réir an ráta iomlaoide a bheidh i réim tráth na ráthaíochta a thabhairt.”.
Cumhachtaí sealadacha an Bhoird chun airgead a fháil ar iasacht.
5.—Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 28 (1) (c) d'Acht 1950 (a cuireadh isteach le hAcht 1974):
“(c) Ní dhéanfaidh an Bord in aon chás a chumhachtaí faoi mhír (a) den fho-alt seo a fheidhmiú ar shlí gur mó ná £20,000,000 aon tráth a fhéichiúnas iomlán i leith iasachta sealadaí.”.
Ráthaíocht Stáit le hiasachtaí sealadacha a gheobhaidh an Bord.
6.—Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 30 (1) (b) d'Acht 1950 (a cuireadh isteach le hAcht 1974):
“(b) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar dó leis an bhfo-alt seo a fheidhmiú ar shlí gur mó ná £20,000,000 méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé a aisíoc aon tráth áirithe ar scór aon ráthaíochta nó aon ráthaíochtaí faoin bhfo-alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha roimhe sin ag an Aire sin ar scór aon ráthaíochta faoin bhfo-alt seo agus nach mbeidh aisíoctha ag an mBord.”.
Caiteachais.
7.—Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Gearrtheideal.
8.—Féadfar an tAcht Iompair, 1981, a ghairm den Acht seo.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |