Uimhir 25 de 1951.
AN tACHT CEADÚNAS IASCAIGH (CEANTAR MHAGH BHILE), 1951.
[An tiontó oifigiúil.]
Eisiúint cheadúnas ag Bord Mhagh Bhile a thoirmeasc.
1.—(1) Ach amháin mar foráltar leis an alt seo, ní dhéanfaidh ná ní cheadóidh Bord Mhagh Bhile, i rith na bliana 1952, aon cheadúnas d'eisiúint á údarú aon inneall iascaigh d'úsáid, seachas slat agus ruaim.
(2) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le hordú, ligean do Bhord Mhagh Bhile eisiúint cheadúnas den tsórt adúradh a dhéanamh nó a cheadú.
Eisiamh ailt 31 den Fisheries (Ireland) Act, 1848.
2.—Fad a bheas eisiúint na gceadúnas dá dtagartar in alt 1 den Acht seo ag Bord Mhagh Bhile toirmiscthe, ní bheidh duine i dteideal, de bhuaidh ailt 31 den Fisheries (Ireland) Act, 1848, ceadúnas, á údarú aon inneall iascaigh d'úsáid, seachas slat agus ruaim, a cheannach ó Bhord Mhagh Bhile ná ó aon duine atá údaraithe ag an mBord sin chun ceadúnais a dhíol.
Léiriú.
3.—San Acht seo—
ciallaíonn “inneall iascaigh” aon inneall, líon, uirlis nó feiste d'aon tsórt a húsáidtear chun iasc a ghabháil;
folaíonn “ceadúnas” ceadúnas áitiúil speisialta faoi alt 6 den Acht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 (Uimh. 24 de 1934);
ciallaíonn “Bord Mhagh Bhile” an bord coimeádaithe do Cheantar Mhagh Bhile.
Gearrtheideal agus forléiriú.
4.—(1) Féadfar an tAcht Ceadúnas Iascaigh (Ceantar Mhagh Bhile), 1951, a ghairm den Acht seo.
(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchta Iascaigh, 1842 go 1949, mar aon ní amháin.