Uimhir 29 de 1976
AN tACHT UCHTÁLA, 1976
[An tiontú oifigiúil]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “ordú uchtála” ordú faoi alt 9 den Phríomh-Acht;
ciallaíonn “an Bord” an Bord Uchtála;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Uchtála, 1952.
Bailíocht orduithe uchtála áirithe agus toilithe le hordnithe uchtála.
2.—(1) I gcás ar tharla, i ndáil le hordú uchtála a rinneadh sular ritheadh an tAcht seo, gur thug gach duine, ar ghá a thoiliú leis an ordú a dhéanamh agus nár ligeadh a thoiliú thar ceal, a thoiliú i bhfoirm a bhí, aon tráth, chun na críche sin i rialacha faoi alt 5 den Phríomh-Acht—
(a) measfar gur chomhlíon an Bord alt 15 (2) den Phríomh-Acht,
(b) ní bheidh toiliú a tugadh amhlaidh neamhbhailí, neamhdhóthanach ná lochtach ar shlí eile go heisiatach mar gheall ar cheann de na cúinsí nó ar an dá chúinse seo a leanas—
(i) nárbh fheasach an duine a thug an toiliú go bhféadfaí an toiliú a tharraingt siar aon tráth sula ndéanfaí an t-ordú,
(ii) nárbh fheasach an duine sin an dáta a bheartaigh an Bord an t-ordú a dhéanamh, agus
(c) ní bheidh an t-ordú neamhbhailí go heisiatach mar gheall ar cheann de na cúinsí ná ar an dá chúinse seo a leanas—
(i) nárbh fheasach an duine a thug toiliú leis an ordú a chearta faoi alt 16 den Phríomh-Acht,
(ii) nach raibh a fhios ag an mBord arbh fheasach an duine na cearta sin.
(2) I gcás ar tharla, i ndáil le hordú uchtála arna dhéanamh tar éis an tAcht seo a rith, go ndearnadh toiliú leis an ordú a dhéanamh a thabhairt roimh an Acht seo a rith i bhfoirm a bhí, aon tráth, chun na críche sin i rialacha faoi alt 5 den Phríomh-Acht—
(a) measfar gur chomhlíon an Bord alt 15 (2) den Phríomh-Acht i ndáil leis an toiliú,
(b) beidh feidhm ag forálacha fho-alt (1) (b) den alt seo i ndáil leis an toiliú, agus
(c) ní bheidh an t-ordú neamhbhailí go heisiatach mar gheall ar cheann de na cúinsí nó ar an dá chúinse seo a leanas—
(i) nárbh fheasach an duine a thug an toiliú a chearta faoi alt 16 den Phríomh-Acht,
(ii) nach raibh a fhios ag an mBord arbh fheasach an duine na cearta sin:
Ar choinníoll, áfach, nach bhforléireofar aon ní san fho-alt seo mar ní a theorannaíonn ceart an Bhoird aon fhiosruithe is dóigh leis is gá a dhéanamh nó a chur á ndéanamh.
Eolas do dhaoine a thoilíonn le horduithe uchtála.
3.—(1) Duine ar gá a thoiliú le hordú uchtála a dhéanamh—
(a) inseofar dó, sula dtabharfaidh sé toiliú nó a luaithe is féidir tar éis dó toiliú a thabhairt—
(i) go bhféadfar an toiliú a tharraingt siar aon tráth sula ndéanfar an t-ordú, agus
(ii) go bhfuil sé i dteideal éisteacht a fháil faoin iarratas ar an ordú, agus
(b) má thugann sé toiliú, iarrfar air, an tráth a thabharfaidh sé toiliú nó dá éis sin, a chur in iúl i scríbhinn an mian leis—
(i) go n-inseofaí dó an dáta ar a dtabharfaidh an Bord éisteacht dó féin, dá abhcóide nó dá aturnae faoin iarratas ar an ordú, más mian leis éisteacht a fháil, nó
(ii) d'eile go dtráchtfaí leis arís i ndáil leis an iarratas ar an ordú.
(2) I gcás a mbeidh curtha in iúl ag duine de bhun fho-alt (1) den alt seo nach mian leis go n-inseofaí dó an dáta a dtabharfadh an Bord éisteacht dó féin, dá abhcóide nó dá aturnae faoin iarratas ar an ordú uchtála lenar bhain a thoiliú nó d'eile go dtráchtfaí leis arís i ndáil leis an iarratas, ní gá go n-inseofaí an dáta sin dó ná go dtráchtfaí leis amhlaidh, ach in aon chás eile (lena n-áirítear an cás nach mbeidh aon ní curtha in iúl aige de bhun an fho-ailt sin (1)) inseofar an dáta sin dó agus tráchtfar leis amhlaidh agus, mura féidir teacht air, déileálfaidh an Bord leis an iarratas ionann is dá mba nár thug sé a thoiliú.
(3) Níl feidhm ag an alt seo i ndáil le toiliú lena mbaineann alt 2 den Acht seo.
4.—(1) Ionas go gcomhlíonfar alt 15 (2) den Phríomh-Acht agus alt 3 den Acht seo, féadfaidh an Bord a iarraidh ar dhuine ar bith sa Stát nó lasmuigh de a measfaidh an Bord gur duine oiriúnach chun na críche é, agus a údarú don duine sin, fiosrú a dhéanamh thar ceann an Bhoird agus beidh an Bord i dteideal, más cuí leis an mBord sin agus má ghlacann sé le tuarascáil an duine i ndáil leis an bhfiosrú, a mheas gurb ionann glacadh leis an tuarascáil sin agus an t-alt sin 15 (2) den Phríomh-Acht a chomhlíonadh ag an mBord, agus mar leor-thaispeáint ar alt 3 den Acht seo a chomhlíonadh, maidir le hábhar an fhiosraithe.
(2) Féadfaidh an Bord na cumhachtaí a thugtar don Bhord le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú in ionad nó i dteannta éisteacht a thabhairt do dhuine a mbeidh a thoiliú le hordú uchtála a dhéanamh á bhreithniú ag an mBord nó fiosrú a chur á dhéanamh faoin duine sin de bhun mhír 11 (3) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
Ní dhearbhófar orduithe uchtála a bheith neamhbhailí murab é leas na leanaí lena mbaineann sin a dhearbhú.
5.—(1) Ní dhearbhóidh cúirt ordú uchtála a bheith neamhbhailí más deimhin leis an gcúirt, tar éis éisteacht a thabhairt d'aon daoine ar dóigh leis an gcúirt gur ceart éisteacht a thabhairt dóibh—
(a) nárbh é leas an linbh lena mbaineann dearbhú den sórt sin a dhéanamh, agus
(b) gur chuí é, ag féachaint don leas sin agus do na cearta atá, faoin mBunreacht, ag na daoine go léir lena mbaineann, gan dearbhú den sórt sin a dhéanamh.
(2) Measfar chun gach críche gur ordú uchtála bailí, agus gurbh ordú uchtála bailí ariamh ó rinneadh é, ordú uchtála mura ndearbhóidh cúirt gur ordú neamhbhailí é.
Orduithe ó chúirt maidir le coimeád leanaí i gcásanna áirithe.
6.—(1) Má bhíonn cúirt tar éis a dhearbhú in aon imeachtaí go bhfuil ordú uchtála neamhbhailí agus má bhíonn an leanbh lena mbaineann i gcoimeád duine nó daoine ar ina fhabhar nó ina bhfabhar a rinneadh an t-ordú uchtála nó i gcoimeád aon duine nó daoine eile seachas an duine nó na daoine a d'iarr an dearbhú neamhbhailíochta, ní dhéanfaidh an chúirt an tráth sin ordú maidir le coimeád an linbh mura mbeidh ordú den sórt sin iarrtha agus gur deimhin leis an gcúirt gur den cheartas, mar gheall ar aon duine a bhfuil an leanbh ina choimeád a uamadh sna himeachtaí agus mar gheall ar na himthosca eile go léir a bhaineann leis an gcás, go ndéanfar ceist coimeádta an linbh a chinneadh an tráth sin seachas in imeachtaí ar leithligh; ach má shocraíonn an chúirt, de réir an fho-ailt seo, ceist coimeádta an linbh a chinneadh déanfaidh sí sin faoi réir forálacha alt 3 den Acht um Chaomhnóireacht Naíon, 1964.
(2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo, ní dhéanfar, gan toiliú na cúirte, an duine nó na daoine a mbeidh ordú uchtála déanta ina fhabhar nó ina bhfabhar (ná aon duine nó daoine eile ag a mbeidh coimeád an linbh arb é ábhar an ordaithe é) a uamadh ná éisteacht a thabhairt dó nó dóibh in aon imeachtaí i gcúirt ar saincheist iontu bailíocht an ordaithe, agus féadfaidh an chúirt, agus í á chinneadh an dtabharfaidh sí an toiliú sin, aighneachtaí a chur i gcuntas a bheidh faighte aici ón mBord nó ó aon duine leasmhar eile i ndáil le haitheantas a thabhairt an tráth sin ar an duine nó ar na daoine lena mbaineann nó i ndáil le haon ábhar iomchuí eile.
Tagairtí do leanbh in Achtanna eile a fhorléiriú.
7.—I gcás a mbeidh tagairt in aon Acht a rithfidh an tOireachtas tar éis an tAcht seo a rith do leanbh le duine nó le daoine, ansin, mura léir a mhalairt d'intinn—
(a) forléireofar an tagairt mar thagairt a fholaíonn tagairt do leanbh a d'uchtaigh an duine nó na daoine, de réir mar a bheidh, faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, agus
(b) measfar, chun críocha an Achta, gur leanbh leis an duine nó leis na daoine réamhráite a rugadh dó nó dóibh de phósadh dleathach, agus nach leanbh le haon duine eile, leanbh a uchtaíodh amhlaidh.
Priobhái eacht taifead.
8.—Ní dhéanfaidh cúirt ordú faoi alt 22 (5) den Phríomh-Acht ná ordú le haghaidh aon leabhar, doiciméad nó taifead de chuid an Bhoird (nó aon sleachta as an gcéanna) a fhollasú, a iniúchadh nó a thabhairt ar aird nó cóip den chéanna a dhéanamh, nó ar aon slí eile i ndáil le heolas a thabhairt nó a fháil as an gcéanna, mura deimhin léi gurb é leas an linbh lena mbaineann go ndéanfaí sin.
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
9.—(1) Féadfar an tAcht Uchtála, 1976, a ghairm den Acht seo.
(2) Forléireofar na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974, agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin.
(3) Féadfar na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, a ghairm de na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974, agus den Acht seo le chéile.