harp.jpg


Uimhir 29 de 1998


AN tACHT UM ÚDARÁS SÁBHÁILTEACHTA BIA NA hÉIREANN, 1998


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach

Alt

1.

Gearrtheideal.

2.

Léiriú.

3.

An lá bunaithe.

4.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

5.

Leasú ar Sceidil.

6.

Cionta achoimre a ionchúiseamh.

7.

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

8.

Caiteachais an Aire.

CUID II

Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann.

9.

An tÚdarás a bhunú.

10.

Neamhspleáchas an Údaráis.

11.

Príomhfheidhm an Údaráis.

12.

Caighdeáin a chur chun cinn.

13.

Scéimeanna chun sábháilteacht bia a áirithiú.

14.

An Chomhairle Shainchomhairleach.

15.

Comhairle ón Údarás.

16.

Sonraí a bhailiú agus a mheasúnú.

17.

Athbhreithniú ar sheirbhísí iniúchta bia.

18.

Taighde ag an Údarás.

19.

Bia a dheimhniú.

20.

Feidhmeanna breise a thabhairt don Údarás.

21.

Muirir i leith seirbhísí.

22.

Bronntanais.

23.

An tÚdarás d'fháil iasachtaí.

24.

Airleacain ón Aire chuig an Údarás.

25.

Tuarascálacha agus faisnéis don Aire.

26.

Cuntais agus iniúchtaí.

27.

Áitreabh an Údaráis.

28.

Séala an Údaráis.

29.

Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí.

30.

Féadfaidh an tÚdarás tuarascálacha a lorg i ndáil le sábháilteacht agus sláinteachas bia.

CUID III

Bord, Coiste Eolaíochta, Coistí, Príomhfheidhmeannach agus Foireann an Údaráis.

31.

Comhaltas Bhord an Údaráis agus téarma oifige na gcomhaltaí.

32.

Cathaoirleach an Bhoird.

33.

Cruinniú den Bhord.

34.

An Coiste Eolaíochta.

35.

Fochoistí.

36.

Luach saothair agus liúntais.

37.

Príomhfheidhmeannach an Údaráis.

38.

Foireann an Údaráis.

39.

Aoisliúntas.

40.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas, de Pharlaimint na hEorpa, d'údarás áitiúil nó de bhord sláinte.

41.

Dearbhú leasanna.

42.

Nochtadh leasanna.

43.

Nochtadh faisnéise.

CUID IV

Caighdeáin Sábháilteachta Bia a Fhorfheidhmiú

44.

Tosach feidhme Chuid IV.

45.

Cumhacht an Údaráis caighdeáin sábháilteachta bia i reachtaíocht bia a fhorfheidhmiú.

46.

Iniúchtaí, etc. ar bhia.

47.

Iniúchtaí breise.

48.

Conarthaí seirbhíse.

49.

Oifigigh údaraithe.

50.

Cumhachtaí oifigeach údaraithe.

51.

Samplaí a thógáil.

52.

Fógraí agus orduithe feabhsúcháin.

53.

Orduithe dúnta.

54.

Táirgí bia a tharraingt siar.

55.

Oifigigh údaraithe, etc. a shlánú.

56.

Fógraí a sheirbheáil, etc.

57.

Cionta achoimre faoi reachtaíocht bia a ionchúiseamh.

CUID V

An t-iarÚdarás a Dhíscaoileadh.

58.

An t-iarÚdarás a dhíscaoileadh.

59.

Sócmhainní agus dliteanais an iarÚdaráis a aistriú.

60.

Conarthaí leanúnacha áirithe a choimeád ar marthain agus tagairtí don iarÚdarás a oiriúnú.

61.

Cosaint do ghníomhartha áirithe.

62.

Imeachtaí dlíthiúla a bheidh ar feitheamh.

63.

Díolúine ó cháin ghnóchan caipitiúil.

64.

Cúlghairm.

CUID VI

Leasú ar an Acht um Chosaint Raideolaíoch, 1991.

65.

Leasú ar an Acht um Chosaint Raideolaíoch, 1991.

Reachtaíocht Bia

Gníomhaireachtaí Oifigiúla


Na hAchtanna dá dTagraítear

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990

Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993

1993, Uimh. 8

Acht na gComhphobal Eorpach, 1972

1972, Uimh. 27

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997

1997, Uimh. 2

An tAcht Sláinte, 1970

1970, Uimh. 1

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93

An tAcht um Chosaint Raideolaíoch, 1991

1991, Uimh. 9

An tAcht Comhdhlúite Cánacha, 1997

1997, Uimh. 39

harp.jpg


Uimhir 29 de 1998


AN tACHT UM ÚDARÁS SÁBHÁILTEACHTA BIA NA hÉIREANN, 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN COMHLACHT A BHUNÚ AR A dTABHARFAR THE FOOD SAFETY AUTHORITY OF IRELAND NÓ ÚDARÁS SÁBHÁILTEACHTA BIA NA hÉIREANN AGUS DO MHÍNIÚ A FHEIDHMEANNA AGUS DO LEASÚ AN ACHTA UM CHOSAINT RAIDEOLAÍOCH, 1991, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [8 Iúil, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach

[EN]

Gearrtheideal.

1.—Féadfar an tAcht um Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, 1998, a ghairm den Acht seo.

[EN]

Léiriú

2.—(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

[EN]

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine a cheapfar ina oifigeach nó ina hoifigeach údaraithe faoi alt 49;

[EN]

ciallaíonn “an tÚdarás” Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann a bhunófar faoi alt 9;

[EN]

ciallaíonn “an Bord” Bord an Údaráis;

[EN]

ciallaíonn “príomhfheidhmeannach” príomhoifigeach an Údaráis a cheapfar faoi alt 37;

[EN]

tá le “ordú dúnta” an bhrí a shanntar dó le halt 53;

[EN]

ciallaíonn “forfheidhmiú”, i ndáil le reachtaíocht bia, iniúchtaí, faireachas, sampláil, anailísiú, ceadúnú agus clárú a sheoladh agus imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh;

[EN]

ciallaíonn “lá bunaithe” an lá a cheapfaidh an tAire faoi alt 3 chun bheith ina lá bunaithe;

[EN]

folaíonn “bia”—

[EN]

(a) aon substaint a úsáideann pearsana daonna, atá ar fáil lena húsáid ag pearsana daonna, nó a bheartaíonn pearsana daonna a úsáid, mar bhia nó mar dheoch, agus

[EN]

(b) aon substaint a chuirtear isteach sna substaintí sin, nó a úsáidtear i ndáil le táirgeadh, comhdhéanamh nó ullmhú na substaintí sin,

[EN]

agus folaíonn tagairtí do bhia, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, tagairt do bhia áirithe nó d'aicme áirithe bia;

[EN]

ciallaíonn “iniúchadh bia” na córais iniúchta a sheolfaidh an tÚdarás nó a sheolfar thar a cheann d'fhonn a fháil amach an gcomhlíonann—

[EN]

(a) bia,

[EN]

(b) na próisis (lena n-áirítear próisis arb é is aidhm dóibh úire agus folláine bia a chaomhnú nó a fhadú) faoina gcuirtear bia,

[EN]

(c) an timpeallacht fhisiceach ina ndéantar bia a tháirgeadh, a choinneáil, a ullmhú agus a láimhsiú;

[EN]

(d) scileanna, oiliúint agus inniúlacht na ndaoine a láimhsíonn bia nó a dhéileálann le bia ar shlí eile in áitreabh a thagann faoi réim an Achta seo,

[EN]

(e) aon substaintí agus ábhair a fhéadfar a úsáid ag aon chéim de tháirgeadh bia (lena n-áirítear, más cuí, ábhair bheatha d'ainmhithe) agus lena n-áirítear scrúdú roimh bhás agus scrúdú iarbháis, i seamlais nó in áitreabh eile den sórt sin, ar ainmhithe a bhfuil a gcuid feola le soláthar mar bhia nó le húsáid i dtáirgeadh bia,

[EN]

(f) breiseáin bhia, vitimíní, salainn mhianracha, riandúile, blastáin agus breiseáin eile a bheartaítear a dhíol sa cháil sin,

[EN]

(g) ábhair agus earraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia,

[EN]

(h) táirgí de chuid na hithreach, táirgí ó fheirmeoireacht stoic, ó dhobharshaothrú agus ó iascaigh agus géim,

[EN]

reachtaíocht bia arb é is aidhm di cosc a chur le contúirtí do shláinte an phobail;

[EN]

ciallaíonn “reachtaíocht bia”—

[EN]

(a) na hAchtanna (lena n-áirítear aon ionstraimí arna ndéanamh fúthu) a shonraítear i gCuid I,

[EN]

(b) na hionstraimí reachtúla a shonraítear i gCuid II,

[EN]

(c) Rialacháin de chuid institiúide de na Comhphobail Eorpacha a shonraítear i gCuid III,

[EN]

den Chéad Sceideal a mhéid a bhaineann siad le sábháilteacht agus sláinteachas bia,

[EN]

(d) aon Acht arna rith ag an Oireachtas nó aon ionstraim reachtúil arna déanamh faoi Acht den sórt sin nó aon rialachán arna dhéanamh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, tar éis an lae bunaithe agus a measfar ina leith gur reachtaíocht bia í chun críocha an Achta seo,

[EN]

ciallaíonn “sábháilteacht bia” na bearta a dhéantar chun contúirtí do shláinte an phobail a thig as bia a bheartaítear mar bhia don duine a sheachaint;

[EN]

ciallaíonn “caighdeáin bia”, i ndáil le sábháilteacht agus sláinteachas bia, caighdeáin arna mbunú le reachtaíocht bia nó fúithi agus a bhaineann le haon cheann nó gach ceann de na nithe seo a leanas:

[EN]

(a) comhdhéanamh bia, lena n-áirítear—

[EN]

(i) an leibhéal éilleán nó iarmhar a fhéadfaidh a bheith i mbia,

[EN]

(ii) a stádas micri-bhitheolaíoch agus a shábháilteacht mhicri-bhitheolaíoch, agus

[EN]

(iii) an modh samplála agus tástála bia chun a chomhdhéanamh a chinneadh;

[EN]

(b) táirgeadh bia, lena n-áirítear an trealamh a úsáidtear agus na próisis a mbaintear feidhm astu;

[EN]

(c) pacáistiú, stóráil nó láimhsiú bia;

[EN]

(d) díol, allmhairiú nó onnmhairiú bia;

[EN]

(e) aon fhaisnéis i dtaobh bia, lena n-áirítear lipéadú, cur chun cinn agus fógraíocht ina leith;

[EN]

(f) éilliú, de chineál fisiceach, ceimiceach, raideolaíoch, bitheolaíoch nó eile, ar bhia a sheachaint;

[EN]

(g) contúirtí do shláinte an duine a thig as ionghabháil bia nó a éiríonn ar shlí eile a sheachaint;

[EN]

(h) an t-uasmhéid nó an t-íosmhéid substaintí a úsáidtear nó a cheanglaítear a úsáid nó a fhéadfar a úsáid le linn bia a ullmhú;

[EN]

ciallaíonn “iarÚdarás” Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann a bunaíodh leis an Ordú um Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (Bunú), 1997 (I.R. Uimh. 524 de 1997);

[EN]

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairt do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairtí d'fheidhmiú na gcumhachtaí agus do chomhlíonadh na ndualgas;

[EN]

ciallaíonn “bord sláinte” bord arna bhunú faoi alt 4 den Acht Sláinte, 1970;

[EN]

ciallaíonn “sláinteachas” i ndáil le sábháilteacht bia nó caighdeáin bia, urramú caighdeán dea-chleachtais arb é is aidhm dóibh éilliú bia a sheachaint;

[EN]

tá le “fógra feabhsúcháin” an bhrí a shanntar dó le halt 52(1);

[EN]

tá le “ordú feabhsúcháin” an bhrí a shanntar dó le halt 52(4);

[EN]

tá le “údarás áitiúil” an bhrí a shanntar dó leis an Acht Rialtais Áitiúil, 1941;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte agus Leanaí;

[EN]

déanfar “gníomhaireacht oifigiúil” a fhorléiriú de réir an Dara Sceideal;

[EN]

folaíonn “áitreabh” aon áit, foirgneamh, aerárthach, feithicil, vaigín iarnróid, coimeádán nó soitheach nó áitreabh sealadach ag nó in nó ar a seoltar nó a seoladh aon trádáil, gnó nó gníomhaíocht i dtaca le táirgeadh, ullmhú, próiseáil, monarú, onnmhairiú, allmhairiú, stóráil, dáileadh nó díol bia;

[EN]

ciallaíonn “forordú” forordú a dhéanamh le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

[EN]

tá le “ordú toirmisc” an bhrí a shanntar dó le halt 54(1);

[EN]

ciallaíonn “ceardchumainn agus comhlachais aitheanta” na ceardchumainn agus na comhlachais foirne a bheidh aitheanta ag an Údarás chun críche caibidlí a bhaineann le haistrithe foirne chuig an Údarás, chomh maith le luach saothair, coinníollacha fostaíochta nó coinníollacha oibre oifigigh an Údaráis agus fhostaithe an Údaráis;

[EN]

folaíonn “luach saothair” liúntais le haghaidh caiteachas, sochair chomhchineáil agus aoisliúntas;

[EN]

folaíonn “díol” rud a thairiscint lena dhíol nó é a dhíol nó a sholáthar cibé acu le haghaidh brabúis nó nach ea agus forléireofar aon fhocail ghaolmhara dá réir sin;

[EN]

ciallaíonn “an Coiste Eolaíochta” an coiste a bhunófar faoi alt 34;

[EN]

tá le “conradh seirbhíse” an bhrí a shanntar dó le halt 48;

[EN]

ciallaíonn “sochair aoisliúntais” pinsin, aiscí agus liúntais eile is iníoctha ar éirí as, ar scor nó ar bhás;

[EN]

ciallaíonn “bianna neamhshaothraithe” bianna nach dtáirgtear nó nach ndéantar a fhómhar ar bhonn tráchtála, lena n-áirítear beacáin fhiáine, torthaí agus caora agus iasc agus géim a dhéantar a fhómhar trí ghníomhaíochtaí áineasa.

[EN]

(2) San Acht seo—

[EN]

(a) aon tagairt d'alt nó do Sceideal, is tagairt í d'alt den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

[EN]

(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe,

[EN]

(c) aon tagairt d'achtachán forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis nó faoi, lena n-áirítear an tAcht seo, agus

[EN]

(d) aon tagairt d'ionstraim reachtúil forléireofar í mar thagairt don ionstraim sin arna leasú, arna hoiriúnú nó arna leathnú le haon ionstraim reachtúil dá éis.

[EN]

An lá bunaithe.

3.—Déanfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

[EN]

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

4.—Déanfar gach ordú (seachas ordú arna dhéanamh faoi alt 344) agus gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

[EN]

Leasú ar Sceidil.

5.—Féadfaidh an tAire, le hordú, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire iomchuí den Rialtas nó le duine eile atá freagrach as an ngníomhaireacht oifigiúil lena mbaineann, an Chéad Sceideal nó an Dara Sceideal a leasú trí ábhar a chur leis nó a scriosadh as.

[EN]

Cionta achoimre a ionchúiseamh.

6.—(1) Féadfaidh an tÚdarás imeachtaí a thionscnamh agus a ionchúiseamh i ndáil le cion achomair faoin Acht seo.

[EN]

(2) D'ainneoin fhorálacha alt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre mar gheall ar chion faoin Acht seo a thionscnamh aon tráth laistigh de 12 mhí ón dáta a thiocfaidh fianaise ar iúl an Údaráis, is leor, i dtuairim an Údaráis, chun tionscnamh na n-imeachtaí a fhíréanú, ar tráth é nach déanaí ná 5 bliana ón dáta a rinneadh an cion lena mbaineann.

[EN]

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

7.—(1) I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí nó aon mhainneachtain ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó aon duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

[EN]

(2) I gcás go ndéanfaidh comhaltaí comhlachta chorpraithe gnóthai an chomhlachta chorpraithe sin a bhainistiú, beidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le gníomhartha agus mainneachtaintí comhalta i dtaca lena fheidhmeanna bainistíochta nó lena feidhmeanna bainistíochta amhail is dá mba stiúrthóir, bainisteoir nó rúnaí de chuid an chomhlachta chorpraithe é nó í.

[EN]

Caiteachais an Aire.

8.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID II

Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann

[EN]

An tÚdarás a bhunú.

9.—(1) Beidh arna bhunú ar an lá bunaithe comhlacht ar a dtabharfar The Food Safety Authority of Ireland nó Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann sa Ghaeilge chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

[EN]

(2) Beidh an tÚdarás ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain agus séala oifigiúil aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha ina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh, nó leas i dtalamh, a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.

[EN]

(3) Beidh ag an Údarás na cumhachtaí sin go léir is gá chun a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh nó a ghabhann lena gcomhlíonadh.

[EN]

Neamhspleáchas an Údaráis.

10.—Faoi réir an Achta seo, beidh an tÚdarás neamhspleách ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó.

[EN]

Príomhfheidhm an Údaráis.

11.—Is í príomhfheidhm an Údaráis gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú, maidir le bia—

[EN]

(a) a tháirgtear sa Stát (cibé acu a dhéantar é a dháileadh nó a mhargú sa Stát nó nach ndéantar), agus

[EN]

(b) a dháiltear nó a mhargaítear sa Stát,

[EN]

go gcomhlíonann sé na caighdeáin is airde ó thaobh sábháilteachta bia agus sláinteachais a bheidh ar fáil go réasúnach agus déanfaidh sé, go háirithe, gach beart réasúnach chun a áirithiú go gcomhlíonann bia den sórt sin—

[EN]

(i) reachtaíocht bia i leith caighdeán sábháilteachta bia agus sláinteachais, nó

[EN]

(ii) más cuí, forálacha caighdeán nó cód dea-chleachtais a aithnítear i gcoitinne agus arb é is aidhm dóibh a áirithiú go mbainfear amach ardchaighdeáin sláinteachais bia agus sábháilteachta bia.

[EN]

Caighdeáin a chur chun cinn.

12.—(1) Chun go mbainfear amach an méid is mó cosanta a bheidh ar fáil go réasúnach ar mhaithe le sláinte an phobail agus cosaint tomhaltóirí, déanfaidh an tÚdarás, ar gach céim de tháirgeadh bia, ó tháirgeadh príomhúil go dtí an úsáid deiridh ag an tomhaltóir, bunú agus cothú ardchaighdeán sláinteachais bia agus sábháilteachta bia a chur chun cinn, a spreagadh agus a chothú.

[EN]

(2) Gabhfaidh an tÚdarás de láimh, nó socróidh sé go ngabhfar de láimh, chun críocha fho-alt (1), cibé gníomhaíochtaí is cuí leis chun caighdeáin den sórt sin a chothú agus a chur chun cinn agus gabhfaidh sé de láimh, nó socróidh sé go ngabhfar de láimh, cibé iniúchtaí bia is gá chun a chinneadh go gcomhlíontar reachtaíocht bia.

[EN]

(3) Gan dochar d'fhorálacha reachtaíochta bia, déanfar na gníomhaíochtaí agus na hiniúchtaí bia atá le gabháil de láimh ag an Údarás nó thar a cheann agus dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a dhíriú ar an méid seo a leanas a thabhairt i gcrích i measc táirgeoirí, monaróirí, dáileoirí, miondíoltóirí agus lónadóirí, is é sin le rá go nglacfaidh siad i gcoitinne leis an bprionsabal, i leith aon bhia a chuirfear ar an margadh, gur orthu féin go leithleach, nó de réir mar is cuí, i dteannta a chéile, atá an phríomhfhreagracht i sábháilteacht bia agus in oiriúnacht bia lena chaitheamh ag an duine, agus, dá dhroim sin, déanfaidh gach aon cheann de na páirtithe a luaitear gach beart réasúnach a ghlacadh chun sábháilteacht agus caighdeán sláinteachais an bhia sin a áirithiú, a mhéid a bhaineann leis an bpáirtí sin.

[EN]

(4) Chun caighdeáin níos airde a chur chun cinn, féachfaidh an tÚdarás le dul i gcomhairle le hionadaithe tomhaltóirí, táirgeoirí, miondíoltóirí, dáileoirí, lónadóirí agus monaróirí agus, más cuí, le gníomhaireachtaí oifigiúla i dtaobh na ngníomhaíochtaí nó na mbeart eile a bheidh le gabháil de láimh.

[EN]

Scéimeanna chun sábháilteacht bia a áirithiú.

13.—(1) Chun críocha alt 12 féadfaidh an tÚdarás, ina aonar nó in éineacht le cibé ionadaithe de ghrúpaí nó eagraíochtaí áirithe gnó bia is cuí leis, scéimeanna (dá ngairtear “scéimeanna um áirithiú sábháilteachta bia” san alt seo) a bhunú chun leasanna tomhaltóirí a chosaint.

[EN]

(2) Déanfaidh an tÚdarás bunú scéimeanna um áirithiú sábháilteachta bia a chur chun cinn, a spreagadh agus a éascú agus bunófar na scéimeanna sin ar na cleachtais agus na caighdeáin sábháilteachta bia agus sláinteachais is fearr a bheidh ar fáil agus beidh ar fáil aige cibé doiciméid agus fianaise eile a bhaineann le hamhábhair, próiseáil, ullmhú, pacáistiú, stóráil agus lipéadú earraí bia is cuí leis an Údarás chun leasanna tomhaltóirí a chosaint.

[EN]

(3) Ullmhóidh an tÚdarás treoirlínte a bheidh le comhlíonadh aige i ndáil le bunú scéimeanna um áirithiú sábháilteachta bia.

[EN]

(4) Ní mór ceadú an Bhoird, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Eolaíochta, a bheith ann d'aon treoirlínte den sórt sin.

[EN]

(5) Faoi réir fho-alt (7), ní bheidh an tÚdarás rannpháirteach i scéimeanna um áirithiú sábháilteachta bia.

[EN]

(6) Féadfaidh an tÚdarás a cheadú d'aon scéim um áirithiú sábháilteachta bia a dhaingniú ar aon téarmaí agus coinníollacha a shonróidh an Bord, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eolaíochta, agus féadfaidh an tÚdarás aon daingniú den sórt sin a tharraingt siar.

[EN]

(7) Déanfaidh an tÚdarás faireachán, agus tabharfaidh sé tuarascáil don Bhord, ar fheidhmiú agus ar chur i ngníomh scéimeanna um áirithiú sábháilteachta bia.

[EN]

(8) Féadfaidh an tÚdarás tuarascálacha a fhoilsiú i ndáil le scéimeanna um áirithiú sábháilteachta bia.

[EN]

(9) Tabharfaidh gníomhaireacht oifigiúil fógra don Údarás i ndáil le haon scéim um áirithiú sábháilteachta bia lena bhfuil baint aici nó lena dtacaíonn sí agus beidh aird aici ar aon chomhairle ón Údarás i ndáil le baint nó tacaíocht den sórt sin.

[EN]

An Chomhairle Shainchomhairleach.

14.—(1) Déanfaidh an tÚdarás, chun críocha na gcomhchomhairliúchán dá dtagraítear in alt 12(4) nó chun críocha comhchomhairliúchán ar aon ní eile a bhaineann le feidhmeanna an Údaráis, comhlacht a bhunú ar a dtabharfar an Chomhairle Chomhairleach um Shábháilteacht Bia (dá ngairtear “an Chomhairle” san alt seo).

[EN]

(2) 24 chomhalta ar a mhéad a bheidh ar an gComhairle agus beidh bonn leathan fúithi agus beidh sí leathan-ionadaitheach.

[EN]

(3) Bunófar an Chomhairle faoi cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord roimh a bunú, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire 12 chomhalta ar a mhéad a cheapadh ar an gComhairle, agus—

[EN]

(a) ainmneoidh an tAire Talmhaíochta agus Bia beirt díobh,

[EN]

(b) ainmneoidh Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha duine amháin díobh,

[EN]

(c) ainmneoidh an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta duine amháin díobh, agus

[EN]

(d) ainmneoidh an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil duine amháin díobh,

[EN]

agus ceapfaidh an Bord na comhaltaí eile.

[EN]

(5) Íocfar le comhaltaí na Comhairle cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

(6) Beidh aird ag an Údarás ar aon tuairimí a léireoidh an Chomhairle i dtaobh aon ní a bheidh faoi bhreithniú ag an Údarás. Ach, maidir le mainneachtain dul i gcomhairle leis an gComhairle nó dul i mbun gnímh i leith aon ní, ar gníomh é a fhreagróidh don mhéid a bheidh beartaithe ag an gComhairle nó a mbeidh an Chomhairle ag tacú leis, ní chuirfidh sí cinntí ná gníomhartha an Údaráis i leith an ní a bheidh i gceist nó i leith aon ní eile a chur ó bhail.

[EN]

(7) Féadfaidh an tÚdarás tuairimí na Comhairle a fhoilsiú.

[EN]

(8) Déanfaidh an Bord, i gcás ceapachán a dhéanfaidh sé, agus déanfaidh an tAire, i gcás ceapachán a dhéanfaidh sé nó sí, cóimheá chothromasach idir fir agus mná a chinntiú, a mhéid is féidir é.

[EN]

Comhairle ón Údarás.

15.—Déanfaidh an tÚdarás, ar iarraidh ón Aire nó ó Aire eile den Rialtas, comhairle a thabhairt don Aire nó don Aire eile sin den Rialtas i dtaobh saincheisteanna a bhaineann le gach ceann nó aon cheann de na nithe atá liostaithe san alt seo nó féadfaidh sé, ar a thionscnamh féin, comhairle den sórt sin a thabhairt i dtaobh an mhéid seo a leanas—

[EN]

(a) galair bhia-iompartha, lena n-áirítear galair bhia-iompartha zónóiseacha,

[EN]

(b) gnéithe cothaitheacha de bhia agus an ról atá ag aiste bia i sláinte an phobail,

[EN]

(c) forbairtí reachtúla a bhaineann le sábháilteacht bia agus sláinteachas bia,

[EN]

(d) teicneolaíocht agus cleachtais thionsclaíocha a bhaineann le bia agus le hullmhú bia,

[EN]

(e) eagrú agus riaradh córas chun áitreabh a sheolann gnó bia a cheadú, a cheadúnú agus a chlárú agus a iniúchadh,

[EN]

(f) táirgeadh bia lena n-áirítear saothrú barr, torthaí agus glasraí, baint bianna neamhshaothraithe, saothrú agus táirgeadh sliogéisc agus pórú nó tógáil ainmhithe lena marú agus le haghaidh táirgeadh bia,

[EN]

(g) lipéadú agus pacáistiú bia (lena n-áirítear ábhair a úsáidtear i bpacáistiú),

[EN]

(h) an scóip atá ann le haghaidh córas feabhsaithe chun faisnéis a scaipeadh ar an bpobal i dtaobh sábháilteachta bia agus sláinteachais bia, lena n-áirítear láimhsiú sábháilte bia san áit chónaithe, agus

[EN]

(i) aon ní eile is iomchuí maidir le sábháilteacht bia agus sláinteachas bia,

[EN]

agus féadfaidh sé comhairle den sórt sin a fhoilsiú.

[EN]

Sonraí a bhailiú agus a mheasúnú.

16.—(1) Féadfaidh an tÚdarás—

[EN]

(a) an reachtaíocht bia go léir, na cóid iompair go léir agus an t-ábhar go léir eile is iomchuí maidir le feidhmeanna an Údaráis a bhailiú agus féadfaidh sé iad a fhoilsiú i cibé foirm is cuí leis, agus

[EN]

(b) faisnéis a bhailiú a bhaineann le sláinteachas bia agus sábháilteacht bia, agus ar faisnéis í a éascóidh comhlíonadh a fheidhmeanna aige.

[EN]

(2) Déanfaidh an tÚdarás—

[EN]

(a) sonraí staidrimh i dtaobh rialú oifigiúil bia a bhailiú i cibé foirm, más ann, a chinnfidh sé agus na sonraí staidrimh sin a mheasúnú, agus

[EN]

(b) sonraí den sórt sin a bhaineann le táirgeadh agus tomhaltas bia a bhailiú, a mheasúnú nó a anailísiú ar shlí eile,

[EN]

de réir mar is cuí leis nó de réir mar a iarrfaidh an tAire nó aon Aire eile den Rialtas ó am go ham.

[EN]

(3) Déanfaidh an tÚdarás cibé measúnachtaí ar shonraí staidrimh i dtaobh galar bia-iompartha, lena n-áirítear galair bhia-iompartha zónóiseacha, is cuí leis nó a iarrfaidh an tAire nó Aire eile den Rialtas ó am go ham, a ghabháil de láimh.

[EN]

(4) San alt seo folaíonn “rialú oifigiúil bia” na córais iniúchta agus rialaithe ar tháirgeadh, monarú, stóráil, díol nó úsáid bia a cheanglaítear le haon achtachán nó faoi aon achtachán.

[EN]

(5) Comhoibreoidh gníomhaireacht oifigiúil lena mbaineann leis an Údarás maidir le ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh.

[EN]

(6) Féadfaidh an tÚdarás, d'fhonn a fheidhmeanna a chur i gcrích faoin alt seo, a cheangal ar cibé duine a gceapann sé ina leith go bhfuil faisnéis is iomchuí chun na gcríoch sin aige nó aici, an fhaisnéis a sholáthar don Údarás agus comhlíonfaidh an duine sin ceanglas den sórt sin.

[EN]

Athbhreithniú ar sheirbhísí iniúchta bia.

17.—Déanfaidh an tÚdarás éifeachtacht na seirbhísí iniúchta bia a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire a bhreithniú agus a choimeád faoi athbhreithniú agus déanfaidh sé, uair amháin ar a laghad sa bhliain, tuairisc a thabhairt don Aire, nó do cibé Aire eile den Rialtas nó do cibé gníomhaireacht eile a bheidh freagrach as an tseirbhís áirithe iniúchta bia a chur i gcrích, cibé acu faoi chonradh seirbhíse nó ar shlí eile, faoin scóip atá ann chun an tseirbhís nó na seirbhísí iniúchta bia a chomhordú agus a thabhairt ar shlí níos fearr.

[EN]

Taighde ag an Údarás.

18.—(1) Féadfaidh an tÚdarás tionscadail taighde agus gníomhaíochtaí taighde, i dtaobh saincheisteanna a bhaineann le bia, a ghabháil de láimh nó a choimisiúnú nó féadfaidh sé comhoibriú chun tionscadail taighde agus gníomhaíochtaí taighde den sórt sin a chur i gcrích agus féadfaidh sé, chun na críche sin, a bheith páirteach i dtionscadail taighde agus i ngníomhaíochtaí taighde i dtaobh saincheisteanna a bhaineann le bia, ar tionscadail iad a bhfuil baint ag páirtithe ó lasmuigh den Stát leo.

[EN]

(2) Le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfeidhmeoidh sé a chumhachtaí faoi fho-alt (1), beidh aird ag an Údarás ar aon ghabháil de láimh, coimisiúnú nó comhoibriú i leith tionscadal nó gníomhaíochtaí den sórt sin ag daoine eile sa Stát.

[EN]

Bia a dheimhniú.

19.—(1) Gan dochar do cheanglais reachtaíochta bia nó aon nós imeachta deimhniúcháin a oibríonn gníomhaireacht oifigiúil i leith bia i gcomhair díola, féadfaidh an tÚdarás, má iarrann aon duine air é agus déanfaidh sé má iarrann gníomhaireacht oifigiúil air é, córas deimhniúcháin bia i gcomhair díola a chur ar fáil i cibé foirm is cuí leis i leith na hiarrata.

[EN]

(2) Féadfaidh an tÚdarás treoirlínte a eisiúint i leith aon deimhniúcháin a chuirfidh sé ar fáil faoin alt seo.

[EN]

Feidhmeanna breise a thabhairt don Údarás.

20.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, más cuí leis nó léi é nó má iarrann Aire eile den Rialtas amhlaidh air nó uirthi, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire eile sin den Rialtas agus leis an Aire Airgeadais—

[EN]

(a) cibé feidhmeanna breise a mbeidh baint acu le feidhmeanna an Údaráis de thuras na huaire nó le gníomhaíochtaí a mbeidh údaraithe don Údarás de thuras na huaire iad a ghabháil de láimh (lena n-áirítear feidhmeanna chun aon treoir, rialachán nó ionstraim eile a fhorfheidhmiú a ghlac institiúid de na Comhphobail Eorpacha i ndáil le sábháilteacht bia agus sláinteachas) is cuí leis nó léi, a thabhairt don Údarás, agus

[EN]

(b) cibé foráil a mheasfaidh sé nó sí is gá nó is fóirsteanach maidir le nithe atá coimhdeach i ndáil le feidhmeanna faoin alt seo a thabhairt don Údarás nó a éiríonn as an gcéanna nó i ndáil leis an Údarás do chomhlíonadh feidhmeanna arna dtabhairt amhlaidh nó a éiríonn as an gcéanna.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.

[EN]

Muirir i leith seirbhísí.

21.—(1) Faoi réir fho-alt (2), agus ag féachaint go cuí d'aon socruithe eile a bheidh i bhfeidhm agus a bhainfidh le haon táillí nó muirir a éireoidh i ndáil leis an réimse gníomhaíochta lena mbaineann, féadfaidh an tÚdarás cibé muirir is cuí leis an mBord a dhéanamh i gcomaoin an tÚdarás do chomhlíonadh a fheidhmeanna, do sholáthar seirbhísí (seachas seirbhís arb é atá inti comhairle a chur ar fáil don Aire nó d'Aire eile den Rialtas) agus do sheoladh gníomhaíochtaí agus déanfaidh sé fáltais ó mhuirir den sórt sin a thaifeadadh mar ioncam.

[EN]

(2) Beidh cinneadh na méideanna muirear dá dtagraítear i bhfo-alt (1) faoi réir cheadú an Aire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

[EN]

(3) Féadfaidh an tÚdarás aon mhéid a bheidh dlite agus ag dul dó faoi fho-alt (1) a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine a mbeidh sé iníoctha aige nó aici.

[EN]

Bronntanais.

22.—(1) Féadfaidh an Bord bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh thar ceann an Údaráis ar cibé iontaobhais, téarmaí nó coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir.

[EN]

(2) Ní ghlacfaidh an Bord le bronntanas más rud é go mbeadh na hiontaobhais, na téarmaí nó na coinníollacha a bheadh ag gabháil leis ar neamhréir le neamhspleáchas oibríochta, oibriú éifeachtach nó feidhmeanna an Údaráis nó go ndéanfaidís dochar do na nithe sin.

[EN]

(3) Déanfaidh an tÚdarás sonraí i dtaobh aon bhronntanais ar mó a luach, i dtuairim an Bhoird, ná £500 nó cibé méid eile a bheidh arna shonrú de thuras na huaire i rialacháin a dhéanfaidh an tAire, a chur san áireamh sa tuarascáil faoi alt 25(1) don bhliain a nglacfar leis an mbronntanas.

[EN]

An tÚdarás d'fháil iasachtaí.

23.—Féadfaidh an tÚdarás, ó am go ham, chun foráil a dhéanamh maidir le caiteachas reatha, airgead a fháil ar iasacht (cibé acu ar urrús shócmhainní an Údaráis nó ar shlí eile), lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit, ach ní dhéanfaidh sé amhlaidh gan toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

[EN]

Airleacain ón Aire chuig an Údarás.

24.—Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a chinnfidh an tAire chun críocha caiteachais ag an Údarás ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó a airleacan chun an Údaráis as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Tuarascálacha agus faisnéis don Aire.

25.—(1) A luaithe is féidir tar éis dheireadh bhliain airgeadais an Údaráis ina mbeidh an lá bunaithe agus tar éis dheireadh gach bliana airgeadais de chuid an Údaráis ina dhiaidh sin, ach tráth nach déanaí ná 6 mhí dá éis, déanfaidh an tÚdarás tuarascáil i dtaobh a ghníomhaíochtaí i rith na bliana sin a thabhairt don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

(2) Beidh i ngach tuarascáil faoi fho-alt (1) faisnéis i cibé foirm agus maidir le cibé nithe a ordóidh an tAire.

[EN]

(3) Déanfaidh an tÚdarás, aon uair a iarrfaidh an tAire amhlaidh, faisnéis a thabhairt don Aire i ndáil le cibé nithe a shonróidh sé nó sí maidir le scóip a ghníomhaíochtaí i gcoitinne nó i ndáil leis an gcéanna, nó i leith aon chuntais arna ullmhú ag an Údarás nó aon tuarascála a shonraítear i bhfo-alt (1) nó i leith bheartas nó ghníomhaíochtaí, seachas gníomhaíochtaí ó lá go lá, an Údaráis.

[EN]

(4) Féadfaidh an tÚdarás cibé tuarascálacha eile i dtaobh nithe a bhaineann lena ghníomhaíochtaí agus lena fheidhmeanna a fhoilsiú, de réir mar a mheasfaidh an Bord ó am go ham a bheith iomchuí agus cuí.

[EN]

Cuntais agus iniúchtaí.

26.—(1) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach, tar éis comhaontú an Bhoird a fháil, meastacháin ar ioncam agus caiteachas a chur faoi bhráid an Aire i cibé foirm, i leith cibé tréimhsí, agus ag cibé tráthanna a éileoidh an tAire agus déanfaidh sé nó sí aon fhaisnéis a éileoidh an tAire i ndáil le meastacháin den sórt sin, lena n-áirítear tograí agus pleananna sa todhchaí a bhaineann leis an Údarás do chomhall a fheidhmeanna thar thréimhse blianta, a thabhairt don Aire de réir mar a éileofar.

[EN]

(2) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach, faoi stiúradh an Bhoird, a chur faoi deara go gcoimeádfar, ar bhonn leanúnach, leabhair chuntais chuí ar ioncam agus ar chaiteachas uile an Údaráis, agus ar fhoinsí an ioncaim sin agus ar ábhar an chaiteachais sin, agus ar mhaoin, ar shócmhainní agus ar dhliteanais an Údaráis agus coimeádfaidh sé nó sí na cuntais speisialta sin go léir a n-ordóidh an tAire nó an Bord, le toiliú an Aire, ina leith, ó am go ham, gur ceart iad a choimeád agus tabharfaidh sé nó sí cuntas don Bhord ina leith.

[EN]

(3) Is é bliain airgeadais an Údaráis an tréimhse 12 mhí dar críoch an 31ú lá de Nollaig in aon bhliain, agus chun críocha an ailt seo agus alt 25 measfar gur bliain airgeadais an tréimhse dar tosach an lá bunaithe agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig dá éis sin.

[EN]

(4) Aon uair a iarrfaidh an tAire amhlaidh, ceadóidh an Bord, an príomhfheidhmeannach agus oifigigh eile an Údaráis d'aon duine a bheidh ceaptha ag an Aire leabhair agus cuntais an Údaráis a scrúdú i leith aon bhliana airgeadais nó tréimhse eile agus éascóidh siad aon scrúdú den sórt sin agus íocfaidh an tÚdarás cibé táille ina leith a shocróidh an tAire chuige sin.

[EN]

(5) Déanfar cuntais an Údaráis do gach bliain airgeadais a ullmhú i cibé foirm agus modh a shonróidh an tAire. Ullmhóidh an príomhfheidhmeannach na cuntais agus ceadóidh an Bord iad a luaithe is indéanta, ach tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais lena mbainfidh siad, lena gcur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh. Déanfar cóip de na cuntais agus de thuarascáil an iniúchóra orthu a thíolacadh do chomhaltaí an Bhoird agus don Aire a luaithe is indéanta agus cuirfidh an tAire faoi deara cóip de na doiciméid sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

(6) Is é nó is í an príomhfheidhmeannach an duine cuntasach i ndáil le cuntais an Údaráis agus aon uair a éileoidh Coiste de chuid Dháil Éireann air nó uirthi amhlaidh, ar Coiste é a bheidh bunaithe faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, agus tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann ar an gcéanna, tabharfaidh sé nó sí fianaise don Choiste sin—

[EN]

(a) ar rialtacht agus cuibheas na n-idirbheart a bheidh taifeadta, nó a cheanglaítear a thaifeadadh, in aon chuntas a thagann faoi réir iniúchadh ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a bhfuil ceangal ar an bpríomhfheidhmeannach nó ar an Údarás le reacht nó faoi reacht é a ullmhú,

[EN]

(b) ar bharainneacht agus éifeachtúlacht an Údaráis ó thaobh a chuid acmhainní a úsáid,

[EN]

(c) ar na córais, na nósanna imeachta agus na cleachtais a úsáideann an tÚdarás chun éifeachtacht a oibríochtaí a mheasúnú, agus

[EN]

(d) ar aon ní a fhearann ar an Údarás agus dá dtagraítear i dtuarascáil speisialta ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi alt 11(2) d'Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993, nó in aon tuarascáil eile ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (a mhéid a bhainfidh sé le ní a shonraítear i mír (a), (b) nó (c)) a leagtar faoi bhráid Dháil Éireann.

[EN]

Áitreabh an Údaráis.

27.—(1) Féadfaidh an tÚdarás chun áitreabh a chur ar fáil is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí—

[EN]

(a) aon talamh a cheannach nó, le toiliú an Aire Airgeadais, a thógáil ar léas,

[EN]

(b) oifigí agus áitreabh a fhoirgniú, a threalmhú agus a chothabháil.

[EN]

(2) Féadfaidh an tÚdarás aon talamh, oifigí nó áitreabh a bheidh ar teachtadh aige, agus nach gá a thuilleadh chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí, a dhíol nó a léasú.

[EN]

Séala an Údaráis.

28.—(1) Soláthróidh an tÚdarás séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe.

[EN]

(2) Déanfar séala an Údaráis a fhíordheimhniú—

[EN]

(a) le síniú an duine a cheapfar mar chathaoirleach ar an mBord, nó

[EN]

(b) (i) le síniú comhalta den Bhord, nó

[EN]

(ii) le síniú oifigigh don Údarás,

[EN]

a bheidh údaraithe ag an mBord chun gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Údaráis agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartaíonn a bheith ina ionstraim a rinne an tÚdarás agus a bheith séalaithe le séala an Údaráis (a airbheartaíonn a bheith fíordheimhnithe de réir fho-alt (2)) agus measfar gur ionstraim den sórt sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt.

[EN]

Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí.

29.—(1) Féadfaidh an tÚdarás, faoi réir ceadú a fháil ón mBord roimh ré nó ar iarraidh ón mBord, cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a mheasfaidh sé is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, a fhostú ó am go ham agus déanfaidh an tÚdarás aon táillí is iníoctha ag an Údarás le sainchomhairleoir nó comhairleoir a fhostófar faoin alt seo a íoc as airgead a bheidh ar láimh aige.

[EN]

Féadfaidh an tÚdarás tuarascálacha a lorg i ndáil le sábháilteacht agus sláinteachas bia.

30.—(1) Féadfaidh an tÚdarás tuarascálacha ar aon ní, arb é a thuairim ina leith go mbaineann sé le sábháilteacht bia nó sláinteachas bia, a lorg ón Aire cuí den Rialtas nó ón gcomhlacht cuí a bheidh bunaithe faoi reacht a mbeidh freagracht fhoriomlán air sa réimse lena mbaineann an ní.

[EN]

(2) Féadfaidh an tÚdarás tuarascáil a thabharfar dó faoin alt seo a chur ar fáil don Aire.

CUID III

Bord, Coiste Eolaíochta, Coistí, Príomhfheidhmeannach agus Foireann an Údaráis

[EN]

Comhaltas Bhord an Údaráis agus téarma oifige na gcomhaltaí.

31.—(1) Beidh Bord ann, ar a dtabharfar Bord Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, chun feidhmeanna an Údaráis a stiúradh agus a chur i gcrích de réir an Achta seo agus déanfaidh sé leordhóthanacht na gcóras a bheidh i bhfeidhm chun na críche sin a dheimhniú dó féin agus, thairis sin, déanfaidh sé oibriú an Údaráis a bhainistiú agus a athbhreithniú.

[EN]

(2) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis an lae bunaithe, daoine a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí den Bhord.

[EN]

(3) Beidh ar an mBord cathaoirleach agus 9 ngnáthchomhalta, a mbeidh cathaoirleach an Choiste Eolaíochta ar dhuine acu.

[EN]

(4) Déanfaidh an tAire, nuair a bheidh gnáthchomhalta den Bhord á cheapadh nó á ceapadh aige nó aici, tréimhse comhaltais an chomhalta sin, ar tréimhse í nach faide ná 5 bliana, a shocrú agus, faoi réir an ailt seo, beidh an comhaltas ar cibé téarmaí a chinnfidh an tAire.

[EN]

(5) Beidh ceathrar de ghnáthchomhaltaí an Bhoird a cheapfar faoi fho-alt (2) i seilbh oifige ar feadh tréimhse nach faide ná trí bliana ó dháta a gceaptha de réir mar a chinnfidh an tAire.

[EN]

(6) Féadfaidh comhalta den Bhord, aon tráth, éirí as bheith ina chomhalta nó ina comhalta trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as ón dáta a shonrófar sa litir nó ar an dáta a gheobhaidh an tAire an litir, cibé acu is déanaí.

[EN]

(7) Féadfaidh an tAire, aon tráth, comhalta den Bhord a chur as oifig mar chomhalta den Bhord más rud é, i dtuairim an Aire, go bhfuil an comhalta éagumasach, de dheasca easláinte, ar a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh nó gur mhí-iompair an comhalta é féin nó í féin mar a bheidh sonraithe nó más dealraitheach don Aire gur gá é nó í a bhriseadh as comhaltas le go gcomhlíonfadh an tÚdarás feidhmeanna an Údaráis go héifeachtach.

[EN]

(8) Scoirfidh comhalta den Bhord de bheith, agus beidh, agus beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith, ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord sin más rud é, maidir leis an gcomhalta sin—

[EN]

(a) go mbreithneofar ina fhéimheach nó ina féimheach é nó í,

[EN]

(b) go ndéanfaidh sé nó sí imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe,

[EN]

(c) go ngearrfaidh cúirt dlínse inniúla téarma príosúnachta air nó uirthi, nó

[EN]

(d) go ndícháileofar é nó í chun bheith, nó go srianfar é nó í ó bheith, ina stiúrthóir d'aon chuideachta (de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990).

[EN]

(9) Más rud é go bhfaighidh comhalta den Bhord bás, go n-éireoidh sé nó sí as oifig, go scoirfidh sé nó sí, go dtiocfaidh sé nó sí faoi dhícháilíocht nó go gcuirfear as oifig é nó í, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord chun an corrfholúntas a tharlóidh amhlaidh a líonadh agus déanfar an duine a cheapfar amhlaidh a cheapadh ar an modh céanna ar ar ceapadh an comhalta den Bhord ba chúis leis an gcorrfholúntas. Déanfar an duine a cheapfar amhlaidh a cheapadh laistigh de 2 mhí ón tráth a gcuirfear an folúntas in iúl don Aire.

[EN]

(10) Beidh comhalta den Bhord a rachaidh a thréimhse nó a tréimhse comhaltais in éag trí imeacht aimsire in-athcheaptha mar chomhalta den Bhord.

[EN]

(11) Déanfaidh an tAire, a mhéid is indéanta, cóimheá chothromasach idir fir agus mná a chinntiú i gcomhdhéanamh an Bhoird.

[EN]

Cathaoirleach an Bhoird.

32.—(1) Is é 5 bliana téarma oifige Chathaoirleach an Bhoird.

[EN]

(2) Má scoireann cathaoirleach an Bhoird de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord scoirfidh sé nó sí freisin, air sin, de bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an mBord.

[EN]

(3) Féadfaidh cathaoirleach an Bhoird, aon tráth, éirí as a oifig nó as a hoifig mar chathaoirleach le litir a sheolfar chun an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as, mura dtarraingeofar siar roimhe sin i scríbhinn é, ag tosach an chéad chruinnithe den Bhord a bheidh ann tar éis don Aire an t-éirí as a chur in iúl don Bhord.

[EN]

(4) Beidh cathaoirleach an Bhoird, mura n-éagfaidh sé nó sí roimhe sin nó mura scoirfidh sé nó sí ar shlí eile de bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach de bhua fho-alt (2)(3), i seilbh oifige go dtí deireadh a thréimhse nó a tréimhse comhaltais den Bhord agus, má athcheaptar é nó í mar chomhalta den Bhord, beidh sé nó sí in-athcheaptha mar chathaoirleach ar an mBord.

[EN]

Cruinniú den Bhord.

33.—(1) Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

[EN]

(2) Déanfaidh an tAire, i gcomhairle le cathaoirleach an Bhoird, am an chéad chruinnithe den Bhord a shocrú.

[EN]

(3) 4 is córam do chruinniú den Bhord.

[EN]

(4) Ag cruinniú den Bhord—

[EN]

(a) is é cathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé nó sí i láthair, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú, agus

[EN]

(b) mura mbeidh, agus fad nach mbeidh, cathaoirleach an Bhoird i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair duine dá gcuid comhaltaí chun bheith ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcruinniú.

[EN]

(5) Ag cruinniú den Bhord, beidh vóta ag gach comhalta den Bhord a bheidh i láthair, lena n-áirítear an cathaoirleach, agus maidir le haon cheist ar gá vótáil ina leith chun tuairim an Bhoird ar an ní a shuíomh, déanfar í a chinneadh le tromlach vótaí chomhaltaí an Bhoird a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannais vótaí, beidh dara vóta is vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

[EN]

(6) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntais nó folúntas i measc a chomhaltaí.

[EN]

(7) Faoi réir an Achta seo, rialálfaidh an Bord, le buanorduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Bhoird.

[EN]

An Coiste Eolaíochta.

34.—(1) A luaithe is féidir tar éis an lae bunaithe, déanfaidh an Bord coiste (“an Coiste Eolaíochta”) a bhunú chun cúnamh agus comhairle a thabhairt don Bhord i ndáil le nithe de chineál eolaíoch a tharchuirfidh an Bord chuige agus chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an alt seo a chomhlíonadh.

[EN]

(2) 15 chomhalta ar a mhéad a bheidh sa Choiste Eolaíochta.

[EN]

(3) Glacfaidh an Coiste Eolaíochta rialacha agus nósanna imeachta le haghaidh stiúradh a chuid cruinnithe agus a ghníomhaíochtaí i gcoitinne agus cuirfidh sé na rialacha agus na nósanna imeachta sin faoi bhráid an Bhoird lena cheadú a fháil ina leith.

[EN]

(4) Déanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, comhaltaí an Choiste Eolaíochta (lena n-áirítear an cathaoirleach) a cheapadh.

[EN]

(5) Déanfaidh an tAire, i gcomhairle leis an mBord, nuair a bheidh comhalta den Choiste Eolaíochta á cheapadh nó á ceapadh aige nó aici—

[EN]

(a) tréimhse comhaltais comhalta den sórt sin a shocrú,

[EN]

(b) téarmaí a chomhaltais nó a comhaltais a shocrú,

[EN]

(c) aird a thabhairt ar an réimse cáilíochtaí agus taithí is gá chun feidhmeanna an Choiste Eolaíochta a chomhall go cuí agus go héifeachtach, agus go háirithe, aird a thabhairt ar cháilíochtaí agus ar thaithí den sórt sin i ndáil le sábháilteacht bia agus sláinteachas, agus

[EN]

(d) a chinntiú, a mhéid is indéanta, go mbeidh cóimheá chothromasach idir fir agus mná in aon cheapacháin.

[EN]

(6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), tabharfaidh an Coiste Eolaíochta comhairle don Bhord, i gcás ina n-iarrfaidh an Bord an chomhairle sin, i dtaobh nithe a bhaineann leis an méid seo a leanas—

[EN]

(a) ceisteanna eolaíocha agus teicniúla a bhaineann le sábháilteacht bia agus sláinteachas,

[EN]

(b) seirbhísí iniúchta bia a chur chun feidhme agus a riaradh, agus

[EN]

(c) luach cothaitheach nó cion cothaitheach bia.

[EN]

(7) Féadfaidh an Bord tréimhse a shonrú ar laistigh di a thabharfaidh an Coiste Eolaíochta comhairle i dtaobh nithe a tharchuirfear chuig an gCoiste Eolaíochta.

[EN]

(8) Ní ghníomhóidh an Bord i dtaobh aon ní a bheidh tarchurtha chuig an gCoiste Eolaíochta aige go dtí go mbeidh comhairle faighte ón gCoiste Eolaíochta ag an mBord i dtaobh an ní laistigh den tréimhse ama a shonróidh an Bord.

[EN]

(9) Féadfaidh an Coiste Eolaíochta, tar éis na himpleachtaí buiséadacha agus na himpleachtaí eile ó thaobh acmhainní a shuíomh go feadh a chumais agus tar éis—

[EN]

(a) comhairle a thabhairt don Bhord i dtaobh aon ní a tharchuirfidh an Bord chuige, cibé imscrúdú, measúnacht, taighde nó scrúdú eile nó breise is cuí leis an gCoiste Eolaíochta, i leith an ní, a ghabháil de láimh, nó

[EN]

(b) scéala a thabhairt don Bhord ar dtús, imscrúdú, measúnacht nó scrúdú is cuí leis an gCoiste Eolaíochta, ar aon ní a bhaineann le sábháilteacht bia agus sláinteachas, a thionscnamh.

[EN]

(10) I gcás go ndéanfaidh an Coiste Eolaíochta aon ní dá dtagraítear i bhfo-alt (9) a ghabháil de láimh nó a thionscnamh, féadfaidh an Bord teorainn ama a leagan síos ar laistigh di a gheobhaidh sé comhairle an Choiste Eolaíochta agus ní dhéanfaidh an Bord aon bheart i leith an ábhair a ghabhfar de láimh nó a thionscnófar amhlaidh, nó i ndáil leis, go dtí go mbeidh an teorainn ama sin éagtha nó go mbeidh comhairle faighte, cibé acu is túisce a tharlóidh.

[EN]

(11) I gcás nach mbeidh teorainn ama den sórt sin leagtha síos ag an mBord ar laistigh di a gheobhaidh sé comhairle an Choiste Eolaíochta ar aon ní a bheidh gafa de láimh nó tionscanta aige faoi fho-alt (9), féadfaidh an Bord, dá rogha féin, moill a chur ar aon bheart i leith an ábhair a bheidh gafa de láimh nó tionscanta, nó i ndáil leis, nó aon bheart den sórt sin a chur siar, go dtí go mbeidh comhairle ón gCoiste Eolaíochta tugtha dó.

[EN]

(12) Tabharfaidh an Coiste Eolaíochta comhairle faoin alt seo don Bhord trí chathaoirleach an Choiste Eolaíochta.

[EN]

(13) Féadfaidh an Bord an chomhairle a thabharfaidh an Coiste Eolaíochta faoin alt seo a fhoilsiú.

[EN]

Fochoistí.

35.—(1) Féadfaidh an Bord nó, de réir mar is cuí, an Coiste Eolaíochta fochoistí a bhunú ó am go ham chun comhairle a thabhairt dó, i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna.

[EN]

(2) Féadfaidh an Bord nó an Coiste Eolaíochta daoine ag a bhfuil eolas agus taithí speisialta a bhaineann le críocha an fhochoiste a cheapadh ar fhochoiste a bhunófar faoin alt seo.

[EN]

(3) Maidir le ceapadh duine ar fhochoiste a bhunófar faoin alt seo, beidh sé faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord nó an Coiste Eolaíochta.

[EN]

(4) Féadfaidh an Bord nó an Coiste Eolaíochta, aon tráth, fochoiste a bhunóidh sé faoin alt seo a dhíscaoileadh.

[EN]

(5) Maidir le gníomhartha fochoiste a bhunófar faoin alt seo, beidh siad faoi réir a ndaingnithe ag an mBord nó ag an gCoiste Eolaíochta, de réir mar is cuí, mura rud é go ligfidh an Bord nó an Coiste Eolaíochta ar ceal an gá atá le daingniú.

[EN]

(6) Féadfaidh an Bord nó an Coiste Eolaíochta nós imeachta fochoiste a bhunófar faoin alt seo a rialáil ach, faoi réir aon rialála den sórt sin, féadfaidh fochoiste a bhunófar faoin alt seo a nós imeachta féin a rialáil.

[EN]

(7) Déanfaidh an Bord nó, de réir mar a bheidh, an Coiste Eolaíochta, a chinntiú go mbeidh cóimheá chothromasach idir fir agus mná i gcomhdhéanamh fochoiste a bhunóidh sé faoin alt seo.

[EN]

Luach saothair agus liúntais.

36.—Féadfar cibé luach saothair (más ann) agus cibé liúntais a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le comhaltaí an Bhoird (lena n-áirítear an cathaoirleach) agus le comhaltaí den Choiste Eolaíochta agus d'aon fhochoiste a bhunófar faoi alt 35 i leith caiteachas a thabhóidh siad.

[EN]

Príomhfheidhmeannach an Údaráis.

37.—(1) Beidh príomhoifigeach ar an Údarás ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, an príomhfheidhmeannach.

[EN]

(2) Is é an Bord a cheapfaidh an príomhfheidhmeannach agus féadfaidh an Bord é nó í a chur as oifig aon tráth ar chúiseanna sonraithe le toiliú an Aire.

[EN]

(3) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach riarachán agus gnó an Údaráis a sheoladh agus a bhainistiú, agus a rialú i gcoitinne, agus comhlíonfaidh sé nó sí cibé feidhmeanna eile a chinnfidh an Bord.

[EN]

(4) Beidh an príomhfheidhmeannach i seilbh oifige ar feadh cibé téarma agus de réir agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha eile (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair) a chinnfidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an mBord agus le toiliú an Aire Airgeadais agus íocfar é nó í as airgead a bheidh ar láimh ag an Údarás de réir alt 24.

[EN]

(5) Féadfaidh an príomhfheidhmeannach tograí a chur faoi bhráid an Bhoird i dtaobh aon ní a bhaineann le gníomhaíochtaí an Údaráis.

[EN]

(6) Ní bheidh an príomhfheidhmeannach i seilbh oifige ná poist ar bith eile ná ní sheolfaidh sé nó sí gnó ar bith gan toiliú an Bhoird.

[EN]

(7) Ní bheidh an príomhfheidhmeannach ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord ná den Choiste Eolaíochta ná d'fhochoiste a bhunófar faoi alt 35, ach féadfaidh sé nó sí, de réir nósanna imeachta a bhunóidh an Bord, freastal ar chruinnithe den Bhord, den Choiste Eolaíochta nó d'aon fhochoistí den sórt sin agus beidh sé nó sí i dteideal labhairt agus comhairle a thabhairt don chruinniú iomchuí.

[EN]

Foireann an Údaráis.

38.—(1) Féadfaidh an Bord cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh sé le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Údaráis.

[EN]

(2) Is é an Bord, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, a chinnfidh na gráid d'fhoireann an Údaráis agus an líon foirne i ngach grád agus an leibhéal cuí luach saothair le haghaidh gach gráid.

[EN]

(3) Maidir le comhalta d'fhoireann an Údaráis—

[EN]

(a) íocfar leis nó léi, as airgead a dhéanfar a airleacan don Údarás de réir alt 24, cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas a thabhóidh sé nó sí de réir mar a chinnfidh an Bord, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, agus

[EN]

(b) beidh sé nó sí i seilbh oifige nó fostaíochta ar feadh cibé téarma agus de réir agus faoi réir cibé coinníollacha eile (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair) a chinnfidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an mBord agus le toiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

(4) Gach duine is comhalta d'fhoireann an iar-Údaráis díreach roimh an lá bunaithe, déanfar, an lá sin, é nó í a aistriú chuig foireann an Údaráis agus beidh sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann an Údaráis.

[EN]

(5) Ach amháin de réir comhaontaithe chomhchoitinn arna chaibidil le haon cheardchumainn nó comhlachais foirne aitheanta lena mbaineann, fad a bheidh duine dá dtagraítear i bhfo-alt (4) i seirbhís an Údaráis, ní lú an scála pá a gheobhaidh sé nó sí ná ní lú tairbhe dó nó di na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear iad sin a bhaineann le seilbh oifige) a gcuirfear é nó í faoina réir ná an scála pá a raibh sé nó sí ina theideal agus na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige) a raibh sé nó sí faoina réir díreach roimh an lá bunaithe.

[EN]

(6) Féadfar comhalta d'fhoireann gníomhaireachta oifigiúla, ar duine é nó í, nó ar d'aicme daoine é nó í, a bheidh ainmnithe chun na críche ag an Aire den Rialtas nó ag duine eile ar a bhfuil freagracht sa ghníomhaireacht oifigiúil lena mbaineann, agus faoi réir fho-alt (7) i gcoitinne agus faoi réir thoiliú an Aire den Rialtas ar a bhfuil freagracht sa ghníomhaireacht oifigiúil lena mbaineann, a aistriú chuig an Údarás.

[EN]

(7) Ach amháin de réir comhaontaithe chomhchoitinn arna chaibidil le haon cheardchumainn agus comhlachais aitheanta lena mbaineann agus leis an ngníomhaireacht oifigiúil iomchuí lena mbaineann, agus le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, fad a bheidh comhalta d'fhoireann gníomhaireachta oifigiúla a aistreofar chuig foireann an Údaráis faoi fho-alt (6) i seirbhís an Údaráis, ní lú an scála pá a gheobhaidh sé nó sí ná ní lú tairbhe dó nó di na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear iad sin a bhaineann le seilbh oifige) a gcuirfear é nó í faoina réir ná an scála pá a raibh sé nó sí ina theideal agus na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (lena n-áirítear iad sin a bhaineann le seilbh oifige) a raibh sé nó sí faoina réir díreach sular aistríodh é nó í.

[EN]

Aoisliúntas.

39.—(1) Déanfaidh an tÚdarás scéim nó scéimeanna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun sochair aoisliúntais a dheonú do cibé comhaltaí d'fhoireann an Údaráis, nó i leith cibé comhaltaí d'fhoireann an Údaráis, is cuí leis.

[EN]

(2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh sochair aoisliúntais iníochta leo nó ina leith faoin scéim nó faoi na scéimeanna agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

[EN]

(3) Féadfar gach scéim den sórt sin a leasú nó a chúlghairm le scéim iardain a ullmhófar, a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo.

[EN]

(4) Maidir le scéim a chuirfidh an tÚdarás faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le toiliú an Aire Airgeadais, déanfaidh an Bord í a chur i gcrích de réir a téarmaí.

[EN]

(5) Maidir le sochair aoisliúntais a dheonófar faoi scéimeanna faoin alt seo do dhaoine a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, ina gcomhaltaí d'fhoireann an iar-Údaráis, agus maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis na sochair sin, ní lú an fabhar a bhainfidh leo do na daoine sin ná iad sin a raibh siad ina dteideal díreach roimh an lá sin.

[EN]

(6) Ní dheonóidh an tÚdarás sochar aoisliúntais ar bith ná ní dhéanfaidh an tÚdarás comhshocraíochtaí ar bith eile chun sochar den sórt sin a chur ar fáil do chomhalta d'fhoireann an Údaráis ná i leith comhalta d'fhoireann an Údaráis ar dhóigh seachas de réir scéime faoin alt seo nó le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

[EN]

(7) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon sochar aoisliúntais is iníoctha de bhun scéime nó scéimeanna faoin alt seo, nó i dtaobh mhéid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean nó sise chun an Aire Airgeadais í, agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Aire Airgeadais.

[EN]

(8) Más rud é, sa tréimhse dar tosach an lá bunaithe agus dar críoch díreach roimh thosach feidhme scéime faoin alt seo, go mbeidh sochar aoisliúntais le híoc le duine a aistríodh chuig foireann an Údaráis faoi alt 38, nó i leith duine den sórt sin, déanfaidh an tÚdarás an sochar a ríomh de réir cibé scéime, nó cibé achtacháin i ndáil le haoisliúntas, a raibh feidhm aici nó acu maidir leis an duine díreach roimh an lá bunaithe agus, chun na críche sin, déanfar a sheirbhís inphinsin nó a seirbhís inphinsin leis an Údarás a chomhiomlánú lena sheirbhís inphinsin nó lena seirbhís inphinsin roimhe sin agus íocfaidh an tÚdarás an sochar aoisliúntais sin.

[EN]

(9) Déanfar scéim faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

[EN]

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas, de Pharlaimint na hEorpa, d'údarás áitiúil nó de bhord sláinte.

40.—(1) I gcás, maidir le comhalta den Bhord—

[EN]

(a) go ndéanfar é nó í a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann,

[EN]

(b) go ndéanfar é nó í a thoghadh mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó mar ionadaí i bParlaimint na hEorpa,

[EN]

(c) go measfar, de bhun alt 19 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh,

[EN]

(d) go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'údarás áitiúil, nó

[EN]

(e) go dtiocfaidh sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta de bhord boird sláinte,

[EN]

scoirfidh sé nó sí air sin de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord.

[EN]

(2) I gcás, maidir le comhalta d'fhoireann an Údaráis—

[EN]

(a) go ndéanfar é nó í a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann,

[EN]

(b) go ndéanfar é nó í a thoghadh mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó mar ionadaí i bParlaimint na hEorpa, nó

[EN]

(c) go measfar, de bhun alt 19 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh,

[EN]

beidh sé nó sí air sin ar iasacht óna fhostaíocht nó óna fostaíocht leis an Údarás agus ní íocfaidh an tÚdarás leis nó léi, ná ní bheidh sé nó sí i dteideal go bhfaighidh sé nó sí ón Údarás, luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach an t-ainmniú nó an toghadh sin, nó an tráth a measfar amhlaidh é nó í a bheith tofa (de réir mar a bheidh), agus dar críoch an tráth a mbeidh scortha aige nó aici de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Teach sin nó de bheith ina ionadaí nó ina hionadaí sa Pharlaimint sin.

[EN]

(3) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó a bheidh ina ionadaí nó ina hionadaí i bParlaimint na hEorpa, beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal nó ina chomhalta nó ina comhalta amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord, nó ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann an Údaráis.

[EN]

(4) Aon duine is comhalta d'údarás áitiúil nó de bhord boird sláinte, beidh sé nó sí dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord.

[EN]

(5) Ní dhéanfaidh an tÚdarás duine ar bith a bheadh dícháilithe thairis sin faoin alt seo chun teacht chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord a fhostú nó a áirithiú in aon cháil ach amháin le ceadú an Bhoird.

[EN]

(6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), forléireofar an fo-alt sin mar ní a thoirmiscfidh, i measc nithe eile, tréimhse a luaitear san fho-alt sin a áireamh mar sheirbhís leis an Údarás chun críocha aon sochar aoisliúntais.

[EN]

Dearbhú leasanna.

41.—(1) Ar é nó í a bheith ceaptha, déanfaidh an príomhfheidhmeannach, gach comhalta den Bhord agus gach comhalta den Choiste Eolaíochta dearbhú i scríbhinn ar a leasanna a thabhairt don Aire i cibé foirm a shonróidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

[EN]

(2) Ar é nó í a bheith ceaptha, déanfaidh gach sainchomhairleoir agus gach fostaí de chuid an Údaráis ag grád nó ag leibhéal a shonrófar roimh an gceapadh ag an mBord, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, agus déanfaidh gach comhalta d'aon fhochoiste a bhunófar faoi alt 35 agus a ainmneoidh an Bord i dtaca leis sin, dearbhú ar a leasanna a thabhairt i scríbhinn do chathaoirleach an Bhoird agus, laistigh de 3 mhí ó thráth an dearbhaithe sin, déanfaidh an cathaoirleach leasanna dearbhaithe agus ainmneacha na ndaoine a thabharfaidh na dearbhuithe a chur in iúl don Bhord agus don Aire.

[EN]

(3) Déanfaidh duine lena mbaineann fo-alt (1)(2), fad a bheidh sé nó sí i seilbh a cheapacháin nó a ceapacháin, a dhearbhuithe leasanna nó a dearbhuithe leasanna a leasú agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar a cheanglóidh an tAire nó an Bord, de réir mar a bheidh, i dtaca le haon athrú sna leasanna a bheidh ar teachtadh ag an duine.

[EN]

(4) (a) Déanfar ráiteas ar na leasanna a dhearbhófar faoi fho-alt (1) a chur san áireamh sa chéad tuarascáil eile a ullmhófar de réir alt 25(1) tar éis an dearbhú a dhéanamh agus déanfar aon athrú ina dhiaidh sin i ndearbhú a chur san áireamh freisin i ráiteas sa chéad tuarascáil eile a bheidh ar fáil.

[EN]

(b) Comhaontóidh an cathaoirleach, an tAire agus an tAire Airgeadais foirm agus comhthéacs an ráitis a bheidh le cur san áireamh sa tuarascáil sin.

[EN]

(c) D'ainneoin fhorálacha mhír (b), ní gá méid ná luach airgid aon leasa, ná luach saothair ó aon trádáil, gairm nó fostaíocht a bheidh san áireamh sa ráiteas, a shonrú i ráiteas sa tuarascáil sin.

[EN]

(5) I gcás go mainneoidh duine lena mbaineann fo-alt (1) dearbhú a thabhairt de réir an fho-ailt sin, cinnfidh an tAire an gníomh cuí (lena n-áirítear cur as oifig) a bheidh le déanamh.

[EN]

(6) I gcás go mainneoidh duine lena mbaineann fo-alt (2) dearbhú a thabhairt de réir an fho-ailt sin, cinnfidh an Bord an gníomh cuí (lena n-áirítear cur as oifig nó conradh a fhoirceannadh) a bheidh le déanamh.

[EN]

(7) San alt seo:

[EN]

folaíonn “fostaíocht”—

[EN]

(a) fostaíocht lánaimseartha,

[EN]

(b) fostaíocht pháirtaimseartha íoctha, i gcás go mbeidh an fhostaíocht sin ar siúl i mbliain an cheaptha nó go n-éiríonn sí i mblianta ina dhiaidh sin,

[EN]

(c) fostaíocht shealadach íoctha, ar fostaíocht í ar feadh tréimhse 16 seachtaine nó níos mó i mbliain an cheaptha nó i mblianta ina dhiaidh sin, nó

[EN]

(d) a bheith ar áirithiú faoi chonradh, go díreach nó go neamhdhíreach, in aon cháil mar chomhairleoir, sainchomhairleoir nó brústocaire, nó chun seirbhísí a chur ar fáil;

[EN]

ag gnó bia nó i ngnó bia;

[EN]

folaíonn “gnó bia”—

[EN]

(a) aon ghnó a dhíolann bia go díreach leis an bpobal, a dháileann bia go díreach ar an bpobal nó a mhargaíonn bia go díreach don phobal (lena n-áirítear lónadóirí agus miondíoltóirí),

[EN]

(b) aon ghnó a ghabhann do bhia a dháileadh, a iompar, a allmhairiú, a onnmhairiú, a stóráil nó a mhórdhíol, nó

[EN]

(c) bia a phróiseáil agus a phacáistiú,

[EN]

agus measfar gur gnó bia é i gcás gur trian, ar a laghad, de láimhdeachas an ghnó atá sa ghníomhaíocht i ndáil le bia;

[EN]

folaíonn “leasanna”—

[EN]

(a) fostaíocht leo seo a leanas nó thar a gceann—

[EN]

(i) gnó bia,

[EN]

(ii) aon eagraíocht atá ionadaitheach do ghnóthaí bia, nó

[EN]

(iii) aon eagraíocht atá ionadaitheach do tháirgeoirí bia,

[EN]

(b) úinéireacht gnó bia,

[EN]

(c) úinéireacht talún talmhaíochta a úsáideann an páirtí lena mbaineann le haghaidh bia a tháirgeadh lena dhíol, go díreach nó trí pháirtí eile, leis an tomhaltóir, nó i dtaca leis sin,

[EN]

(d) scaireanna i ngnó bia, bannaí nó bintiúir de chuid gnó bia nó infheistíochtaí eile dá samhail i ngnó bia, i gcás gur mó ná £7,000 comhiomlán na sealúchas sin,

[EN]

(e) stiúrthóireacht nó stiúrthóireacht fholaitheach (de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990) i ngnó bia, atá ar teachtadh i láthair na huaire nó a bhí ar teachtadh i rith an dá bhliain roimhe sin, nó

[EN]

(f) bronntanais taistil, laethanta saoire, iompair, airgid (de bhreis ar £500) nó sochair eile, lena n-áirítear sochair ó aon leas tairbhiúil i ngnó bia nó i dtalamh talmhaíochta nó i dtaca leis an gcéanna, i rith an dá bhliain roimhe sin, a fuair an duine atá á cheapadh nó á ceapadh nó a fuair céile an duine sin;

[EN]

folaíonn “úinéireacht”—

[EN]

(a) aon leas dílseánaigh i dtalamh talmhaíochta nó i ngnó bia, cibé acu is leas ruílse, léasach nó tairbhiúil an leas, agus beidh feidhm aige,

[EN]

(b) i gcás nach mbeidh an leas ar teachtadh ach ag an duine a bheidh á cheapadh nó á ceapadh nó go mbeidh an leas ar teachtadh i bpáirt le duine amháin eile nó níos mó, agus

[EN]

(c) i gcás inar £15,000 nó níos mó luach an leasa tráth an cheaptha.

[EN]

Nochtadh leasanna.

42.—(1) I gcás go mbeidh leas airgid nó leas tairbhiúil eile in aon ní, nó atá ábhartha le haon ní, a bheidh le breithniú ag an mBord, ag an gCoiste Eolaíochta nó ag fochoiste arna bhunú faoin Acht seo, de réir mar a bheidh, ag an bpríomhfheidhmeannach, ag comhalta den Bhord, ag comhalta d'fhoireann an Údaráis, ag comhalta den Choiste Eolaíochta nó d'fhochoiste arna bhunú faoi alt 35, nó ag sainchomhairleoir, comhairleoir nó duine eile a bheidh ar fostú ag an Údarás—

[EN]

(a) déanfaidh sé nó sí an cineál leasa atá aige nó aici a nochtadh don Bhord, don Choiste Eolaíochta nó don fhochoiste, de réir mar a bheidh, sula ndéanfar an ní a bhreithniú in aon slí,

[EN]

(b) ní dhéanfaidh sé nó sí tionchar a imirt, ná ní fhéachfaidh le tionchar a imirt, ar chinneadh i ndáil leis an ní,

[EN]

(c) ní ghlacfaidh sé nó sí páirt ar bith in aon bhreithniú ar an ní,

[EN]

(d) más príomhfheidhmeannach, nó comhalta den Bhord, d'fhoireann an Údaráis, den Choiste Eolaíochta nó d'fhochoiste arna bhunú faoin Acht seo é nó í, tarraingeoidh sé nó sí siar ón gcruinniú fad a bheidh an ní á phlé nó á bhreithniú ag an mBord, ag an gCoiste Eolaíochta nó ag fochoiste arna bhunú faoin Acht seo, de réir mar a bheidh, agus ní vótálfaidh sé nó sí ná ní ghníomhóidh sé nó sí mar phríomhfheidhmeannach nó comhalta den sórt sin i ndáil leis an ní.

[EN]

(2) Chun críocha an ailt seo, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), measfar leas tairbhiúil a bheith ag duine más rud é—

[EN]

(a) gur comhalta de chuideachta nó d'aon chomhlacht eile ag a bhfuil leas tairbhiúil i ní dá dtagraítear san fho-alt sin, nó ag a bhfuil leas tairbhiúil atá ábhartha le ní dá dtagraítear san fho-alt sin, é nó í nó aon duine dá theaghlach nó dá teaghlach, nó aon ainmnitheach dá chuid nó dá cuid nó de chuid aon duine dá theaghlach nó dá teaghlach,

[EN]

(b) go bhfuil sé nó sí nó aon duine dá theaghlach nó dá teaghlach i gcomhpháirtíocht le duine nó ar fostú ag duine ag a bhfuil leas tairbhiúil i ní den sórt sin, nó ag a bhfuil leas tairbhiúil atá ábhartha le ní den sórt sin,

[EN]

(c) gur páirtí é nó í nó aon duine dá theaghlach nó dá teaghlach in aon chomhshocraíocht nó comhaontú (cibé acu infheidhmithe nó nach ea) maidir le talamh lena mbaineann ní den sórt sin, nó

[EN]

(d) go bhfuil leas tairbhiúil ag aon duine dá theaghlach nó dá teaghlach i ní den sórt sin nó leas táirbhiúil atá ábhartha le ní den sórt sin.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo ní mheasfar leas tairbhiúil in aon ní, nó leas atá ábhartha le haon ní, a bheith ag duine de bhíthin amháin go bhfuil leas aige nó aici nó ag aon chuideachta nó ag aon chomhlacht eile nó duine eile dá dtagraítear i bhfo-alt (2) atá chomh cianda nó chomh beagthábhachtach sin agus nach féidir a mheas le réasún gur dóigh dó tionchar a imirt ar dhuine agus é nó í ag breithniú nó ag plé aon cheiste i leith an ní nó ag vótáil ar aon cheist i leith an ní, nó ag comhlíonadh aon fheidhme i ndáil leis an ní sin.

[EN]

(4) I gcás ina n-éireoidh ceist i dtaobh arbh ionann nó nárbh ionann iompar áirithe ag duine, dá ndéanfadh sé nó sí dá réir, agus mainneachtain aige nó aici ceanglais fho-alt (1) a chomhlíonadh, is é an Bord a chinnfidh an cheist agus déanfar sonraí an chinnidh a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann.

[EN]

(5) I gcás go ndéanfar nochtadh don Bhord, don Choiste Eolaíochta nó d'fhochoiste de bhun fho-alt (1), déanfar sonraí an nochta a thaifeadadh i miontuairiscí an chruinnithe lena mbaineann.

[EN]

(6) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) beidh sé nó sí ciontach i gcion agus ar é nó í a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi.

[EN]

Nochtadh faisnéise.

43.—(1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le dlí, ní dhéanfaidh duine, gan toiliú an Bhoird, faisnéis ar bith a gheobhaidh sé nó sí agus é nó í ag comhlíonadh dualgas (nó de thoradh dualgais a bheith comhlíonta aige nó aici)—

[EN]

(a) mar chomhalta den Bhord,

[EN]

(b) mar chomhalta d'fhoireann an Údaráis (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach),

[EN]

(c) mar chomhalta den Choiste Eolaíochta, nó d'fhochoiste arna bhunú faoi alt 35, nó

[EN]

(d) mar chomhairleoir nó sainchomhairleoir don Údarás,

[EN]

ná a gheofar ag comhlíonadh conartha seirbhíse, a nochtadh.

[EN]

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) beidh sé nó sí ciontach i gcion agus ar é nó í a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi.

[EN]

(3) Ní chuirfidh aon ní i bhfo-alt (1) cosc le nochtadh faisnéise i dtuarascáil a thabharfar don Bhord nó a thabharfaidh an tÚdarás, nó a thabharfar thar ceann an Údaráis, don Aire.

CUID IV

Caighdeáin Sábháilteachta Bia a Fhorfheidhmiú

[EN]

Tosach feidhme Chuid IV.

44.—Tiocfaidh an Chuid seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

[EN]

Cumhacht an Údaráis caighdeáin sábháilteachta bia i reachtaíocht bia a fhorfheidhmiú.

45.—Faoi réir alt 57, in aon reachtaíocht bia a rithfear nó a dhéanfar roimh an lá bunaithe, measfar gur feidhm de chuid an Údaráis aon fheidhmeanna de chuid gníomhaireachta oifigiúla i ndáil le forfheidhmiú na reachtaíochta.

[EN]

Iniúchtaí, etc. ar bhia.

46.—Chun críocha alt 11, cuirfidh an tÚdarás an méid seo a leanas i gcrích nó socróidh sé go gcuirfear an méid seo a leanas i gcrích thar a cheann faoi alt 48:

[EN]

(a) áitreabh agus trealamh, lena n-áirítear áitreabh nó trealamh a úsáidtear i dtaca le monarú, próiseáil, diúscairt, iompar agus stóráil bia, a iniúchadh, a cheadú, a cheadúnú nó a chlárú,

[EN]

(b) bia, lena n-áirítear comhábhair bia, a iniúchadh, a shampláil agus a anailísiú, agus

[EN]

(c) lipéadú bia a iniúchadh agus a anailísiú,

chun comhlíonadh reachtaíochta bia a chinneadh.

[EN]

Iniúchtaí breise.

47.—Chun críocha alt 11, agus i dteannta na gcumhachtaí iniúchta faoi reachtaíocht bia nó faoi alt 46, féadfaidh an tÚdarás, i gcás cúinse áirithe a shainaithneoidh oifigeach údaraithe agus ar cúinse é atá ar mhaithe le sábháilteacht bia agus sláinteachas, cibé iniúchtaí breise a mheasfaidh sé is gá chun a fheidhmeanna a chomhall faoin Acht seo a chur i gcrích nó féadfaidh sé socrú a dhéanamh go gcuirfear iniúchtaí den sórt sin i gcrích agus, a mhéid is indéanta, déanfaidh an tÚdarás aon iniúchtaí den sórt sin a chur i gcrích, nó cuirfear i gcrích iad thar ceann an Údaráis, i gcomhairle le cibé daoine is cuí leis.

[EN]

Conarthaí seirbhíse.

48.—(1) Féadfaidh an tÚdarás, chun a fheidhmeanna faoi alt 46 a chur i gcrích, conradh a dhéanamh (“conradh seirbhíse”)—

[EN]

(a) i gcás aon reachtaíochta bia a luaitear sa Chéad Sceideal tráth an Achta seo a rith, leis an ngníomhaireacht oifigiúil a bheidh freagrach díreach roimh thosach feidhme alt 45 i bhforfheidhmiú na gcaighdeán sin sa reachtaíocht sin,

[EN]

(b) i gcás aon reachtaíochta bia a luaitear sa Chéad Sceideal agus a chuirfear isteach le hordú faoi alt 5 tar éis an tAcht seo a rith, leis an ngníomhaireacht oifigiúil a bheidh freagrach díreach roimh an ordú a dhéanamh (nó, i gcás go mbeidh foráil maidir le tosach feidhme san ordú, díreach roimh a thosach feidhme) i bhforfheidhmiú na gcaighdeán sin sa reachtaíocht sin, nó

[EN]

(c) leis an ngníomhaireacht oifigiúil iomchuí i ndáil le haon reachtaíocht bia a rithfear nó a dhéanfar tar éis an lae bunaithe agus a measfar gur reachtaíocht bia í chun críocha an Achta seo.

[EN]

(2) Aon ghníomhaireacht oifigiúil a bheidh ag comhlíonadh feidhmeanna faoi chonradh seirbhíse, beidh sí ag gníomhú thar ceann an Údaráis agus mar ghníomhaire don Údarás.

[EN]

(3) Sonróidh an tÚdarás na nithe seo a leanas do ghníomhaireacht oifigiúil a mbeartaíonn sé conradh seirbhíse a dhéanamh léi—

[EN]

(a) na cuspóirí agus na spriocanna i leith iniúchtaí bia ar mian leis go mbainfeadh an ghníomhaireacht oifigiúil amach iad, ag féachaint do na hacmhainní atá ar fáil don ghníomhaireacht oifigiúil,

[EN]

(b) an tréimhse ama ar laistigh di is mian leis go mbainfear na spriocanna agus na cuspóirí amach, agus

[EN]

(c) aon ní eile a mheasfaidh an tÚdarás is gá.

[EN]

(4) Déanfaidh gníomhaireacht oifigiúil a bheartaíonn conradh seirbhíse a dhéanamh leis an Údarás na meáin trína mbeartaíonn sí na spriocanna agus na cuspóirí sin a bhaint amach, lena n-áirítear na hacmhainní a mbeartaíonn sí leas a bhaint astu le linn an conradh seirbhíse a chomhlíonadh, a chur in iúl don Údarás.

[EN]

(5) Beidh conradh seirbhíse i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach lú ná 3 bliana agus féadfar, ar iarraidh ó cheachtar páirtí, é a chur faoi réir athbhreithnithe i rith na tréimhse sin.

[EN]

(6) Foilseoidh an tÚdarás aon chonradh seirbhíse laistigh de 3 mhí ó thráth a dhéanta.

[EN]

(7) Foilseoidh an tÚdarás, laistigh de 3 mhí, na hathruithe ar chonradh, agus na cúiseanna leis na hathruithe sin, ar athruithe iad a éireoidh as aon athbhreithniú a chuirfear i gcrích de réir fho-alt (5).

[EN]

(8) Déanfaidh an ghníomhaireacht oifigiúil lena mbaineann, laistigh de 3 mhí ó dheireadh gach bliana den chonradh, tuarascáil bhliantúil a chur ar fáil don Údarás, nó ar iarraidh ón Údarás, tuarascálacha níos minice ná sin, i dtaobh chur i bhfeidhm an chonartha seirbhíse agus féadfaidh an tÚdarás, más cuí leis é, tuarascálacha den sórt sin a fhoilsiú.

[EN]

(9) Déanfaidh an tÚdarás cibé bearta is cuí leis chun a chinneadh an bhfuil iniúchtaí á gcur i gcrích go leormhaith ag gníomhaireacht oifigiúil faoi chonradh seirbhíse.

[EN]

(10) Déanfaidh gníomhaireacht oifigiúil a chuirfidh in iúl don Údarás nach mian léi conradh seirbhíse a dhéanamh nó a athnuachan leis an Údarás an tAire a chur ar an eolas a luaithe is féidir, tríd an Aire den Rialtas nó trí dhuine eile ar a bhfuil freagracht sa ghníomhaireacht oifigiúil, á rá go bhfuil curtha in iúl aici amhlaidh agus tabharfaidh sí cúiseanna lena sonrú.

[EN]

(11) Soláthróidh gníomhaireacht oifigiúil, a dhéanfaidh conradh seirbhíse, na hacmhainní is gá chun an conradh a chomhlíonadh.

[EN]

(12) I gcás go mainneoidh gníomhaireacht oifigiúil conradh seirbhíse a dhéanamh nó, gurb é tuairim an Údaráis nach bhfuil gníomhaireacht oifigiúil tar éis a cuid oibleagáidí go léir nó cuid shuntasach nó cuid ábhartha dá cuid oibleagáidí faoi chonradh seirbhíse a chomhlíonadh, déanfaidh an tÚdarás, gan mhoill agus tar éis dul i gcomhairle leis an Aire den Rialtas nó le duine eile ar a bhfuil freagracht sa ghníomhaireacht oifigiúil lena mbaineann, cibé socruithe a chur ar bun a mheasfaidh sé a bheith riachtanach chun ábhar an chonartha seirbhíse a bheidh i gceist a chomhlíonadh.

[EN]

(13) Féadfaidh an tÚdarás tuarascáil speisialta a thabhairt don Aire i gcásanna ina dtarlaíonn neamhchomhlíonadh iomlán nó neamhchomhlíonadh suntasach conartha seirbhíse agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de thuarascáil den sórt sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

Oifigigh údaraithe.

49.—(1) Féadfaidh an Bord nó an príomhfheidhmeannach daoine a cheapadh i scríbhinn chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an Achta seo.

[EN]

(2) Féadfaidh an Bord nó an príomhfheidhmeannach aon duine a cheapadh i scríbhinn chun bheith ina oifigeach údaraithe nó ina hoifigeach údaraithe ar feadh tréimhse socraithe chun críocha fhorálacha uile nó aon cheann d'fhorálacha an Achta seo.

[EN]

(3) Déanfaidh gníomhaireacht oifigiúil, i gcás conradh seirbhíse a bheith déanta aici leis an mBord, daoine a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críche an chonartha sin agus déanfaidh sí, a luaithe is féidir, aon cheapachán den sórt sin a chur in iúl don Údarás agus beidh na cumhachtaí go léir atá ar fáil d'oifigigh údaraithe faoin Acht seo ag na daoine sin le linn conradh seirbhíse a bheith á chomhlíonadh acu.

[EN]

(4) Déanfaidh an tÚdarás nó an ghníomhaireacht oifigiúil, de réir mar a bheidh, barántas a cheaptha nó a ceaptha mar oifigeach údaraithe a thabhairt do gach oifigeach údaraithe a cheapfar faoin alt seo, agus nuair a bheidh aon chumhacht a thugtar dó nó di leis an alt seo mar oifigeach údaraithe á feidhmiú aige nó aici déanfaidh sé nó sí, má iarrann aon duine a ndéantar difear dó nó di amhlaidh, an barántas nó cóip de a thabhairt ar aird don duine sin.

[EN]

(5) Scoirfidh ceapachán faoin alt seo mar oifigeach údaraithe—

[EN]

(a) i gcás ceapacháin a dhéanfaidh an Bord nó an príomhfheidhmeannach, má dhéanann an Bord nó an príomhfheidhmeannach, de réir mar a bheidh, an ceapachán a chúlghairm,

[EN]

(b) i gcás ceapacháin a dhéanfaidh gníomhaireacht oifigiúil, má fhoirceanntar an conradh seirbhíse iomchuí,

[EN]

(c) más i gcomhair tréimhse socraithe é, ar éag don tréimhse sin, nó

[EN]

(d) más oifigeach de chuid gníomhaireachta oifigiúla nó oifigeach de chuid an Údaráis an duine a cheapfar, ar scor dó nó di de bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach den sórt sin.

[EN]

Cumhachtaí oifigeach údaraithe.

50.—(1) Gan dochar d'fhorálacha aon reachtaíochta bia, féadfaidh oifigeach údaraithe, chun aon fhaisnéis a fháil is gá chun a chumasú don Údarás a fheidhmeanna a fheidhmiú faoin Acht seo nó do ghníomhaireacht oifigiúil a feidhmeanna a fheidhmiú faoi chonradh seirbhíse—

[EN]

(a) a cheangal ar aon fhostaí de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta oifigiúla, ar iarfhostaí de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta oifigiúla nó ar aon duine ar áirithiú ar shlí eile ag gníomhaireacht oifigiúil ar bhonn reatha nó san am atá caite, nó ar aon duine a sheolann nó a sheol aon trádáil, gnó nó gníomhaíocht lena mbaineann an tAcht seo nó ar aon duine ar fostú ar bhonn reatha nó san am atá caite i dtaca leis an trádáil, leis an ngnó nó leis an ngníomhaíocht sin cibé taifid a thabhairt ar aird dó nó di, agus i gcás faisnéis den sórt sin a bheith i bhfoirm neamh-inléite, í a atáirgeadh i mbuanfhoirm inléite, nó cibé faisnéis a thabhairt dó nó di a theastóidh ón oifigeach le réasún i ndáil le haon iontrálacha sna taifid sin,

[EN]

(b) dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh, faoi réir fho-alt (2), a mbeidh foras réasúnach ann chun a chreidiúint ina leith go seoltar nó gur seoladh aon trádáil, gnó nó gníomhaíocht ann i dtaca le táirgeadh, próiseáil, diúscairt, monarú, onnmhairiú, allmhairiú, stóráil, dáileadh nó díol bia, nó go gcoimeádtar taifid ann i ndáil le trádáil, gnó nó gníomhaíocht den sórt, agus an t-áitreabh, agus aon taifid san áitreabh nó air, a chuardach agus a iniúchadh,

[EN]

(c) aon áitreabh nó aon chuid d'aon áitreabh den sórt sin ina gcoimeádtar taifid den sórt sin nó a bhfuil foras réasúnach ann chun a chreidiúint go gcoimeádtar taifid den sórt sin ann a dhaingniú lena iniúchadh ina dhiaidh sin,

[EN]

(d) aon taifid den sórt sin a iniúchadh, cóipeanna a thógáil díobh nó sleachta a thógáil astu (lena n-áirítear, i gcás faisnéise i bhfoirm neamh-inléite, cóip den fhaisnéis sin, nó sliocht as an bhfaisnéis sin, i mbuanfhoirm inléite),

[EN]

(e) na taifid sin a thabhairt chun siúil agus a choimeád ar feadh cibé tréimhse a bheidh réasúnach lena scrúdú tuilleadh,

[EN]

(f) a cheangal ar dhuine dá dtagraítear i mír (a) aon fhaisnéis a thabhairt don oifigeach a theastóidh ón oifigeach le réasún maidir leis an trádáil, leis an ngnó nó leis an ngníomhaíocht nó maidir leis na daoine a sheolann an trádáil, an gnó nó an ghníomhaíocht nó atá ar fostú i dtaca leis an trádáil, leis an ngnó nó leis an ngníomhaíocht sin,

[EN]

(g) a cheangal ar aon duine dá dtagraítear i mír (a) a úsáideann nó a d'úsáid trealamh sonraí, nó a n-úsáidtear nó ar úsáideadh trealamh sonraí thar a cheann nó thar a ceann, i ndáil le gnó de réir bhrí mhír (b) nó ar aon duine atá i bhfeighil trealaimh sonraí nó aon ghairis nó ábhair ghaolmhair nó a mbeidh baint aige nó aici ar shlí eile le hoibriú an chéanna, gach cúnamh réasúnach a thabhairt don oifigeach i ndáil lena úsáid ina leith sin,

[EN]

(h) aon duine eile is fostaí, nó ab fhostaí, de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta oifigiúla nó atá nó a bhí ar áirithiú ag an Údarás nó ag gníomhaireacht oifigiúil nó atá nó a bhí fostaithe i dtaca leis an trádáil, leis an ngnó nó leis an ngníomhaíocht atá faoi scrúdú ag an Údarás nó ag a ghníomhaire, de bhua conartha seirbhíse, a thoghairm aon tráth réasúnach chun aon fhaisnéis a éileoidh an t-oifigeach le réasún maidir leis an trádáil, leis an ngnó nó leis an ngníomhaíocht sin a thabhairt don oifigeach agus aon taifid a bheidh i gcumhacht nó faoi urláimh an duine sin a thabhairt ar aird don oifigeach.

[EN]

(2) Ní rachaidh oifigeach údaraithe, seachas le toiliú an áititheora, isteach i dteaghais phríobháideach mura mbeidh barántas faighte aige nó aici ón gCúirt Dúiche faoi fho-alt (4) lena n-údarófar dul isteach amhlaidh.

[EN]

(3) Féadfaidh oifigeach údaraithe, má mheasann sé nó sí é a bheith riachtanach, a cheangal ar chomhalta den Gharda Síochána cabhrú leis nó léi agus le linn aon chumhachtaí a chomhlíonadh a thugtar d'oifigeach údaraithe leis an Acht seo ar cumhacht í lena ngabhann briseadh isteach in áitreabh nó aon ghníomh eile a fhágfaidh gur gá forneart a úsáid ina leith agus gur dleathach forneart a úsáid ina leith, agus déanfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána a gceanglófar amhlaidh air nó uirthi, ach amháin i gcás go mbeidh leithscéal réasúnach aige nó aici, an ceanglas a chomhlíonadh.

[EN]

(4) Más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche ar fhaisnéis faoi mhionn ó oifigeach údaraithe go bhfuil forais réasúnacha amhrais ann i dtaobh faisnéis a theastaíonn ó oifigeach údaraithe faoin alt seo a bheith á coimeád in aon áitreabh, féadfaidh an breitheamh barántas a eisiúint á údarú d'oifigeach údaraithe, agus oifigigh údaraithe eile nó comhalta den Gharda Síochána in éineacht leis nó léi más cuí, aon tráth nó tráthanna laistigh de mhí amháin ón dáta a eiseofar an barántas, ar an mbarántas a thabhairt ar aird má iarrtar amhlaidh air nó uirthi é, dul isteach san áitreabh sin, le forneart réasúnach más gá, agus gach ceann nó aon cheann de na cumhachtaí a thugtar d'oifigeach údaraithe faoin alt seo a fheidhmiú.

[EN]

(5) Aon duine a mhainneoidh, gan leithscéal réasúnach, ceanglas (seachas ceanglas faoi fho-alt (3)) a dhéanfaidh oifigeach údaraithe faoin Acht seo a chomhlíonadh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

[EN]

(6) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (5), dlífear—

[EN]

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

[EN]

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £100,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

[EN]

(7) I gcás go leanfaidh duine, tar éis a chiontaithe nó a ciontaithe i gcion faoi fho-alt (5), den fhoráil sin a shárú, beidh sé nó sí ciontach i gcion ar gach uile lá a leanfaidh an sárú sin agus maidir le gach cion den sórt sin—

[EN]

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air nó uirthi, nó

[EN]

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, dlífear fíneáil nach mó ná £15,000 a chur air nó uirthi.

[EN]

(8) Aon duine a chuirfidh bac nó treampán ar oifigeach údaraithe agus é nó í ag feidhmiú a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoin Acht seo nó a thabharfaidh faisnéis d'oifigeach údaraithe is eol dó nó di a bheith bréagach nó míthreorach, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus ar é nó í a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

[EN]

Samplaí a thógáil.

51.—(1) Chun críocha iniúchtaí bia a bheidh le déanamh ag an Údarás nó thar ceann an Údaráis, agus gan dochar do sholáthar aon reachtaíochta bia a bhaineann le sampláil agus anailísiú bia, féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás—

[EN]

(a) rialacháin a dhéanamh—

[EN]

(i) maidir le samplaí a ghlacadh de bhia nó d'ábhair nó d'earraí a úsáidtear nó a bheartaítear lena n-úsáid le linn bia nó earraí is seachtháirgí de mhonarú bia a ullmhú nó a mhonarú (lena n-áirítear pacáistiú agus innealra), agus

[EN]

(ii) chun a chumasú tástálacha, scrúduithe agus anailísithe a dhéanamh ar na samplaí sin,

[EN]

(b) tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eolaíochta—

[EN]

(i) an deimhniú nó an fhianaise eile a bheidh le tabhairt ar thoradh aon tástála, scrúdaithe nó anailísithe a dhéanfar de réir na rialachán sin, agus

[EN]

(ii) na daoine nó na haicmí daoine ag a mbeidh agus dá mbeidh an deimhniú nó an fhianaise sin le tabhairt,

[EN]

a fhorordú.

[EN]

(2) Maidir le haon deimhniú nó le haon fhianaise eile a chuirfear ar fáil de réir rialachán arna ndéanamh faoi fho-alt (1) nó de réir reachtaíochta iomchuí bia, is fianaise prima facie é nó í i leith thoradh aon tástála, scrúdaithe nó anailísithe ar shampla agus, go dtí go suífear a mhalairt, glacfaidh gach Cúirt Bhreithiúnais leis an deimhniú nó leis an bhfianaise sin, maidir leis na samplaí sin, mar fhianaise ar thoradh na tástála, an scrúdaithe nó an anailísithe sin agus go ndearnadh an tástáil, an scrúdú nó an t-anailísiú sin faoi réim agus de réir an Achta seo nó aon reachtaíochta bia eile.

(3) Aon duine a chuirfidh bac ar dhuine a bheidh údaraithe ag an Údarás chun samplaí a ghlacadh faoi rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (1), beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi.

[EN]

Fógraí agus orduithe feabhsúcháin.

52.—(1) Más é tuairim oifigigh údaraithe—

[EN]

(a) maidir le haon ghníomhaíocht ag aon áitreabh (nó cuid d'áitreabh agus lena n-áirítear aon áitreabh ar thailte atá tadhlach leis an áitreabh nó le hais an áitribh) ar gníomhaíocht í lena ngabhann láimhsiú, ullmhú, próiseáil, monarú, dáileadh, stóráil nó díol bia, nó

[EN]

(b) maidir leis an mbail atá ar aon áitreabh (nó ar chuid d'áitreabh agus lena n-áirítear aon áitreabh nó tailte atá tadhlach leis an áitreabh nó le hais an áitribh) a bhfuil na gníomhaíochtaí sin á gcur i gcrích aige, ann nó air,

[EN]

gur de chineál í, má leanann sí ar aghaidh, go gcuirfidh sí sláinte an phobail i mbaol nó gur dóigh di sláinte an phobail a chur i mbaol, féadfaidh an t-oifigeach, tar éis dul i gcomhairle leis an bpríomhfheidhmeannach nó le cibé oifigeach eile de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta oifigiúla a bheidh ainmnithe ag an mBord chuige sin, fógra (“fógra feabhsúcháin”) a bheidh sínithe ag an oifigeach nó ag an bpríomhfheidhmeannach nó ag an oifigeach eile de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta eile a bheidh ainmnithe ag an mBord chuige sin, agus ina luafar gurb é sin a thuairim nó a tuairim, a sheirbheáil ar an dílseánach nó ar an duine atá i bhfeighil, nó féadfaidh sé nó sí socrú a dhéanamh go seirbheálfar amhlaidh é, agus maidir leis an bhfógra—

[EN]

(i) sainaithneofar ann an ghníomhaíocht nó an fabht san áitreabh (nó sa chuid den áitreabh) is cúis leis an mbaol,

[EN]

(ii) ceanglófar leis go ndéanfar gníomh feabhais agus, más cuí, sonrófar ann cineál nó sonraí an ghnímh feabhais sin,

[EN]

(iii) sonrófar ann teorainn ama ar laistigh di a bheidh an gníomh feabhais le críochnú nó le cur i ngníomh, agus

[EN]

(iv) beidh ar áireamh ann aon cheanglais eile a measfaidh an t-oifigeach údaraithe gur gá iad sna himthosca áirithe.

[EN]

(2) Seirbheálfar fógra feabhsúcháin ar an dílseánach nó ar an duine atá i bhfeighil an áitribh agus beidh éifeacht leis láithreach nó, de réir mar is cuí, ó dháta a shonrófar san fhógra agus cuirfear aon seirbheáil den sórt sin in iúl don Bhord ag an gcéad chruinniú eile den Bhord a bheidh ar fáil.

[EN]

(3) Féadfaidh an príomhfheidhmeannach nó comhalta d'fhoireann an Údaráis nó comhalta den Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord i dtaca leis seo fógra feabhsúcháin arna dhéanamh de réir an ailt seo a chúlghairm nó a athrú, ar chúiseanna sonraithe, agus cuirfear aon chúlghairm nó athrú den sórt sin, agus na cúiseanna leis, in iúl don Bhord ag an gcéad chruinniú eile den Bhord a bheidh ar fáil.

[EN]

(4) I gcás nach gcomhlíonfar fógra feabhsúcháin nó nach gcomhlíonfar é chun sástacht oifigigh údaraithe, féadfaidh an tÚdarás nó an ghníomhaireacht oifigiúil ordú (“ordú feabhsúcháin”) a lorg ón gCúirt Dúiche a dhíreofar chuig an dílseánach nó chuig an duine atá i bhfeighil, á ordú dó nó di an fógra feabhsúcháin a chomhlíonadh agus sonrófar ann—

[EN]

(a) an obair feabhais a bheidh le déanamh,

[EN]

(b) an teorainn ama chun an obair feabhais a chríochnú nó a chur i ngníomh, agus

[EN]

(c) cibé ceanglas eile, más ann, a mheasfaidh an Chúirt is cuí.

[EN]

(5) Forálfar le hordú feabhsúcháin go bhféadfaidh an tÚdarás nó an ghíomhaireacht oifigiúil ordú dúnta a sheirbheáil—

[EN]

(a) i gcás nach gcomhlíonfar an t-ordú feabhsúcháin laistigh den am a shonrófar san ordú feabhsúcháin, nó

[EN]

(b) i gcás imthosca a bheith ann a bheidh sonraithe san ordú feabhsúcháin agus a éireoidh roimh dheireadh na teorann ama a bheidh sonraithe san ordú feabhsúcháin, ar imthosca iad a fhágann gur ceart ordú dúnta a sheirbheáil.

[EN]

(6) Ní choiscfidh aon ní san alt seo ar an Údarás ná ar an ngníomhaireacht oifigiúil ordú dúnta a sheirbheáil aon tráth i leith aon áitribh a bheidh faoi réir fógra feabhsúcháin más rud é, i dtuairim oifigigh údaraithe, go n-éilíonn na himthosca ordú dúnta a sheirbheáil.

[EN]

Orduithe dúnta.

53.—(1) Más é tuairim oifigigh údaraithe go bhfuil contúirt thromaí láithreach ann, nó gur dóigh go mbeidh contúirt thromaí láithreach ann, do shláinte an phobail ag aon áitreabh nó ag aon chuid d'áitreabh den sórt sin, nó ann nó air, nó i gcás nach féidir leis an oifigeach údaraithe, mar gheall ar aon bhac, leibhéal aon chontúirte den sórt sin, más ann, nó a mhéid atá contúirt den sórt sin ann, a shuíomh chun a shástachta nó chun a sástachta, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe, tar éis dul i gcomhairle leis an bpríomhfheidhmeannach nó le cibé oifigeach eile de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta oifigiúla a bheidh ainmnithe ag an mBord chuige sin fógra (“ordú dúnta”) a bheidh sínithe ag an oifigeach nó ag an bpríomhfheidhmeannach nó ag an oifigeach eile de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta eile a bheidh ainmnithe ag an mBord chuige sin, agus ina luafar gurb é sin a thuairim nó a tuairim, a sheirbheáil ar an dílseánach nó ar an duine atá i bhfeighil an áitribh, nó féadfaidh sé nó sí socrú a dhéanamh go seirbheálfar amhlaidh é agus, de réir mar is cuí—

[EN]

(a) luafar san ordú gurb é tuairim an oifigigh údaraithe gur ceart an t-áitreabh, nó an chuid den áitreabh lena mbaineann an t-ordú, a dhúnadh,

[EN]

(b) sonrófar san ordú na nithe arb é a thuairim nó a tuairim ina leith gurb iad is cúis leis an mbaol sin nó, de réir mar a bheidh, gur dóigh gurb iad is cúis leis an mbaol sin,

[EN]

(c) i gcás gurb é a thuairim nó a tuairim go bhfuil sárú nó, de réir mar a bheidh, go mbeidh sárú ar aon chuid den reachtaíocht bia i gceist leis na nithe sin, luafar san ordú gurb é sin a thuairim nó a tuairim, sonrófar ann an fhoráil nó na forálacha a bhfuil an tuairim sin aige nó aici ina leith, agus tabharfar ann sonraí na gcúiseanna go bhfuil an tuairim sin aige nó aici, agus

[EN]

(d) ordófar leis an ordú go ndúnfar an t-áitreabh mura ndéanfar, agus go dtí go ndéanfar, na nithe a bheidh sonraithe san ordú de bhun mhír (b), agus aon sárú gaolmhar ar fhorálacha a bheidh sonraithe amhlaidh de bhun mhír (c), a leigheas.

[EN]

(2) Cuirfear seirbheáil ordaithe dúnta in iúl don Bhord ag an gcéad chruinniú eile den Bhord a bheidh ar fáil.

[EN]

(3) Beidh éifeacht le hordú dúnta—

[EN]

(a) i gcás go ndearbhófar amhlaidh leis an ordú, láithreach tar éis don duine ar a seirbheálfar an t-ordú dúnta é a fháil,

[EN]

(b) in aon chás eile—

[EN]

(i) i gcás nach ndéanfar achomharc i gcoinne an ordaithe dúnta, ag deireadh na tréimhse a bhféadfar achomharc den sórt sin a dhéanamh lena linn nó an lá a sonrófar san ordú dúnta gurb é an lá é a thiocfaidh sé in éifeacht, cibé acu is déanaí, nó

[EN]

(ii) i gcás go ndéanfar achomharc den sórt sin, an lá díreach tar éis an lae a ndaingneofar an t-ordú dúnta ar achomharc nó a dtarraingeofar siar an t-achomharc nó an lá a sonrófar san ordú dúnta gurb é an lá é a bhfuil sé le teacht in éifeacht, cibé acu is déanaí.

[EN]

(4) Ní bheidh de thoradh ar achomharc a dhéanamh i gcoinne ordaithe dúnta a bheidh le teacht in éifeacht de réir fho-alt (3) (a) oibriú an ordaithe dúnta a fhionraí, ach féadfaidh an t-achomharcóir iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt lena chur faoi deara oibriú an ordaithe dúnta a fhionraí go dtí go gcuirfear an t-achomharc de láimh agus, ar iarratas den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an chúirt, más cuí léi sin a dhéanamh, a ordú go bhfionrófar oibriú an ordaithe go dtí go gcuirfear an t-achomharc de láimh.

[EN]

(5) (a) Aon duine arb éagóir leis nó léi ordú dúnta, féadfaidh sé nó sí, laistigh den tréimhse 7 lá dar tosach an lá a seirbheálfar an t-ordú dúnta air nó uirthi, achomharc i gcoinne an ordaithe a dhéanamh chuig breitheamh den Chúirt Dúiche sa dúiche chúirte dúiche inar seirbheáladh an t-ordú sa tslí fhorordaithe agus le linn an t-achomharc a chinneadh féadfaidh an breitheamh—

[EN]

(i) más deimhin leis nó léi gur réasúnach déanamh amhlaidh in imthosca an cháis, an t-ordú dúnta a dhaingniú, modhnaithe nó gan mhodhnú, nó

[EN]

(ii) an t-ordú dúnta a chealú.

[EN]

(b) Más rud é, ar achomharc a éisteacht faoin alt seo, go ndaingneofar ordú dúnta, féadfaidh an breitheamh den Chúirt Dúiche a éistfidh an t-achomharc, ar iarratas ón achomharcóir, oibriú an ordaithe dúnta a fhionraí, d'ainneoin fho-alt (4), ar feadh cibé tréimhse is cuí leis an mbreitheamh dúiche in imthosca an cháis.

[EN]

(6) Aon duine a dhéanfaidh achomharc i gcoinne ordaithe dúnta nó a dhéanfaidh iarratas ar ordachán chun feidhmiú an ordaithe dúnta faoi fho-alt (4) a fhionraí, déanfaidh sé nó sí, san am céanna, an t-achomharc nó an t-iarratas agus na forais ar a ndéantar an t-achomharc nó an t-iarratas a chur in iúl don Údarás nó don ghníomhaireacht oifigiúil agus beidh an tÚdarás nó an ghníomhaireacht oifigiúil i dteideal láithriú, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ar an achomharc nó ar an iarratas a éisteacht.

[EN]

(7) Féadfaidh an príomhfheidhmeannach nó duine eile ar fostaí de chuid an Údaráis nó comhalta den Bhord é nó í, arna údarú nó arna húdarú ag an mBord i dtaca leis seo, ordú dúnta a dhéanfar de réir an ailt seo a chúlghairm nó a athrú, ar chúiseanna sonraithe, agus cuirfear aon chúlghairm nó athrú den sórt sin, agus na cúiseanna atá leis an gcéanna, in iúl don Bhord ag an gcéad chruinniú eile den Bhord a bheidh ar fáil.

[EN]

(8) (a) I gcás go mbeidh ordú dúnta seirbheáilte agus go seolfar gníomhaíochtaí de shárú ar an ordú, féadfaidh an Ard-Chúirt le hordú, ar iarratas ó oifigeach údaraithe, toirmeasc a chur ar leanúint de na gníomhaíochtaí agus a ordú go ndúnfar an t-áitreabh.

[EN]

(b) Is trí fhoriarratas a dhéanfar iarratas chuig an Ard-Chúirt ar ordú faoin bhfo-alt seo agus féadfaidh an Chúirt, nuair a bheidh sí ag breithniú an ní, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach (más ann) is cuí léi a dhéanamh agus féadfar cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) is cuí leis an gCúirt, maidir le costais a íoc, a chur san ordú lena gcinnfear iarratas faoin bhfo-alt seo.

[EN]

(9) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach, ar mhaithe le sláinte an phobail agus le cosaint an tomhaltóra, cibé socruithe a mheasfaidh sé nó sí is cuí nó is gá chun aird an phobail a tharraingt ar ábhar ordaithe dúnta.

[EN]

Táirgí bia a tharraingt siar.

54.—(1) Más rud é, maidir le haon ghníomhaíochtaí a bhainfidh le láimhsiú, próiseáil, diúscairt, monarú, stóráil, dáileadh nó díol bia lena mbaineann an t-alt seo, gurb é tuairim oifigigh údaraithe go bhfuil baol tromaí do shláinte an phobail i gceist leis na gníomhaíochtaí, nó gur dóigh go mbeidh baol tromaí do shláinte an phobail i gceist leo, féadfaidh an t-oifigeach údaraithe, tar éis dul i gcomhairle leis an bpríomhfheidhmeannach nó le cibé oifigeach eile de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta eile a bheidh ainmnithe ag an mBord chuige sin, fógra (“ordú toirmisc”) a bheidh sínithe ag an oifigeach nó ag an bpríomhfheidhmeannach nó ag an oifigeach eile de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta eile a bheidh ainmnithe ag an mBord chuige sin, agus ina luafar gurb é sin a thuairim nó a tuairim, a sheirbheáil ar an dílseánach nó ar an duine atá i bhfeighil an bhia a bheidh i gceist, nó féadfaidh sé nó sí socrú a dhéanamh go seirbheálfar amhlaidh é, agus maidir leis an ordú toirmisc—

[EN]

(a) luafar ann gurb é tuairim an oifigigh údaraithe gur ceart go n-éireofaí as coinsíneacht, aicme, baisc nó mír áirithe bia a dhíol (cibé acu atá nó nach bhfuil an táirge ar an margadh lena dhíol sa Stát nó in áit eile),

[EN]

(b) sonrófar ann na nithe arb é tuairim an oifigigh ina leith gurb iad is cúis leis an mbaol sin nó, de réir mar a bheidh, gur dóigh gurb iad is cúis leis,

[EN]

(c) i gcás gurb é tuairim an oifigigh go bhfuil sárú nó, de réir mar a bheidh, go mbeidh sárú ar aon chuid den reachtaíocht bia i gceist leis na nithe sin, luafar ann gurb é sin a thuairim nó a tuairim, agus sonrófar ann an fhoráil nó na forálacha a bhfuil an tuairim sin aige nó aici ina leith, agus tabharfar ann sonraí na gcúiseanna go bhfuil an tuairim sin aige nó aici, agus

[EN]

(d) i leith aon cheann nó gach ceann acu seo a leanas, ordófar leis don duine ar a seirbheálfar an t-ordú toirmisc a chinntiú—

[EN]

(i) nach n-úsáidfear an bia lena chaitheamh ag daoine,

[EN]

(ii) go ngairfear an bia ar ais óna dhíol nó óna dháileadh (cibé acu atá nó nach bhfuil an bia ar díol nó á dháileadh nó dáilte lena dhíol sa Stát nó in áit eile),

[EN]

(iii) de réir mar is cuí ar mhaithe le sláinte an phobail, go gcuirfear an bia i riocht sábháilte lena chaitheamh ag daoine nó go gcoinneofar nó go ndíothófar é i slí a fhorordóidh an t-oifigeach údaraithe,

[EN]

agus, i gcás neamhchomhlíonadh nó moill ag an duine ar a mbeidh an fógra seirbheáilte, déanfaidh oifigeach údaraithe de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta oifigiúla, tar éis dul i gcomhairle leis an bpríomhfheidhmeannach nó leis an oifigeach eile de chuid an Údaráis nó de chuid gníomhaireachta eile a bheidh ainmnithe ag an mBord chuige sin, cibé bearta a mheastar a bheith riachtanach chun a chinntiú go gcomhlíonfar an t-ordachán a thabharfar faoin bhfo-alt seo agus féadfaidh urghabháil agus díothú na dtáirgí a bheidh i gceist nó déanamh aon socruithe maidir le hurghabháil nó díothú den sórt sin, nó iad araon, a bheith san áireamh sna bearta sin.

[EN]

(2) Tabharfar fógra don Bhord ag an gcéad chruinniú eile den Bhord a bheidh ar fáil á rá gur seirbheáladh ordú toirmisc.

[EN]

(3) Déanfaidh an príomhfheidhmeannach, ar mhaithe le sláinte an phobail agus cosaint tomhaltóirí, cibé socruithe a mheasfaidh sé nó sí a bheith riachtanach nó cuí—

[EN]

(a) chun aird an phobail a tharraingt ar an ní is cúis leis an bhfógra toirmisc,

[EN]

(b) chun fógra faoin ordú toirmisc a thabhairt do na húdaráis inniúla rialaitheacha (trí aon sásra a bheidh comhaontaithe chun é sin a dhéanamh, i gcás go mbeidh sásra den sórt sin ann) i dtíortha eile ina bhfuil an bia ar díol nó ina ndáiltear nó inar dáileadh an bia lena dhíol.

[EN]

(4) Beidh éifeacht le hordú toirmisc—

[EN]

(a) i gcás go ndearbhófar amhlaidh leis an ordú, láithreach tar éis don duine ar a seirbheálfar an fógra é a fháil,

[EN]

(b) in aon chás eile—

[EN]

(i) i gcás nach ndéanfar achomharc i gcoinne an ordaithe toirmisc, ar éag don tréimhse a bhféadfar achomharc den sórt sin a dhéanamh lena linn nó an lá a sonrófar san ordú toirmisc gurb é an lá é a bhfuil sé le teacht in éifeacht, cibé acu is déanaí, nó

[EN]

(ii) i gcás go ndéanfar achomharc den sórt sin, ar an lá díreach tar éis an lae a ndaingneofar an t-ordú toirmisc ar achomharc nó a dtarraingeofar siar an t-achomharc nó an lá a sonrófar san ordú toirmisc gurb é an lá é a bhfuil sé le teacht in éifeacht, cibé acu is déanaí.

[EN]

(5) Ní bheidh de thoradh ar achomharc a dhéanamh i gcoinne ordaithe toirmisc atá le teacht in éifeacht de réir fho-alt (4) (a) go bhfionrófar oibriú an ordaithe toirmisc, ach féadfaidh an t-achomharcóir iarratas a dhéanamh ar an gCúirt go bhfionrófar oibriú an ordaithe toirmisc go dtí go ndéanfar an t-achomharc a chur de láimh agus, ar an iarratas sin a dhéanamh, féadfaidh an Chúirt, más cuí léi sin a dhéanamh, a ordú go bhfionrófar oibriú an ordaithe toirmisc go dtí go gcuirfear an t-achomharc de láimh.

[EN]

(6) (a) Aon duine arb éagóir leis nó léi ordú toirmisc, féadfaidh sé nó sí, laistigh den tréimhse 7 lá dar tosach an lá a seirbheálfar an t-ordú toirmisc air nó uirthi, achomharc i gcoinne an ordaithe a dhéanamh chuig breitheamh den Chúirt Dúiche sa dúiche chúirte dúiche inar seirbheáladh an t-ordú toirmisc sa tslí fhorordaithe agus le linn an t-achomharc a chinneadh féadfaidh an breitheamh—

[EN]

(i) más deimhin leis nó léi go bhfuil sé réasúnach déanamh amhlaidh in imthosca an cháis, an t-ordú toirmisc a dhaingniú, modhnaithe nó gan mhodhnú, nó

[EN]

(ii) an t-ordú toirmisc a chealú.

[EN]

(a) Más rud é, ar achomharc a éisteacht faoin alt seo, go ndaingneofar ordú toirmisc, féadfaidh an breitheamh den Chúirt Dúiche a éistfidh an t-achomharc, ar iarratas ón achomharcóir, oibriú an ordaithe toirmisc a fhionraí, d'ainneoin fho-alt (4), ar feadh cibé treimhse is cuí leis an mbreitheamh dúiche in imthosca an cháis.

[EN]

(7) Aon duine a dhéanfaidh achomharc i gcoinne ordaithe toirmisc nó a dhéanfaidh iarratas ar ordachán chun feidhmiú an ordaithe toirmisc a fhionraí faoi fho-alt (5), déanfaidh sé nó sí, san am céanna, an t-achomharc nó an t-iarratas agus na forais don achomharc nó don iarratas a chur in iúl don Údarás nó don ghníomhaireacht oifigiúil agus beidh an tÚdarás nó an ghníomhaireacht oifigiúil i dteideal láithriú, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird ar an achomharc nó ar an iarratas a éisteacht.

[EN]

(8) Féadfaidh an príomhfheidhmeannach nó duine eile ar fostaí de chuid an Údaráis nó comhalta den Bhord é nó í, arna údarú nó arna húdarú ag an mBord i dtaca leis sin, ar chúiseanna sonraithe, ordú toirmisc arna dhéanamh de réir an ailt seo a chúlghairm nó a athrú agus cuirfear aon chúlghairm nó athrú den sórt sin, agus na cúiseanna leis an gcéanna, in iúl don Bhord ag an gcéad chruinniú eile den Bhord a bheidh ar fáil.

[EN]

(9) (a) I gcás go mbeidh ordú toirmisc seirbheáilte agus go seolfar gníomhaíochtaí de shárú ar an ordú toirmisc, féadfaidh an Ard-Chúirt le hordú, ar iarratas ó oifigeach údaraithe, toirmeasc a chur ar leanúint de na gníomhaíochtaí.

[EN]

(b) Is trí fhoriarratas a dhéanfar iarratas chuig an Ard-Chúirt ar ordú faoin bhfo-alt seo agus féadfaidh an Chúirt, nuair a bheidh sí ag breithniú an ní, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach (más ann) is cuí léi a dhéanamh agus féadfaidh cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) is cuí leis an gcúirt, maidir le costais a íoc, a bheith ar áireamh san ordú lena gcinnfear iarratas faoin bhfo-alt seo.

[EN]

Oifigigh údaraithe, etc. a shlánú.

55.—(1) I gcás gur deimhin leis an mBord go bhfuil oifigeach údaraithe, nó aon chomhalta eile d'fhoireann an Údaráis, tar éis a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh de bhun fheidhmeanna an Údaráis ar shlí bona fide, slánóidh an Bord an t-oifigeach údaraithe, nó an comhalta sin d'fhoireann an Údaráis, in aghaidh gach caingne agus éileamh, cibé slí ina n-éireoidh siad, i leith é nó í do chomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas.

[EN]

(2) Ní bheidh comhalta den Gharda Síochána faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais nó damáiste a tharlóidh mar gheall ar chúnamh a thabhairt d'oifigeach údaraithe de réir alt 50(3) nó le linn cúnamh a thabhairt amhlaidh.

[EN]

Fógraí a sheirbheáil, etc.

56.—(1) Déanfar aon fhógra a cheanglaítear a sheirbheáil nó a thabhairt leis an gCuid seo nó fúithi a dhíriú chuig an duine lena mbaineann agus a sheirbheáil nó a thabhairt ar cheann de na slite seo a leanas—

[EN]

(a) trína dhíriú chuig an duine faoina ainm nó faoina hainm agus trína sheachadadh air nó uirthi,

[EN]

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó ag a seolann sé nó sí gnó,

[EN]

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuig an duine ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi nó ag a seolann sé nó sí gnó,

[EN]

(d) más rud é go mbeidh seoladh le haghaidh seirbheáil fógraí tugtha ag an duine, trína fhágáil ag an seoladh sin nó trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuige nó chuici, chuig an seoladh sin,

[EN]

(e) i gcás nach féidir an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine, nó ag a seolann sé nó sí gnó, a fháil amach le fiosrú réasúnach agus go gceanglaítear fógra a sheirbheáil air nó uirthi, nó a thabhairt dó nó di, i leith aon áitribh, trína sheachadadh ar dhuine os cionn 16 bliana d'aois a bhfuil cónaí air nó uirthi san áitreabh nó atá fostaithe ar an áitreabh, nó trína ghreamú in áit fheiceálach ar an áitreabh nó gar dó, nó

[EN]

(f) i gcás go mbeidh saoráid ann chun macasamhail den fhógra a fháil trí mheán leictreonach ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó ag a seolann sé nó sí gnó, trí mhacasamhail den fhógra a tharchur tríd an meán sin chuig an seoladh sin, ar choinníoll go ndéanfar an fógra a sheirbheáil nó a thabhairt freisin ar aon cheann de na slite eile dá dtagraítear san fho-alt seo.

[EN]

(2) I gcás nach féidir ainm an duine lena mbaineann a fháil amach le fiosrú réasúnach, féadfar fógra faoin Acht seo a dhíriú chuig “an t-áititheoir”, “an t-úinéir” nó “an duine i gceannas”, de réir mar a bheidh.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ar chuideachta arna clárú faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990, ag a hoifig chláraithe, agus measfar gnáthchónaí a bheith ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe ag a phríomhoifig nó ag a áit ghnó.

[EN]

(4) Ní dhéanfaidh duine, aon tráth, i rith na tréimhse 3 mhí tar éis fógra a ghreamú faoi fho-alt (1) (e) an fógra a thabhairt chun siúil, a dhamáistiú nó a aghlot gan údarás dleathach.

[EN]

(5) Beidh aon duine a sháróidh fo-alt (4) ciontach i gcion agus ar é nó í a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air nó uirthi, agus i gcás ciona leanúnaigh, dlífear fíneáil bhreise nach mó ná £25 a chur air nó uirthi in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

[EN]

Cionta achoimre faoi reachtaíocht bia a ionchúiseamh.

57.—(1) Féadfaidh an ghníomhaireacht oifigiúil a raibh freagracht uirthi, díreach roimh thosach feidhme alt 45, i bhforfheidhmiú na reachtaíochta bia lena mbaineann, leanúint d'imeachtaí, a bhaineann le cion achomair faoi aon reachtaíocht bia, a thionscnamh agus a ionchúiseamh.

[EN]

(2) Féadfaidh an tÚdarás freisin imeachtaí a bhaineann le cion achomair faoi aon reachtaíocht bia, a dhéanfar tar éis thosach feidhme alt 45, a thionscnamh agus a ionchúiseamh.

CUID V

An t-iarÚdarás a Dhíscaoileadh

[EN]

An t-iarÚdarás a dhíscaoileadh.

58.—(1) Tiocfaidh an t-iarÚdarás ar an lá bunaithe chun bheith, agus beidh sé, arna dhíscaoileadh.

[EN]

(2) Déanfar tagairtí don iarÚdarás in aon Acht den Oireachtas arna rith roimh an lá bunaithe, nó in aon ionstraim arna dhéanamh roimh an lá sin faoi Acht den Oireachtas, a fhorléiriú, ar an lá sin agus dá éis, mar thagairtí don Údarás.

[EN]

Sócmhainní agus dliteanais an iarÚdaráis a aistriú.

59.—(1) Déanfar na nithe seo a leanas a aistriú, agus aistrítear leis seo iad, chuig an Údarás ar an lá bunaithe—

[EN]

(a) an mhaoin agus na cearta go léir a bhaineann le cibé maoin a bheidh, díreach roimh an lá sin, ar seilbh nó ar teachtadh ag an iarÚdarás nó ag aon iontaobhaí nó gníomhaire dá chuid a bheidh ag gníomhú thar a cheann, agus

[EN]

(b) na dliteanais go léir a bheidh tabhaithe roimh an lá sin ag an iarÚdarás nó ag aon iontaobhaí nó gníomhaire dá chuid a bheidh ag gníomhú thar a cheann agus nach mbeidh urscaoilte roimh an lá sin,

[EN]

agus, dá réir sin, gan tíolacadh, aistriú ná sannadh ar bith eile—

[EN]

(i) dílseoidh an mhaoin sin, réadach agus pearsanta, an lá sin, don Údarás ar feadh an eastáit, an téarma nó an leasa go léir dá raibh sí, díreach roimh an lá sin, dílsithe amhlaidh don iarÚdarás, de réir mar a bheidh, ach faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don mhaoin agus a bhí ann agus infheidhmithe,

[EN]

(ii) beidh na cearta sin, amhail ar an lá sin agus uaidh sin amach, ar teachtadh ag an Údarás, agus

[EN]

(iii) beidh na dliteanais sin, amhail ar an lá sin agus uaidh sin amach, ina ndliteanais de chuid an Údaráis.

[EN]

(2) Déanfar an t-airgead, na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a aistrítear chuig an Údarás leis an alt seo agus a bheidh, ar an lá bunaithe, in ainm an iarÚdaráis nó in ainm aon iontaobhaí nó gníomhaire den sórt sin dá chuid, ar an Údarás é a iarraidh, a aistriú isteach ina ainm.

[EN]

(3) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear chuig an Údarás leis an alt seo, féadfaidh an tÚdarás, ar an lá bunaithe nó dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm nó féadfar agra a dhéanamh ina leith, nó iad a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm i gcoinne an Údaráis ina ainm féin agus ní gá don Údarás fógra faoin aistriú a thabhairt don duine a n-aistrítear a cheart nó a ceart nó a dhliteanas nó a dliteanas leis an alt seo.

[EN]

Conarthaí leanúnacha áirithe a choimeád ar marthain agus tagairtí don iarÚdarás a oiriúnú.

60.—(1) Gach banna, ráthaíocht nó urrús eile de chineál leanúnach a bheidh déanta nó tugtha ag an iarÚdarás nó thar a cheann d'aon duine nó a bheidh tugtha ag aon duine don iarÚdarás agus a ghlacfaidh an t-iarÚdarás nó a ghlacfar thar ceann an iarÚdaráis agus gach conradh nó comhaontú a dhéanfar idir an t-iarÚdarás, nó aon iontaobhaí nó gníomhaire dá chuid a bheidh ag gníomhú thar a cheann, agus aon duine eile agus a bheidh i bhfeidhm ach nach mbeidh forghníomhaithe agus críochnaithe go hiomlán díreach roimh an lá bunaithe, leanfaidh siad i bhfeidhm ar an lá sin nó dá éis agus forléireofar iad agus beidh éifeacht leo amhail is dá gcuirfí ainm an Údaráis sa chéanna in ionad ainm an iarÚdaráis nó, de réir mar is cuí, in ionad ainm an iontaobhaí nó an ghníomhaire sin dá chuid, agus beidh siad infhorfheidhmithe ag an Údarás nó ina choinne.

[EN]

(2) Maidir le tagairtí don iarÚdarás, nó d'aon iontaobhaí nó gníomhaire dá chuid ag gníomhú thar a cheann, a bheidh díreach roimh an lá bunaithe ar áireamh i meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais aon chuideachta déanfar iad, ar an lá sin agus dá éis, a fhorléiriú mar thagairtí don Údarás.

[EN]

Cosaint do ghníomhartha áirithe.

61.—Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear do bhailíocht aon ghnímh a rinne an t-iarÚdarás, nó a rinneadh thar a cheann, roimh an lá bunaithe agus beidh éifeacht le gach gníomh den sórt sin, ar an lá sin agus dá éis, amhail is go ndearna an tÚdarás é nó go ndearnadh thar a cheann é más rud é go raibh sé i bhfeidhm, agus a mhéid a bhí sé i bhfeidhm, díreach roimh an lá sin.

[EN]

Imeachtaí dlíthiúla a bheidh ar feitheamh.

62.—Más rud é, díreach roimh an lá bunaithe, go mbeidh aon imeachtaí dlíthiúla ar feitheamh in aon chúirt nó binse agus gur páirtí sna himeachtaí an t-iarÚdarás, nó aon iontaobhaí nó gníomhaire dá chuid ag gníomhú thar a cheann, cuirfear ainm an Údaráis in ionad ainm an iarÚdaráis, nó, de réir mar is cuí, in ionad ainm an iontaobhaí nó an ghníomhaire sin dá chuid, sna himeachtaí sin agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an ionadú sin.

[EN]

Díolúine ó cháin ghnóchan caipitiúil.

63.—Chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (de réir bhrí alt 1 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997), ní gnóchan inmhuirearaithe aon ghnóchan a fhabhróidh chuig an iarÚdarás ar dhiúscairt a dhéanfar de bhua alt 59.

[EN]

Cúlghairm.

64.—Cúlghairtear leis seo, ar an lá bunaithe, an tOrdú um Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (Bunú), 1997 (I.R. Uimh. 524 de 1997).

CUID VI

Leasú ar an Acht um Chosaint Raideolaíoch, 1991.

[EN]

Leasú ar an Acht um Chosaint Raideolaíoch, 1991.

65.—Leasaítear leis seo an tAcht um Chosaint Raideolaíoch, 1991—

[EN]

(a) in alt 28(1), trí “agus Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, tar éis dul i gcomhairle leis an Institiúid,” a chur isteach i ndiaidh “Institiúid”,

[EN]

(b) in alt 31(1), trí “leis an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil, leis an Aire Sláinte agus Leanaí, le hAire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha, leis an Institiúid agus le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann” a chur in ionad “leis an Aire Comhshaoil, leis an Aire Sláinte, le hAire na Mara agus leis an Institiúid”,

[EN]

(c) in alt 32—

[EN]

(i) trí “, leis an Institiúid agus le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann” a chur in ionad “agus leis an Institiúid” gach áit a bhfuil sé, agus

[EN]

(ii) trí “agus Leanaí” a chur isteach i ndiaidh “Sláinte” gach áit a bhfuil sé,

[EN]

(d) in alt 33(1), trí “i gcomhar le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann” a chur isteach i ndiaidh “Talmhaíochta agus Bia” agus trí “leis an Aire Talmhaíochta agus Bia nó le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann” a chur in ionad “leis”,

[EN]

(e) in alt 33(2), trí “i gcomhar le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann” a chur isteach i ndiaidh “Talmhaíochta agus Bia” agus trí “leis an Aire Talmhaíochta agus Bia nó le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann” a chur in ionad “leis”,

[EN]

(f) in alt 33(3), trí “Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha i gcomhar le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann” a chur in ionad “Aire na Mara” agus trí “le hAire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha nó le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann” a chur in ionad “leis”,

[EN]

(g) in alt 33(4), trí “i gcomhar le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann” a chur isteach i ndiaidh “Airgeadais” agus trí “leis an Aire Airgeadais nó le hÚdarás Sábháilteachta Bia na hÉireann” a chur in ionad “leis”,

[EN]

(h) in alt 41(6), trí “nó féadfaidh Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann, i leith ciona a dhéanfar tar éis a bhunaithe, más é Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann a cheap an cigire sin”, a chur isteach i ndiaidh “an tAire a cheap an cigire sin,” agus

[EN]

(i) in alt 41, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

[EN]

“(7) Féadfaidh Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann ionchúiseamh a dhéanamh i leith ciona achomair faoi rialachán arna dhéanamh faoi alt 32(1) den Acht seo, ar cion é a rinneadh tar éis bhunú Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann.”.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Reachtaíocht Bia

Alt 2.

CUID I

Achtanna

Acht na Seamlas, 1988

(Uimh. 8 de 1988)

Na hAchtanna Toradh Talmhaíochta (Feoil Úr), 1930 go 1988

An tAcht Toradh Talmhaíochta (Feoil)

(Forála Ilghnéitheacha), 1954

(Uimh. 33 de 1954)

An tAcht Toradh Talmhaíochta (Feoil)

(Forálacha Ilghnéitheacha), 1978

(Uimh. 13 de 1978)

Butter and Margarine Act, 1907

(7 Edw. 7.c.21)

An tAcht um Chaighdeáin Bhia, 1974

(Uimh. 11 de 1974)

An tAcht Sláinte, 1947

(Uimh. 28 de 1947)

Margarine Act, 1887

(50 & 51 Vict. c.29)

Na hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 go 1988

Acht na Nimheanna, 1961

(Uimh. 12 de 1961)

Na hAchtanna um Biadh agus Druganna do Dhíol, 1875 go 1936.

CUID II

Ionstraimí Reachtúla

Na Rialacháin Sláinte (Airsnic agus Luaidhe i mBia), 1972 (I.R. Uimh. 44 de 1972)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Lipéadú, Tíolacadh agus Fógairt Earraí Bia), 1982 (I.R. Uimh. 205 de 1982)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Aigéad Earúcach i mBia) (Modh Anailíse), 1982 (I.R. Uimh. 271 de 1982)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Breiseáin i mBia) (Fíorú Caighdeán Íonachta), 1983 (I.R. Uimh. 60 de 1983)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Clóiríd Vinile i mBia) (Modh Anailíse), 1984 (I.R. Uimh. 92 de 1984)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Frithocsaídeach i mBia) (Critéir Íonachta), 1985 (I.R. Uimh. 187 de 1985)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Uiscí Mianra Aiceanta), 1986 (I.R. Uimh. 11 de 1986)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Iarmhair Lotnaidicídí) (Gránaigh), 1988 go 1998

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Iarmhair Lotnaidicídí) (Earraí Bia de Bhunadh Ainmhíoch), 1988 go 1998

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Iarmhair Lotnaidicídí) (Torthaí agus Glasraí), 1989 (I.R. Uimh. 105 de 1989)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Leasaithigh i mBia) (Critéir Íonachta), 1989 (I.R. Uimh. 262 de 1989)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Táirgí Uibheacha), 1991 (I.R. Uimh. 293 de 1991)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Ábhair agus Earraí atá Ceaptha Teacht i dTeagmháil le hEarraí Bia), 1991 (I.R. Uimh. 307 de 1991)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Blastáin le hÚsáid in Earraí Bia lena gCaitheamh ag an Duine), 1992 (I.R. Uimh. 22 de 1992)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Caighdeáin Mhargaíochta d'Uibheacha), 1992 (I.R. Uimh. 254 de 1992)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Earraí Bia Mear-Reoite), 1992 (I.R. Uimh. 290 de 1992)

An tOrdú fán Acht um Chosaint Raideolaíoch, 1991 (Rialú Ginearálta ar Shubstaintí Radaighníomhacha, ar Fheistí Núicléacha agus ar Ghaireas Ionradaíoch), 1993 (I.R. Uimh. 151 de 1993)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Feoil Mhionaithe), 1994 (I.R. Uimh. 215 de 1994)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Foirmlí Naíon), 1994 (I.R. Uimh. 459 de 1994)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Táirgí Feola agus Táirgí eile de Bhunadh Ainmhíoch), 1995 (I.R. Uimh 126 de 1995)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Feoil Coinín agus Feoil Géim Shaothraithe), 1995 (I.R. Uimh. 278 de 1995)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Feoil Géim Fhiáin), 1995 (I.R. Uimh. 298 de 1995)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Forálacha Ginearálta maidir le Rialú Breiseán, go háirithe Dathanna agus Milsitheoirí le húsáid in Earraí Bia), 1995 (I.R. Uimh. 344 de 1995)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faireachas ar Theocht i Modh Iompair, Stórasaithe agus Stórála Earraí Bia Mear-Reoite agus Nós Imeachta Samplála agus Modhanna Anailísithe i gcomhair Rialú ar Theochtaí Bianna Mear-Reoite a Bheartaítear mar Bhia don Duine), 1995 (I.R. Uimh. 370 de 1995)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Feoil Úr Éanlaith Clóis), 1996 (I.R. Uimh. 3 de 1996)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Bainne Amh, Bainne Teaschóireáilte agus Táirgí bunaithe ar Bhainne a Tháirgeadh go Sláinteach agus a Chur ar an Margadh), 1996 (I.R. Uimh. 9 de 1996) (seachas Rialacháin 6 go 11)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Moilisc Dhébhlaoscacha Bheo) (Coinníollacha Sláinte i dtaobh Táirgeadh agus Cur ar an Margadh), 1996 (I.R. Uimh. 147 de 1996)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Táirgí Iascaigh) (Coinníollacha Sláinte agus Rialacha Sláinteachais i dtaobh Táirgeadh agus Cur ar an Margadh), 1996 (I.R. 170 de 1996)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Feoil Mhionaithe agus Ullmhóidí Feola), 1996 (I.R. Uimh. 243 de 1996)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Forálacha Mionsonraithe maidir le Rialú Breiseán, nach Dathanna ná Milsitheoirí, le húsáid in Earraí Bia), 1997 (I.R. Uimh. 128 de 1997)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Iarmhair Lotnaidicídí) (Torthaí agus Glasraí) (Leasú), 1997 (I.R. Uimh. 218 de 1997)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Iarmhair Lotnaidicídí) Táirgí de Bhunadh Plandaí, lena n-áirítear Torthaí agus Glasraí), 1997 (I.R. Uimh. 221 de 1997)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Fionraí ar Allmhairithe Cnónna Pistéise agus Táirgí Áirithe a Fhaightear ó Chnónna Pistéise de Bhunadh nó de Choinsíniú na hIaráine), 1997 (I.R. Uimh. 432 de 1997)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Feoil Úr), 1997 (I.R. Uimh. 434 de 1997)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Iarmhair Lotnaidicídí) (Táirgí de Bhunadh Plandaí, lena n-áirítear Torthaí agus Glasraí) (Leasú), 1998 (I.R. Uimh. 71 de 1998)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Earraí Bia a Rialú go hOifigiúil), 1998 (I.R. Uimh. 85 de 1998)

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Sláinteachas Earraí Bia), 1998 (I.R. Uimh. 86 de 1998)

Ordú na gComhphobal Eorpach (Earraí Bia a Rialú go hOifigiúil) (Saotharlanna Ceadaithe), 1998 (I.R. Uimh. 95 de 1998).

CUID III

Rialacháin de chuid Institiúide de na Comhphobail Eorpacha

Rialachán (CE) Uimh. 194/97 an 31 Eanáir 1997 ón gCoimisiún1 a shocraíonn uasleibhéil i leith éilleán áirithe in earraí bia

Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 an 8 Feabhra 1993 ón gComhairle2 a leagann síos nósanna imeachta an Chomhphobail i leith éilleán i mbia

Rialachán (CE) Uimh. 258/97 an 27 Eanáir 1997 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle3 maidir le bianna núálacha agus comhábhair bianna nuálacha.

1I.O. Uimh. L031 an 01.02.1997, l. 48.

2I.O. Uimh. L037 an 13.02.1993, l. 1.

3I.O. Uimh. L043 an 14.02.1997, l. 1.

AN DARA SCEIDEAL

Gníomhaireachtaí Oifigiúla

Is gníomhaireacht oifigiúil chun críocha an Achta seo gach ceann acu seo a leanas:

an Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí,

bord sláinte,

údarás áitiúil,

an tAire Talmhaíochta agus Bia,

an tAire Sláinte agus Leanaí,

an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil,

Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha,

an Institiúid Éireannach um Chosaint Raideolaíoch,

an tSaotharlann Stáit.