[EN]

Uimhir 36 de 1979


[EN]

AN tACHT UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN (LEASÚ), 1979

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN, 1960 GO 1976. [19 Nollaig, 1979] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Údarás Craolacháin, 1960.

[EN]

Méadú na teorann atá le hairleacain inaisíoctha.

2.—Déantar leis seo an mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) (a cuireadh isteach leis an Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976) d'alt 23 (2) den Phríomh-Acht:

[EN]

“(b) ní bheidh siad níos mó ná fiche is cúig mhilliún punt san iomlán,”.

[EN]

Craoladh áitiúil.

3.—Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 16 den Phríomh-Acht trí—

[EN]

(a) “agus féadfaidh sé seirbhísí craolta áitiúla a bhunú agus a chothabháil” a chur isteach i ndiaidh “agus fuaimchraolta”, agus

[EN]

(b) trí “chun na gcríocha sin nó a ghabhfaidh leo” a chur in ionad “chun na críche sin nó a ghabhfaidh léi”,

[EN]

agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Bunóidh agus cothabhálfaidh an tÚdarás seirbhís náisiúnta teilifíse agus fuaim-chraolta agus féadfaidh sé seirbhísí craolta áitiúla a bhunú agus a chothabháil agus beidh na cumhachtaí sin go léir aige is gá chun na gcríocha sin nó a ghabhfaidh leo.

[EN]

Oifigeach nó seirbhíseach don Údarás a ainmniú nó a thoghadh le bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas.

4.—(1) I gcás a ndéanfar duine is oifigeach nó seirbhíseach don Údarás a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas, beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht an Údaráis agus ní íocfaidh an tÚdarás leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón Údarás, aon luach saothair ná liúntas—

[EN]

(a) i gcás é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ghlacfaidh sé leis an ainmniú agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin,

[EN]

(b) i gcás é a ainmniú lena thoghadh chun ceachtar Tí, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ghlacfaidh sé leis an ainmniú agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir mar a bheidh.

[EN]

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Údarás.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

5.—(1) Féadfar an tAcht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1979, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar na hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1976, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1979, a ghairm díobh le chéile.


Na hAchtanna Dá dTagraítear

An tAcht um Údarás Craolacháin, 1960

1960, Uimh. 10

An tAcht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976

1976, Uimh. 37