As Ann Déscrolláil

Help

Cuir Déscrolláil ar siúl chun an dá leagan a scrolláil le chéile.

[GA]

harp.jpg


Number 12 of 1998


[GA]

CIVIL LIABILITY (ASSESSMENT OF HEARING INJURY) ACT, 1998


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Interpretation.

2.

Application.

3.

Judicial notice of Report.

4.

Courts to have regard to certain matters in Report.

5.

Short title and commencement.

SCHEDULE

PART I

Chapter 7.1 of the Report

PART II

Table 4 in Paragraph 7.7 of the Report

harp.jpg


Number 12 of 1998


CIVIL LIABILITY (ASSESSMENT OF HEARING INJURY) ACT, 1998


AN ACT TO PROVIDE FOR JUDICIAL NOTICE TO BE TAKEN OF A REPORT TO THE MINISTER FOR HEALTH AND CHILDREN BY AN EXPERT HEARING GROUP WHICH WAS PUBLISHED BY THE DEPARTMENT OF HEALTH AND CHILDREN ON THE 9TH DAY OF APRIL, 1998, TO PROVIDE FOR COURTS TO HAVE REGARD TO CERTAIN MATTERS CONTAINED IN THAT REPORT IN CERTAIN CIRCUMSTANCES AND TO PROVIDE FOR CONNECTED MATTERS. [11th May, 1998] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS: [GA]

Interpretation.

1.—In this Act—

[GA]

hearing injury” includes—

[GA]

(a) hearing loss caused by injury which results in the deviation of an individual's hearing, as measured by pure tone audiometry, from previous measurement, where available, of his or her uninjured hearing or, where such measurement is not available, from that predicted as normal for his or her age, and

[GA]

(b) tinnitus;

[GA]

proceedings”, in relation to personal injuries, includes any application or claim for compensation;

[GA]

the Report” means the Report to the Minister for Health and Children by an Expert Hearing Group, which was published by the Department of Health and Children on the 9th day of April, 1998, entitled “Hearing Disability Assessment”.

[GA]

Application.

2.—This Act shall apply to all proceedings before a court, whether commenced before or after the enactment of this Act.

[GA]

Judicial notice of Report.

3.—Judicial notice shall be taken of the Report in all proceedings before a court claiming damages for personal injury arising from a hearing injury.

[GA]

Courts to have regard to certain matters in Report.

4.—(1) In all proceedings claiming damages for personal injury arising from hearing loss, the courts shall, in determining the extent of the injuries suffered, have regard to Chapter 7 (Irish Hearing Disability Assessment System) of the Report and, in particular, to the matters set out in paragraph 1 (Summary) and Table 4 (Disability Percentage Age Correction Factor) to paragraph 7 (Age Related Hearing Loss Correction) of that Chapter, and the said paragraph 1 and Table 4 are, for convenience of reference, set out in Part I and Part II, respectively, of the Schedule to this Act.

[GA]

(2) In all proceedings claiming damages for personal injury arising from tinnitus, the courts shall, in determining the extent of the injuries suffered, have regard to the classification method contained in paragraph 9 (Tinnitus) of Chapter 7 (Irish Hearing Disability Assessment System) of the Report.

[GA]

Short title and commencement.

5.—(1) This Act may be cited as the Civil Liability (Assessment of Hearing Injury) Act, 1998.

[GA]

(2) This Act shall come into operation on the day immediately following its enactment.

[GA][GA]

SCHEDULE

Section 4.

PART I

Chapter 7.1 of the Report

To Assess Hearing Disability

— Take the Air Conduction hearing threshold levels at 500Hz, 1,000Hz, 2,000Hz and 4,000Hz, add and divide by 4.

— Do this separately for the right and left ears.

— Subtract 20dB from the average obtained for each ear.

This is an average hearing loss.

— Multiply the average hearing loss of each ear by 1.25%.

— Weight the better ear's figure by multiplying by four, add it to the worse ear's figure and divide the sum by 5.

— Correct for the Age Related Hearing Loss by table deductions, over the age of 69 years in males and 77 years in females (Table 4).

This figure is the Binaural Percentage Hearing Disability.

The additional disability allowance for moderate or severe tinnitus may be added.

This percentage computed is the proportion of hearing disability that the individual experiences, it is not the proportion of total body disablement.

PART II

Table 4 in Paragraph 7.7 of the Report

Table 4

Disability Percentage Age Correction Factor

Age (years)

Males

Females

70

  1%

71

  2%

72

  3%

73

  4%

74

  5%

75

  6%

76

  7%

77

  8%

78

  9%

1%

79

11%

1%

80

12%

2%

harp.jpg


Uimhir 12 de 1998


AN tACHT UM DHLITEANAS SIBHIALTA (DÍOBHÁIL ÉISTEACHTA A MHEASÚNÚ), 1998


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Feidhm.

3.

Aird bhreithiúnach a thabhairt ar an Tuarascáil.

4.

Beidh aird ag na cúirteanna ar nithe áirithe sa Tuarascáil.

5.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

Caibidil 7.1 den Tuarascáil

Tábla 4 i Mír 7.7 den Tuarascáil


harp.jpg


Uimhir 12 de 1998


AN tACHT UM DHLITEANAS SIBHIALTA (DÍOBHÁIL ÉISTEACHTA A MHEASÚNÚ), 1998

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN GO dTABHARFAR AIRD BHREITHIÚNACH AR THUARASCÁIL CHUN AN AIRE SLÁINTE AGUS LEANAÍ Ó GHASRA SAINEOLAITHE ÉISTEACHTA A D'FHOILSIGH AN ROINN SLÁINTE AGUS LEANAÍ AN 9ú LÁ D'AIBREÁN, 1998, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN GO mBEIDH AIRD AG CÚIRTEANNA AR NITHE ÁIRITHE ATÁ SA TUARASCÁIL SIN IN IMTHOSCA ÁIRITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMH-GHAOLMHARA. [11 Bealtaine, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

[EN]

Léiriú.

1.—San Acht seo—

[EN]

folaíonn “díobháil éisteachta”—

[EN]

(a) cailleadh éisteachta arb é is cúis leis díobháil a bhfuil de thoradh uirthi go ndiallann éisteacht pearsan aonair, arna tomhas le closmhéadracht ghlan-toin, ó thomhas a rinneadh roimhe, i gcás go bhfuil sin ar fáil, ar a éisteacht nó a héisteacht neamhdhíobháilte nó, i gcás nach bhfuil tomhas den sórt sin ar fáil, ón éisteacht a thuartar a bheith normálta dá aois nó dá haois, agus

[EN]

(b) tinniteas;

[EN]

folaíonn “imeachtaí”, i ndáil le díobhálacha pearsanta, aon iarratas nó éileamh ar chúiteamh;

[EN]

ciallaíonn “an Tuarascáil” an Tuarascáil chun an Aire Sláinte agus Leanaí ó Ghasra Saineolaithe Éisteachta a d'fhoilsigh an Roinn Sláinte agus Leanaí an 9ú lá d'Aibreán, 1998, agus dar teideal “Míchumas Éisteachta a Mheasúnú”.

[EN]

Feidhm.

2.—Beidh feidhm ag an Acht seo maidir leis na himeachtaí go léir os comhair cúirte, cibé acu arna dtosú roimh an Acht seo a achtú nó dá éis.

[EN]

Aird bhreithiúnach a thabhairt ar an Tuarascáil.

3.—Tabharfar aird bhreithiúnach ar an Tuarascáil i ngach imeacht os comhair cúirte ina n-éilítear damáistí i leith díobhála pearsanta de dheasca díobhála éisteachta.

[EN]

Beidh aird ag na cúirteanna ar nithe áirithe sa Tuarascáil.

4.—(1) I ngach imeacht ina n-éilítear damáistí i leith díobhála pearsanta de dheasca cailleadh éisteachta, beidh aird ag na cúirteanna, le linn dóibh méid na ndíobhálacha a fulaingíodh a chinneadh, ar Chaibidil 7 (Córas na hÉireann chun Míchumas Éisteachta a Mheasúnú) den Tuarascáil agus, go háirithe, ar na nithe atá leagtha amach i mír 1(Achoimre) agus i dTábla 4 (Fachtóir Ceartúcháin Aoise an Chéatadáin Míchumais) a ghabhann le mír 7 (Ceartú i leith Cailleadh Éisteachta Aois-Choibhneasa) den Chaibidil sin, agus tá an mhír sin 1 agus an Tábla sin 4 leagtha amach, mar áis tagartha, i gCuid I agus i gCuid II, faoi seach, den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

[EN]

(2) I ngach imeacht ina n-éilítear damáistí i leith díobhála pearsanta de dheasca tinnitis, beidh aird ag na cúirteanna, le linn dóibh méid na ndíobhálacha a fulaingíodh a chinneadh, ar an modh aicmithe atá i mír 9 (Tinniteas) de Chaibidil 7 (Córas na hÉireann chun Míchumas Éisteachta a Mheasúnú) den Tuarascáil.

[EN]

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

5.—(1) Féadfar an tAcht um Dhliteanas Sibhialta (Díobháil Éisteachta a Mheasúnú), 1998, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar an lá díreach tar éis é a achtú.

AN SCEIDEAL

Alt 4.

CUID I

Caibidil 7.1 den Tuarascáil

Chun Míchumas Éisteachta a Mheasúnú

— Tóg na leibhéil tairsí éisteachta Aersheolta ag 500Hz, 1,000Hz, 2,000Hz agus 4,000Hz, suimigh iad agus roinn ar 4.

— Déan é sin ar leithligh don chluais dheas agus don chluais chlé.

— Dealaigh 20dB ón meán a fhaightear do gach cluais.

Is meánchailleadh éisteachta é sin.

— Iolraigh meánchailleadh éisteachta gach cluaise faoi 1.25%.

— Ualaigh figiúr na cluaise is fearr trína iolrú faoi cheathair, suimigh é le figiúr na cluaise is measa agus roinn an tsuim ar 5.

— Ceartaigh i leith Cailleadh Éisteachta Aois-Choibhneasa de réir asbhaintí tábla, os cionn 69 mbliana d'aois i gcás fireannach agus 77 mbliana d'aois i gcás baineannach (Tábla 4).

Is ionann an figiúr seo agus an Míchumas Éisteachta Céatadánach Déchluasach.

Féadfar an lamháltas míchumais breise i leith tinnitis mheasartha nó dian-tinnitis a chur leis sin.

Is ionann an céatadán ríofa seo agus an cion de mhíchumas éisteachta atá ar an bpearsa aonair, ní hé an cion de mhíthreoir choirp iomlán é.

CUID II

Tábla 4 i Mír 7.7 den Tuarascáil

Tábla 4

Fachtóir Ceartúcháin Aoise an Chéatadáin Míchumais

Aois (blianta)

Fireannaigh

Baineannaigh

70

1%

71

2%

72

3%

73

4%

74

5%

75

6%

76

7%

77

8%

78

9%

1%

79

11%

1%

80

12%

2%